2 1938


Uimhir 2 (Príobháideach) de 1938.


ACHT CHEARNÓG MHOINSEÓ, BAILE ÁTHA CLIATH, 1938.


ACHT CHUN COMHACHTA DO THABHAIRT D'ARD-MHÉARA RO-ONÓRACH, DO SHEANÓIRÍ AGUS DO BHUIRGÉISIGH BHAILE ÁTHA CLIATH CHUN AN SPÁIS FHÁLTA AR A dTUGTAR CEARNÓG MHOINSEÓ I gCONTAE-BHUIRG BHAILE ÁTHA CLIATH DO THÓGAINT CHUCHA, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE. [13adh Abrán, 1938.]

DE BHRÍ le Reacht Briotáineach do ritheadh sa 42adh bliain de réimeas Rí Sheoirse III, caib. xxxiv, agus dar teideal “an Act for inclosing and improving Mountjoy Square in the parish of Saint George in the county of Dublin” go ndearnadh na daoine a hainmnítear ann do bhunú agus do cheapadh ina gcoimisinéirí chun an Achta san do chur i bhfeidhm, agus gur tugadh comhacht do sna coimisinéirí sin chun connradh do dhéanamh chun na cearnóige sin do dhéanamh, d'fhálú, do chríochnú, d'fheabhsú agus do mhaisiú; agus go ndearnadh, d'fhonn ciste do bhunú chun an bhabhdhúin sin agus na bhfeabhsuithe sin do dhéanamh agus do chríochnú agus chun an chéanna do chothabháil, na tithe, na tailte, na plásáin, agus na tionóntacháin uile timpeal na cearnóige sin do chur fé mhuirear íoca an ráta no na rátaí sin go bliantúil ordódh na coimisinéirí sin o am go ham sa tslí luaidhtear san Acht san agus ná raghadh thar cúig scillinge in aghaidh gach troighe foirimeallachta, agus go ndearnadh, d'fhonn leor-shuim airgid do chruinniú chun crícheanna an Achta san, comhacht do thabhairt do sna coimisinéirí sin chun aon tsuim no suimeanna airgid ná raghadh san iomlán thar suim £3,500 do chruinniú agus d'fháil ar iasacht ar chreidiúint na rátaí sin agus chun na suime sin de £3,500 no aon chuid di do chur mar mhuirear agus mar ualach ar na rátaí sin agus san ar ús do réir aon ráta nach mó ná £6 fén gcéad sa bhliain;

AGUS DE BHRÍ gur lean na coimisinéirí sin agus a gcomharbaí de ghníomhú i bhfeidhmiú an Achta san o am an Achta san do rith;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh aon fhiacha do bunuíodh fén Acht san tré bhintiúirí do thabhairt amach do ghlanadh;

AGUS DE BHRÍ gur mhór an buntáiste áitiúil agus puiblí é dá dtógadh Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath an chearnóg san chucha agus dá ndílsítí ionta í agus dá n-oscluídís í i gcóir caitheamh aimsire agus aoibhnis áititheoirí contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, agus i gcóir na coitiantachta mar pháirc no faiche shúgraidh phuiblí;

AGUS DE BHRÍ nach féidir na cuspóirí roimhráite do thabhairt chun críche gan údarás ón Oireachtas;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh plean den chearnóig sin, maraon leis an leabhar eolais a ghabhann leis, do lóisteáil in oifig Bhillí Príobháideacha an Oireachtais;

AGUS DE BHRÍ go ndearna móráireamh glan de líon iomlán comhairle contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, ag cruinniú do bhí ar siúl an ceathrú lá de Dheire Fómhair, 1937, tar éis fógra deich lá glan i dtaobh an chruinnithe sin agus i dtaobh a chrícheanna do bheith tugtha tré fhógrán phuiblí san Irish Independent, san Irish Times agus san Irish Press, eadhon, páipéirí nuachta áitiúla foillsítear agus a léightear i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, fógra bhí mar bhreis ar na gnáth-fhógraí ba ghá chun an chruinnithe sin do ghairm le chéile, go ndearnadar a bheartú le rún an bille i gcóir an Achta so do bhunú, agus go ndéanfaí an costas a bhainfeadh agus a gheobhadh leis an mbunú san d'íoc amach as ciste cathardha agus as ráta cathardha contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath;

AGUS DE BHRÍ gur foillsíodh an rún san fé dhó i ngach páipéar nuachta fé leith de sna páipéirí nuachta san agus go bhfuil an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe tar éis aontú leis;

AGUS DE BHRÍ go ndearna móráireamh glan de líon iomlán na comhairle sin, ag cruinniú speisialta eile do bhí ar siúl do réir fhógra den tsamhail chéanna an tríú lá d'Eanar, 1938, tráth nár luaithe ná 14 lá tar éis an bhille do lóisteáil san Oireachtas, a dhaingniú go raibh sé ceart an bille i gcóir an Achta so do bhunú;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh le rún speisialta do rith na daoine bhí cáilithe chun vótála i dtoghachán do chomhaltaí den chomhairle sin ag cruinniú do gairmeadh agus do bhí ar siúl do réir fhorálacha ailt 7 den Borough Funds (Ireland) Act, 1888, a aontú go raibh sé ceart an bille i gcóir an Achta so do bhunú;

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Chearnóg Mhoinseó, Baile Atha Cliath, 1938 , do ghairm den Acht so.

Léiriú.

2. —San Acht so mara n-éilighidh an t-abhar no an có-théacs a mhalairt—

cialluíonn an abairt “Acht 1802” an tAcht do ritheadh sa 42adh bliain de réimeas Rí Sheoirse III, caibidil xxxiv, agus dar teideal “an Act for inclosing and improving Mountjoy Square in the Parish of Saint George, in the County of Dublin;”

cialluíonn an abairt “an bárdas” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “Cearnóg Mhoinseó” an spás talmhan san ar a bhfuil mar theorainn agus ar a n-áirmhítear ráileacha na cearnóige fálta i bparóiste San Seoirse agus i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath mar a línítear agus a taisbeántar é i ndearg ar an bplean atá lóisteálta in oifig Bhillí Príobháideacha an Oireachtais;

cialluíonn an abairt “na coimisinéirí” na daoine do bunuíodh agus do ceapadh ina gcoimisinéirí le hAcht 1802 agus fé agus a gcomharbaí fé seach i seilbh oifige suas go dtí dáta an Achta so do rith;

cialluíonn na habairtí “ciste cathardha” agus “ráta cathardha” ciste cathardha agus ráta cathardha contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath mar a mínítear san leis an Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) .

Maoin do dhílsiú.

3. —(1) Ar an Acht so do rith tiocfaidh Cearnóg Mhoinseó agus an mhaoin uile, réalta no pearsanta (agus rudaí-ar-fiunraoi d'áireamh), a bhí, díreach roimh dháta an Achta so do rith, dílsithe sna coimisinéirí no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaoibh dóibh agus gach ceart, comhacht agus príbhléid a bhaineann no a ghabhann le haon mhaoin den tsórt san, tiocfaid chun bheith no beid, gan leithliú ná sannadh ar bith ach fé réir a n-aistrithe i leabhair aon bhainc, corparáide no cuideachtan más gá san, dílsithe sa bhárdas no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaoibh dóibh (fé mar is gá sa chás) chun an estáit, an téarma no an leasa go léir chun a rabhdar, díreach roimh an Acht so do rith, dílsithe sna coimisinéirí sin no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaoibh dóibh, ach san fé réir gach iontaobhais agus cothruim a dheineann deifir don chéanna agus a bhí ann an uair sin agus dob fhéidir a fheidhmiú.

(2) An mhaoin uile a haistrítear leis an alt so agus a bhí, díreach roimh an Acht so do rith, i leabhair aon bhainc no cláruithe i leabhair aon bhainc, corparáide no cuideachtan, in ainm na gcoimisinéirí, déanfaidh an banc, an chorparáid no an chuideachta san, ar n-a iarraidh sin don bhárdas tráth ar bith i ndiaidh an Achta so do rith, í d'aistriú sna leabhair sin chun ainm an bhárdais.

(3) Gach rud-ar-fiunraoi a haistrítear leis an alt so o sna coimisinéirí chun an bhárdais, féadfaidh an bárdas, ar an Acht so do rith agus dá éis sin, dul chun dlí mar gheall air no é do bhaint amach no é d'fhoirfheidhmiú ina n-ainm féin, agus ní gá don bhárdas fógra i dtaobh an aistrithe deintear leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-ar-fiunraoi sin ina cheangal.

(4) Na rátaí is ionbhailithe ag na coimisinéirí fé chomhachta Achta 1802 scuirfear d'iad a bhualadh, a mheas no a ghearradh amhail ón gcéad lá d'Fheabhra, 1938:

Ar choinníoll go mbeidh an bárdas i dteideal aon riaráiste de sna rátaí sin d'fhás roimh an gcéad lá san d'Fheabhra, 1938, do bhailiú no do ghearradh no do bhaint amach ar shlí eile ina n-ainm féin agus deintear leis seo comhachta na gcoimisinéirí chun an riaráiste sin do bhailiú no do ghearradh no do bhaint amach ar shlí eile do dhílsiú sa bhárdas agus beidh sochar aon riaráiste den tsórt san a baileofar no a gearrfar no a bainfear amach amhlaidh ina chuid den chiste chathardha.

Na coimisinéirí do scur de ghníomhú agus Acht 1802 d'athghairm.

4. —Ar an Acht so do rith scuirfidh na coimisinéirí de ghníomhú mar choimisinéirí agus beidh na tithe, na tailte, na plásáin agus na tionóntacháin go léir mórthimpeal ar Chearnóig Mhoinseó saor agus glan ar fad o aon tsuimeanna bliantúla no eile d'íoc do réir orduithe na gcoimisinéirí fé Acht 1802, agus o gach freagarthacht alos aon airgid do fuarthas ar iasacht no alos aon fhiacha fé n-a ndeachthas fé údarás Achta 1802, agus leis sin beidh Acht 1802 athghairmthe:

Ar choinníoll ná déanfaidh an athghairm sin, ach amháin sa mhéid go bhforáltar a mhalairt go speisialta leis an Acht so, deifir d'éinní do rinneadh no do fulaingeadh fé Acht 1802.

Fiacha do ghlanadh.

5. —Laistigh de dhá mhí dhéag o dháta Chearnóg Mhoinseó do dhílsiú ionta íocfaidh an bárdas na fiacha uile a bhí dlite agus iníoctha go dleathach ag na coimisinéirí, agus íocfaid agus glanfaid an t-airgead uile a fuair na coimisinéirí ar iasacht, fé Acht 1802 agus atá gan glanadh.

An bárdas do chothabháil Cearnóg Mhoinseó mar pháirc no faiche shúgraidh phuiblí.

6. —(1) Déanfaidh an bárdas, nuair a bheidh Cearnóg Mhoinseó tógtha chucha acu agus dílsithe ionta fén Acht so, í do leithreasú agus do chothabháil mar pháirc no faiche shúgraidh phuiblí i gcóir caitheamh aimsire agus aoibhnis áititheoirí contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus na puiblíochta i gcoitinne i pé slí is oiriúnach leo o am go ham:

Ar choinníoll go ndéanfaidh an bárdas an pháirc phuiblí sin do chothabháil i slí go gcoimeádfar i dtreo mhaith í agus i slí ná hatharófar gné Cearnóg Mhoinseó ná ná cuirfear isteach ar an staid ina bhfuil sí fé láthair ach amháin sa mhéid is gá chun a húsáidthe go réasúnta mar pháirc no faiche shúgraidh phuiblí.

(2) Beidh sé de chomhacht ag an mbárdas na déanmhais agus na hoibreacha san do chur ar fáil agus do chothabháil is gá chun Cearnóg Mhoinseó do bheith ar fáil no d'úsáid mar pháirc no faiche shúgraidh phuiblí, no bhaineann leis sin, dar leis an mbárdas.

Achtanna d'ionchorprú.

7. —Na forálacha uile de sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, a bhaineann le páirceanna agus faichí súgraidh puiblí beidh feidhm agus baint acu le Cearnóig Mhoinseó ar an Acht so do rith.

Féadfaidh an bárdas fo-dhlithe do dhéanamh.

8. —(1) Féadfaidh an bárdas o am go ham fo-dhlithe do dhéanamh chun Cearnóg Mhoinseó do rialáil.

(2) Féadfaidh forálacha bheith sna fo-dhlithe roimhráite chun oifigeach don bhárdas no comhalta den Ghárda Síochána do chur éinne amach as Cearnóig Mhoinseó bheidh ag briseadh na bhfodhlithe sin.

(3) Bainfidh ailt 219 go 223 agus alt 249 den Public Health (Ireland) Act, 1878, leis na fo-dhlithe déanfar fén Acht so.

Connartha leanúnacha do bhuan-choimeád.

9. —Gach banna, urraíocht, no urrús de shaghas leanúnach fé n-a ndeachaidh na coimisinéirí no do thugadar uatha no fé n-a ndeachthas leo no do tugadh dóibh agus do bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht so do rith, agus gach connradh no có-aontú (seachas connradh seirbhíse) do rinneadh idir na coimisinéirí agus duine eile, agus ná raibh lán-fheidhmithe agus críochnuithe roimh an Acht so do rith, leanfaid i bhfeidhm d'ainneoin éinní atá san Acht so, ach léireofar iad agus beidh éifeacht acu fé is dá gcuirtí ainm an bhárdais in ionad ainm na gcoimisinéirí, agus beidh an t-urrús, an connradh no an có-aontú san ionfhoirfheidhmithe ag an mbárdas no ina gcoinnibh dá réir sin.

Comhachta an Achta do bheith ina gcomhachta breise.

10. —Na comhachta bronntar leis an Acht so is comhachta i dteanta agus ní comhachta in ionad aon chomhacht atá ag an mbárdas cheana iad.

Socrú i dtaobh tithe ar seilbh ag lucht oibre.

11. —(1) Ní údaróidh an tAcht go ndéanfaí, nuair a beifear ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar leis an Acht so, aon tigh no tithe bheidh ar seilbh i bpáirt no go hiomlán ag tríocha duine no níos mó den lucht oibre mar thionóntaithe no mar lóistéirí do cheannach no do thógaint i líomatáiste aon bhailecheanntair no ceanntair sláinte contae no buirge no contae-bhuirge mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an bárdas—

(a) aontú an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe d'fháil le scéim chun áiteanna comhnaithe nua do chur ar fáil do sna daoine bheidh ina gcomhnaí sna tithe sin no do pé méid no cion de sna daoine sin is dóich leis an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, tar éis fiosrúchán do dhéanamh, is gá ag féachaint don mhéid daoine bheidh ina gcomhnaí sna tithe, agus a bheidh ag obair laistigh de mhíle o sna tithe, bheidh iontógtha chucha ag an mbárdas agus don mhéid cóiríochta oiriúnaighe chun comhnaithe bheidh folamh i ngar-chomharsanacht na dtithe bheidh iontógtha chucha ag an mbárdas, no d'áit fhostaíochta na ndaoine sin agus do gach ní eile bhaineann leis an scéal;

(b) urrús do thabhairt chun sástachta an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe ar an scéim do thabhairt chun críche.

(2) Mara gcólíonaidh an bárdas forálacha an ailt seo, no forálacha aon scéime déanfar fé agus le n-a n-aontóidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, dlighfear pionós ná raghaidh thar fiche punt do chur ortha in aghaidh gach tighe thógfaid chucha no gheobhaid fén Acht so gan forálacha an ailt seo do chólíonadh. Beidh na pionóisí sin ionbhainte amach ar agra an Ard-Aighne thar ceann an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe in aon chúirt dlighinse inniúla.

(3) Chun déanamh do réir an ailt seo, no do réir aon scéime déanfar fé agus le n-a n-aontóidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, beidh ag an mbárdas in aon bhailecheanntar no ceanntar sláinte contae na comhachta céanna atá acu laistigh de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, agus fé Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 , chun tithe comhnaithe do chur ar fáil do sna daoine atá i dteideal tithe do chur ar fáil dóibh fé sna hAchtanna san.

(4) Íocfar costaisí cólíonta an ailt seo amach as an gciste cathardha agus as an ráta cathardha.

(5) Déanfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe fén alt so d'íoc leis amach as an gciste cathardha agus as an ráta cathardha.

(6) San alt so cialluíonn an focal “tigh” aon tigh no cuid de thigh do bheadh i seilbh mar árus comhnaithe fé leith; cialluíonn an abairt “lucht oibre” meicneoirí, ceárdaithe, oibritheoirí agus daoine eile bhíonn ag obair ar phágh, hácaerí, tora-mhangairí, daoine ná bíonn ag obair ar phágh ach a bhíonn ag gabháil do chéird no d'obair láimhe éigin gan daoine eile ar fostú acu ach daoine dá líntighe féin, agus daoine seachas oibrithe tighis nach mó a meánioncum ná seasca scilling sa tseachtain agus muiríneacha daoine den tsórt san atá in aon-tigheas leo.

Gárnóirí agus bailitheoir.

12. —(1) Ar an Acht so do rith déanfar Donnchadh O Brádaigh agus Séamus Mac Giolla Eáin, gárnóirí atá ar fostú ag na coimisinéirí, do thógaint isteach i seirbhís an bhárdais ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna fostaíochta bhaineann le fostaithe atá ag an mbárdas ar fostaíocht den tsaghas chéanna; agus beidh gach gárnóir acu san i dteideal a thréimhse sheirbhíse leis na coimisinéirí agus a thréimhse sheirbhíse leis an mbárdas d'áireamh mar aon tréimhse leanúnaigh amháin seirbhíse leis an mbárdas.

(2) Ar an Acht so do rith íocfaidh an bárdas le Bean Phroinséis Uí Chinnéide, bailitheoir ráta Chearnóg Mhoinseó, suim de chéad punt alos a hoifige do chailliúint.

Costaisí an Achta.

13. —Na costaisí, na héilithe agus na caiteachaisí fé n-a ndeachthas roimh ré chun an Achta so d'ullamhú, d'iarraidh, d'fháil agus do rith agus a bhaineas agus a ghabhas leis sin (maraon leis na costaisí, na héilithe agus na caiteachaisí fé n-a ndeachaidh na coimisinéirí roimh ré chun a n-achuinge do dhéanamh i gcoinnibh an bhille i gcóir an Achta so agus a bhaineas agus a ghabhas leis sin) agus fé n-a raghfar chun an Achta so d'fheidhmiú, ar a n-áirmhítear costaisí cothabhála Chearnóg Mhoinseó mar pháirc no faiche shúgraidh phuiblí agus costaisí soláthair agus cothabhála na ndéanmhas agus na n-oibreacha dá dtagartar in alt 6 den Acht so, íocfar amach as an gciste cathardha agus as an ráta cathardha iad.