Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Ordu Oibreacha Cuain Phortlairge (Teoranta Cuain a Leathnu), 1951.)

1 1951


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1951.


AN tACHT CHUN ORDÚ OIBREACHA CUAIN PHORTLÁIRGE (TEORANTA CUAIN A LEATHNÚ), 1951, A DHAINGNIÚ, 1951.

[An tiontó oifigiúil.]


ACHT CHUN ORDÚ OIBREACHA CUAIN PHORTLÁIRGE (TEORANTA CUAIN A LEATHNÚ), 1951, A DHAINGNIÚ [19ú Nollaig, 1951.]

DE BHRÍ go ndearna an tAire Tionscail agus Tráchtála go cuí Ordú Oibreacha Cuain Phortláirge (Teoranta Cuain a Leathnú), 1951 (I.R. Uimh. 66 de 1951), atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, faoi Chuid VIII den Acht Cuanta, 1946 (Uimh. 9 de 1946) ;

AGUS DE BHRÍ, faoi fho-alt (1) d'alt 135 den Acht Cuanta, 1946 , nach bhfuil feidhm ná éifeacht ag an ordú sin mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar é a dhaingniú le hAcht ón Oireachtas;

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR LEANAS:—

An tOrdú sa Sceideal a dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht chun Ordú Oibreacha Cuain Phortláirge (Teoranta Cuain a Leathnú), 1951, a Dhaingniú, 1951, a ghairm den Acht seo.