|
|||||
|
Ar Aghaidh (SCEIDEAL. ORDÚ SLÁINTÍOCHTA PUIRT CHORCAIGHE, 1936.) |
[EN] | ||
Uimhir 2 (Príobháideach) de 1937. | ||
[EN] |
ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH ÓN ROINN RIALTAIS ÁITIÚLA AGUS SLÁINTE PUIBLÍ, 1937. | |
ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AR ORDÚ SLÁINTÍOCHTA PUIRT CHORCAIGHE, 1936. | ||
[11adh Márta, 1937.] | ||
DE BHRÍ go bhfuil an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí tar éis Ordú Sláintíochta Puirt Chorcaighe, 1936, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do dhéanamh go cuibhe fé sna Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, fé mar atáid oiriúnuithe leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922): | ||
AGUS DE BHRÍ fé fhorálacha na nAchtanna san ná beidh aon fheidhm ar bith ag an Ordú san mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tOireachtas é dhaingniú: | ||
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An tOrdú sa Sceideal do dhaingniú. |
1. —Daingnítear leis seo an tOrdú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh lán-dleathacht agus lánfheidhm ag á fhorálacha uile. |
[EN] |
Gearr-theideal. |
2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Shealadaigh ón Roinn Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, 1937 , do ghairm den Acht so. |