Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.)

1 1958


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1958.


AN tACHT UM AN TEACH TÉARNAIMH TEACH LORCAIN (CAIRT A LEASÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]


ACHT DO LEASÚ NA CAIRTE FAOINA bhFUIL AN TEACH TÉARNAIMH, TEACH LORCAIN, CORPRAITHE, DO LEATHNÚ CUSPÓIRÍ AN FHORAIS, DÁ ÚDARÚ DO NA GOBHARNÓIRÍ CISTÍ CAIPITIL DE CHUID AN FHORAIS A ÚSÁID CHUN CRÍOCHA ÁIRITHE, DO LEASÚ NA bhFORÁLACHA DEN CHAIRT A BHAINEANN LE hÍOC SÍNTIÚS AG BARDAS BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS LE hOTHAR A GHLACADH ISTEACH SA TEACH TÉARNAIMH, AGUS DÁ CHUMASÚ DO CHOIMISINÉIRÍ NA dTABHARTAS AGUS NA dTIOMNACHTAÍ CARTHANÚLA D'ÉIRINN FORALÁCHA NA CAIRTE SIN A ATHRÚ O AM GO hAM AR IARRATAS Ó NA GOBHARNÓIRÍ. [16 Nollaig, 1958.]

Réamhrá.

DE BHRÍ gur bunaíodh an Teach Téarnaimh, Teach Lorcáin, i gContae Bhaile Atha Cliath, sa bhliain, nó tuairim na bliana, 1862, mar theach chun fóirithint ar a bhfulaingt a thabhairt d'oibrithe bochta agus do dhaoine ar bheagán gustail agus na daoine sin a athneartú ionas go mbeadh ar a gcumas gabháil arís do na slite beatha a bhí acu cheana agus a mbeatha a thuilleamh.

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh le Cairt nó Litreacha Paitinne faoi Shéala Mór na hÉireann dar dáta an 26ú lá de Dheireadh Fómhair, 1918, a dheoin a Shoilse Rí Seorsa a Cúig nach maireann daoine áirithe a bhfuil a n-ainmneacha ann agus a gcomharbaí a ainmniú agus a chomhdhéanamh mar chomhlacht polaiteach corpraithe faoin ainm “The Convalescent Home, Stillorgan”.

AGUS DE BHRÍ go bhforáltar leis an gCairt sin gurb é cuspóir an Fhorais sin i gcónaí tairbhe aer na tuatha agus dea-bheatha a sholáthar do shaothraithe bochta agus do dhaoine eile a mbeadh orthu, mura mbeadh sin, agus iad ag téarnamh ó bhreoiteacht filleadh chun oibre sula mbeadh siad ar ais ar a neart agus go bhféadfaí daoine de gach aicme chreidimh a ligean isteach chun cónaithe sa Teach sin.

AGUS DE BHRÍ go bhforálann an Chairt sin freisin go mbeidh teideal ag Bardas Bhaile Átha Cliath beirt daoine a ainmniú in aghaidh na bliana mar ionadaithe an Bhardais sin ar Choiste Bainistí an Fhorais sin gach bliain a ranníocfaidh Bardas Bhaile Átha Cliath suim nach lú ná £100 le cistí an Fhorais sin.

AGUS DE BHRÍ go ndéanann an Chairt sin freisin foráil le haghaidh Coiste Bhainistí an Fhorais sin do cheapadh Coiste Ligin Isteach ó am go ham d'fhonn othair a roghnú lena ligean isteach sa Teach.

AGUS DE BHRÍ toisc laghdú an-mhór a bheith tagtha de bharr cúrsaí sóisialacha nua-aimsire ar an méid othar Téarnaimh a bhíonn ag lorg a ligean isteach sa Teach sin agus a thagann faoi réim na gcuspóirí atá leagtha amach sa Chairt sin agus nach bhfuil sé tíobhasach dá dhroim sin leanúint den Fhoras a sheoladh mar dhéantaí go dtí seo, go bhfuil sé fóirstineach cuspóirí an Fhorais a leathnú sa slí a fhoráltar anseo ina dhiaidh seo.

AGUS DE BHRÍ gur fóirstineach an ceart a deonadh do Bhardas Bhaile Átha Cliath leis an gCairt beirt daoine a ainmniú in aghaidh na bliana mar ionadaithe an Bhardais sin ar Choiste Bainistí an Fhorais sin a bheith saor feasta ó aon choinníoll maidir le ranníoc bliantiúl a íoc agus go ndéanfaí forálacha na Cairte a leasú dá réir sin mar fhoráltar anseo ina dhiaidh seo.

AGUS DE BHRÍ gur fóirstineach forálacha na Cairte sin a bhaineann leis an gCoiste Ligin Isteach a scriosadh mar fhoráltar leis an Acht seo.

AGUS DE BHRÍ gur fóirstineach ar an ábhar nach bhfuil cistí eile ar a gcur ag Gobharnóirí an Fhorais sin go n-údarófaí dóibh cistí caipitil an Fhorais a úsáid chun fiacha agus dliteanais láithreacha a íoc agus chun deisiúcháin agus feabhsuithe déanmhais áirithe a dhéanamh ar an Teach sin.

AGUS DE BHRÍ gur fóirstineach de bhíthin athruithe a theacht ó am go ham ar chúrsaí sóisialacha agus d'fhonn go gcuirfí ar aghaidh cuspóirí críocha agus riaradh na n-iontaobhas a cuireadh ar urláimh Ghobharnóirí an Fhorais sin faoin gCairt cumhacht a thabhairt do na Gobharnóirí chun go bhféadfaidh siad ó am go ham forálacha na Cairte sin a athrú gan dul faoi chaiteachas iarratais chun an Oireachtais gach uair a dhéanfaí athrú den sórt sin.

AGUS DE BHRÍ gur fóirstineach d'fhonn bealach a thabhairt chun na hathruithe sin a dhéanamh gan caiteachas mar adúradh go dtabharfaí cumhacht do Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d'Éirinn forálacha na Cairte sin a athrú ó am go ham.

AGUS DE BHRÍ nach féidir na críocha sin roimhe seo a chur in éifeacht gan údarás ón Oireachtas.

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt ciallaíonn an abairt “an Chairt” an Royal Charter of Incorporation of the Convalescent Home, Stillorgan, dar dáta an 26ú lá de Dheireadh Fómhair, 1918.

Ciallaíonn an abairt “an Foras” an comhlacht corpraithe a bunaíodh leis an gCairt.

Ciallaíonn an abairt “an Teach” an Teach Téarnaimh atá á sheoladh agus á bhainistí ag an bhForas.

Ciallaíonn an abairt “na Gobharnóirí” Gobharnóirí an Fhorais.

Ciallaíonn an abairt “an Coiste Bainistí” Coiste Bainistí an Fhorais.

Ciallaíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d'Éirinn.

Saoráidí an Tí a leathnú le haghaidh gach duine a bhfuil cúram agus aire ag teastáil uaidh.

2. —Déanfar cuspóir an Fhorais mar atá leagtha amach i gClásal 4 den Chairt a leathnú chun go mbeidh buntáistí an Tí ar fáil ag gach duine ar dóigh leis an gCoiste Bainistí go bhfuil cúram agus aire ag teastáil uaidh agus, go háirithe, ag daoine aosta.

Ranníoc ó Bhardas Bhaile Átha Cliath a chealú.

3. —Léifear agus forléireofar Clásal 8 den Chairt amhail is dá ndéantaí na focail “in each year for which the Corporation of Dublin shall subscribe a sum of not less than £100 to the funds of the Institution” a scriosadh as an áit a bhfuil siad.

An Coiste Ligin Isteach a chealú.

4. —Léifear agus forléireofar Clásal 9 den Chairt amhail is dá ndéantaí na focail “an Admission Committee for the ensuing month and also” a scriosadh as an áit a bhfuil siad.

£6,000 a chruinniú as cistí caipitil agus a úsáid agus cumhacht chun caipiteal a chruinniú.

5. —D'ainneoin aon ní sa Chairt

(1) Féadfaidh an Coiste Bainistí suim nach mó ná £6,000 a chruinniú láithreach as cistí caipitil an Fhorais agus í a úsáid chun na gcríocha seo a leanas is é sin le rá:—

(a) Maidir le cuid £2,800 di chun fiacha agus dliteanais láithreacha an Fhorais a íoc agus

(b) Maidir leis an gcuid eile di chun feabhsuithe déanmhais agus deisiúcháin déanmhais a dhéanamh ar an Teach, is feabhsuithe agus deisiúcháin a bhfuil gearrshonraí orthu leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) Faoi réir cheadaithe na gCoimisinéirí agus de thoradh rúin arna rith ag cruinniú ginearálta speisialta de na Gobharnóirí féadfaidh an Coiste Bainistí ó am go ham cibé suimeanna a cheadóidh na Coimisinéirí a chruinniú as cistí caipitil an Fhorais agus iad a úsáid chun tairbhe an Fhorais.

Cumhacht chun iarratas a chur chun na gCoimisinéirí.

6. —I dteannta na gcumhachtaí a thugtar dóibh leis an gCairt féadfaidh na Gobharnóirí ó am go ham a iarraidh ar na Coimisinéirí forálacha na Cairte a athrú.

Cumhacht do na Coimisinéirí chun an Chairt a athrú.

7. —Ar iarratas mar adúradh a fháil dóibh féadfaidh na Coimisinéirí le meamram faoina séala athrú a dhéanamh ar fhoráil nó ar fhorálacha den Chairt nó den Chairt arna leasú le haon athrú arna dhéanamh nó atá le déanamh faoin Acht seo ar choinníoll nach dtarlóidh, ná nach n-airbheartófar go dtarlóidh, de dhroim aon athrú den sórt sin, difir ná athrú do ghné neamhaicmiúil an Tí ná aon tí eile a bheidh de thuras na huaire faoi urláimh nó bainistí na nGobharnóirí.

Iarratas chun na gCoimisinéirí.

8. —Is í scríbhinn a bheidh gach iarratas den sórt sin beidh sé faoi Shéala an Fhorais agus sonróidh sé an t-athrú a bheifear a iarraidh agus ní dhéanfar aon iarratas den sórt sin ach amháin den bhun rúin arna rith go cuí ag cruinniú de na Gobharnóirí a ghlaofar go speisialta chun an rún sin a bhreithniú.

An Chairt a dhaingniú i slite eile.

9. —Ach amháin mar a leasaítear é leis seo beidh éifeacht agus feidhm iomlán ag an gCairt agus leanfaidh sí d'éifeacht agus d'fheidhm iomlán a bheith aici.

Foráil i dtaobh caiteachas leasaithe na Cairte.

10. —Íocfaidh an Foras as cistí an Fhorais na costais na muirir agus na caiteachais faoina ndeachthas roimh ré chun an tAcht seo a ullmhú, a fháil agus a rith agus a bhain lena ullmhú, lena fháil agus lena rith.

Gearrtheideal.

11. —Féadfar an tAcht um an Teach Téarnaimh Teach Lorcáin (Cairt a Leasú), 1958 , a ghairm den Acht seo.