20 1923

Uimhir 20


ACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1923.


ACHT CHUN NA nACHTANNA UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1911 GO 1921, DO LEASÚ AGUS D'OIRIÚNÚ. [26adh Meitheamh, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

GENERALTA.

Míniú

1. —San Acht so, mara n-éilíonn an có-théacs rud éigin eile:—

Cialluíonn an focal “Có-Choiste” an Có-Choiste Arachais um Shláinte Náisiúnta.

Cialluíonn an focal “Coimisinéirí Arachais” Coimisinéirí Arachais na hÉireann.

Cialluíonn an focal “an lá ceaptha” pé lá a cheapfaidh na Coimisinéirí Arachais agus nach déanaí é ná an chéad lá d'Iúl, naoi gcéad déag a trí fichead.

Foluíonn an focal “Ciste” súncálana agus creidiúna, agus nuair a bhaineann sé le brainse foluíonn sé scar an bhrainse i gCiste an Chumainn gur brainse dhe é

Nuair a bhaineann an focal “Briotáineach” le Cumann no le brainse, cialluíonn sé Cumann no brainse 'na bhfuil a phríomhoifig sa Bhreatain Mhóir.

Nuair a bhaineann an focal “Éireannach” le Cumann no le brainse, cialluíonn sé Cumann no brainse 'na bhfuil a phríomhoifig i Saorstát Éireann.

Cialluíonn an focal “na hAchtanna” na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1921.

An tAcht um Arachas Náisiúnta, 1911, an tAcht um Arachas Náisiúnta, 1913, agus an tAcht um Arachas Sláinte Naisiúnta, 1918, gairmtear díobh fé seach Acht 1911, Acht 1913, agus Acht 1918, agus léireofar tagairtí d'aon fhorálacha áirithe in sna hAchtanna san mar thagairtí do sna forálacha san mar a leasuíodh iad le haon achtachán a tháinig ina ndiaidh.

Tuigfear go bhfoluíonn an focal “an Bhreatain Mhór” Tuaisceart na hÉireann.

CUID II.

FORALACHA IDIR-DHA-LINN.

Cumainn Shealadacha Eireannacha do dhéanamh de Bhaill Eireannacha de Chumainn Bhriotáineacha.

2. —(1) I gcás baill ar bith de Chumann Bhriotáineach do bheith ina gcomhnaí i Saorstát Éireann díreach roimh an gcéad lá d'Abrán, 1922, ansan ón gcéad lá san d'Abrán, daoine ar bith fé árachás a bhi ina gcomhnaí amhlaidh agus a bheadh i dteideal sochair d'fháil ón gCumann Briotáineach san mar bhaill de dá mba ná cuirfí Saorstát Éireann ar bun, tuigfear go raibh agus go bhfuil siad ina mbaill de Chumann Sealadach Éireannach.

(2) Má dintear socrú chuige idir na Coimisinéirí Arachais agus an Co-Choiste féadfaidh Coiste Bainistí aon Chumainn Bhriotáinigh den tsórt roimh-ráite leanúint, go dtí dáta nach déanaí ná an lá ceaptha, ag riara sochar ballra Cumainn Shealadaigh Éireannaigh den tsórt san chó maith agus dá mb’ an Coiste Bainistí sin Coiste Bainistí an Chumainn Shealadaigh Éireannaigh sin.

Cumainn Shealadacha Eireannacha do dhéanamh de Bhrainsí Eireannacha de Chumainn Bhriotáineacha

3. —I gcás brainse no brainsí do bheith ag Cumann Briotáineach in Éirinn díreach roimh an gcéad lá d'Abrán, 1922, annsan, on gcéad lá san d'Abrán tuigfear gur dineadh Cumann Sealadach Éireannach den bhrainse, mara raibh ann ach brainse amháin, agus má bhí níos mó ná san ann tuigfear gur dineadh díobh brainsí de Chumann Sealadach Éireannach 'na bhfuil brainsí aige:

Ach ma dintear socrú chuige idir na Coimisinéirí Arachais agus an Có-Choiste féadfaidh príomh-chólucht an Chumainn Bhriotáinigh leanúint, go dtí an lá ceaptha, ag feidhmiú comhachtanna Smachta agus Bainistí, i dtaobh an Chumainn Shealadaigh no na mbrainsí sin, den tsórt chéanna a bheadh infheidhmithe aige dá mba ná cuirfí Saorstát Éireann ar bun agus go bhfanfadh an Cumann no na brainsí mar bhrainse no mar bhrainsí den Chumann Bhriotáineach:

Oblagáidí ar Chumainn Eireannacha

4. —Aon chumann no brainse Éireannach atá ón gcéad lá d'Abrán, 1922, ag riara socharanna daoine fé árachas a chomhnuíonn sa Bhreatain Mhóir, cimeádfaid cuntaisí agus tabharfaid eolas i dtaobh na ndaoine sin do sna Coimisinéirí Arachais maraon le páipéirí agus scríbhinní atá ar seilbh no fé n-a gcúram acu agus a bhaineann leis na daoine sin fé mar a órdóidh na Coimisinéirí Arachais.

Cumainn Cheaduithe do dhéanamh de Chumainn Shealadacha no baill d'aistriú go Cumainn eile, &c.

5. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Arachais pé rud is oiriúnach leo do dhéanamh chun a chur i gcumas Cumann Sealadach Éireannach roimh an lá ceaptha—

(a) Cumainn Eireannacha ceart-bhunuithe ceaduithe no brainsí den chéanna do dhéanamh díobh féin;

(b) a n-oblagáidí d'éinne dá mbaill d'aistriú go dtí Cumann no Cumainn Eireannacha eile no go dtí brainsí den chéanna;

agus beidh comhacht ag na Coimisinéirí Arachais chun orduithe chuige sin a thabhairt, maraon le comhacht chun aon rialacháin a dineadh do réir alt 31 agus clásanna (a), (b) agus (d) de Mhír 1 de Chuid I. den Cheath ú Sceideal a ghabhann le hAcht 1918 do chur i bhfeidhm le hatharú, no gan é, i dtaobh aistriú oblagáidí.

(2) Cuid de sna nithe a fhéadfidh na Coimisinéirí Arachais a dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin isea nithe le n-a gcuirfidís ar chumas brainse de Chumann Sealadach Éireannach bheith ina Chumann Ceaduithe Éireannach fé leith.

(3) Tuigfear Cumainn Shealadacha Eireannacha a bheith ina gCumainn Cheaduithe, go dtí an lá ceaptha ach, ar an lá ceaptha agus dá éis, ní tuigfear aon Chumann Sealadach Éireannach do bheith ina Chumann Cheaduithe, agus gach duine fé árachas a chomhnuíonn i Saorstát Éireann agus atá, díreach roimh an lá ceaptha, ina bhall de Chumann Shealadach Éireannach, aistreófar é ar an lá ceaptha chun Ciste na gCumann Scurtha i Saorstát Éireann, agus beidh comhacht ag na Coimisinéirí Arachais chun orduithe chuige sin do thabhairt, maraon le comhacht chun aon rialacháin, i dtaobh aistrithe chun Ciste na gCumann Scurtha a dineadh do réir alt 28 agus Mír B den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1913, do chur i bhfeidhm le hatharú no gan é.

Na cistí cearta d'aistriú go dtí Cumainn Eireannacha.

6. —I gcás Cumann ceart-bhunuithe Ceaduithe no brainse den chéanna do dhéanamh d'aon Chumann Sealadach Éireannach do réir an Achta so, aistreoidh na Coimisinéirí Arachais chun an Chumainn no chun cuntais an Chumainn, no, más brainse a dhéanfaidh den Chumann Sealadach, aistreoid chun an bhrainse sin, agus chun an Chumainn dar ceangladh é no chun cuntais an Chumainn sin, pé cistí a socrófar a bheith ag seasamh do chistí a bhí, ar an gcéad lá d'Abrán, 1922—

(a) ionchurtha i leith ballra den Bhun-Chumann gur dineadh ballra den Chumann Sealadach díobh; no

(b) ionchurtha i leith an bhrainse no na mbrainsí sin i gcás an Cumann Sealadach do bheith có-dhéanta de shean-bhrainse no de shean-bhrainsí den Bhun-Chumann;

tar éis pé ceartuithe is gá a dhéanamh i dtaobh na tréimhse idir an chéad lá san d'Abrán agus an dáta ar ar dhin Cumann ceartbhunuithe Ceaduithe den Chumann san.

(2) Má aistrítear go dtí Cumann eile, do réir an Achta so, na hoblagáidí atá ar Chumann Sealadach Éireannach i dtaobh aon choda áirithe dá bhaill, no má aistrítear baill de Chumann Sealadach Éireannach chun Ciste na gCumann Scurtha, aistreoidh na Coimisinéirí Arachais chun an Chumainn no chun an Chiste sin no chun cuntais an Chumainn no an Chiste sin, pé cistí a socrófar a bheith ag seasamh do chistí a bhí, ar an gcéad lá d'Abrán, 1922, ionchurtha i leith na mball san adubhradh, tar éis pé ceartuithe is gá a dhéanamh i dtaobh na tréimhse idir an chéad lá san d'Abrán agus dáta na n-oblagáidí d'aistriú, no an lá ceaptha, pe'ca aca san é.

(3) Go dtí go socrófar méid na gcistí atá le haistriú amhlaidh chun aon Chumainn no Ciste no chun cuntais aon Chumainn no Ciste, féadfaidh na Coimisinéirí Arachais creidiúintí do thabhairt don Chumann no don Chiste, ar cuntas na gcistí atá le haistriú chuige amhlaidh, i pé méideanna agus ar pé cuma is oiriúnach leo.

(4) San alt so, cialluíonn an focal “Bun-Chumann” Cumann Briotáineach 'na dtuigtear, de bhua an Achta so, baill no brainse no brainsí dhe do bheith ina gCumann Sealadach Éireannach.

Aistreoid Cumainn Eireannacha na cistí cearta.

7. —(1) Na cistí a bhí, ar an gcéad lá d'Abrán, 1922, ag gach Cumann Éireannach ag a raibh, díreach roimh an dáta san, imeasc a bhall daoine fé árachas a bhí ina gcomhnaí sa Bhreatain Mhóir, no ag a raibh brainse no brainsí Briotáineacha, roinnfear iad, agus ar dhéanamh na roinnte sin, na cistí a gheofar a bheith ionchurtha i leith balla no brainsí den tsórt san le ceart, tar éis méid aon chistí do bhaint asta do bhí á gcimeád ar an gcéad lá san d'Abrán thar ceann an Chumainn, ag Aire Sláinte Shasana, ag Bórd Sláinte na hAlban, no ag Aireacht Oibreachais Thuaiscirt Éireann, aistreofar iad chun na gCoimisinéirí Arachais tar éis pé ceartuithe is gá a dhéanamh i dtaobh na tréimhse idir an chéad lá san d'Abrán agus an lá ceaptha no i dtaobh aon choda den tréimhse sin.

(2) Bainfidh an t-alt so le cás aon bhrainse Éireannaigh ar an gcuma gcéanna ina mbaineann sé le cás Cumainn Éireannaigh ach amháin go ndéanfar sa chás san cistí an Chumainn do roinnt chó maith le cistí an bhrainse.

Baint le brainsí Briotáineacha

8. —Bainfidh na forálacha san thuas den Chuid seo den Acht so le cás brainsí Briotáineacha agus daoine fé árachas, ina gcomhnaí i Saorstát Éireann, a bhí ina mbaill de sna brainsí sin díreach roimh an gcéad lá d'Abrán, 1922, bainfid leis an gcás san ar an gcuma gcéanna ina mbainid le Cumainn Bhriotáineacha agus le daoine, ina gcomhnaí i Saorstát Éireann, a bhí ina mbaill de Chumainn Bhriotáineacha ar an dáta san, ach amháin go ndéanfar ortha pé atharuithe a ordóidh na Coimisinéirí Arachais.

Buanú ar shochair áirithe

9. —I gcás duine fé árachas a iompófar ina bhall de Chumann Sealadach Éireannach de bhua an Achta so, no de bhrainse dhe, do bheith i dteideal, díreach roimh an gcéad lá d'Abrán, 1922, chun aon tsochar breise d'fháil ón gCumann no ón mbrainse Briotáineach dar bhall é an uair sin, beidh teideal aige chun an sochar breise sin d'fháil ón gCumann Sealadach Éireannach no ó bhrainse dhe, no ó aon Chumann no brainse chun a n-aistreofear é fén Acht so, no ó Chiste na gCumann Scurtha, an fhaid a bheadh sé i dteideal é d'fháil dá leanfadh sé ina bhall den Chumann no den bhrainse Bhriot áineach, ach san fé réir pé atharuithe is gá no is oiriúnach dar leis na Coimisinéirí Arachais.

Saoirse o tháille ar dheire do chur le ballraíocht de Chumann Cheaduithe i gcásanna áirithe.

10. —Na forálacha atá i bProvíso (e) d'Fho-alt (1) d'Alt 14 d'Acht 1918 agus a orduíonn do bhall de Chumann Cheaduithe táille d'íoc nuair a cuirtear deire le n-a bhallraíocht, ní bhainfid le héinne 'na ndéanfaidh ball de Chumann Cheaduithe i Saorstát Éireann de ar Iadh Iúl, 1923, do réir na bhforálacha san thuas den Chuid seo den Acht so, agus a thabharfaidh fógra laistigh de shé mhí tar éis rithte an Achta so gur mian leis deire do chur le n-a bhallraíocht.

Údarás chun ceartuithe do dhéanamh.

11. —(1) Má dintear socrú roimh an lá ceaptha idir na Coimisinéirí Arachais agus an Có-Choiste chun Bord do bhunú, Bord ar a mbeidh ionaduithe do sna Coimisinéirí Arachais agus don Chó-Choiste, chun roinnte, socruithe agus ceartuithe do dhéanamh fén Acht so agus fé aon achtacháin reachtúcháin den tsórt chéanna a dineadh sa Bhreatain Mhóir, déanfaidh an Bord san aon roinnt no socrú ar scar de chistí no ceartú airgeadais eile a bheidh riachtanach fén gCuid seo den Acht so.

Mara ndintear socrú den tsórt san, déanfaidh na Coimisinéirí Arachais gach roinnt, gach socrú scaranna agus gach ceartú a bheidh riachtanach fén gCuid seo den Acht so.

(2) Beidh ag Bord den tsórt san roimh-ráite no ag na Coimisinéirí Arachais, pe'ca aca é, comhacht iomlán chun na roinnte, na socruithe agus na ceartuithe sin do dhéanamh, agus chun gach rud eile do dhéanamh is dó leo is riachtanach no is oiriúnach chun cuspóirí na Coda so den Acht so do chur in éifeacht, agus thairis sin beidh comhacht ag an mBord san roinnt sócmhainní agus fiachaisí Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta na hÉireann ar Shaorstát Éireann agus ar Thuaisceart Éireann do chríochnú suas go dtí an 1adh lá de Mhárta, 1922.

Oblagáidí ar Iontaobhuithe Cumann.

12. —(1) I gcás fén Acht so aon chuid de chistí Cumainn no brainse do bheith ionaistrithe chun na gCoimisinéirí Arachai tar éis roinnt no ceartú a bheith déanta, féadfaidh na Coimisinéirí Arachais a chur ar iontaobhuithe an Chumainn no an bhrainse an t-aistriú riachtanach do dhéanamh, no, in aon chás ina bhfeictear do sna Coimisinéirí é do bheith oriúnach, féadfaid an t-aistriú riachtanach do dhéanamh as na cistí a bheidh ar láimh acu don Chumann no don bhrainse.

(2) Is leor deimhniú ó sna Coimisinéirí Arachais ar aistriú do bheith déanta ag iontaobhuithe Cumainn no brainse do réir orduithe den tsórt san roimh-ráite, is leor é mar shaora do sna hiontaobhuithe i dtaobh na gcistí a aistríodh amhlaidh.

Cuntas speisialta do bhunú.

13. —Cuirfidh na Coimisinéirí Arachais i gcuntas fé leith:—

(a) gach ciste a aistreofar, do réir na Coda so den Acht so, chun na gCoimisinéirí Arachais ag Cumann no brainse Éireannach, no thar ceann a leithéide, no ag an gCo-Choiste fén Ordú Arachais Sláinte Náisiúnta (Socruithe Idirnáisiúnta), 1923; agus

(b) pé cistí a bheidh ag seasamh ar son na méideanna a bhí ar seilbh acu díreach roimh an gcéad lá d'Abrán, 1922, do Chumainn Bhríotáineacha agus do bhrainsí Briotáineacha, ach go ndéanfar pé ceartuithe is gá i gcóir na tréimhse idir an chéad lá san d'Abrán agus an lá ceaptha;

agus as an gcuntas san aistreofar gach ciste atá, de bhua an Achta so, le haistriú ag na Coimisinéirí Arachais chun aon Chumainn no brainse Éireannaigh no chun cuntais a leithéide, no chun Ciste na gCumann Scurtha no chun cuntais an Chiste sin.

Bunú Ciste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta).

14. —(1) Bunófar fé smacht agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Arachais Ciste Speisialta dá ngairmfear Ciste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnaisiúnta) agus ar an 1adh lá d'Iúl, 1923, agus dá éis, 'siad a bheidh ina mbaill den Chiste sin ná:—

(a) Daoine a bhí ina gcomhnaí i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Iúl, 1923, agus a bhí ina mbaill de Chiste Arachais an Airm agus an Chabhlaigh Bhriotáinigh díreach roimh an dáta san;

(b) pé daoine, más ann dóibh, 'na ndéanfar socrú mar gheall ortha idir na Coimisinéirí Arachais agus an Có-Choiste do réir aon cho-shocruithe a déanfar eatorra fén Acht so chun deimhin do dhéanamh de go gcimeádfar fé árachas daoine a thug seirbhís in Arm, i gCabhlach, no i bhForsaí Aeir na Breataine Móire, agus atá ina gcomhnaí i Saorstát Éireann no a bheidh ina gcomhnaí ann aon am tar éis an 1adh lá d'Iúl, 1923;

(c) daoine atá ag tabhairt seirbhíse uatha i bhfórsaí armtha Shaorstáit Éireann agus a bhi ina gcomhnaí sa Bhreatain Mhóir agus ina mbaill de Chumainn Cheaduithe Eireannacha no Briotáineacha sarar liostáladh iad;

(d) daoine atá ag tabhairt seirbhíse uatha i bhfórsaí armtha Shaorstáit Éireann agus gur rogha leo bheith, agus a bheidh, ina mbaill den Chiste fé fhorálacha Ailt 20, (1) (b) den Acht so.

(2) Féadfar a ordú le rialacháin a dhéanfaidh na Coimisinéirí Arachais cad iad na coiníollacha ar a bhféadfaidh Ball de Chiste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta) leanúint de bheith ina bhall den Chiste sin.

(3) Aistreoidh na Coimisinéirí Arachais chun creidiúna do Chiste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta) cothrom pé suime a gheobhfar, ar roinnt Ciste Arachais an Airm agus an Chabhlaigh Bhriotáinigh, a bheith ag dul do bhail den Chiste sin an 1adh lá d'Iúl, 1923, sé sin, baill a aistreofar fén alt so chun Ciste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta).

(4) Chun crícheanna pé forálacha sna hAchtanna a ordófar le rialacháin a dhéanfaidh na Coimisinéirí Arachais, tuigfear Ciste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta) a bheith ina Chumann Cheaduithe, agus tuigfear baill an Chiste sin a bheith ina mbaill de Chumann Cheaduithe, agus na forálacha sna hAchtanna a bhaineann le Cumainn agus baill agus le balloifig Chumann agus le haistriú chun Cumann agus ó Chumainn agus le daoine do leig ar lár a n-árachas, bainfidh na forálacha san le baill de Chiste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta) tar éis pé atharuithe a ordófar leis na rialacháin sin a dhéanamh ortha.

(5) Gach ball de Chiste Arachais an Airm agus an Chabhlaigh Bhriotáinigh a aistreofar, fé fho-alt (1) (a) den Alt so, chun Ciste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta), tar éis é d'aistriú amhlaidh beidh aige agus beidh air, i gcoinnibh agus i dtaobh Ciste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta), na cearta a bhí aige agus na hoblagáidí a bhí air i gcoinnibh agus i dtaobh Ciste Arachais an Airm agus an Chabhlaigh Bhriotáinigh díreach sarar aistríodh é.

(6) Cuirfear chun creidiúna do Chiste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta) gach síntiús d'íoc baill den Chiste sin no a íocadh thar a gceann, agus íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas an cothrom ceart de sna suimeanna is gá chun sochair do sholáthar do bhaill den Chiste, agus chun costaisí rialachán na sochar san d'íoc, maraon le pé suimeanna eile is gá ó am go ham chun an Ciste do chimeád fiach-acfuinneach.

CUID III.

OIRIUNU ACHTACHAN AGUS CO-SHOCRUITHE.

Oiriúnú achtachán.

15. —(1) Chun críche Alt 4 d'Acht 1918 féadfaidh na Coimisinéirí Arachais ciste do bhunú dá ngairmfear Prímh-Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta, le n-a gcuirfear oiread den Prímh-Chiste a bunuíodh fé smacht an Chó-Choiste do réir an Ailt sin 4, oiread de agus a gheofar, ar roinnt an Chiste sin ar an mBreatain Mhóir agus ar Shaorstát Éireann, a bheith ionchurtha i leith Shaorstáit Éireann.

(2) Gach luadh no tagairt atá sna hAchtanna (ar a n-áirítear Alt 4 d'Acht 1918) don Phrímh-Chiste a bunuíodh fén Alt san 4 léireofar iad agus raghaid in éifeacht mar luadh no tagairt do Phrímh-Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta a bunófar fén alt so.

(3) Chó fada agus bhainfidh na hAchtanna le Saorstát Éireann beidh éifeacht aca fé mar a cuirfí—

(a) suim chúig mhíle punt in ionad na suime sin céad is caoga de mhílte púnt a luaidhtear i bhfo—alt (1) d'Alt 4 d'Acht 1918; agus

(b) suim míle punt in ionad na suime sin tríochad míle púnt a luaidhtear in Alt 31 d'Acht 1913.

(4) Chó fada agus bhaineann na hAchtanna le Saorstát Éireann, leireofar mar thagartha do Shaorstát Éireann aon tagartha atá sna hAchtanna san don Ríocht Aontuithe, ach amháin go léireofar mar thagairt do Shaorstát Éireann no don Bhreatain Mhóir an tagairt don Ríocht Aontuithe atá i bhfo-alt (10) d'Alt a ceathair is dachad d'Acht 1911.

Forálacha maidir le comhnaí sealadach.

16. —Má bhíonn duine atá fé árachas i Saorstát Éireann ina chomhnaí go sealadach sa Bhreatain Mhóir, ní chuirfidh san é féin, no a bhean i gcás sochair mháithreachais, ó bheith i dteideal sochair breoiteachta no dí-nirt no máitreachais, agus beidh an sochar san iníoctha ag an gCumann no as an gciste ag no as a mbeadh sé iníoctha dá leanadh an duine-fé-árachas ina chomhnaí i Saorstát Éireann.

Cô-shocruithe.

17. —(1) Má dhineann na Coimisinéirí Arachais agus an Có-Choiste socrú eatorra:—

(a) chun go gcimeádfar ar siúl árachas daoine atá fé árachas i Saorstát Éireann no sa Bhreatain Mhóir agus atá no a bheidh ina gcomhnaí agus ar fostú sa Bhreatain Mhóir no i Saorstát Éireann, fé mar a ráineoidh (maraon le hárachas feara atá ag tabhairt seirbhíse uatha i bhfórsaí armtha Shaorstáit Éireann agus a bhí ina gcomhnaí sa Bhreatain Mhóir sarar dineadh iad do chlárú no do liostáil in aon fhórsaí den tsórt san, agus fós árachas feara a thug seirbhís uatha amhlaidh agus a bhí ina gcomhnaí sa Bhreatain Mhóir laistigh de shé mhí tar éis iad do scur ó aon fhórsaí den tsórt san);

(b) chun saoirse ó íoc síntiúisí do chur in áirithe do dhaoine na bhfuil gnáth-chomhnaí ortha i Saorstát Éireann gan bheith fé árachas ann agus a bheidh ar fostú go sealadach sa Bhreatain Mhóir, no 'na bhfuil gnáthchomhnaí ortha sa Bhreatain Mhóir gan bheith fé árachas ann agus a bheidh ar fostú go sealadach i Saorstát Éireann;

(c) maidir le hárachas do dhaoine 'na bhfuil comhnaí ortha i Saorstát Éireann agus atá ar fostú go sealadach no go buan i dTuaisceart Éireann no 'na bhfuil comhnaí ortha i dTuaisceart Éireann agus atá ar fostú go sealadach no go buan i Saorstát Éireann;

(d) i gcás árthaigh atá cláruithe i Saorstát Éireann no sa Bhreatain Mhóir agus go gcomhnuíonn a húnaer no go bhfuil a phríomh-áit ghnótha aige sa Bhreatain Mhóir no i Saorstát Éireann, do réir mar a bheidh, chun a shócrú conus íocfar síntiúisí is iníoctha ar son na ndaoine atá ar fostú ar an árthach, ce'ca fé sna hAchtanna mar a bhainid leis an tír in ar cláruíodh an t-árthach é no fé sna hAchtanna mar a bhainid leis an tír ina gcomhnuíonn an t-únaer no ina bhfuil a phríomh-áit ghnótha aige;

(e) chun daoine do dhéanamh ionárachais 'nar dhin bunú Shaorstáit Éireann iad do chur ó bheith ionárachais a thuille fé sna hAchtanna mar a bhainid le Saorstát Éireann no fé sna hAchtanna mar a bhainid leis an mBreatain Mhóir;

déanfaidh na Coimisinéirí Arachais, le cead an Aire Airgid, na hOrduithe sin a bheidh riachtanach chun aon tsocruithe den tsórt san do chur in éifeacht, agus féadfaid, le haon Ordú den tsórt san, atharuithe do dhéanamh ar na hAchtanna chó fada agus bhainid le Saorstát Éireann agus le daoine atá ina gcomhnaí no ar fostú ann, sé sin, pé atharuithe a bheidh riachtanach chun éifeacht a thabhairt do sna socruithe agus chun go bhféadfar pé ceartúcháin airgeadais do dhéanamh a bheidh riachtanach no oiriúnach de dheascaibh aon tsocruithe den tsórt san:

Ach ní bheidh éifeacht ag an Ordú san maran deimhin ná go dtí gur deimhin leis na Coimisinéirí Arachais gur dineadh comharfhorálacha 'na bhfuil feidhm dlí aca sa Bhreatain Mhóir chun na socruithe do chur in éifeacht sa Bhreatain Mhóir, agus ní leanfaidh an tOrdú san i bhfeidhm ach chó fada agus a leanfaidh na comhar-fhorálacha san i bhfeidhm dlí sa Bhreatain Mhóir.

(2) In Ordú fén alt so féadfar, i gcás únaer árthaigh atá cláruithe i Saorstát Éireann do bheith gan comhnaí air ná a phríomháit ghnótha aige i Saorstát Éireann, féadfar a fhoráil go dtuigfear, chun crícheanna na nAcht mar a bhainid le Saorstát Éireann, gurb é an gníomhaire atá i Saorstát Éireann ag an únaer an té is fostathóir do mháistir agus do bhaill fuirinne an árthaigh.

(3) Nuair is le breis is éinne amháin an t-árthach tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, gurb é an t-únaer bainistí no an bainisteoir an t-únaer.

Oiriúnú ar fho-alt 6 d'Alt 48 d'Acht 1911.

18. —Ní bhainfidh fo-Alt 6 d'Alt 48 d'Acht 1911 le Saorstát Éireann, agus aon tsíntiúisí a cuirfí i gcreidiúint don chiste speisialta a luaidhtear ann deighleálfar leo ar pé slí a ordóidh na Coimisinéirí Arachais.

Comhachtanna an Chó-Choiste d'aistriú.

19. —Gach comhacht, údarás no dualgas a bhí, direach roimh an gcéad lá d'Abrán, 1922, infheidhmithe no le có-líona ag an gCó-Choiste fé sna hAchtanna i dtaobh an líomatáiste atá laistigh d'údarás Shaorstáit Éireann anois siad na Coimisinéirí Arachais amháin a fheidmeoidh agus a chó-líonfaidh iad feasta, agus tuigfear iad do bheith infheidhmithe agus le co-líona amhlaidh ar an gcéad lá d'Abrán, 1922, agus as san amach.

CUID IV.

ARACHAS SLAINTE NAISIUNTA DO CHUR I mBAINT LE SAIGHDIUIRI GEARR-SHEIRBHISE.

Síntiúisí ar son Saighdiúirí.

20. —(1) Chun sochair den tsórt a luaidhtear sa Chuid seo den Acht so do sholáthar do shaighdiúirí le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ar feadh téarma a seirbhíse agus tar éis fille thar n-ais dóibh ar a ngnáth-shaol, íocfaidh an tAire Cosanta leis na Coimisinéirí Arachais as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas, suim cheithre phingne agus leath-phingne sa tseachtain ar son

(a) gach saighdiúra a bhí no a bheidh ina bhall de Chumann Cheaduithe Éireannach no Briotáineach ar dháta a liostála;

(b) gach saighdiúra ná raibh ina bhall de Chumann Cheaduithe ar dháta a liostála ach, toisc comhnaí do bheith air i Saorstát Éireann sarar liostáladh é, a shocróidh ar bheith, agus a bheidh, ina bhall de Chumann Cheaduithe i Saorstát Éireann, no, toisc comhnaí do bheith air sa Bhreatain Mhóir sarar liostáladh é, a shocróidh ar bheith agus a bheidh ina bhall de Chiste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta), ach go socróidh sé amhlaidh agus go ndéanfaidh ball den Chumann no den Chiste sin de laistigh de thrí mhí tar éis rithte an Achta so no tar éis dáta a liostála, pe'ca aca is déanaí.

(2) Na suimeanna seachtainiúla de cheithre phingine agus leath-phingne is iníoctha fén bhfo-alt deiridh sin, tosnófar ar iad d'íoc

(a) ón ladh lá d'Abrán, 1922, i gcás saighdiúra do liostáil roimh an dáta san agus a bhí ina bhall de Chumann Cheaduithe Éireannach no Briotáineach ar dháta a liostála;

(b) ó dháta a liostála i gcás saighdiúra do liostáil tar éis an ladh lá d'Abrán, 1922, agus a bhí no a bheidh ina bhall de Chumann Cheaduithe Éireannach no Briotáineach ar dháta a liostála;

(c) ón 3adh lá d'Iúl, 1922, no ó dháta a liostála, pe'ca aca is déanaí, i gcás saighdiúra do liostáil roimh rith an Achta so agus ná raibh ina bhall de Chumann Cheaduithe Éireannach no Briotáineach ar dháta a liostála ach go ndéanfar de go cuibhe ball de Chumann Cheaduithe i Saorstát Éireann no de Chiste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta) do réir an fho-ailt deiridh sin;

(d) ó dháta a liostála i gcás saighdiúra a liostálfaidh tar éis rithte an Achta so agus ná beidh ina bhall de Chumann Cheaduithe Éireannach ná Briotáineach ar dháta a liostála ach go ndéanfar de go cuibhe ball de chumann Cheaduithe i Saorstát Éireann no de Chiste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta) do réir an fho-ailt deiridh sin.

(3) Déanfar amach ar pé cuma a shocróidh na Coimisinéirí Arachais agus an t-Aire Cosanta eatorra féin cadé an méid daoine 'na ndéanfar íocaíochtanna ar a son fé sna forálacha roimhe seo den alt so, agus na suimeanna a íocfar fé sna forálacha san íocfar iad leis na Coimisinéirí Arachais ar pé cuma agus ar pé dátaí i ngach bliain a réiteóidh na Coimisinéirí Arachais agus an t-Aire Cosanta eatorra.

(4) Saighdiúir do liostáladh roimh aois a shé bliana déag, ní bhainfidh an t-alt so leis go dtí go sroisfidh sé an aois sin, agus ar shroisint na h-aoise sin do bainfidh an t-alt san leis fé mar a liostálfí é ar shroisint na haoise sin do.

(5) In ainneoin éinní contrárdha do sna hAchtanna, aon tsaighdiúir do bhí no a bheidh ina Shíntiúsaire Taisce ar dháta a liostála agus ná ceanglóidh le Cumann Ceaduithe i Saorstát Éireann laistigh de thrí mhí tar éis an dáta san no, i gcás saighdiúra do liostáladh roimh rith an Achta so, laistigh de thrí mhí tar éis rithte an Achta so, áireófar é mar dhuine do scuir de bheith ina dhuine fé árachas ar dháta a liostála ach ar a scur ón arm, no ar fháil bháis do má fhaghann sé bás agus é ina shaighdiúir, áireófar é arís mar dhuine a bhí ina Shíntiúsaire Taisce, agus an farasbarr do bhí i gcreidiúint dá chuntas i gCiste na Sintiúisí Taisce ar dháta a liostála cuirfear thar n-ais é i gcreidiúint dá chuntas sa Chiste sin.

Saighdiúirí d'áireamh mar shíntiúsairí fostuithe.

21. —Aon tsaighdiúir go n-íocfaidh an t-Aire Cosanta ar a shon suim cheithre pingne agus leath-phingne sa tseachtain fé fhorálacha na coda so den Acht so, déanfar, gan dochar do sna hatharuithe seo a leanas, é d'áireamh mar shíntiúsaire fostuithe go dtí go scuirfear ón arm é:—

(a) Na suimeanna a íocfaidh an t-Aire Cosanta gach seachtain áireofar iad chun gach críche mar íocaíochtanna síntúisí do réir an ráta fostaíochta.

(b) Beidh sé i dteideal sochair Mháithreachais ach ní beidh sé i dteideal sochair Bhreoiteachta, Dí-nirt náSanatorium

(c) Marar dhuine fé árachas é ar dháta a liostála, áireofar mar dháta a theacht fé árachas an dáta ar ar liostáladh é mar shaighdiúir no, má liostáladh é roimh rith an Achta so, an dáta ar ar thosnuigh na suimeanna seachtainiúla ar bheith iníoctha ag an Aire Cosanta ar a shon fén gCuid seo den Acht so.

(d) Cuirfear i gcreidiúint don Chumann Cheaduithe no don Chiste dar ball é suim is có-mhé d le cúig phingne agus leath-phingne in aghaidh gach síntiúis sheachtaine a bheidh íoctha, agus áireofar suim is có-mhéid léi a bheith caithte ar shochair, agus íocfar dá réir an cothrom ceart di as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas.

Luíodú sochar i gcás daoine i dteideal pinsean mar gheall ar dhíneart.

22 —Féadfaidh na Coimisinéirí Arachais rialacháin do dhéanamh—

(a) chun luíodú do dhéanamh, pé méid agus ar feadh pé a msir is dó leo is riachtanach, ar mhéid an tsochair Bhreoiteachta no Dhí-nirt 'na mbeidh aon duine-fé-árachas i dteideal chuige mar gheall ar a árachas fé sna hAchtanna, sé sin, duine do thug seirbhís uaidh ina shaighdiúir agus gur deonadh do, ar a scur ón arm, pinsean mar gheall ar dhí-neart d'eirigh do de dheascaibh a sheirbhíse;

(b) chun sochar Breóiteachta no Dí-nirt do réir an ráta nea-luíoduithe d'íoc, go dtí go socró ar éileamh aon duine den tsórt san chun pinsin, agus chun aon tsuimeanna a íocadh sa mbreis ar an gceart do dheascaibh na luíoduithe sin d'fháil thar n-ais tré luíodú do dhéanamh ar aon tsochair a bheidh iníoctha ina dhiaidh sin, no tré iad do stopa ar feadh tamaill;

(c) chun aon tsochar Breoiteachta no Dí-nirt a íocadh i ndearmhad le saighdiúir i rith tréimhse a sheirbhíse idir an chéad lá d'Abrán, 1922, agus dáta rithte an Achta so, chun é sin d'fháil thar n-ais, tré luíodú do dhéanamh ar aon tsochair a bheidh iníoctha ina dhiaidh sin, no tré iad a stopa ar feadh tamaill; agus

(d) i dtaobh aon nithe eile a eireoidh fén gCuid seo den Acht so.

Forálacha i dtaobh riaráiste.

23. —Nuair a beifear ag áireamh riaráiste sintiúisí chun cricheanna na n-Achtanna ní áireofar aon riaráiste d'fhás i rith aon tréimhse i n-ar dineadh, de bhua na Coda so den Acht so, luíodú ar shochar Breoiteachta agus Dí-nirt an duine i gceist, no é do chur as teideal chun an tsochair sin.

Síntiúisí a tuigfear a bheith íoctha san am cheart.

24. —Aon tsíntiús a íocfar fén gCuid seo den Acht so in aghaidh aon tseachtaine roimh rith an Achta so tuigfear chun gach críche gur íocadh é sa tseachtain le n-a mbaineann sé.

Baint agus mínithe

25. —(1) Ní bhaineann an Chuid seo den Acht so ach le saighdiúirí a liostáladh i gcóir tréimhse nách sia ná dhá mhí dhéag no a liostáladh roimh an ladh lá de Bhealtaine, 1923, ar feadh tréimhse seirbhíse a chríochnóidh ar an ladh lá de Bhealtaine, 1924, no roimhe sin.

(2) Sa Chuid seo den Acht so

cialluíonn an focal “saighdiúir” ball d'Fhórsaí Armtha Shaorstáit Éireann, pé grád atá aige,

foluíonn an focal “liostáil” duine do theacht chun bheith ina bhall ar aon tslí de sna Fórsaí Armtha roimh-ráite agus léireofar focail den chineál chéanna dá réir sin,

foluíonn an focal “scur” éirghe ar aon tslí as na Fórsaí Armtha roimh-ráite agus léireofar focail den chineál chéanna dá réir sin.

(3) Gach ceist no conspóid i dtaobh ce'ca tá duine ina shaighdiúir no ná fuil do réir brí na Coda so den Acht so, no i dtaobh an dáta ar ar liostáladh an saighdiúir no ar ar scuireadh é, reiteóidh an t-Aire Cosanta iad agus ní bheidh dul thar a bhreith.

CUID V.

ILGHNEITHEACH.

Deire do chur leis an gCiste Cothromaíochta do Mhná.

26. —(1) Tuigfear Alt 2 d'Acht 1918 (a fhorálann bunú an Chiste Cothromaíochta do Mhná) do bheith gan éifeacht ón ladh lá d'Eanair, 1922, agus, nuair a beifear ag feidhmiú an chomhachta do bronnadh le hAlt 28 d'Acht 1913 chun Rialacháin do dhéanamh i dtaobh luachanna cúil do chur i gcreidiúint no d'atharú no do chur ar neamh-ní tabharfar aire d'fhorálacha an Ailt seo.

(2) Ní déanfar nea-dhleathach, de bharr éinní atá san Alt so, aon scéim ná rialacháin a dineadh go cuibhe, fén Alt san 2 d'Acht 1918, roimh rith an Achta so no laistigh de shé mhí ina dhiaidh sin, agus beidh lán-éifeacht ag aon scéim no rialachán a dineadh amhlaidh.

Cad déanfar le suimeanna neamh-éilithe sa chuntas díolachán stampaí.

27. —Pé cuid a ordóidh na Coimisinéirí Arachais de sna suimeanna a bheadh le cur isteach i bPrímh-Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta fé Alt 29 d'Acht 1918 (a fhorálann cad déanfar le suimeanna neamh-éilithe sa Chuntas Díolachán Stampaí), in ionad í do chur isteach sa Chiste sin cuirfear í chun creidiúna do Chumainn Cheaduithe do réir scéimeanna a dhéanfaidh na Coimisinéirí Arachais agus a cheadóidh an t-Aire Airgid, agus aon tsuimeanna a cuirfear i gcreidiúint do Chumann Cheaduithe fén Alt so úsáidfidh an Cumann iad, ar pé cuma a forálfar leis na scéimeanna, chun sochar aon bhalla den Chumann a bheidh i riaráiste agus le n-a mbainfidh na scéimeanna do chosc ar bheith ar stad no ar leanúint de bheith ar stad no chun a sochair do chimeád gan luíodú ortha, ach amháin pé luíoduithe a forálfar leis na scéimeanna a dhéanamh ortha.

(2) Tuigfear an t-Alt so do bheith i bhfeidhm agus éifeacht do bheith aige ón 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus leanfaidh sé i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1923.

Oiriúnú ar Alt 54 d'Acht 1911.

28. —(1) Léireofar Alt 54 d'Acht 1911 agus beidh éifeacht aige fé mar a bheadh—

(a) na focail “Ciste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta)” in ionad na bhfocal “Navy and Army Insurance Fund” i pé áiteanna ina bhfuil na focail sin san Alt san; agus

(b) na focail “an t-Aire Airgid” in ionad na bhfocal “National Debt Commissioners” i pé áiteanna ina bhfuil na focail sin san Alt san; agus

(c) na focail “in which trustees are, for the time being, authorised by law to invest trust moneys” in ionad na bhfocal i bhfo-alt (3) dar tosach “which are for the time being” agus dar deire “1890 to 1909” (go huile).

(2) Pe méid de sna h-urrúsanna atá dílsithe i gCoimisinéirí na bhFiacha Náisiúnta fén alt san 54 d'Acht 1911 le linn rithte an Achta so, agus a cruthófar, ar dhéanamh aon roinnte fén Acht so no ar aon tslí eile, a bheith ionchurtha i leith Shaorstáit Éireann féadfar é d'aistriú chun an Aire Airgid agus féadfaidh seisean é do ghlaca, agus nuair a glacfar amhlaidh é coinneóidh an t-Aire é do réir forálacha an Ailt sin 54.

An t-Acht Arachais Sláinte Náisiúnta (Buanú Arachais), 1921, do leanúint i bhfeidhm.

29. —Tuigfear an t-Acht Arachais Sláinte Náisiúnta (Buanú Arachais), 1921, do leanúint i bhfeidhm agus éifeacht do bheith aige ón 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, agus leanfa sé i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924.

Gearr-Theideal agus léiriú.

30. —Féadfar an t-Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 , do ghairm den Acht so agus léireofar í mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1921, agus féadfar na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1923, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.