37 1923

Uimhir 37.


ACHT AN GHÁRDA SÍOCHÁNA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923.


ACHT CHUN FÓRSA PÓILÍNEACHTA DÁ nGAIRMFEAR AN GÁRDA SÍOCHÁNA DO BHUNÚ I SAORSTÁT ÉIREANN AGUS DO REGEALÁIL. [8adh Lúnasa, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Gearr-Theideal agus Buaine an Achta.

1. —(1) Féadfar Acht an Ghárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923 , do ghairm den Acht so.

(2) Leanfidh an tAcht so i bhfeidhm go dtí go ndéanfar forálacha eile do réir dlí chun Fórsa Póilíneachta do bhunú agus do regealáil i Saorstát Éireann agus ar aon chuma ní leanfa sé i bhfeidhm tar éis tréimhse bliana o dháta a rithte seo.

Comhacht don Ard-Chomhairle chun an Gárda Síochána do chruinniú.

2. —(1) Beidh sé dleathach d'Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann fórsa póilíneachta dá ngairmfear “An Gárda Síochána” do chruinniú, do thréineáil, do ghléasa, d'íoc agus do choinneáil suas i Saorstát Éireann.

(2) Beidh an fórsa póilíneachta roimhráite có-dhéanta de pé méid oifigeach agus fear a chinnfidh an Ard-Chomhairle o am go ham ach gan san do dhul thar an méid oifigeach agus fear fé seach a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Coimisinéir do cheapa.

3. —Fé réir rialachán a dhéanfidh an tAire fén Acht so beidh treorú agus stiúrú generálta an Ghárda Síochána dílsithe i gCoimisinéir an Ghárda Síochána, a cheapfidh an Ard-Chomhairle o am go ham, agus a fhéadfa sí a chur chun siúil aon uair.

Leas-Choimisinéir, Coimisinéirí Conganta agus Máinliaigh do cheapa.

4. —(1) Féadfidh an Ard-Chomhairle o am go ham, más oiriúnach agus nuair is oiriúnach leo é, daoine oiriúnacha do cheapa chun bheith fé seach ina Leas-Choimisinéir agus ina gCoimisinéirí Conganta don Ghárda Síochána chun cabhrú leis an gCoimisinéir i dtreorú agus i stiúrú an Ghárda Síochána agus chun pé feidhmeanna d'fheidhmiú chuige sin a leagfidh an Coimisinéir amach dóibh fé seach fé réir rialachán a dhéanfidh an tAire fén Acht so.

(2) Déanfidh an Ard-Chomhairle o am go ham duine oiriúnach cáilithe do cheapa chun bheith ina Mháinliaigh don Ghárda Síochána agus có-líonfa sé sin, maidir le seirbhís leighis an Ghárda Síochána, pé dualgaisí a leagfidh an Coimisinéir amach do fé réir rialachán a dhéanfidh an tAire fén Acht so.

(3) Má bhíonn agus nuair a bheidh an Coimisinéir gan bheith in án a dhualgaisí do chó-líona toisc é do bheith breoite no má bhíonn agus nuair a bheidh oifig an Choimisineura folamh, féadfidh an tAire a údarú go ndéanfidh an Leas-Choimisinéir, faid a leanfidh an mí-chumas no an folúntas san, gach ceann no aon cheann de chomhachtanna agus de dhualgaisí an Choimisineura d'fheidhmiú no do chó-líona.

(4) Féadfidh an Ard-Chomhairle aon Leas-Choimisinéir, Coimisinéir Conganta no Máinliaigh a ceapfar fén alt so do chur as a oifig aon uair.

Oifigigh agus fir do cheapa.

5. —(1) Roinnfar oifigigh an Ghárda Síochána do réir na gcéimeanna iolartha a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus isí an Ard-Chomhairle a cheapfidh gach oifigeach den tsórt san is ísle céim ná an Máinliaigh agus féadfa sí iad do bhrise aon uair, agus féadfidh an Coimisinéir iad d'árdú no d'ísliú o am go ham do réir rialachán a déanfar fén Acht so.

(2) Roinnfar fir an Ghárda Síochána do réir na gcéimeanna iolartha a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus déanfidh an Coimisinéir iad do liostáil agus do cheapa, agus féadfa sé iad d'árdú, d'ísliú no do bhrise o am go ham do réir rialachán a déanfar fén Acht so.

Caithfidh baill an Ghárda Síochána faisnéis a dhéanamh.

6. —Einne a ceapfar chun bheith ina oifigeach no ina bhall eile den Ghárda Síochána, ní fhéadfa sé an oifig sin do shealbhú ná gníomhú inti ar aon tslí go dtí go ndéanfa sé agus go sighneoidh sé i láthair Coimisineura Shíochána faisnéis sa bhfuirm atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

An Gárda Síochána do roinnt ar fuaid Shaorstáit Éireann.

7. —(1) Roinnfar agus stáisiúnfar an Gárda Síochána ar fuaid Shaorstáit Éireann ar pé cuma a ordóidh an tAire o am go ham le rialacháin a déanfar fén Acht so, ach ní stáisiúnfar aon bhall den Ghárda Síochána i gcóir gnáth-dhualgaisí póilíneachta (ach amháin mar a húdaruítear ina dhiaidh seo san Acht so) laistigh de theoranna Ceanntair Phóilíneachta Cathrach Bhaile Atha Cliath.

(2) Ní choiscfidh éinní san alt so árd-oifig, stáisiúin tréineála no beairicí cúltacaí do choinneáil suas laistigh de Cheanntar Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath.

Rialacháin i dtaobh páigh agus liúntaisí.

8. —(1) Féadfidh an tAire, le cead an Aire Airgid, na rátaí páigh agus na liúntaisí a híocfar le hoifigigh agus le fir an Ghárda Síochána de gach céim fé leith do regealáil agus do cheapa le hordú o am go ham.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis é do bheith déanta leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas gach ordú a déanfar fén alt so, agus má dhineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh Dáil Éireann ina dhiaidh sin, rún do rith chun an t-ordú san do chur ar nea-mbrí beidh an t-ordú san ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén ordú san, agus aon mhola a dhéanfidh Seanad Éireann i dtaobh an orduithe sin laistigh den lá is fiche sin breithneoidh Dáil Éireann é go cuibhe.

Rialacháin i dtaobh pinsean.

9. —(1) Féadfidh an tAire, le cead an Aire Airgid, a údarú o am go ham le hordú go ndeonfar agus go n-íocfar pinsin, liún taisí agus aiscí le hoifigigh agus le fir den Ghárda Síochána agus le n-a mbaintreacha, le n-a gcloinn agus le n-a gcúram, agus rátaí agus scálaí na bpinsean, na liúntaisí agus na n-aiscí sin agus na coiníollacha ar a mbeidh an céanna iníoctha, do regealái agus do cheapa, agus féadfa sé le haon ordú den tsórt san na pionóisí mar gheall ar aon chalaois, i dtaobh iarratas ar aon phinsean, liúntas no aisce den tsórt san, do leaga amach.

(2) Aon ordú a déanfar fén alt so, ní thiocfa sé i ngníomh mara ndéanfar ná go dtí go ndéanfar é do leaga fé bhráid gach Tigh den Oireachtas agus é do mhola le rún a rithfidh Dáil Éireann agus ag breithniú aon rúin den tsórt san di breithneoidh Dáil Éireann go cuibhe aon mhola a bheidh déanta ag Seanad Éireann roimhe sin i dtaobh an orduithe sin,

Cad déanfar leis an bhFórsa Cúil.

10. —(1) Déanfar cuid den Ghárda Síochána (dá ngairmtear an Fórsa Cúil san Acht so), ná raghaidh a méid thar na huimhreacha a luaidhtear sa Triú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do chimeád de ghnáth i pé beairic cúl-tacaí i gCathair Bhaile Atha Cliath no lasmuich di a ordóidh an tAire o am go ham.

(2) Más dó agus nuair is dó leis an Aire, ar chomhairle Comhairle na Contae, na Contae-Bhuirge, an Bhaile-Cheanntair no an Tuath-Cheanntair le n-a mbainfidh, no ar chomhairle an Choimisineura no ar aon tslí eile, go bhfuil sé riachtanach no oiriúnach, mar gheall ar achrann no ní éigin eile speisialta atá ann no a meastar a bheidh ann, an méid den Ghárda Síochána atá ar stáisiún in aon Chontae, Contae-Bhuirg, Baile-Cheanntar, no Tuath-Cheanntar do mhéadú go sealadach, no (i gcás Cheanntar Póilíneachta Cathrach Bhaile Atha Cliath) baill den Ghárda Síochána do chur ag déanamh gnáth-dhualgaisí póilíneachta ann, cuirfidh an Coimisinéir ar stáisiún go sealadach sa Chontae, Contae-Bhuirg, Baile-Cheanntar no Tuath-Cheanntar san pé méid den bhFórsa Cúil ar feadh pé tréimhse is dó leis is ceart ach gan an méid sin ná an tréimhse sin do bheith níos mó ná níos sia ná mar a údaróidh an tAire

Fiosrúchán i ngearáin ar bhaill den Ghárda Síochána.

11. —(1) Beidh sé dleathach don Choimisinéir, no d'aon oifigeach eile den Ghárda Síochána a ainmneoidh an Coimisinéir chuige sin, no d'éinne a ainmneoidh an tAire chuige sin fiosrúchán do chur ar siúil agus scrúdú fé mhóid do dhéanamh féachaint an fíor aon chasaoid no gearán áirithe a dineadh ar aon bhall den Ghárda Síochána i dtaobh faillí nó teip ina dhualgas, agus fós, le gairm fé n-a láimh, a chur ar aon fhínné teacht chun an fhiosrúcháin sin.

(2) Einne a gairmfear go cuibhe fén bhfo-alt sin roimhe seo chun teacht mar fhínné chun aon fhiosrúcháin den tsórt san agus, le faillí no le diúltú, a bheidh gan teacht chun an fhiosrúcháin sin no a dhiúltóidh d'fhianaise do thabhairt ann, féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air no príosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh tréimhse nách sia ná trí mhí.

Ní dhéanfidh baill den Ghárda Síochána eirghe as gan cead.

12. —Ní bheidh sé de cead ag aon bhall den Ghárda Síochána is ísle céim ná Ard-Cheannphort eirghe as bheith ina bhall den Ghárda Síochána ná tarrac siar ó n-a dhualgaisí mar bhall den tsórt san gan údarás i scríbhinn d'fháil chun a dhéanta o Ard-Cheannphort an Líomatáiste ina mbeidh sé ar stáisiún de thurus na huaire, no gan fógra míosa do thabhairt don Ard-Cheannphort san go bhfuil sé ar aigne eirghe as no tarrac siar mar sin, agus má dhineann aon bhall den tsórt san den Ghárda Síochána eirghe as no é féin do tharrac siar mar sin gan an cead san ná an fógra san roimh ré féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair, fineáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air no príosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh tréimhse nách sia ná trí mhí.

Dualgas ball den Ghárda Síochána tar éis eirghe as no é do bhrise.

13. —Aon uair a ráineoidh do bhall den Ghárda Síochána go n-eireoidh sé go cuibhe no go mbrisfar é as bheith ina bhall den tsórt san, déanfa sé, laistigh de sheachtain tar éis eirghe as do no tar éis é do bhrise mar sin, gach cuid éadaigh, treallamh agus earra eile a tugadh do mar bhall den tsórt san do thabhairt do pé oifigeach den Ghárda Síochána a ainmneoidh an Coimisinéir chun iad do ghlaca uaidh, agus aon bhall den tsórt san a bheidh, le faillí no le diúltú, gan gach cuid éadaigh, treallamh agus earra eile den tsórt san do thabhairt suas féadfar, ar a fháil ciontach ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint is dachad do chur air no príosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon tréimhse nách sia ná sé mhí.

Is leor ainm agus cáil mar fhianaise ar dhuine bheith ceaptha.

14. —Má eiríonn aon cheist i dtaobh ceart aon oifigigh no baill eile den Ghárda Síochána chun aon oifig den tsórt san do bheith ar seilbh aige no d'fheidhmiú, tuigfar agus measfar chun gach intinne agus críche gur leor d'fhianaise ar an gceart san do bheith aige an ainm agus an cháil sin do bheith air, agus ní bheidh sé riachtanach aon cheapa, ná aon mhóid no mionn scríbhte, ná aon scríbhinn ná ní ar bith eile do thabhairt i láthair mar chruthúnas ar an gceart san.

Cóluchtaí ionadathacha do cheapa.

15. —(1) Chun a chur ar chumas ballra an Ghárda Síochána nithe a bhaineann le n-a leas agus le n-a n-éifeachtúlacht, lasmuich de cheisteanna i dtaobh smachta agus árdú puist a bhaineas le baill aonair, do bhreithniú agus do thabhairt fé shúil an Choimisineura agus an Aire, bunófar, do réir rialachán a déanfar fén Acht so, cólucht no cóluchtaí ionadathacha i gcóir gach céime no aon chéim no níos mó de chéimeanna an Ghárda Síochána fé bhun céime Máinleagha, colúcht no cóluchtaí a bheidh códhéanta d'ionaduithe a thoghfid baill na gcéim no na céime ionadaithe as a líon féin ar chuma a hordófar leis na rialacháin roimhráite.

(2) Beidh gach cólucht ionadathach den tsórt san gan aon spleáchas ná baint in aon chor acu le haon chólucht ná duine lasmuich den Ghárda Síochána.

(3) Ní bheidh sé dleathach d'aon bhall den Ghárda Síochána bheith ina bhall ná iompáil ina bhall d'aon aontas céirde ná d'aon chumann (nách cumann ionadathach a bunuíodh fén alt so) dar cuspóirí no dar cuspóir dá gcuspóirí págh, pinsin no coiníollacha seirbhíse aon fhórsa phóilíneachta do stiúrú no d'atharú.

(4) Má eiríonn aon cheist i dtaobh ce'ca tá no ná fuil aon chólucht no cumann áirithe ina aontas céirde no ina chumann le n-a mbaineann an t-alt so, isé an tAire a réiteoidh an cheist agus ní bheidh dul thar a bhreith.

Pionós mar gheall ar mhíshásamh do chur ar bun.

16. —(1) Má dhineann éinne, no má thugann sé fé, no má dhineann sé aon ghníomh a meastar a dhéanfadh, mí-shásamh do chur ar bun i measc ballra an Ghárda Síochána, no má dhineann sé, no má thugann sé fé, nó má dhineann sé aon ghníomh a meastar a dhéanfadh, aon bhall den Ghárda Síochána do mhealla chun a sheirbhíse do chimeád siar no chun brise smachta, beidh sé ciontach i mí-iompar, agus ar a fháil ciontach tar éis é do dhíotáil féadfar príosúntacht, i dteanta no d'éamais daoroibre, do chur air ar feadh téarma nách sia ná dhá bhliain, no ar a fháil ciontach ar an slí achmair, féadfar príosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh téarma nách sia ná sé mhí, no fineáil ná raghaidh thar deich bpúint as dachad, no idir an phríosúntacht agus an fhíneáil sin, do chur air.

(2) Íocfar le Ciste Luach Saothair an Ghárda Síochána gach fíneáil a gearrfar fén alt so.

Pionós mar gheall ar sheilbh nea-dhleathach ar chuid éadaigh no treallamh.

17. —(1) Má bhíonn ar seilbh ag éinne nách ball den Ghárda Síochána aon bhall éadaigh no treallaimh a tugadh amach do bhall den Ghárda Síochána agus ná beidh ar a chumas míniú sásúil do thabhairt ar conus a thárla dho é do bheith aige no má dhineann sé, gan cead ón gCoimisinéir, éide aon chéime no baill den Ghárda Síochána no aon aithris dheabharthach ar an éide sin do chur uime no do chaitheamh no, chun aon ghníomh do dhéanamh no d'fháil déanta ná beadh teideal ag an duine sin do réir dlí chun é do dhéanamh no chun é d'fháil déanta as a údarás féin, má dhineann sé ainm, teideal no comharthaí aon chéime no aon bhaill den Ghárda Síochána do thabhairt air féin, ar dhaora an duine sin ar an slí achmair, féadfar, i dteanta aon phionóis eile, fineáil ná raghaidh thar deich bpúint is dachad do chur air in aghaidh gach cionta den tsórt san no príosúntacht, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon tréimhse nách sia ná sé mhí.

(2) Íocfar le Ciste Luach Saothair an Ghárda Síochána gach fíneáil a gearrfar fén alt so.

(3) Ní choiscfidh éinní san alt so aon éide no gléasa do chaitheamh i gcluiche stáitse ná i dtaisbeáint no in obair dhrámúil eile.

Rialacháin i dtaobh bainistí inmheánaigh.

18. —Fé mhola ón Ard-Chomhairle féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh o am go ham i dtaobh gach ní no éinní dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) daoine do leigint isteach, do cheapa agus do liostáil mar bhaill den Ghárda Síochána;

(b) baill den Ghárda Síochána d'árdú, d'eirghe as, d'ísliú, do bhrise, agus do chur fé phionós;

(c) dualgaisí gach céime fé leith den Ghárda Síochána;

(d) coinneáil-suas, tréineáil, smacht, agus éifeachtúlacht an Ghárda Síochána;

(e) cóluchtaí ionadathacha de bhaill den Ghárda Síochána do bhunú;

(f) aon rud no éinní eile a bhaineann le bainistí inmheánach an Ghárda Síochána.

An tOireachtas a íocfidh na costaisí.

19. —(1) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an Acht so, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas isea a híocfar gach costas, muirear agus caiteachas fé n-a raghfar i dtaobh an Ghárda Síochána fén Acht so no ar aon tslí eile i bhfeidhmiú an Achta so.

(2) Ní dhéanfidh éinní san Acht so aon difir don bhfiachas a bheidh ar aon Chomhairle, coiste no cólucht eile fé aon reacht no cuid de reacht dá luaidhtear go speisialta sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus iad leasuithe no oiriúnuithe le haon Acht no fé aon Acht (maraon leis an Acht so) a tháinig ina ndiaidh, sé sin, fiachas mar gheall ar na costaisí sin uile fé seach a luaidhtear sna reachta san no sna coda san de reachta agus iad leasuithe no oiriúnuithe mar sin.

Ciste Luach Saothair an Ghárda Síochána.

20. —Bunófar do réir rialacháin a dhéanfidh an tAire Airgid ciste dá ngairmfear “Ciste Luach Saothair an Ghárda Síochána,” agus a bheidh fé riara ar pé cuma a ordóidh an tAire o am go ham le toil an Aire Airgid, chun luach saothair do thabhairt no tairfe do dhéanamh do bhaill den Ghárda Síochána, agus íocfar isteach sa Chiste sin na suimeanna so a leanas, eadhon:—

(a) gach fíneáil smachta a gearrfar ar aon oifigeach no ball eile den Ghárda Síochána; agus

(b) gach fíneáil, pionós, cuid d'fhíneáil no de phionós agus damáiste a mholfidh aon chuirt, breitheamh no giúistís d'aon bhall den Ghárda Síochána tar éis aon daora ar an slí achmair mar phróiseachtóir aon scéala no ar aon chuma eile; agus

(c) gach fíneáil agus pionós agus cuid d'fhíneáil no de phionós a horduítear le haon Acht i bhfeidhm de thurus na huaire no fé a íoc isteach sa Chiste sin; agus

(d) gach fíneáil agus pionós agus cuid d'fhíneáil no de phionós a hórduítear le haon Acht i bhfeidhm de thurus na huaire no fé a íoc isteach i gCiste an Fhórsa Chonstáblachta; agus

(e) gach táille a cheaduíonn an dlí do bhaill den Ghárda Síochána a ghlaca mar chigirí ex officio um mheáchanta agus tomhasanna sa mhéid ná cuirfear na táillí sin chun íoctha costaisí fé n-a raghfar i gcó-líona forálacha Achtanna na Meáchan agus na dTomhas; agus

(f) gach fíneáil a hórduítear leis an Acht so a íoc isteach sa Chiste sin.

Tagairtí reachtúla do Chonstáblacht Ríoga na hÉireann d'oiriúnú.

21. —(1) Gach luadh no tagairt do Chonstablacht Ríoga na hÉireann no d'aon Chigire, Constábla no oifigeach no fear eile de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann (lasmuich d'fhorálacha a bhaineann le págh, liúntaisí, pinsin, roint no bainistí inmheánach, no le fiachas costas Chonstáblacht Ríoga na hÉireann) atá in aon reacht no riail, ordú no rialachán reachtúil a bheidh i bhfeidhm i Saorstát Éireann láithreach tar éis rithte an Achta so léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt don Ghárda Síochána no do Chigire, Gárda, no oifigeach no fear eile (fé mar is gá) de chéim chó-ionann sa Ghárda Síochána, agus má eiríonn aon cheist, pe'ca go generálta no in aon chás áirithe, i dtaobh ce'ca céim an chéim chó-ionann, isé an tAire a réiteoidh an cheist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith.

(2) Léireofar an tAcht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 6 de 1923) , agus beidh éifeacht aige fé mar a bheadh an focal “Gárda Síochána,” i ngach áit ina bhfachtar an céanna san Acht san lasmuich d'alt 11 de, ag folacha an Ghárda Síochána a bunuítear fén Acht so.

An fórsa póilíneachta atá ann anois beidh sé fé rialú an Achta so.

22. —O am rithte an Achta so agus dá éis tuigfar gur fén Acht so a bunuíodh agus is leis a rialófar an fórsa póilíneachta atá i Saorstát Éireann anois fén ainm “An Gárda Síochána,” agus gach éinne atá anois no a bhí aon uair ina bhall den bhfórsa póilíneachta san, má dhin no má dhineann sé ina dhiaidh seo móid no faisnéis, sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do thabhairt no do dhéanamh, tuigfar go bhfuil no go raibh sé ina bhall den Ghárda Síochána a bunuítear fén Acht so, agus gur bhall de é an t-am go léir a bhí sé ina bhall den bhfórsa póilíneachta san, agus gach luadh no tagairt don Ghárda Síochána in aon Acht den Oireachtas a ritheadh no a rithfar sa tSiosón so, léireofar é agus beidh éifeacht aige. i ngach áit ina gceaduíonn no ina n-éilíonn an có-théacs é, mar rud a fholuíonn luadh no tagairt don Ghárda Síochána a bunuítear fén Acht so.

Athghairmeanna.

23. —(1) Dintar na hAchtanna uile a háirítear sa Chuigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'ath-ghairm leis seo sa mhéid a luaidhtear sa triú colún den Sceideal san.

(2) Na hath-ghairmeanna a dintar leis an alt so ní dhéanfid dochar ná difir do cheart aon duine chun aon phinsin, liúntais no aisce 'na dtáinig sé ina theideal, roimh rith an Achta so, fé aon Acht a hath-ghairmtear leis an alt so.

Mínithe

24. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Coimisinéir” Coimisinéir an Ghárda Síochána;

cialluíonn an focal “Aire” an tAire um Ghnóthaí Dúithche.

CÉAD SCEIDEAL.

Teaghlachas Maximum an Gharda Siochana.

1 Oifigigh

...

Coimisinéir.

Leas-Choimisinéir.

Coimisinéirí Conganta agus gan thar beirt acu do bheith ann.

Máinliaigh.

Ard-Cheannphuirt agus gan thar cúigear is fiche acu do bheith ann.

Ceannphuirt agus Cigirí agus gan thar céad is dachad acu do bheith ann.

2 Céimeanna Neachoimisiúnta

Sáirsintí agus gan thar naoi gcéad go leith acu do bheith ann.

Gárdaí agus gan thar cheithre mhíle is cheithre chéad acu do bheith ann.

DARA SCEIDEAL.

Fuirm Faisneise.

“Dinim-se......................................................a fhaisnéis agus a

“dheimhniú agus m'fhocal agus m'onóir do thabhairt, go solamanta agus

“go macánta i láthair Dé, go mbead dílis chó fada lem’ chumas

“sa bhfostaíocht ina bhfuil Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann am

“chur in oifig..............................................................................

“sa Ghárda Síochána agus go dtabharfad seirbhís agus go mbead umhal, go

“maith agus go dílis macánta, do Shaorstát Éireann agus dá bhunreacht

“agus dá rialtas fé mar a buníodh do réir dlí, gan báidh ná páirt

“gan eagla, mailís ná droch-aigne, agus go bhféachfad chuige agus go

“gcuirfad fé ndeár go gcimeádfar agus go gcosnófar an tsíocháin,

“agus chó fada lem’ dhícheall go gcoiscfead gach cionta in aghaidh an

“chéanna, agus an fhaid a bheidh an oifig sin agam go ndéanfad chó

“fada lem’ eolas gach dualgas a bhaineann leis do chó-líona go

“dílis do réir dlí, agus ná bainim anois agus, an fhaid a bheidh an

“oifig sin agam, ná ceanglód agus ná bainfad agus ná cabhród le

“haon chumann polaitíochta in aon chor ná le haon Chumann Sicréideach

“in aon chor.”

TRIU SCEIDEAL.

Forsa Cuil.

Ceannphuirt agus

Cigirí

...

...

...

...

...

...

9

Sáirsintí     ...

...

...

...

...

...

...

20

Gárdaí       ...

...

...

...

...

...

...

200

CEATHRU SCEIDEAL.

Foralacha Reachtula ata Coinnithe.

1. Acht Constáblachta (Éirinn), 1851, Alt 4.

2. Acht Dhíolachán Bidh agus Druganna, 1875, Ailt 13 agus 29.

3. Acht na Meáchan agus na dTomhas, 1878, Ailt 80 agus 81.

4. Acht na Meáchan agus na dTomhas, 1889, fo-alt (2) d'Alt 19

CUIGIU SCEIDEAL.

Achtanna a hAth-ghairmtear.

6 & 7 Will. IV. c. 13.

Acht Constáblachta (Éirinn), 1836.

An tAcht uile ach amháin Ailt 15, 16, 23, 31, 32, 33, agus 50.

6 & 7 Will. IV. c. 36.

Acht Constáblachta (Éirinn), 1836 (Uimh. 2).

An tAcht uile.

6 & 7 Will. IV. c. 116.

Acht Ard-Choistí (Éirinn), 1836.

Alt 101.

2 & 3 Vict. c. 75.

Acht Constáblachta (Éirinn), 1839.

An tAcht uile.

3 & 4 Vict. c. 108.

Acht na gCorporáidí gCathránach (Éirinn), 1840.

Ailt 121 agus 122

7 & 8 Vict. c. 106.

Acht Ard-Choiste Contae Bhaile Atha Cliath, 1844.

Alt 36.

8 & 9 Vict. c. 46.

Acht na gConstáblaí Speisialta (Éirinn), 1845.

An tAcht uile.

9 & 10 Vict. c. 97

Acht Constáblachta (Éirinn), 1846.

An tAcht uile.

10 & 11 Vict. c. 100.

Acht Constáblacht na hÉireann, 1847.

An tAcht uile sa mhéid go mbaineann an céanna le Constáblacht Ríoga na hÉireann.

11 & 12 Vict c. 72.

Acht Constáblachta (Éirinn), 1848.

An tAcht uile.

14 & 15 Vict. c. 85

Acht Constáblachta (Éirinn), 1851.

An tAcht uile ach amháin alt 4.

17 & 18 Vict. c. 103.

Acht Feabhsú na mBailte (Éirinn), 1854.

Alt 89 ó na thosach síos go deíre na bhfocal “as shall be fixed by the said Lord Lieutenant.”

20 & 21 Vict. c. 7.

Acht Cíosa Ard-Choiste (Éirinn), 1857.

Ailt 3 agus 4.

22 & 23 Vict. c. 22.

Acht Constáblachta (Éirinn), 1859.

An tAcht uile

28 & 29 Vict. c. 70.

Acht Constáblachta (Éirinn) a Leasuíonn, 1865.

An tAcht uile.

29 & 30 Vict. c. 103.

Acht Constáblachta (Éirinn), 1866.

An tAcht uile.

33 & 34 Vict. c. 83.

Acht Constáblachta (Éirinn), 1870.

An tAcht uile.

37 & 38 Vict. c. 80.

Acht Constáblachta (Éirinn), 1874.

An tAcht uile ach amháin alt 9.

40 & 41 Vict. c. 20.

Acht Constáblachta (Éirinn) a Leasuíonn, 1877.

An tAcht uile.

45 & 46 Vict. c. 63.

Acht Constáblachta (Éirinn) a Leasuíonn, 1882.

An tAcht uile.

46 & 47 Vict. c. 14.

Acht Constáblachta agus Póilíneachta (Éirinn), 1883.

An tAcht uile sa mhéid go mbaineann an céanna le Constáblacht Ríoga na hÉireann.

48 & 49 Vict. c. 12.

Acht Ath-roinnte na Constáblachta (Éirinn), 1885.

An tAcht uile.

60 & 61 Vict. c. 64.

Acht Constáblachta (Éirinn), 1897.

An tAcht uile.

8 Edwd. VII. c. 60.

Acht Constáblachta (Éirinn), 1908.

An tAcht uile.

4 & 5 Geo. V. c. 54.

Acht Constáblachta agus Póilíneachta (Éirinn), 1914.

An tAcht uile sa mhéid go mbaineann an céanna le Constáblacht Ríoga na hÉireann.

6 & 7 Geo. V. c. 59.

Acht Constáblachta agus Póilíneachta (Éirinn), 1916.

An tAcht uile sa mhéid go mbaineann an céanna le Constáblacht Ríoga na hÉireann.

8 & 9 Geo. V. c. 53.

Acht Constáblachta agus Póilíneachta (Éirinn), 1918.

An tAcht uile sa mhéid go mbaineann an céanna le Constáblacht Ríoga na hÉireann.

9 & 10 Geo. V. c. 68.

Acht Constáblachta agus Póilíneachta (Éirinn), 1919.

An tAcht uile sa mhéid go mbaineann an céanna le Constáblacht Ríoga na hÉireann.