An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CHUN ORDÚ OIBREACHA CUAIN PHORTLÁIRGE (TEORANTA CUAIN A LEATHNÚ), 1951, A DHAINGNIÚ, 1951) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Teoranta Cuain Choimisineiri Cuain Phortlairge.)

1 1951

AN tACHT CHUN ORDÚ OIBREACHA CUAIN PHORTLÁIRGE (TEORANTA CUAIN A LEATHNÚ), 1951, A DHAINGNIÚ, 1951

AN SCEIDEAL.

Ordu Oibreacha Cuain Phortlairge (Teoranta Cuain a Leathnu), 1951.

I bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dom le Cuid VIII den Acht Cuanta, 1946 (Uimh. 9 de 1946) , agus ar iarratas Choimisinéirí Cuain Phortláirge, ordaímse, TOMÁS Ó hUIGINN, Aire Tionscail agus Tráchtála, leis seo mar leanas:—

1. (1) Ordú Oibreacha Cuain Phortláirge (Teoranta Cuain a Leathnú), 1951, is teideal don Ordú seo.

(2) Tíocfaidh an tOrdú seo i ngníomh ar é a dhaingniú le hAcht ón Oireachtas.

2. Ar an Ordú seo a theacht i ngníomh agus dá éis sin, is iad teoranta cuain Choimisinéirí Cuain Phortláirge ná na teoranta atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis seo in áit na dteoranta don chuan sin a bhí ann díreach roimh an Ordú seo a theacht i ngníomh.

3. Íocfaidh na Coimisinéirí as a gcistí féin na costais, na muirir na táillí agus na caiteachais uile a ghabhas nó a bhaineas leis an Ordú seo d'ullmhú agus d'fháil nó faoina ndeachthas maidir leisar aon tslí eile.

4. Ní forléireofar aon ní dá bhfuil san Ordú seo mar ní a mbeidh éifeacht aige ar chearta, príbhléidí, cumhachta nó dualgaisí Chomhlucht Loingseoireachta Abha na Siúire.