1 1965


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1965.


AN tACHT UM CHOLÁISTE RÍOGA NA MAINLEÁ IN ÉIRINN (LEASÚ CAIRTE), 1965

[An tíontú oifigiúil.]


ACHT DO LEASÚ NA gCAIRTEACHA NÓ NA LITREACHA PAITINNE FAOINAR CORPRAÍODH COLÁISTE RÍOGA NA MAINLEÁ IN ÉIRINN. [17 Feabhra, 1965.]

Réamhrá

DE BHRÍ go ndearnadh Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn a chorprú le Litreacha Paitinne dar dáta an 11ú lá d'Fheabhra 1784 a dheonaigh a Shoilse Rí Seoirse a Trí nach maireann:

AGUS DE BHRÍ gur tugadh suas go cuí na Litreacha Paitinne sin agus go ndearnadh le Cairt nó Litreacha Paitinne dar dáta an 13ú lá de Mheán Fómhair 1828 (dá ngairtear Cairt 1828 anseo feasta) a dheonaigh a Shoilse Rí Seoirse a Ceathair nach maireann daoine áirithe a ainmníodh ansin agus cibé daoine eile a thoghfaí ó am go ham ar an modh a ordaíodh ansin a chorprú in aon chomhlacht polaiteach corpraithe amháin arb iad a bheadh ann i gcónaí dá éis sin Uachtarán, Leas-Uachtarán agus Coiteannas agus ar a dtabharfaí d'ainm The Royal College of Surgeons in Ireland:

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh le Cairt Fhorlíontach nó Litreacha Paitinne Forlíontacha dar dáta an 11ú lá d'Eanáir 1844 a dheonaigh a Soilse an Bhanríon Victoria nach maireann (dá ngairtear Cairt Fhorlíontach 1844 anseo feasta) Cairt 1828 a leasú agus cuid di a aisghairm:

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh le Cairt Fhorlíontach nó Litreacha Paitinne Forlíontacha sa bhreis dar dáta an 31ú lá de Dheireadh Fómhair 1883 a dheonaigh a Soilse an Bhanríon Victoria nach maireann leasuithe áirithe ar Chairt 1828 agus ar Chairt Fhorlíontach 1844:

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh le Cairt Fhorlíontach nó Litreacha Paitinne Forlíontacha sa bhreis dar dáta an 23ú lá de Bhealtaine 1885 a dheonaigh a Soilse an Bhanríon Victoria nach maireann (dá ngairtear Cairt Fhorlíontach 1885 anseo feasta) leasuithe áirithe sa bhreis ar Chairt Fhorlíontach 1844:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé fóirsteanach chun a áirithiú gur chun críocha carthanúla amháin a bunaíodh an Coláiste sin, agus chun a leas agus a dhea-rialú a chur chun cinn, go ndéanfaí leasuithe áirithe mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo ar Chairt 1828 ar Chairt Fhorlíontach 1844 agus ar Chairt Fhorlíontach 1885:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé fóirsteanach gurb é an tAire Oideachais a bheadh ina údarás formheasa le haghaidh fodhlíthe a dhéanfadh Comhairle an Choláiste sin:

AGUS DE BHRÍ nach féidir éifeacht a thabhairt do na leasuithe sin gan údarás ón Oireachtas:

ACHTAÍTEAR AR AN ÁBHAR SIN AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Leasú ar línte 67 go 69 de Chairt 1828.

1. —Déanfar Cairt 1828 a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí aisti na focail seo a leanas san áit a bhfuil siad i línte 67 go 69 di, is é sin le rá, na focail “and also for inflicting upon all and every Delinquent or Offender, whether Apprentice or Pupil, Member or Licentiate, such reasonable Pains, Penalties and Punishments, by Censure, Suspensions, Amation or Fine, as to them the said President Vice-President and Members, or the Majority of them so convened shall seem meet, Provided such Pecuniary Penalty shall not exceed in any case the sum of Fifty Pounds,”.

Leasú ar línte 144 go 148 de Chairt 1828.

2. —Déanfar Cairt 1828 a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí aisti na focail seo a leanas san áit a bhfuil siad i línte 144 go 148 di sa Mhionn nó sa Dearbhú a chaithfidh Ceadúnaigh a thabhairt, is é sin le rá, na focail “and shall at the same time in the presence of the said President or Vice-President, Sign Seal and Execute a Bond or Obligation in, and for the Sum of FIVE HUNDRED POUNDS to the said College, conditioned for the due and faithful Observance, Performance and Fulfilment of all and every the Statutes, Bye Laws and Ordinances of said College, and of the said Declaration, and all matters and provisions in them or any of them contained, or to be contained, which said Bond or Obligation, the said College is hereby empowered to Take, Enforce, and Sue upon”.

Leasú ar línte 163 agus 164 de Chairt 1828.

3. —Déanfar Cairt 1828 a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí aisti na focail seo a leanas san áit a bhfuil siad i línte 163 agus 164 di, is é sin le rá, na focail “and Executing the Bond, directed to be made and Executed by Licentiates upon their Admission”.

Leasú ar línte 36, 40 agus 41 de Chairt Fhorlíontach 1844.

4. —Déanfar Cairt Fhorlíontach 1844 a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí aisti na focail seo a leanas san áit a bhfuil siad, is é sin le rá, i líne 36 di na focail “and the Licentiates of the said College” agus i línte 40 agus 41 di na focail “and also to provide regulations for inflicting upon any Delinquent whether Apprentice or Pupil, Fellow or Licentiate such reasonable pains penalties and punishments by censure, suspension, amotion or fine as to them so assembled shall seem meet, provided such pecuniary penalty shall not exceed in any case the sum of fifty pounds And” agus amhail is dá gcuirfí an focal “provided” isteach inti in ionad na bhfocal deireanach sin a scriosadh amhlaidh.

Leasú ar línte 106 agus 107 de Chairt Fhorlíontach 1844.

5. —Déanfar Cairt Fhorlíontach 1844 a léamh agus a fhorléiriú:—

(a) Amhail is dá scriosfaí aisti na focail seo a leanas san áit a bhfuil siad i línte 106 di, is é sin le rá, na focail “or that either before or after obtaining such his Letters Testimonial or Diploma he shall have wilfully violated any Bye law Rule or Regulation of the said College,” agus amhail is dá gcuirfí na focail seo a leanas isteach inti ina n-ionad, is é sin le rá, na focail “or that he shall have committed, done or suffered any act or thing in consequence or by reason whereof his name shall have been erased from The Register of Medical Practitioners for Ireland, or shall have been erased or removed from a register or other authorised roll or record of medical practitioners by law established or maintained elsewhere than in Ireland”.

(b) Amhail is dá scriosfaí aisti na focail seo a leanas san áit a bhfuil siad i líne 107 di, is é sin le rá, na focail “the person so offending” agus amhail is dá gcuirfí na focail seo a leanas isteach inti ina n-ionad, is é sin le rá, na focail “such Fellow or Licentiate”.

Leasú ar líne 33 de Chairt Fhorlíontach 1885.

6. —Déanfar Cairt Fhorlíontach 1885 a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí aisti na focail seo a leanas san áit a bhfuil siad i líne 33 di, is é sin le rá, na focail “and the Licentiates of the said College”.

Leasú ar línte 42 go 45 de Chairt Fhorlíontach 1885.

7. —Déanfar Cairt Fhorlíontach 1885 a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí aisti na focail seo a leanas san áit a bhfuil siad i línte 42 go 45 di, is é sin le rá, na focail “and also to provide regulations for inflicting upon any delinquent whether Apprentice or Pupil, Fellow or Licentiate such reasonable pains, penalties and punishments by censure suspension amotion or fine as to them so assembled shall seem meet provided such pecuniary penalty shall not exceed in any case the sum of Fifty pounds and” agus amhail is dá gcuirfí an focal seo a leanas isteach inti ina n-ionad, is é sin le rá, an focal “provided”.

Leasú maidir le fodhlíthe a fhormheas.

8. —Beidh éifeacht ag na Cairteacha nó na Litreacha Paitinne sin faoi réir an mhalartaithe gurb é an tAire Oideachais is údarás formheasa le haghaidh fodhlíthe a dhéanfaidh Comhairle an Choláiste sin.

Na Cairteacha d'fhanacht i lánfheidhm agus i lánéifeacht.

9. —Ach amháin mar a leasaítear leis seo iad, beidh lánfheidhm agus lánéifeacht ag na Cairteacha nó na Litreacha Paitinne sin agus fanfaidh siad i lánfheidhm agus i lánéifeacht.

Caiteachas.

10. —Íocfaidh Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn as cistí an Choláiste sin na costais na muirir agus na caiteachais faoina ndeachthas roimh ré chun an tAcht seo a ullmhú, a fháil agus a rith agus a bhain agus a ghabh lena ullmhú, lena fháil agus lena rith.

Gearrtheideal.

11. —Féadfar an tAcht um Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (Leasú Cairte), 1965 , a ghairm den Acht seo.