Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

3 1937


Uimhir 3 (Príobháideach) de 1937.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (GAILLIMH), 1937.


ACHT CHUN ÁITITHEOIRÍ BHAILE NA GAILLIMHE D'IONCHORPRÚ INA mBARDAS CHATHRACH FÉN AINM “MÉARA, SEANÓIRÍ AGUS BUIRGÉISIGH BHUIRG NA GAILLIMHE,” AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN COMHAIRLE BUIRGE, I gCOMHARBAS DO CHOMHAIRLE BHAILECHEANNTAIR NA GAILLIMHE, DO RIARADH CÚRSAÍ AN BHARDAIS, AGUS CHUN MAOINE, CEARTA, FEIDHMEANNA, DUALGAISÍ AGUS FIACHAISÍ CHOMHAIRLE BHAILE-CHEANNTAIR NA GAILLIMHE D'AISTRIÚ CHUN AN BHARDAIS, AGUS CHUN FEABHSUITHE DO DHÉANAMH AR AN DLÍ BHAINEAS LE RÁTÚ SA LÍOMATÁISTE LAISTIGH DE DHLIGHINSE AN BHARDAIS AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN ROIMHE SEO.

[10adh Meitheamh, 1937.]

DE BHRÍ go raibh de phríbhléid ag áititheoirí Bhaile na Gaillimhe bheith ionchorpruithe ón gceathrú aois déag go dtí gur ritheadh an Municipal Corporations (Ireland) Act, 1840;

AGUS DE BHRÍ go riartaí Baile na Gaillimhe fé fhorálacha Achta do ritheadh sa tríú agus sa cheathrú bliain de réimeas A Shoillse Rí Liam a Ceathair agus dar teideal “An Act for regulating and improving the Town of Galway in the County of the same town” go dtí gur ritheadh an Galway Town Improvement Act, 1853, agus go riaradh Baile-Choimisinéirí fén Acht san is déanaí luaidhtear ina dhiaidh sin é go dtí an bhliain 1899, tráth do bunuíodh Comhairle Bhailecheanntair fén Local Government (Ireland) Act, 1898, agus go bhfuil an Baile á riaradh o shoin ag an gComhairle Bhailecheanntair sin;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach áititheoirí Bhaile na Gaillimhe d'ionchorprú ina mbuirg chathrach sa tslí foráltar leis an Acht so;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach san am gcéanna an dlí bhaineann le rátú laistigh de líomatáiste Bhaile na Gaillimhe d'fheabhsú;

AGUS DE BHRÍ nach féidir crícheanna an Achta so do chur in éifeacht gan údarás ón Oireachtas;

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Gaillimh), 1937 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “an Bhuirg” Buirg na Gaillimhe a bunuítear leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “an Bárdas” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh na Buirge a hionchorpruítear leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “an Chomhairle Bhuirge” an Chomhairle bunuítear don Bhuirg leis an Acht so agus fé;

cialluíonn an abairt “an Méara” Méara na Gaillimhe;

cialluíonn an abairt “Toghachán Buirge” an chéad toghachán cinn trí mblian no toghachán cinn trí mblian ina dhiaidh sin (fé mar is gá sa chás) do bhaill don Chomhairle Bhuirge comórfar fén Acht so;

cialluíonn an abairt “lá an toghacháin” an lá cheapfaidh an tAire le hordú fén Acht so chun bheith ina lá thoghacháin chun crícheanna an Achta so;

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an cúigiú lá tar éis lae an toghacháin;

cialluíonn an abairt “an Chomhairle Cheanntair” Comhairle Bhailecheanntair na Gaillimhe;

cialluíonn an abairt “an Ceanntar” Bailecheanntar na Gaillimhe;

foluíonn an focal “comhachta” cearta, dlighinsí, feidhmeannais, údaráis, príbhléidí agus saoirsí;

foluíonn an focal “dualgaisí” freagarthachtaí agus oblagáidí.

Na háititheorirí d'ionchorprú.

3. —Ar an lá ceaptha tiocfaidh áititheoirí an Cheanntair agus a gcomharbaí chun bheith agus beid ina n-aon chólucht amháin, polaiticeach agus corpráideach. fén ainm “Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhuirg na Gaillimhe” agus síor-chomharbas agus có-shéala acu agus ceart chun an armais do bhí roimhe seo ag Baile na Gaillimhe do bheith acu agus féadfaid dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leo ina n-ainm chorpráidigh.

Buirg na Gaillimhe do bhunú.

4. —Ar an lá ceaptha tiocfaidh an Ceanntar chun bheith agus beidh ina bhuirg chathrach fén ainm “Buirg na Gaillimhe”, agus fanfaidh agus beidh an Bhuirg sin ina cuid de Chontae riaracháin na Gaillimhe fé mar atá an Ceanntar ina chuid den Chontae sin anois.

An Chomhairle Bhailecheanntair do scur.

5. —Ar an lá ceaptha scuirfidh an Chomhairle Cheanntair agus beidh deireadh léi, agus leis sin tiocfaidh an Bárdas chun bheith agus beidh ina chomharba don Chomhairle Cheanntair.

Comhacht don Bhárdas chun talamh do shealbhú.

6. —Beidh comhacht ag an mBárdas chun aon tailte, tionóntacháin agus ionoighreachtaí a dílsítear ionta leis an Acht so no dílseofar ionta dá bhuadh do thógaint agus do shealbhú, maraon le pé tailte, tionóntacháin agus ionoighreachtaí eile, laistigh den Bhuirg agus lasmuich dhi, is gá chun crícheanna na Buirge.

Comhachta buirge cathrach do bheith ag an mBárdas.

7. —Beidh ag an mBárdas na comhachta bhíonn de ghnáth dílsithe do réir dlí i mbárdas buirge cathrach agus bainfidh an Municipal Corporations (Ireland) Act, 1840, agus Acht ar bith le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san no bhaineann ar shlí eile le bárdaisí cathrach, bainfid leis an mBuirg agus leis an mBárdas.

An dlí i dtaobh comhairlí buirgí agus bárdas buirgí do bhaint leis an gComhairle Bhuirge agus leis an mBárdas.

8. —An dlí atá i bhfeidhm i dtaobh comhairlí buirgí agus bárdas buirgí fé seach le linn an Achta so do rith bainfidh leis an gComhairle Bhuirge agus leis an mBárdas fé seach sa mhéid ná fuil sé buiniscionn leis an Acht so.

Cisteoir an Bhárdais.

9. —Ceapfaidh an Chomhairle Bhuirge banc no cuideachta bhancaerachta éigin ina chisteoir don Bhárdas chun airgead do ghlacadh agus d'íoc agus na gcuntaisí air do choimeád agus chuige sin amháin agus feidhmeoidh agus cólíonfaidh cléireach an bhaile, maidir leis an mBuirg, na comhachta agus na dualgaisí uile bronntar no forchuirtear chun aon chríche eile ar chisteoir bhuirge.

An ciste buirge.

10. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin is amach as an gciste buirge a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an Bárdas agus iad ag feidhmiú agus ag cólíonadh a gcomhacht agus a ndualgas (agus costaisí glanta na bhfiachas a bheidh ann an lá ceaptha d'áireamh).

(2) Gach ciste do bhí, díreach roimh an Acht so do rith, á chothabháil as toradh aon cheann de sna rátaí, scuirfe sé ar an lá ceaptha de bheith á chothabháil amhlaidh agus ar an lá san íocfar isteach sa chiste bhuirge an t-airgead (más ann dó) a bheidh i gcreidiúint d'aon chiste den tsórt san agus íocfar amach as an gciste buirge gach fiachas a bheidh dlite ar aon chiste den tsórt san.

(3) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin déanfar gach suim do gheobhaidh an Bárdas, pe'ca as rátaí é no as nithe nach rátaí, d'íoc le cisteoir an Bhárdais agus, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo, beidh admháil an chisteora amháin ina glanadh mhaith don té íocfaidh an tsuim sin agus íocfaidh an cisteoir gach suim den tsórt san isteach sa chiste bhuirge.

(4) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, beidh admháil, o bhailitheoir rátaí no o dhuine go n-údarás cuibhe ón mBárdas chun íocaíochtaí d'aon tsaghas áirithe eile do ghlacadh. ina glanadh mhaith do dhuine íocfaidh íocaíocht rátaí leis an mbailitheoir sin no íocaíocht den tsaghas áirithe eile sin leis an duine sin (pe'ca aca é), ach i ngach cás den tsórt san beidh sé de dhualgas ar an mbailitheoir no ar an duine sin méid na híocaíochta san d'íoc leis an gcisteoir láithreach.

(5) Ní híocfar amach as an gciste buirge íocaíochtaí ar bith ach pé íocaíochtaí bheidh údaruithe go cuibhe do réir an Achta so no aon Achta eile, agus isé an cisteoir íocfaidh gach íocaíocht a bheidh údaruithe amhlaidh.

(6) Ní cuirfear aon chuid den chiste bhuirge ná d'aon airgead a bheidh fé urláimh an Bhárdais chun aon chríche ná húdaruíter leis an Acht so ná le haon Acht eile ná, i gcás airgid a thagann as cistí iontaobhais, ná húdaruítear leis na hiontaobhaisí bhaineann leis na cistí sin.

(7) Is as an gciste buirge cothabhálfar gach ciste fiachlaigheaduithe no ciste eile, chun fiachas do ghlanadh a thiocfaidh no le n-a mbeidh súil, is gá don Bhárdas, do réir aon reachta no fé aon reacht do bhí i bhfeidhm díreach roimh rith an Achta so, do chothabháil agus ní dhéanfaidh éinní san alt so an Bárdas do shaoradh o n-a oblagáid chun gach ciste den tsórt san do chothabháil amhlaidh.

Deireadh do chur leis an teorainn ar an ráta buirge.

11. —Na forálacha d'alt 10 den Counties and Boroughs (Ireland) Act, 1840, tré n-a dteorannuítear an ráta gur dá réir a meastar an ráta buirge bhíonn le bualadh in aon bhuirg fén Municipal Corporations (Ireland) Act, 1840, ní bheidh éifeacht acu maidir le haon ráta buirge buailfear sa Bhuirg.

An dlí i dtaobh an ráta uisce fé chonnradh d'fheabhsú.

12. —(1) Féadfaidh an Bárdas a chur mar cheangal go ndéanfar an t-uisce go léir a sholáthróid d'aon tigh, foirgint, tailte no áitreabh chun crícheanna seachas crícheanna tighis do thógaint agus do thomhas tré mhéadar, agus ní bheidh ar an mBárdas in aon chás den tsórt san soláthar uisce do chur ar fáil ach amháin do réir tomhais.

(2) Féadfaidh an Bárdas na méadair sin do chur isteach agus do leigint ar aimsir agus cíos do cheapadh agus d'éileamh in aghaidh aon mhéadair a chuirfid ar fáil agus beidh na comhachta céanna acu chun aon chíos den tsórt san do bhaint amach atá acu chun rátaí uisce do bhaint amach.

(3) Déanfaidh an Bárdas ar a gcostas féin aon mhéadar a bheidh leigthe ar aimsir acu chun aon úsáidire do choimeád in ordú ceart chun an tsoláthair uisce do chuntasú go cruinn agus má theipeann ortha san do dhéanamh ní dhlighfidh an t-úsáidire cíos d'íoc ar an méadar faid a leanfaidh an teip.

(4) I gcás ina soláthróidh an Bárdas uisce fén alt so tré mhéadar beidh cuntas an mhéadair ina fhianaise prima facie ar an méid uisce do húsáideadh.

(5) Má cruthuítear ar an méadar do thástáil, go gcuntasuíonn sé go nea-chruinn d'aon mhéid táchtach déanfar an praghas éileoidh an Bárdas ar an úsáidire in aghaidh na tréimhse ón uair dheiridh ar ar léigheadh an méadar d'áireamh do réir an mhéide cuntasuíodh sa tréimhse chó-réire den bhliain roimhe sin.

(6) Ceapfaidh an Bárdas an praghas éilcoid ar uisce sholáthróid tré mhéadar agus féadfar an praghas san do bhaint amach fé mar a baintear rátaí uisce amach.

(7) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, le linn an Achta so do rith, sa Cheanntar i dtaobh méadar agus i dtaobh uisce do sholáthar chun crícheanna seachas crícheanna tighis beidh feidhm aige (sa mhéid ná beidh sé buiniscionn leis an alt so), i gcás méadar a leigfear ar aimsir agus uisce soláthrófar fé fhorálacha an ailt seo, fé is dá mba tré chó-aontú a déanfaí an céanna do leigint ar cios agus do sholáthar fé seach.

(8) Na comhachta bronntar ar an mBárdas leis an alt so is comhachta iad i dteanta agus ní comhachta iad in ionad aon chomhachta eile de chuid an Bhárdais maidir le huisce do sholáthar.

Feidhm na nAchtanna Sláinte Puiblí agus na Local Government (Ireland) Acts.

13. —Chun crícheanna na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, agus chun crícheanna na Local Government (Ireland) Acts, 1898 to 1919, mar a leasuítear san le haon achtacháin ina dhiaidh sin beidh an Bhuirg ina bailecheanntar agus freisin ina ceanntar sláintíochta baile agus isiad an Chomhairle Bhuirge bheidh ina n-údarás sláintíochta don cheanntar shláintíochta bhaile sin.

An Chomhairle Bhuirge d'fheidhmiú údaráis chorpráidigh.

14. —Déanfaidh an Chomhairle Bhuirge gach ceann de chomhachta agus de dhualgaisí an Bhárdais d'fheidhmiú agus do chólíonadh don Bhárdas agus thar a gceann fé réir agus do réir forálacha an Achta so.

Có-dhéanamh na Comhairle Buirge.

15. —Dhá bhall déag a bheidh ar an gComhairle Bhuirge, agus beidh ceathrar acu san ina seanóirí agus ochtar acu ina gcomhairleoirí, agus beidh ceithre baill ina quorum.

An toghlíomatáiste buirge.

16. —Aon togh-líomatáiste buirge amháin a bheidh sa Bhuirg.

An chéad toghachán don Chomhairle Bhuirge.

17. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le togha an chéad dreama bheidh ina gComhairle Bhuirge:—

(1) Comórfar toghachán buirge (dá ngairmtear “an chéad toghachán” san alt so) lá an toghacháin fé is dá mbeadh an Bhuirg bunuithe roimh an lá san.

(2) Ceapfaidh an tAire duine chun gníomhú mar cheann chóimhrimh sa chéad toghachán.

(3) Na ceanntair vótaíochta agus na háiteanna vótaíochta uile agus fé seach atá sa Cheanntar le linn an Achta so do rith isiad is ceanntair vótaíochta agus áiteanna vótaíochta fé seach chun crícheanna an chéad toghacháin.

Céad chruinniú na Comhairle Buirge.

18. —(1) Beidh céad chruinniú na Comhairle Buirge ina chruinniú ráithiúil agus comórfar é um meán lae an deichiú lá tar éis lae an toghacháin i Halla Baile na Gaillimhe agus más rud é, toisc réasúin ar bith, ná comórfar an cruinniú san, no nach féidir é chomóradh, an t-am san no an lá san no san áit sin féadfar an cruinniú san do chomóradh pé am agus pé lá agus pé áit ar a gcinnfidh an tAire.

(2) Go dtí go mbeidh an chéad Mhéara toghtha agus an dearbhú glactha oifige is gá do réir dlí déanta aige gníomhóidh an duine ba chléireach don Chomhairle Cheanntair díreach roimh an lá ceaptha, no pé duine eile cheapfaidh an tAire, mar chathaoirleach ar an gcéad chruinnú agus ar aon chruinniú eile den Chomhairle Bhuirge ach ní bheidh sé dá dhruim sin i dteideal vótála ar aon cheist a bheidh le socrú ag an gcruinniú san le vóta o sna baill.

(3) Na forálacha d'fho-alt (3) d'alt 10 den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 , i dtaobh an chéad ghnótha agus i dtaobh an ama thiocfaidh an Méara in oifig agus i dtaobh é leanúint in oifig bainfid leis an gcéad chruinniú agus leis an Méara toghfar ann.

Feidhm ailt 83 den Municipal Corporations (Ireland) Act, 1840.

19. —I gcás có-ionannais vótanna in aon toghachán Méara beidh vóta breise no vóta réitigh ag an seanóir a bheidh i dteideal vótála agus is túisce toghadh agus is dá réir sin a léighfear alt 83 den Municipal Corporations (Ireland) Act, 1840, sa mhéid go mbainfidh leis an mBuirg agus leis an mBárdas.

Feidhm an dlí bhaineann le togha, etc., ball de Chomhairle Bhuirge.

20. —An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le togha, cáiliú, dí-cháiliú agus sealbhaíocht oifige ball de chomhairle bhuirge beidh feidhm aige, fé réir forálacha an Achta so, maidir le togha, cáiliú, dí-cháiliú agus sealbhaíocht oifige ball den Chomhairle Bhuirge.

Feidhm ailt 92 den Municipal Corporations (Ireland) Act, 1840.

21. —Gach gníomh a bheidh le déanamh ag an gComhairle Bhuirge agus gach ceist i dtaobh cur-ar-athló no aon cheisteanna eile thiocfaidh fé bhráid na Comhairle Buirge féadfaidh an móráireamh de sna baill a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar na gníomhartha no ar na ceisteanna san iad a dhéanamh agus a shocrú ach gan an líon a vótálfaidh ortha do bheith níos lugha ná ceathrar, agus is dá réir sin a léighfear alt 92 den Municipal Corporations (Ireland) Act, 1840, sa mhéid go mbainfidh leis an mBuirg agus leis an mBárdas.

Maoin d'aistriú.

22. —(1) Gach maoin, réalta no pearsanta (agus rudaí-arfiunraoi d'áireamh) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa Chomhairle Cheanntair no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaoibh dóibh agus gach ceart, comhacht, agus príbhléid a bhaineann no a ghabhann le haon mhaoin den tsórt san, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, dílsithe sa Bhárdas no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaoibh dóibh (pe'ca aca is gá sa chás) gan leithliú ná sannadh ar bith do dhéanamh ortha ach go ndéanfar, i gcás inar gá é, iad d'aistriú i leabhair aon bhaine, corporáide, no cuideachtan, agus san chun an estáit, an téarma, no an leasa uile chun a rabhdar, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa Chomhairle Cheanntair no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaoibh dóibh, ach fé réir gach iontaobhais agus cothruim a dheineann deifir do sna nithe sin agus a bheidh ann, agus is féidir a chólíonadh, an uair sin.

(2) Gach maoin a haistrítear leis an alt so agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, curtha síos i leabhair aon bhaine no cláruithe i leabhair aon bhainc, corporáide, no cuideachtan in ainm na Comhairle Ceanntair, déanfaidh an banc, an chorporáid, no an chuideachta san, ar n-a iarraidh sin don Bhárdas an lá ceaptha no aon uair dá éis sin, í d'aistriú sna leabhair sin chun ainme an Bhárdais.

(3) Gach rud-ar-fiunraoi a haistrítear leis an alt so ón gComhairle Cheanntair chun an Bhárdais, féadfaidh an Bárdas, an lá ceaptha agus dá éis sin, dul chun dlí mar gheall air no é do bhaint amach no d'fhoirfheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Bhárdas fógra i dtaobh an aistrithe deintear leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-ar-fiunraoi sin ina cheangal.

Comhachta agus fiachaisí d'aistriú.

23. —(1) Gach comhacht atá dílsithe sa Chomhairle Cheanntair no ina seilbh dílseoid sa Bhárdas an lá ceaptha agus feidhmeofar agus úsáidfear iad chun crícheanna na Buirge.

(2) Gach dualgas agus fiachas do bhí, díreach roimh an lá ceaptha, ar an gComhairle Cheanntair agus ion-fhoirfheidhmithe ina gcoinnibh no dá gcuid féin acu beid ar an mBárdas agus ionfhoirfheidhmithe ina gcoinnibh.

Có-choistí.

24. —Gach duine bheidh roghnuithe ag an gComhairle Cheanntair chun gníomhú ar chólucht a hainmnítear i bpáirt no go hiomlán ag an gComhairle Cheanntair, scuirfidh de bheith i seilbh oifige díreach roimh chéad chruinniú na Comhairle Buirge agus, chun críche aon achtacháin i dtaobh có-dhéanamh an chóluchta san, tuigfear foth-fholúntas do bheith sa chólucht san de dhruim an scuir sin.

Rátaí, morgáistí agus connartha atá ann cheana do choimeád ar marthain.

25. —Gach ráta, cáinmheas, fiach-réiteach, muirearú, morgáiste, connradh, léas, leithliú, dintiúir, scríbhinn, gníomh, ní agus rud do rinne an Chomhairle Cheanntair no do rinneadh leo no chúcha no ortha no maidir leo roimh an lá ceaptha beid chó maith agus chó dleathach agus chó héifeachtúil, chun gach intinn agus críche, don Bhárdas agus ina gcoinnibh agus maidir leo agus do bheidís dá mb'iad an Bárdas in ionad na Comhairle Ceanntair do dhéanfadh iad no gur leo no chúcha no ortha no maidir leo a déanfaí iad agus féadfar imeachta do bhunú ina dtaobh no iad d'fhoirfheidhmiú ar gach slí díreach fé is go mbeadh an Bárdas ina bpáirtí ionta no go gceadóidís iad, agus go n-ainmneofaí iad no go dtagrófaí dhóibh ionta, in ionad na Comhairle Ceanntair.

Socrú i dtaobh rátaí do bhailiú.

26. —Gach ráta-bhailitheoir don Chomhairle Cheanntair a bheidh in oifig mar ráta-bhailitheoir den tsórt san díreach roimh an lá ceaptha baileoidh agus bainfidh amach thar ceann na Comhairle Buirge an lá ceaptha agus dá éis sin, mara n-orduighidh agus go dtí go n-ordóidh an Chomhairle Bhuirge a mhalairt, na rátaí uile do bhí, díreach roimh an lá ceaptha, dlite no ag teacht dlite don Chomhairle Cheanntair no iníoctha leo agus do cuireadh fé n-a chúram chun a mbailithe.

Fo-dhlithe do choimeád i bhfeidhm.

27. —Gach fo-dhlí, riail agus rialachán agus gach táible de tháillí agus d'éilithe bheidh i bhfeidhm sa Cheanntar díreach roimh an lá ceaptha, agus ná déanfaidh an Chomhairle Bhuirge é d'athghairm ná do cheiliúradh ná d'atharú go cuibhe, leanfaidh i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige mar fho-dhlí, mar riail, mar rialachán no mar tháible (do réir mar a bheidh) do dhéanfadh an Chomhairle Bhuirge fé is go mbeadh an Bárdas ann riamh agus gur don Bhárdas no don Chomhairle Bhuirge (fé mar is gá sa chás) do tagrófaí sa bhfo-dhlí, sa riail, sa rialachán no sa táible sin in ionad an údaráis áitiúla no na n-oifigeach dóibh dá dtagartar ann.

Rúin, orduithe, agus fógraí do choimeád i bhfeidhm.

28. —Gach rún do ritheadh, gach ordú do rinneadh, agus gach fógra do seirbheáladh ag an gComhairle Cheanntair roimh an lá ceaptha agus go mbeidh a oibriú no a éifeacht no a théarma gan bheith scurtha no caithte roimh an lá san, leanfaidh i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, an lá ceaptha agus dá éis sin agus sa mhéid ná beidh san buiniscionn leis an Acht so, fé is gur rún é rithfí no ordú déanfaí no fógra seirbheálfaí ag an gComhairle Bhuirge, agus iad ag gníomhú don Bhárdas, ar an dáta ar ar rith no ar a ndearna no ar ar sheirbheáil an Chomhairle Cheanntair é.

Leanúint d'imeachta bheidh ar feitheamh.

29. —Aon imeacht no leigheas dlí maidir le haon fhiacha, fiachas, pionós no geallbhruid a bheidh dlite don Chomhairle Cheanntair no fé n-a mbeidh gabhtha acu no thar a gceann roimh an lá ceaptha, féadfaidh an Bárdas leanúint de no é d'fhoirfheidhmiú no féadfar déanamh amhlaidh i gcoinnibh an Bhárdais.

Cuntaisí na Comhairle Ceanntair d'iniúchadh.

30. —(1) Déanfar na cuntaisí ar fháltaisí agus ar chaiteachas uile na Comhairle Ceanntair agus a n-oifigeach go dtí an lá ceaptha d'iniúchadh chó luath agus a bheidh san caothúil tar éis an lae sin agus déanfar, bainfear amach agus foirfheidhmeofar dí-lomhála, formhuirir, muirir agus pionóisí, maidir leis na cuntaisí, leis na fáltaisí agus leis an gcaiteachas san, sa tslí chéanna, sa mhéid gur féidir é, ina ndéanfaí amhlaidh dá mba ná rithfí an tAcht so.

(2) Gach oifigeach don Chomhairle Cheanntair dar dualgas aon chuntaisí ar fháltaisí no ar chaiteachas na Comhairle Ceanntair do dhéanamh suas no cuntas do thabhairt ar aon chuid díobh agus fós gach ball den Chomhairle Cheanntair, tuigfear, chun na gcrícheanna bhaineann le cuntaisí na bhfáltas agus an chaiteachais sin go dtí an lá ceaptha d'iniúchadh, iad do bheith in oifig go dtí go mbeidh an t-iniúchadh san críochnuithe agus go dtí san beidh ortha na dualgaisí céanna do chólíonadh, na cuntaisí céanna do thabhairt uatha agus an fhreagarthacht chéanna do ghlacadh do bheadh ortha do chólíonadh, do thaohairt uatha agus do ghlacadh dá mba ná rithfí an tAcht so.

Oifigigh na Comhairle Ceanntair d'aistriú.

31. —Gach duine is oifigeach don Chomhairle Cheanntair an lá roimh an lá ceaptha aistreofar é chun seirbhíse an Bhárdais an lá ceaptha agus tiocfaidh chun bheith agus beidh, de bhuadh an Achta so, ina oifigeach don Bhárdas agus beidh i dteideal a thréimhse sheirbhíse fén gComhairle Cheanntair agus a thréimhse sheirbhíse fén mBárdas d'áireamh ina haon tréimhse leanúnach amháin seirbhíse fén mBárdas.

Seirbhísigh na Comhairle Ceanntair d'aistriú.

32. —An lá ceaptha tiocfaidh gach seirbhíseach don Chomhairle Cheanntair chun bheith agus beidh, de bhuadh an Achta so, ina sheirbhíseach don Bhárdas ar na téarmaí céanna seirbhíse ar a raibh sé ar seirbhís fén gComhairle Cheanntair.

Miontuairiscí na Comhairle Buirge do ghlacadh i bhfianaise.

33. —Glacfar i bhfianaisc, gan a thuilleadh cruthúnais, miontuairisc ar imeachta chruinniú den Chomhairle Bhuirge, no de choiste, do sighníodh sa chruinniú san, no sa chéad chruinniú ina dhiaidh sin, ag an Méara no ag ball den Chomhairle Bhuirge no den choiste do bhí, do réir a thuairisce féin no de dheallramh, ina chathaoirleach ar an gcruinniú inar sighníodh an mhiontuairisc.

Leabhair na Comhairle Ceanntair do ghlacadh i bhfianaise.

34. —(1) Gach leabhar agus scríbhinn eile a horduítear no a húdaruítear don Chomhairle Cheanntair, le haon reacht no fé, do choimeád agus do bheadh ionghlactha i bhfianaise díreach roimh an lá ceaptha beid, d'ainneoin na Comhairle Ceanntair do scur, ionghlactha i bhfianaise tar éis an lae cheaptha chó hiomlán is dá mba ná rithfí an tAcht so.

(2) Pé uair a bheadh sliocht as na nithe bheidh no deimhniú ar na nithe bheidh in aon leabhar no scríbhinn eile, a horduítear no a húdaruítear don Chomhairle Cheanntair le haon reacht no ordú no fé do choimeád, ionghlactha mar fhianaise ar na nithe sin díreach roimh an lá ceaptha ach an tsliocht no an deimhniú san do bheith fíoruithe ag oifigeach áirithe don Chomhairle Cheanntair, déanfar sliocht as na nithe bheidh no deimhniú ar na nithe bheidh sa leabhar no sa scríbhinn sin, ach san do bheith fíoruithe ag an oifigeach don Bhárdas a bheidh ar có-réir leis an oifigeach áirithe sin, do ghlacadh an lá ceaptha no dá éis sin mar fhianaise ar na nithe sin sa mhéid chéanna go ndéanfaí an tsliocht no an deimhniú san do céad-luadhadh do ghlacadh dá mba ná rithfí an tAcht so.

Oideachas gairme beatha.

35. —(1) An lá ceaptha agus dá éis sin beidh feidhm ag an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , sa Bhuirg agus maidir leis an mBuirg sa tslí chéanna ina mbeidh feidhm aige sa Cheanntar agus maidir leis an gCeanntar díreach roimh an lá ceaptha.

(2) An lá ceaptha agus dá éis sin déanfar an chéad sceideal a ghabhann leis an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , do léigheamh agus do léiriú fé is go gcuirfí na focail “Buirg na Gaillimhe” ann in ionad na bhfocal “Bailecheanntar na Gaillimhe”.

Coróinéir.

36. —Faid a leanfaidh an té atá, le linn an Achta so do rith, i seilbh oifig choróinéir an Triain Thiar de Chontae na Gaillimhe de bheith i seilbh na hoifige sin leanfaidh an líomatáiste dlighinse atá aige mar choróinéir den tsórt san fé is ná rithfí an tAcht so, ach ar scur dó, tré n-a éag no eile, de bheith i seilbh na hoifige sin aige bainfidh forálacha ailt 153 den Municipal Corporations (Ireland) Act, 1840, mar a leasuítear no a leathnuítear san le haon achtacháin ina dhiaidh sin, leis an mBuirg fé is gur bhuirg í dá luaidhtear san alt san agus i sceideal “A” a ghabhann leis an Acht san.

Achtanna áitiúla do choimeád i bhfeidhm.

37. —Na hAchtanna áitiúla luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, sa mhéid go bhfuilid i bhfeidhm sa Cheanntar le linn an Achta so do rith, beidh feidhm acu fé réir forálacha an Achta so an lá ceaptha agus dá éis sin maidir leis an mBuirg sa tslí chéanna ina raibh feidhm acu díreach roimh an lá ceaptha maidir leis an gCeanntar.

Lá an toghacháin.

38. —Ceapfaidh an tAire le hordú pé lá is dóich leis is ceart chun bheith ina lá toghacháin chun crícheanna an Achta so.

Costaisí an Achta.

39. —Na costaisí, na héilithe, agus na caiteachaisí, fé n-a ndeachthas roimh ré chun an Achta so d'ullamhú, d'iarraidh, d'fháil agus do rith no bhaineann no ghabhann leis sin no fé n-a ndeachthas ar shlí eile ina thaobh san, féadfar roimh an lá ceaptha iad d'íoc amach as aon chiste no as sochar aon ráta is ionchurtha chun na críche sin fé is ná rithfí an tAcht so, agus an lá ceaptha agus dá éis sin (sa mhéid go mbeid gan íoc an uair sin) íocfaidh an Chomhairle Bhuirge as an gciste buirge iad.