An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT DAINGNITHE ORDAITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1989)

1 1989

AN tACHT DAINGNITHE ORDAITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1989

AN SCEIDEAL

An tOrdú Sealadach um Buirg Chluain Meala (Teorainn a Athrú), 1989.

Alt 1.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le hairteagail 25 agus 27 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus le fo-alt (3) d'alt 42 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ordaíonn an tAire Comhshaoil, leis seo mar a leanas:—

Teideal.

1.—An tOrdú Sealadach um Buirg Chluain Meala (Teorainn a Athrú), 1989, is teideal don Ordú seo.

Tosach feidhme.

2.—Tiocfaidh an tOrdú seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1990, nó i gcás gan dlí a bheith déanta, an lá sin nó roimhe, den Acht ag daingniú an Ordaithe seo, cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú.

3.—San Ordú seo—

ciallaíonn “an Bhuirg” Buirg Chluain Meala;

ciallaíonn “tosach feidhme an Ordaithe seo” an lá a thiocfaidh an tOrdú seo, de bhun airteagal 2, i ngníomh;

ciallaíonn “an Bardas” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chluain Meala;

ciallaíonn “an Contae” Contae Thiobraid Árann An Trian Theas;

ciallaíonn “an Chomhairle Contae” Comhairle Chontae Thiobraid Árann An Trian Theas;

ciallaíonn “teorainn láithreach na Buirge” teorainn na Buirge mar a bheidh díreach roimh theacht i ngníomh don Ordú seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

ciallaíonn “an limistéar aistrithe” an limistéar a thuairiscítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo.

Teorainn a Athrú.

4.—Ar thosach feidhme an Ordaithe seo bainfear an limistéar aistrithe de Cheantar Sláinte Contae Thiobraid Árann An Trian Theas agus cuirfear leis an mBuirg é agus as sin amach scoirfidh an limistéar aistrithe de bheith ina chuid de Cheantar Sláinte Contae Thiobraid Árann An Trian Theas agus beidh sé ar áireamh sa Bhuirg agus ina chuid di chun gach críche agus déanfar teorainn na Buirge a athrú dá réir sin.

Léarscáileanna Oifigiúla a ullmhú.

5.—(1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an ordaithe seo ullmhóidh an Coimisinéir Luachála ceithre chóip de léarscáil, a tharraingeofar de réir cibé scála chaothúil agus ar cibé uimhir chaothúil de leatháin leithleacha is cuí leis a thaispeánfaidh an limistéar aistrithe agus teorainn athraithe na Buirge agus séalóidh sé gach ceann de na léarscáileanna agus taiscfidh ceann de na léarscáileanna i bpríomhoifigí an Choimisinéara sin, ceann eile in oifigí an Bhardais, ceann eile in oifigí na Comhairle Contae agus ceann eile in oifigí an Aire.

(2) Nuair a thaiscfear na léarscáileanna sin amhlaidh in oifigí sin an Choimisinéara sin, an Bhardais agus na Comhairle Contae, faoi seach, coimeádfar sna hoifigí sin iad agus beidh na léarscáileanna sin nó cóipeanna dílse díobh ar fáil chun a n-iniúchta in aisce sna hoifigí sin ag aon duine aon uair a bheidh na hoifigí sin faoi seach ar oscailt chun gnó poiblí a dhéanamh agus is dleathach don Choimisinéir sin, don Bhardas agus don Chomhairle Contae faoi seach cóip dhílis den léarscáil a taisceadh leis nó leo amhlaidh, nó d'aon chuid áirithe di, a ullmhú agus a thabhairt d'aon duine a iarrfaidh an céanna agus cibé suim a shocróidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, nó a shocróidh siad, a éileamh ar an gcóip sin.

(3) Beidh de dhualgas ar an gCoimisinéir sin agus ar an mBardas agus ar an gComhairle Contae, faoi seach, aon uair a cheanglóidh aon Chúirt Bhreithiúnais é sin a dhéanamh, cóip dhílis den léarscáil nó d'aon chuid shonraithe den léarscáil a taisceadh leis nó leo faoin airteagal seo a ullmhú agus a thabhairt ar aird don Chúirt sin agus an chóip sin a fhíorú don Chúirt sin le mionn duine dá oifigigh nó dá n-oifigigh agus ar aon chóip den sórt sin a thabhairt ar aird agus a fhíorú don Chúirt sin amhlaidh, glacfaidh an Chúirt sin an chóip sin i bhfianaise agus air sin beidh an chóip sin ina fianaise dhochloíte ar an limistéar aistrithe agus ar theorainn athraithe na Buirge agus an Cheantair Sláinte Contae (a mhéid a thaispeánfar sin ar an gcóip sin) d'ainneoin aon neamhréireachta idir an chóip sin agus an tuairisc atá sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo nó d'ainneoin aon athbhrí nó neamhchinnteachta sa tuairisc sin nó ina feidhmiú.

Coigeartú de dhroim an Ordaithe.

6.—(1) Féadfaidh an Chomhairle Contae agus an Bardas trí chomhaontú aon choigeartú a dhéanamh ar mhaoin, ar chearta agus ar dhliteanais a mbeidh gá leis de dhroim an Ordaithe seo.

(2) Mura mbeidh comhaontú ann, is duine a cheapfaidh an tAire chuige sin a dhéanfaidh aon choigeartú den sórt sin ar mhaoin, ar chearta agus ar dhliteanais.

(3) Beidh le gach coigeartú faoin airteagal seo éifeacht de réir a théarmaí agus is coigeartú críochnaitheach dochloíte é agus féadfaidh an Chomhairle Contae agus an Bardas é a fhorfheidhmiú in aghaidh a chéile dá réir sin.

Fodhlíthe etc., le feidhm a bheith acu sa limistéar aistrithe.

7.—Gach fodhlí, riail agus rialachán a rinne an Bardas, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Ordaithe seo, sa Bhuirg nó i ndáil leis an mBuirg ar an tosach feidhme sin agus dá éis, beidh feidhm acu maidir leis an mBuirg arna leathnú leis an Ordú seo.

Rúin etc., a bhaineann leis an limistéar aistrithe.

8.—Gach rún a rith, gach ordú a rinne, agus gach fógra a sheirbheáil an Chomhairle Contae roimh thosach feidhme an ordaithe seo i ndáil leis an limistéar aistrithe nó le haon chuid de nó le haon ní a rinneadh nó a bhí le déanamh ann agus nach mbeidh a oibriú, a éifeacht ná a théarma scortha nó caite roimh an tosach feidhme sin, leanfaidh sé, ar an tosach feidhme sin agus dá éis agus a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Ordú seo, de bheith i bhfeidhm agus d'éifeacht a bheith leis a mhéid a bhainfidh sé leis an limistéar aistrithe nó le haon chuid de nó le haon ní a rinneadh nó a bhí le déanamh ann ionann is dá mba ní é a rinneadh nó a bhí le déanamh nó rún arna rith, ordú arna dhéanamh, nó fogra é arna sheirbheáil ag an mBardas ar an dáta a rith, a rinne nó a sheirbheáil an Chomhairle Contae é iarbhír agus ionann agus dá mbeadh an limistéar aistrithe istigh cheana féin sa Bhuirg ar an dáta sin.

Forálacha a bhaineann le toghlimistéir chontae.

9.—Ar thosach feidhme an Ordaithe seo, scoirfidh an oiread sin den limistéar aistrithe is cuid de thoghlimistéar contae na Cathrach de bheith ina chuid den toghlimistéar contae sin agus beidh sé ar áireamh i dtoghlimistéar contae Chluain Meala agus beidh sé ina chuid den toghlimistéar sin.

Forálacha a bhaineann le Comhairleoirí Buirge.

10.—Gach duine a bheidh i seilbh oifige ar thosach feidhme an Ordaithe seo mar Chomhairleoir Buirge measfar ar an agus ón tosach feidhme sin é a bheith tofa don Bhuirg arna leathnú leis an Ordú seo.

Forálacha maidir le ceantair vótaíochta agus áiteanna vótaíochta.

11.—(1) Más rud é ar thosach feidhme an Ordaithe seo go mbeidh ceantar vótaíochta go páirteach laistigh agus go páirteach lasmuigh den limistéar aistrithe, féadfaidh rúnaí na Comhairle Contae, maidir le gach cuid den cheantar vótaíochta sin—

(a) é go léir nó codanna de a chur le haon cheantar nó ceantair vótaíochta atá tadhlach leis, nó

(b) ceantar vótaíochta a dhéanamh de agus áit vótaíochta a cheapadh dó.

(2) Beidh aon chomhshocraíocht a dhéanfar de bhun an airteagail seo faoi réir cheadú an Aire agus beidh éifeacht léi go dtí (agus ní bheidh ach go dtí) go dtiocfaidh an chéad scéim faoi alt 22 den Acht Toghcháin, 1963 ( Uimh. 19 de 1963 ) i ndáil leis an gcontae i ngníomh tar éis thosach feidhme an Ordaithe seo.

Feidhmiú agus oiriúnú achtachán áitiúil.

12.—Gach ionstraim áitiúil a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Ordaithe seo sa Bhuirg nó i ndáil leis an mBuirg beidh réim aici sa limistéar aistrithe agus, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, forléireofar í agus beidh éifeacht léi fara cibé modhnuithe is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Ordaithe seo.

Foráil maidir leis an bplean forbartha.

13.—(1) An chuid sin den phlean forbartha a rinne an Chomhairle Contae i ndáil le purláin na Buirge, a mhéid a raibh éifeacht ag an gcuid sin díreach roimh thosach feidhme an Ordaithe seo maidir leis an limistéar aistrithe, leanfaidh sí d'éifeacht a bheith aici amhlaidh ar an agus ón tosach feidhme sin agus go dtí go ndéanfaidh an Bardas plean forbartha nua nó go ndéanfaidh an Bardas, maidir leis an limistéar aistrithe, athrú ar an gcuid sin den phlean forbartha.

(2) San airteagal seo ciallaíonn “plean forbartha” an plean forbartha de réir bhrí na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983, a rinne an Bardas agus an Chomhairle Contae agus dá ngairtear Plean Forbartha Chluain Meala, 1982, lena gcorpraítear Buirg Bhardasach Chluain Meala agus na Purláin agus mar a leasaíodh i 1987.

AN SCEIDEAL

Tuairisc ar an limistéar aistrithe.

Is é a bheidh sa limistéar aistrithe an limistéar sin idir teorainn láithreach na Buirge agus líne arna tarraingt mar a leanas:

Tiobraid Árann S.O. 83 plean 5.

S.O. 83 plean 1.

S.O. 83 plean 2.

S.O. 77 plean 14.

S.O. 83 plean 2.

S.O. 77 plean 14.

S.O. 77 plean 15.

S.O. 83 plean 3.

S.O. 83 plean 7.

S.O. 83 plean 5.

Ag tosú ag acomhal theorainneacha thiar agus theas na páirce 1.450 acra i mbaile fearainn Thobar na hAoine; as sin ó dheas feadh an tsamhailfhadaithe ó dheas ar theorainn thiar na páirce 1.450 acra sa bhaile fearainn céanna go dtí an áit a dtrasnaíonn teorainn an chontae é; as sin siar ó dheas feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn thiar bhaile fearainn Thobar na hAoine; as sin siar ó thuaidh feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn theas na dáileachta 2.735 acra i mbaile fearainn Inis Leamhnachta; as sin siar feadh na teorann sin go dtí an áit a dtrasnaíonn fadú theas theorainn thiar na páirce 26.780 acra í sa bhaile fearainn céanna; as sin ó thuaidh feadh an tsamhailfhadaithe agus na teorann sin agus feadh theorainn thiar na páirce 15.786 acra sa bhaile fearainn céanna agus feadh a samhailfhadaithe ó thuaidh go dtí an áit a dtrasnaíonn teorainn theas bhaile fearainn Bhaile an Gharráin Theas an samhailfhadú sin; as sin i dtosach siar ó thuaidh feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn thiar thuaidh na páirce 8.107 n-acra i mbaile fearainn Bhaile an Gharráin; as sin soir ó thuaidh feadh na teorann sin agus feadh theorainn thuaidh bhaile fearainn Inis Leamhnachta go dtí a hacomhal le teorainn thiar thuaidh na páirce 5.846 acra i mbaile fearainn Ghleann Chonchúir; as sin soir ó thuaidh feadh na teorann sin agus feadh theorainn thuaidh na páirce 5.363 acra sa bhaile fearainn céanna agus feadh shamhailfhadú thoir thuaidh na teorann is déanaí atá luaite go dtí an áit a dtrasnaíonn teorainn thoir an bhaile fearainn chéanna an fadú sin; as sin siar ó thuaidh feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn thiar bhaile fearainn Bhuailic; as sin i dtosach soir ó thuaidh feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn thuaidh an bhaile fearainn chéanna; as sin i dtosach soir feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn thiar bhaile fearainn Ard Gaoithe Íochtarach; as sin ó thuaidh feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn thuaidh an bhaile fearainn chéanna; as sin soir feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn thoir an bhaile fearainn chéanna; as sin soir ó dheas feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn theas bhaile fearainn Ard Gaoithe Uachtarach; as sin i dtosach soir ó thuaidh feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn thiar bhaile fearainn an Bhóthair Dhuibh; as sin ó dheas feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn thuaidh bhaile fearainn an Bhóithrín Dhuibh; as sin i dtosach soir feadh na teorann sin agus feadh theorainneacha thuaidh bhaile fearainn na Burgáiste Thiar, bhaile fearainn Charraigín na bhFiach, agus bhaile fearainn Dhiméin Bhaile an Phaoraigh, faoi seach, go dtí a hacomhal le teorainn thoir an bhaile fearainn is déanaí atá luaite; as sin soir ó dheas feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn thoir theas na páirce 1.012 acra i mbaile fearainn Bhaile an Mhaoilirigh; as sin soir ó thuaidh feadh na teorann sin agus feadh theorainneacha thoir na bpáirceanna 7.901 agus 1.195 acra, faoi seach, sa bhaile fearainn céanna agus feadh shamhailfhadú thoir thuaidh na teorann is déanaí atá luaite go dtí an áit a dtrasnaíonn teorainn thuaidh an bhaile fearainn chéanna an fadú sin; as sin soir ó dheas feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn thuaidh bhaile fearainn Ráth Lús; as sin i dtosach soir ó dheas feadh na teorann sin agus feadh theorainneacha thoir thuaidh bhaile fearainn na Móna Gairbhe agus bhaile fearainn Log an Óir go dtí a hacomhal le teorainn thoir an bhaile fearainn is déanaí atá luaite; as sin i dtosach ó dheas feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn theas an bhaile fearainn chéanna; as sin siar ó dheas feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn thoir bhaile fearainn Mhóin Mhichíl; as sin ó dheas feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn an chontae; as sin siar ó dheas feadh na teorann sin go dtí a hacomhal le teorainn thoir na Buirge mar atá faoi láthair; as sin i dtosach ó thuaidh feadh na teorann sin go dtí an pointe tosaithe.

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Aire Comhshaoil, an 24ú lá seo de Shamhain, 1989.

PÁDRAIG Ó FLOINN,

Aire Comhshaoil.

[Is é atá i dtagairt imill sa Sceideal tagairt do leathán ó Thiobraid Árann den Léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis de réir an scála 1:2,500 agus i gcás tagairt do S.O. 77 is tagairt í d'athbhreithniú 1904 agus i gcás tagairt do S.O. 83 is tagairt í d'athbhreithniú 1951.]