1 1945


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1945.


ACHT FORAIS DHOMHNAILL MHIC CHRAITH, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]


ACHT DO DHÚNADH AGUS D'FHOIRCEANNADH AGUS DO MHÚCHADH CIRT SLÍ PHOIBLÍ BHAINEAS LEIS AN gCUID SIN DE THAILTE DHÚN LEICNE I MUINE BHEAG I gCONTAE CHEATHARLACH A bhFUIL BEARTAITHE CLUICHE-MHAGH CHUIMHNE MHIC CHRAITH DO THABHAIRT AIR. [17ú Abrán, 1945.]

Réamhrá.

DE BHRÍ go ndearna Domhnall Mac Craith lena Uacht dár dáta an 27ú lá d'Eanar, 1939, trí ceathrúna dá Eastát iarmharach d'uachtú chun a Sheiceadúirí agus a Iontaobhaithe dá chaitheamh ar pé feabhsuithe i mBaile na Muine Bige (nó Bagenalstown) d'aontódh a Sheiceadúirí agus a Iontaobhaithe agus a raghadh chun leasa mhuintir na Muine Bige ;

AGUS DE BHRÍ gur éag an Domhnall Mac Craith sin an 25ú lá d'Iúl, 1941, agus do ndearnadh, an 5ú lá de Shamhain, 1941, Promháid na hUachta san aige do dheonadh amach as Príomh-Chlárlainn Phromháide na hArd-Chúirte Breithiúnais do Ghobharnóir agus do Chuideachtain Bhanc na hÉireann, Faiche an Choláiste, Baile Atha Cliath, agus d'Eamon Mac Craith, 3, Casán Bhaitsiléir, Baile Atha Cliath, Ceannaí, deartháir don éagach (dá ngairmtear na hUacht-Iontaobhaithe anso feasta), an. dá sheiceadúir do hainmníodh san Uacht san ;

AGUS DE BHRÍ gur iarr na hUacht-Iontaobhaithe ar an Ard-Chúirt Bhreithiúnais Scéim do shocrú chun na hIontaobhais Déirciúla bunaíodh leis an Uacht san do riaradh, agus go ndearna Seoirse Gabhánach O Dubhthaigh, Breitheamh, an 21ú lá de Nollaig, 1942, Ordú ag socrú agus ag aontú Scéime ar a dtabharfaí Foras Dhomhnaill Mhic Chraith agus dár teideal “ Scheme for “ the administration and regulation of the Charitable Trusts “ created by the Will of the above named Daniel McGrath in “ relation to the bequest of three-fourths of his Residuary Estate “ to be expended in improvements in the Town of Muinebeag— “ otherwise Bagenalstown—for the benefit of the people of Muine“ beag—otherwise Bagenalstown ” ;

AGUS DE BHRÍ gur fionnadh gur £48,316 : 17 : 8 méid an Eastáit Iarmharaigh a bhí le caitheamh amhlaidh agus go ndearnadh, fá Chlás 5 den Scéim sin, comhnathóirí áitiúla áirithe do cheapadh ina gcéad Iontaobhaithe ar Chuimhne Mhic Chraith chun cabhair agus comhairle do thabhairt do na hUacht-Iontaobhaithe i riaradh na Scéime sin ;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh, le Clás 10 den Scéim sin, a ordú do na hUacht-Iontaobhaithe, fá réir aontú na Cúirte agus tar éis dul i gcomhairle le hIontaobhaithe Chuimhne Mhic Chraithe, Cluiche-mhagh, inter alia, do cheannach chun úsáide mhuintir na Muine Bige ar a dtabharfaí Cluiche-mhagh Chuimhne Mhic Chraith ; agus go ndearnadh suim £6,039 :12 :3 do dháiliú chun an Cluiche-mhagh do cheannach agus d'fheistiú ;

AGUS DE BHRÍ go ndearna na hUacht-Iontaobhaithe, an 8ú lá d'Fheabhra, 1944, Connradh, ar choinníoll go bhfaighfí aontú na Cúirte, chun cuid de Bhaile Fearainn Dhún Leicne dárb achar 23 acra 1 cheathrú, tomhas reachtúil, atá i bParóiste Dhún Leicne, i dTogh-Roinn Cheanntair na Muine Bige (Baile), i mBarúntacht O nDróna Thoir agus i gContae Cheatharlach agus atá teoranta ar an taobh thiar thuaidh ag Bóthar Cheatharlach agus ar an taobh thiar theas agus thoir theas ag fearann Bagenalstown House (dá ngairmtear Láithreán Mhainéir Dhún Leicne anso feasta) do cheannach le haghaidh Cluiche-mhaighe fá réir gach cirt slí, éasáide nó cirt eile bhaineas leis an gcéanna ;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil Láithreán Mhainéir Dhún Leicne fá réir cirt slí phoiblí ó Bhóthar Cheatharlach go dtí an geata isteach ar fhearann Bagenalstown House ;

AGUS DE BHRÍ go mba mhór an cheataí ar úsáid Láithreáin Mhainéir Dhún Leicne mar Chluiche-mhagh chun críocha na Scéime sin an ceart slí sin do mharthain ;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh, le hOrdú ó Sheoirse Gabhánach O Dubhthaigh, Breitheamh, dár dáta an 27ú lá de Mhárta, 1944, agus do rinneadh i dtaobh na hOidhreachta Déirciúla san agus i dtaobh an Charities Procedure Act, 1812, 52nd George III, Cap. 101, cead do thabhairt do na hUacht-Iontaobhaithe Bille le haghaidh Achta do bhunú san Oireachtas do dhúnadh agus do mhúchadh an chirt slí sin ;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach, chun Láithreán Mhainéir Dhún Leicne do chur ar fáil mar Chluiche-mhagh chun críocha na Scéime sin, an ceart slí sin do dhúnadh, d'fhoirceannadh agus do mhúchadh ;

AGUS DE BHRÍ nach féidir na críocha adúradh do thabhairt chun feidhme gan údarás an Oireachtais ;

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS :—

Ceart slí poiblí do mhúchadh.

1. —On dáta agus tar éis an dáta thiocfas Uacht-Iontaobhaithe Forais Dhomhnaill Mhic Chraith chun bheith ina n-únaerí cláraithe ar an gcuid sin de Bhaile Fearainn Dhún Leicne dárb achar 23 acra 1 cheathrú, fé nó thairis, tomhas reachtúil, atá i bParóiste Dhún Leicne, i dTogh-Roinn Cheanntair na Muine Bige (Baile), i mBarúntacht O nDróna Thoir agus i gContae Cheatharlach agus atá teoranta ar an taobh thiar thuaidh ag Bóthar Cheatharlach agus ar an taobh thiar theas agus thoir theas ag fearann Bagenalstown House agus a bhfuil beartaithe Cluichemhagh Chuimhne Mhic Chraith do thabhairt air, beidh an ceart slí poiblí ar na tailte sin ó Bhóthar Cheatharlach go dtí an geata isteach ar fhearann Bagenalstown House arna dhúnadh, arna fhoirceannadh agus arna mhúchadh.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar Acht Forais Dhomhnaill Mhic Chraith, 1945 , do ghairm den Acht so.