Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL An tOrdú Sealadach um Buirg Chluain Meala (Teorainn a Athrú), 1989.)

1 1989

/images/harp.jpg


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1989


AN tACHT DAINGNITHE ORDAITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1989


RIAR NA nALT

Alt

1.

Daingniú.

2.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL


Acht dá dTagraítear

Local Government (Ireland) Act, 1898

61 & 62 Vict. c. 37

/images/harp.jpg


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1989


AN tACHT DAINGNITHE ORDAITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1989

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDAITHE SHEALADAIGH UM BUIRG CHLUAIN MEALA (TEORAINN A ATHRÚ), 1989.

[19 Nollaig, 1989]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Comhshaoil tar éis an tOrdú Sealadach um Buirg Chluain Meala (Teorainn a Athrú), 1989, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, a dhéanamh go cuí faoin Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus faoin Local Government (Ireland) Act, 1898, ach nach mbeidh éifeacht leis an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é:

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS:

Daingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú Sealadach um Buirg Chluain Meala (Teorainn a Athrú), 1989, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Ordaithe Shealadaigh Rialtais Áitiúil, 1989 , a ghairm den Acht seo.