An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT DAINGNITHE ORDAITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1979) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL)

2 1979

AN tACHT DAINGNITHE ORDAITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1979

AN SCEIDEAL

An tOrdú Sealadach um Chontae-Bhuirg Phort LÁirge (Teorainn a Leathnú), 1979.

Alt 1.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a dhílsítear dó le halt 36 d'Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 ( Uimh. 25 de 1939 ), ordaíonn an tAire Comhshaoil leis seo mar a leanas:—

Teideal.

1. An tOrdú Sealadach um Chontae-Bhuirg Phort Láirge (Teorainn a Leathnú), 1979, is teideal don Ordú seo.

Tosach feidhme.

2. Tiocfaidh an tOrdú seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1980, nó i gcás gan dlí a dhéanamh, an lá sin nó roimhe, den Acht ag daingniú an Ordaithe seo, cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú.

3. San Ordú seo—

ciallaíonn “an Bardas” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Phort Láirge;

ciallaíonn “an Chomhairle Contae” Comhairle Chontae Phort Láirge;

ciallaíonn “an Chathair” Contae-Bhuirg Phort Láirge;

ciallaíonn “an Contae” Contae Phort Láirge;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

ciallaíonn “an limistéar breise” an limistéar a thuairiscítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo;

ciallaíonn “an teorainn láithreach” teorainn na Cathrach mar a bheidh sí díreach roimh thosach feidhme an Ordaithe seo;

ciallaíonn “tosach feidhme an Ordaithe seo” an lá a thiocfaidh an tOrdú seo i bhfeidhm.

Teorainn na Cathrach a leathnú.

4. Ar thosach feidhme an Ordaithe seo bainfear an limistéar breise den Chontae agus de dhlínse agus de chumhachtaí na Comhairle Contae, agus cuirfear leis an gCathair é agus uaidh sin amach áireofar an limistéar sin mar chuid den Chathair agus beidh sé ina chuid di chun gach críche, agus leathnófar teorainn na Cathrach dá réir sin.

Léarscáileanna oifigiúla a ullmhú.

5. (1) A luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an Ordaithe seo ullmhóidh an Coimisinéir Luachála ceithre chóip de léarscáil, a tharraingeofar de réir cibé scála oiriúnach agus ar cibé uimhir oiriúnach de bhilleoga ar leithligh is cuí leis a thaispeánfaidh an limistéar breise agus an Chathair agus séalóidh sé gach ceann faoi leith de na léarscáileanna agus taiscfidh ceann de na léarscáileanna i bpríomh-oifig an Choimisinéara sin, ceann eile in oifigí an Bhardais agus ceann eile in oifigí na Comhairle Contae agus ceann eile in Oifigí an Aire.

(2) Nuair a thaiscfear na léarscáileanna sin amhlaidh in oifigí sin an Choimisinéara sin, an Bhardais agus na Comhairle Contae faoi seach, coimeádfar sna hoifigí sin iad, agus beidh na léarscáileanna sin nó cóipeanna dílse díobh ar fáil chun a n-iniúchta in aisce sna hoifigí sin ag aon duine aon uair a bheidh na hoifigí sin faoi seach ar oscailt chun gnó poiblí a dhéanamh, agus is dleathach don Choimisinéir sin, don Bhardas agus don Chomhairle Contae faoi seach cóip dhílis den léarscáil a taisceadh amhlaidh leis nó leo, nó d'aon chuid áirithe di, a ullmhú agus a thabhairt d'aon duine a iarrfaidh í agus cibé suim a ordóidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, a éileamh ar an gcóip sin.

(3) Beidh de dhualgas ar an gCoimisinéir sin agus ar an mBardas agus ar an gComhairle Contae faoi seach, aon uair a cheanglóidh aon Chúirt Bhreithiúnais é sin a dhéanamh, cóip dhílis den léarscáil nó d'aon chuid shonraithe den léarscáil a taisceadh leis nó leo faoin airteagal seo a ullmhú agus a thabhairt ar aird don Chúirt sin agus an chóip sin a fhíorú don Chúirt sin le mionn duine dá oifigigh nó dá n-oifigigh, agus ar aon chóip den sórt sin a thabhairt ar aird agus a fhíorú don Chúirt sin amhlaidh, glacfaidh an Chúirt sin an chóip sin i bhfianaise agus air sin beidh an chóip sin ina fianaise dhochloíte ar theorainn an limistéir bhreise (a mhéid a thaispeánfar sin ar an gcóip sin) d'ainneoin aon neamhréireachta idir an chóip sin agus an tuairisc atá sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo nó d'ainneoin aon athbhrí nó neamhchinnteachta sa tuairisc sin nó ina feidhm.

Coigeartú airgeadais idir an Chomhairle Contae agus an Bardas.

6. (1) Féadfaidh an Chomhairle Contae agus an Bardas, ó am go ham de réir mar is gá, coigeartú cothromasach (dá ngairtear coigeartú comhaontaithe san airteagal seo) a dhéanamh i dtaobh aon ábhair nó ruda is gá a choigeartú idir an Chomhairle Contae agus an Bardas de dhroim an limistéar breise a chur leis an gCathair agus nach bhfuil socrú eile ina thaobh san Ordú seo agus, go sonrach, féadfaidh said coigeartú comhaontaithe den sórt sin a dhéanamh i dtaobh maoin, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bheidh dílsithe don Chomhairle Contae nó ar úinéireacht aici nó coinnithe ar iontaobhas di agus a bheidh, go hiomlán nó go páirteach, sa limistéar breise nó in aon chuid áirithe de nó ag baint leis agus i dtaobh fiacha agus dliteanais (lena n-áirítear fiacha morgáiste, muirir a bunaíodh le reacht, dliteanais fhaibhritheacha agus dliteanais ionchais agus dliteanais neamhleachtaithe de dhroim tortanna nó sáruithe conartha) a bheidh dlite den Chomhairle Contae agus gan íoc aici nó tabhaithe agus gan urscaoileadh aici agus a bhainfidh, go hiomlán nó go páirteach, leis an limistéar breise nó le haon chuid áirithe de.

(2) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe i dtaobh maoine a fhoráil go gcoimeádfaidh an Chomhairle Contae an mhaoin sin nó go n-aistreofar an mhaoin sin chun an Bhardais nó go n-úsáidfidh an Chomhairle Contae agus an Bardas an mhaoin sin i gcomhpháirt agus féadfaidh sé a fhoráil freisin go n-íocfaidh an Chomhairle Contae airgead leis an mBardas nó go n-íocfaidh an Bardas airgead leis an gComhairle Contae, i dtráthchuid nó i dtráthchodanna, mar gheall ar an maoin sin a choimeád, a aistriú, nó a úsáid i gcomhpháirt.

(3) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe i dtaobh aon fhéich nó dliteanais eile a fhoráil go mbeidh iomlán an fhéich nó an dliteanais sin ar an gComhairle Contae nó go mbeidh iomlán an fhéich nó an dliteanais sin ar an mBardas nó (ach amháin i gcás fiacha morgáiste) go gcionroinnfear an dliteanas san fhiach nó sa dliteanas sin idir an Chomhairle Contae agus an Bardas agus féadfaidh sé a fhoráil freisin go n-íocfaidh an Chomhairle Contae airgead leis an mBardas nó go n-íocfaidh an Bardas airgead leis an gComhairle Contae, i dtráthchuid nó i dtráthchodanna, i leith an fhéich nó an dliteanais sin.

(4) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe a fhoráil go n-íocfaidh an Bardas leis an gComhairle Contae, i dtráthchuid nó i dtráthchodanna nó ar mhodh blianachta, suim i leith an mhéadaithe ualaigh (más ann dó) a chuirfear go cuí ar íocóirí rátaí an Chontae faoi chomhair an chostais a thabhóidh an Chomhairle Contae i bhfeidhmiú aon cheann dá gcumhachtaí agus dá ndualgais de dhroim teorainn na Cathrach a leathnú leis an Ordú seo, ach nuair a bheidh méid aon suime den sórt sin agus modh a híoctha á gcinneadh déanfar de réir na bhforálacha seo a leanas:—

(a) tabharfar aird ar an difríocht idir an t-ualach ar íocóirí rátaí an Chontae a thabhóidh an Chomhairle Contae go cuí faoi chomhair costais feidhmithe aon chuid dá gcumhachtaí agus dá ndualgais agus an t-ualach ar na híocóirí rátaí sin a thabhófaí go cuí dá mba nár leathnaíodh teorainn na Cathrach leis an Ordú seo;

(b) tabharfar aird freisin ar an bhfad aimsire is dócha a mhairfidh an méadú ualaigh sin;

(c) más in aon tráthchuid amháin a bheidh an tsuim sin le híoc, ní bheidh méid na suime sin níos mó ná deich n-oiread mheánmhéid bliantúil an mhéadaithe ualaigh sin;

(d) más in dhá thráthchuid nó níos mó nó ar mhodh blianachta a bheidh an tsuim sin le híoc, ní bheidh luach caipitlithe na dtráthchodanna nó na blianachta sin níos mó ná deich n-oiread mheánmhéid bliantúil an mhéadaithe ualaigh sin.

(5) Aon uair a theipfidh ar an gComhairle Contae agus ar an mBardas comhaontú ar choigeartú cothromasach i dtaobh aon ní nó ruda a d'fhéadfadh a bheith ina ábhar coigeartaithe chomhaontaithe faoin airteagal seo, déanfaidh an tAire, ar an gComhairle Contae nó an Bardas á iarraidh sin, coigeartú cothromasach (dá ngairtear coigeartú éigeantach san airteagal seo) i dtaobh an ní nó an ruda sin agus féadfaidh leis an gcoigeartú sin aon fhoráil a dhéanamh i dtaobh an ní nó an ruda sin a d'fhéadfaí a dhéanamh faoin airteagal seo le coigeartú comhaontaithe.

(6) Beidh éifeacht de réir a théarmaí ag gach coigeartú comhaontaithe agus ag gach coigeartú éigeantach agus beidh gach coigeartú den sórt sin ina choigeartú críochnaitheach dochloíte agus dá réir sin déanfaidh an Bardas agus an Chomhairle Contae faoi seach é a chur i bhfeidhm in aghaidh a chéile.

Fodhlíthe etc., sa limistéar breise.

7. (1) Gach fodhlí, riail agus rialachán a rinne an Chomhairle Chontae agus is infheidhmithe aici go dleathach sa limistéar breise nó in aon chuid de, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Ordaithe seo, leanfaidh sé, ar an tosach feidhme sin agus dá éis agus a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Ordú seo, de bheith i bhfeidhm agus in éifeacht san limistéar breise nó sa chuid de, mar fhodhlí, riail nó rialachán (cibé acu é) a rinne an Bardas ar an tosach feidhme sin i leith an limistéir nó i leith cibé cuid den limistéar atá laistigh den limistéar breise a ndearnadh an céanna lena aghaidh agus ina leith agus dá réir sin féadfar gach fodhlí, riail agus rialachán den sórt sin a choimeád i bhfeidhm, a leasú, a athrú nó a chúlghairm agus féadfaidh an Bardas pionóis agus forghéilltí a tharlóidh faoin gcéanna ar an tosach feidhme sin nó dá éis sa limistéar breise a ghnóthú agus a fheidhmiú mar a d'fhéadfadh agus chomh hiomlán agus a d'fhéadfadh an Chomhairle Contae an céanna a choimeád i bhfeidhm, a leasú, a athrú, a chúlghairm, a ghnóthú nó a fheidhmiú dá mba nár tháinig an tOrdú seo i ngníomh.

(2) Ní bheidh feidhm sa limistéar breise ag aon fhodhlí, riail nó rialachán a bheidh i bhfeidhm sa chathair díreach roimh thosach feidhme an Ordaithe seo ná ní thabharfar réim dó sa limistéar sin de bhua amháin an limistéar sin a bheith curtha leis an gcathair leis an Ordú seo ach féadfaidh an Bardas tráth ar bith le rún réim nó feidhm a thabhairt d'aon fhodhlí, riail nó rialachán den sórt sin sa limistéar breise nó in aon chuid de agus, ar réim nó feidhm a thabhairt dó amhlaidh, aon fhodhlí, riail nó rialachán a coimeádadh i bhfeidhm sa limistéar sin leis an airteagal seo agus atá ag neamhréir leis an bhfodhlí, leis an riail nó leis an rialachán dar tugadh réim amhlaidh, scoirfidh sé d'éifeacht a bheith leis sa limistéar sin.

Rúin etc., a bhaineann leis an limistéar breise.

8. Gach rún a rith, gach ordú a rinne, agus gach fógra a sheirbheáil an Chomhairle Contae roimh thosach feidhme an Ordaithe seo i ndáil leis an limistéar breise nó le haon chuid de nó le haon ní a rinneadh nó a bhí le déanamh ann agus nach mbeidh a oibriú, a éifeacht nó a théarma scortha nó caite roimh an tosach feidhme sin leanfaidh sé, ar an tosach feidhme sin agus dá éis agus a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Ordú seo, de bheith i bhfeidhm agus d'éifeacht a bheith leis a mhéid a bhainfidh sé leis an limistéar breise nó le haon chuid de nó le haon ní a rinneadh nó a bhí le déanamh ann ionann agus dá mba rún é a rith, ordú a rinne nó fógra a sheirbheáil an Bardas ar an dáta a rith, a rinne nó a sheirbheáil an Chomhairle Contae é iarbhír, agus ionann is dá mbeadh an limistéar breise curtha cheana féin leis an gCathair ar an dáta sin.

Forálacha a bhaineann le toghlimistéir.

9. Ar thosach feidhme an Ordaithe seo—

(a) scoirfidh an limistéar breise de bheith ina chuid de thoghlimistéar contae Thrá Mhór i gContae Phort Láirge,

(b) déanfar an chuid sin den limistéar breise atá lastuaidh de líne arna tarraingt feadh lár an bhóthair chontae darb uimhir W. 33, dá ngairtear Seanbhóthar Phort Láirge—Port Lách, is é sin, an bóthar a ghabhann feadh theorainneacha theas bhailte fearainn Charraig Phiarais agus Thigh an Chnoic Íochtair, a chur leis an toghlimistéar cathrach, Uimhir a hAon, dá dtagraítear san Ordú um Thoghlimistéir Chontae-Bhuirg Phort Láirge, 1967 (I. R. Uimh. 12 de 1967 ), agus beidh sé ina chuid de,

(c) déanfar an chuid sin den limistéar breise atá lastoir de líne arna tarraingt feadh lár an bhóthair chontae darb uimhir W. 41, dá ngairtear Seanbhóthar Thrá Mhór, is é sin, an bóthar a ghabhann feadh theorainn thoir bhaile fearainn Bhaile an Dodaigh, a chur leis an toghlimistéar cathrach, Uimhir a Dó, dá dtagraítear san Ordú um Thoghlimistéir sin a dúradh, agus beidh sé ina chuid de, agus

(d) déanfar an chuid eile den limistéar breise a chur leis an toghlimistéar cathrach, Uimhir a Trí, dá dtagraítear san Ordú um Thoghlimistéir sin a dúradh, agus beidh sé ina chuid de.

Forálacha a bhaineann leis an gclár toghthóirí.

10. Ar thosach feidhme an Ordaithe seo, measfar an oiread sin den chlár toghthóirí a bheidh i bhfeidhm don Chontae agus a bhaineann leis an limistéar breise a bheith ina chuid den chlár toghthóirí a bheidh i bhfeidhm don Chathair agus taispeánfar ar leithligh é i cibé slí a ordóidh an tAire.

Forálacha a bhaineann le Ceantair Vótaíochta agus Áiteanna Vótaíochta.

11. (1) Más rud é ag tosach feidhme Ordaithe seo go mbeidh ceantar vótaíochta go páirteach laistigh den limistéar breise, déanfaidh Bainisteoir agus Cléireach Baile Chathair Phort Láirge, maidir leis an gcuid den cheantar vótaíochta atá laistigh den limistéar breise, agus déanfaidh Rúnaí Chomhairle Chontae Phort Láirge, maidir leis an gcuid den cheantar vótaíochta sin atá lasmuigh den limistéar breise—

(a) é go léir nó codanna de a chur le haon cheantar nó ceantair vótaíochta atá tadhlach leis, nó

(b) ceantar vótaíochta a dhéanamh de agus áit vótaíochta a cheapadh dó.

(2) Beidh aon chomhshocraíocht a dhéanfar de bhun an airteagail seo faoi réir cheadú an Aire agus beidh éifeacht léi go dtí (agus ní bheidh ach go dtí) go dtiocfaidh an chéad scéim faoi alt 22 den Acht Toghcháin, 1963 ( Uimh. 19 de 1963 ), i ndáil leis an gCathair nó leis an gContae, cibé acu é, i ngníomh tar éis tosach feidhme an Ordaithe seo.

Feidhmiú agus oiriúnú achtachán.

12. Gach ionstraim áitiúil a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Ordaithe seo sa Chathair nó i ndáil leis an gCathair beidh réim aici sa limistéar aistrithe agus, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, forléireofar í agus beidh éifeacht léi fara cibé modhnuithe is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Ordaithe seo.

Foráil speisialta chun críche na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976.

13. Maidir leis an bplean forbartha (de réir bhrí na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976) don Chathair amhail mar a bheidh ag tosach feidhme an Ordaithe seo, beidh feidhm aige, a mhéid is iomchuí, maidir leis an gCathair arna hathrú leis an Ordú seo.

Orduithe Rialaithe Fostaíochta agus Orduithe Uaire Trádála.

14. Ní oibreoidh aon ní san Ordú seo chun difear a dhéanamh d'aon Ordú Rialaithe Fostaíochta a rinne an Chúirt Oibreachais faoi fhorálacha an Achta Caidrimh Thionscail, 1946 ( Uimh. 26 de 1946 ), ná d'aon Ordú a rinne an tAire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh faoi Acht na Siopaí (Uaire Trádála), 1938 (Uimh. 3 de 1938) .

Foráil speisialta chun críocha na nAchtanna Luachála.

15. Chun críocha na nAchtanna Luachála measfar, maidir leis an liosta athbhreithnithe is deireanaí a fuair an Chomhairle Contae ón gCoimisinéir Luachála roimh thosach feidhme an Ordaithe seo, gur chuig an mBardas, a mhéid a bhaineann sé leis an limistéar breise, a cuireadh é.

Teorainn le Rátaí Bardasacha.

16. (1) Baineann an t-airteagal seo le hoidhreachtáin sa limistéar breise ar measúnaíodh rátaí contae orthu don bhliain airgeadais áitiúil 1979.

(2) I gcás inarb é atá i luacháil oidhreachtáin luacháil foirgnimh agus luacháil i leith talamh talmhaíochta, beidh feidhm ag an airteagal seo maidir leis an oidhreachtán sin ionann agus da mba dhá oidhreachtán ar leithligh é.

(3) Chun an ráta bardasach a mheasúnú agus a thobhach ar oidhreachtán nach talamh talmhaíochta beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas gach bliain de na chéad trí bliana airgeadais áitiúla a bheidh an tOrdú seo i bhfeidhm:—

(a) I gcás arb ionann luacháil foirgnimh an oidhreachtáin agus an luacháil chaighdeánach nó ar lú ná sin í laghdófar an luacháil foirgnimh go dtí an chionúireacht, a shonraítear sa dara Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo don bhliain áirithe, den luacháil ar a measúnófaí an ráta bardasach mura mbeadh sin.

(b) I gcás ar mó luacháil foirgnimh an oidhreachtáin ná an luacháil chaighdeánach laghdófar an méid den luacháil foirgnimh is ionann agus an luacháil chaighdeánach go dtí an chionúireacht, a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo don bhliain áirithe, den luacháil ar a measúnófaí an ráta bardasach mura mbeadh sin.

(4) Chun an ráta bardasach a mheasúnú agus a thobhach ar oidhreachtán is talamh talmhaíochta beidh feidhm ag an bhforáil seo a leanas gach bliain de na chéad trí bliana airgeadais áitiúla a bheidh an tOrdú seo i bhfeidhm:—

Déanfar an glandliteanas i leith rátaí tar éis na liúntais phríomha agus na liúntais fhorlíontacha, más ann, a asbhaint faoi na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1978, a laghdú go dtí an chionúireacht, a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo don bhliain áirithe, den ráta bardasach a mheasúnófaí mura mbeadh sin.

(5) San airteagal seo—

folaíonn “talamh talmhaíochta” an talamh go léir atá taifeadta mar thalamh sna liostaí luachála faoi na hAchtanna Luachála agus a úsáidtear go heisiatach nó go formhór le haghaidh talmhaíochta, is é sin le rá, mar thalamh airiúil, talamh móinéir nó talamh féaraigh nó mar thailte coille, garraithe margaidh nó tailte altran;

ciallaíonn “luacháil” an luacháil faoi na hAchtanna Luachála.

ciallaíonn “luacháil foirgnimh” luacháil oidhreachtáin is foirngeamh, reilig nó talamh nach talamh talmhaíochta agus folaíonn sí an chuid sin de luacháil oidhreachtáin a thaispeántar sa cholún dar ceannteideal “foirgnimh” sna liostaí luachála;

ciallaíonn “an luacháil chaighdeánach” i ndáil le hoidhreachtán lena mbaineann an t-airteagal seo luacháil foirgnimh an oidhreachtáin sin mar atá sna liostaí luachála athbhreithnithe a fuair an Chomhairle Contae ón gCoimisinéir Luachála don bhliain airgeadais áitiúil 1979.