10 1923

Uimhir 10.


ACHT CHUN ACHT NA nATURNAETHE (ÉIRINN), 1898, DO LEASÚ, 1923.


ACHT CHUN ACHT NA nATURNAETHE (ÉIRINN), 1898, DO LEASÚ. [29adh Márta, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

1. —Déanfar Acht na nAtúrnaethe (Éirinn), 1898 (dá ngoirtear feasta anso an Príomh-Acht) do leasú agus leasuítear é leis seo fé mar a foráltar san Alt so.

(a) In Alt 8 den Phríomh-Acht cuirfear an focal “twice” in ionad na bhfocal “three times” agus beidh éifeacht ag an Alt san dá réir.

(b) Leasófar Alt 29 den Phríomh-Acht tré sna forálacha so leanas do chur leis :

Aon duine a leigeadh isteach mar Atúrnae den Chúirt Uachtarach i Sasana agus a bhí ag cleachta i láthair na Cúirte sin ar feadh trí mblian ar a luighead, agus aon duine a cuireadh ar an rolla mar Ghníomhaire Dlí in Albain agus a bhí ag cleachta i láthair Cúirte an tSiosóin ar feadh trí mblian ar a luighead beidh sé i dteideal é do leigeant isteach mar Atúrnae fé fhorálacha an Achta so gan seirbhís ná scrúdú ar é do chó-líona na rialachán agus d'íoc na dtáillí a leagfar amach ag Dlí-Chumann Inchorpálta na hÉireann.

(c) Sé an táille a bheidh le n-íoc fé Alt 43 den Phríomh-Acht i dtaobh tabhartha teistis an Chlárathóra ná púnt n ionad chúig scillinge agus beidh éifeacht ag an Alt san dá réir.

2. —Féadfar an t-Acht chun Acht na nAtúrnaethe (Éirinn), 1898, do Leasú, 1923, do ghairm den Acht so.