3 1935


Uimhir 3 (Príobháideach) de 1935.


ACHT BÓTHAIR IARAINN CHUIDEACHTA MHUILNEOIREACHTA CHORCAIGHE, 1935.


ACHT CHUN A ÚDARÚ DO CHUIDEACHTA MHUILNEOIREACHTA CHORCAIGHE, TEORANTA, BÓTHAR IARAINN DO DHÉANAMH Ó ÁITREABH A MUILINN AR CHÉ VICTORIA, CORCAIGH, GO DTÍ BÓITHRE IARAINN CHUIDEACHTA MHÓR-BHÓITHRE IARAINN AN DEISCIRT. [26adh Iúl, 1935.]

Roimhrá.

DE BHRÍ ná fuil bóthar iarainn o áitreabh muilinn Chuideachta Mhuilneoireachta Chorcaighe, Teoranta, ar Ché Victoria, Corcaigh, go dtí bóithre iarainn Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt atá in aice an áitreibh sin agus go bhfuil sé oiriúnach don Chuideachtain bóthar iarainn do bheith acu díreach go dtí n-a Muilte i Magh Ealla, i Mainistir na Corann agus i Mainistir Fhearmuighe chun gráin d'iompar de bhóthar iarainn o n-a sadhló ag an Muileann san acu i gCorcaigh go dtí na Muilte sin acu no go háit eile:

AGUS DE BHRÍ go gcuirfí ar a gcumas san do dhéanamh dá ndeintí i gContae-Bhuirg Chorcaighe an Bóthar Iarainn agus na hoibreacha tuairiscítear anso ina dhiaidh seo:

AGUS DE BHRÍ gur lóisteáladh go cuibhe le Prímh-Chléireach Oifig na mBillí Príobháideacha Pleananna agus Teascáin ar a dtaisbeántar línte agus leibhéil na mBóthar Iarainn agus na nOibreacha eile agus Pleananna ar a dtaisbeántar na tailte féadfar d'úsáid go héigeanta chun crícheanna no fé chomhachta an Achta so agus fós Leabhar Eolais do sna Pleananna san ina bhfuil ainmneacha únaerí agus léasaithe no únaerí agus léasaithe tuairimithe (más ann dóibh) agus sealbhairí (más ann dóibh) na dtailte sin agus go ngairmtear san Acht so na Pleananna, na Teascáin agus an Leabhar Eolais lóisteálta de sna Pleananna, de sna Teascáin agus den Leabhar Eolais sin fé seach:

AGUS DE BHRÍ nách féidir crícheanna an Achta so do chur in éifeacht gan údarás ón Oireachtas:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Bóthair Iarainn Chuideachta Mhuilneoireachta Chorcaighe, 1935 , do ghairm den Acht so.

Achtanna d'ionchorprú.

2. —Deintear na hAchtanna agus na coda d'Achtanna so leanas (ach amháin i gcás iad d'atharú go soiléir leis an Acht so no iad do bheith buiniscionn leis) d'ionchorprú leis an Acht so agus is cuid den Acht so iad:—

an chuid sin amháin den Railway Clauses Consolidation Act, 1845, a bhaineann leis an mbóthar iarainn agus na hoibreacha ghabhann leis do dhéanamh agus le hiad d'aistriú, do dhíol, no do chur ar léas;

Cuid I (a bhaineann le bóthar iarainn do dhéanamh) den Railway Clauses Act, 1863.

Léiriú.

3. —San Acht so mara n-éilíonn an t-abhar no an có-théacs a mhalairt—

cialluíonn an abairt “an Chuideachta” Cuideachta Mhuilneoireachta Chorcaighe, Teoranta;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “an Bhuirg” Contae-Bhuirg Chorcaighe;

cialluíonn an abairt “Innealltóir na Cathrach” an té is Suirbhéir Buirge de thurus na huaire don Bhuirg;

cialluíonn an abairt “an Bárdas” Ard-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaighe;

cialluíonn an abairt “an Chuideachta Bhóthair Iarainn” Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt;

cialluíonn an abairt “an bóthar iarainn” an bóthar iarainn no an leataobh a húdaruítear leis an Acht so;

cialluíonn an focal “sráid” carráiste-bhealach ar bith is bóthar puiblí agus cé ar bith; agus i gcás an bhóthaír iarainn do dhul trasna aon chosáin folóidh sé an cosán san ach amháin mar a n-éilíonn an có-théacs a mhalairt;

cialluíonn an abairt “comhacht mheicniúl” comhacht leictreachais agus aon chomhacht tiomána eile nách comhacht ainmhí.

Comhacht chun bóthair iarainn do dhéanamh.

4. —Fé réir forálacha an Achta so féadfaidh an Chuideachta, laistigh den Bhuirg, an bóthar iarainn agus na línte bóthair iarainn a tuairiscítear anso ina dhiaidh seo de chur síos, do dhéanamh agus do chothabháil fan na línte agus do réir na leibhéal a taisbeántar ar na Pleananna agus na Teascáin lóisteálta maraon leis na leataobhacha, na siúntaí, na ráileacha, na plátaí, na hoibreacha agus na háiseanna cearta uile ghabhann leo san agus féadfaid úsáid do dhéanamh de pé cinn is gá chun na gcrícheanna san de sna tailte línítear ar na Pleananna san agus a tuairiscítear sa Leabhar Eolais lóisteálta (sé sin le rá)—

Bóthar iarainn, 207 míle ar faid, eadhon, brainse-bhóthar iarainn no leataohbh ag tosnú ag siúnta leis an líne bhóthair iarainn atá anois ann ag Cuideachta Mhor-Bhóithre Iarainn an Deiscirt (dá ngairmtear “an Chuideachta Bhóthair Iarainn” anso feasta) ar Ché Albert i gCathair Chorcaighe ag puinte atá 108 dtroighthe siar o shiúnta Bhóthair Victoria agus Ché Albert agus ag rith ina líne shingil soir fan Ché Albert go dtí Bóthar Victoria agus uaidh sin soir o dheas fan Bhóthair Victoria go dtí puinte atá 130 troigh ón siúnta san Bhóthair Victoria agus Ché Albert adubhradh agus ag dul isteach ansan in áitreabh Mhuilinn na Cuideachtan ar Bhóthair Victoria, agus líne dhúbalta á dhéanamh di laistigh den áitreabh san agus í ag rith ina líne dhúbalta trasna Sráid Furlong agus isteach i stóras na Cuideachtan ar an taobh thoir de Shráid Furlong agus ag stad laistigh den áitreabh stórais sin ag puinte atá 200 troigh soir o Shráid Furlong.

Beidh an líne ar fad laistigh de Pharóiste San Nioclás agus den Bhárd Theas i gContae Chathair Chorcaighe.

Comhacht chun bóthair iarainn do dhéanamh ar leibhéal na sráide.

5. —D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna ionchorpruithe sin maidir le trasnú aon tsráide ar a leibhéal féadfaidh an Chuideachta an bóthar iarainn do dhéanamh agus do chothabháil fan agus trasna agus ar leibhéal aon tsráide atá anois ann agus féadfaid leibhéal aon chosáin d'atharú do réir na bPleananna agus na dTeascán lóisteálta agus na forálacha de sna hAchtanna san a bhaineann le trasnú aon tsráide no aon chur isteach eile do dhéanamh uirthi ní bhainfid leis an mbóthar iarainn sa mhéid go ndéanfar é ar leibhéal no fan no trasna aon tsráide den tsórt san.

An bóthar iarainn do choimeád ar thonn na sráide.

6. —I gcás ina n-údaruítear leis an Acht so an bóthar iarainn do chur síos fan no trasna no ar leibhéal aon tsráide déanfar é do chur síos agus do chothabháil i slí go mbeidh tonn uachtair na ráileacha ar aon leibhéal le tonn na sráide agus nuair a bheidh an bóthar iarainn á dhéanamh ag an gCuideachtain fan no trasna no ar leibhéal aon tsráide atá anois ann ní chlaonfaid, gan toiliú an Bhárdais, o leibhéil na sráide sin mar a taisbeántar iad ar na Teascáin lóisteálta.

Leithead.

7. —Beidh an bóthar iarainn cúig troighthe agus trí órlach ar leithead.

Fuirm na ráileacha.

8. —Ní mór Innealltóir na Cathrach d'aontú le fuirm na ráileach a cuirfear síos fan no trasna aon tsráide agus má bhíonn an Chuideachta mí-shásta le n-a bhreith féadfaid athchomharc do dhéanamh chun an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin.

Comhacht tiomána.

9. —Fé réir forálacha an Achta so féadfaidh an Chuideachta an bóthar iarainn d'oibriú le comhacht mheicniúil no le comhacht ainmhí.

Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála oibriú an bhóthair iarainn ar shráid, etc., do rialú.

10. —(1) I gcás an bhóthair iarainn do chur síos fan no trasna agus ar leibhéal aon tsráide puiblí beidh an Chuideachta, no aon chuideachta eile úsáidfidh an bóthar iarainn, fé réir gach rialacháin agus déanfaid do réir gach rialacháin ordóidh an tAire maidir le hoibriú tráchta no le luas traenacha ar an mbóthar iarainn agus bheirtear comhacht leis seo don Aire na rialacháin sin do dhéanamh agus, chuige sin, pé fiosrúchán do dhéanamh is oiriúnach leis.

(2) Má dheineann an Chuideachta no aon chuideachta eile an bóthar iarainn d'úsáid contrárdha d'fhorálacha na rialachán san beid ciontach i gcionta agus ar iad do chiontú dlighfear pionós ná raghaidh thar deich bpúint do chur ortha in aghaidh gach cionta fé leith den tsórt san.

Sráideanna ar a mbeidh an bóthar iarainn curtha síos do dheisiú.

11. —Déanfaidh an Chuideachta gach tráth ar a gcostas féin agus fé mhaoirseacht agus chun sástachta réasúnta Innealltóra na Cathrach an chuid a bheidh idir ráileacha an bhóthair iarainn d'aon tsráid ar a mbeidh an bóthar iarainn curtha síos agus, i gcás línte dúbalta, an chuid sin freisin den tsráid a bheidh idir an dá líne ráileach agus, i gceachtar cás, an chuid sin den tsráid a bheidh dhá throigh amach thar ráileacha an bhóthair iarainn ar gach taobh do phábháil le bluic adhmaid, clocha pábhála, concréit, asfalt, no aon abhar eile cheadóidh Innealltóir na Cathrach agus iad do ghlanadh, d'uisciú, do chothabháil agus do choiméad i staid agus i dtreo mhaith.

Có-aontuithe leis an mBárdas.

12. —Féadfaidh an Bárdas ar thaobh agus an Chuideachta ar an taobh eile, o am go ham, connartha, có-aontuithe, no socruithe do dhéanamh agus do chur in éifeacht maidir le haon tsráid agus an bóthar iarainn uirthi do chur síos, do dhéanamh, do phábháil, do mhiotalú no do choimeád i dtreo no maidir le leibhéil iomláine aon tsráide no aon choda d'aon tsráid d'atharú go n-údaruítear don Chuideachtain an bóthar iarainn do chur síos uirthi agus maidir leis an gcion a bheidh le n-íoc acu no ag ceachtar acu de chostas an bhóthair iarainn no na sráide sin no a leibhéalanna do chur síos, do dhéanamh, do phábháil, do mhiotalú, do choimeád i dtreo no d'atharú agus féadfaid o am go ham na connartha, na có-aontuithe, no na socruithe sin d'atharú no d'athnuachaint.

Có-aontuithe leis an gCuideachta Bhóthair Iarainn.

13. —Féadfaidh an Chuideachta a am go ham connartha, có-aontuithe no socruithe do dhéanamh le haon chuideachtain chun an bhóthair iarainn agus na n-oibreacha no aon choda no codanna dhíobh d'oibriú, d'úsáid, agus do chothabháil no chun stuic rothlaidh agus chun measínteachta agus gléasra bheidh riachtanach do sholáthar chun an chéanna d'oibriú agus d'úsáid ar pé téarmaí ar a gcó-aontófar a am go ham.

Tréimhse chun an bhóthair iarainn do chríochnú.

14. —Déanfaidh an Chuideachta an bóthar iarainn agus an fearas ceart chun a oibrithe do chríochnú, ullamh chun a n-úsáidthe, fé cheann cúig mblian o dháta an Achta so do rith, agus na comhachta deontar leis an Acht so don Chuideachtain chun an chéanna do dhéanamh no ar aon tslí eile ina thaobh beidh deireadh leo ar bheith caithte don tréimhse sin de chúig bliana ach amháin maidir le pé méid den chéanna bheidh críochnuithe an uair sin.

Comhacht chun sráideanna, etc., do bhriseadh.

15. —Chun an bhóthair iarainn a húdaruítear leis an Acht so no chun aon choda no codanna dhe fé seach do chur síos, do dhéanamh, do chothabháil agus d'ath-nuachaint féadfaidh an Chuideachta o am go ham aon tsráid d'oscailt agus do bhriseadh agus, fé mar a húdaruítear leis an Acht so, a leibhéal d'atharú, fé réir na rialachán so leanas:—

(1) Bhéarfaidh an Chuideachta d'Innealltóir na Cathrach fógra á rá go bhfuilid chun san do dhéanamh agus cadé an t-am a thosnóid ar é dhéanamh agus cadé an chuid den tsráid atá beartuithe d'oscailt no do bhriseadh agus bhéarfar an fógra san seacht lá ar a laighead roimh thosnú ar an obair.

(2) Ní dhéanfaidh an Chuideachta aon tsráid d'oscailt ná do bhriseadh ná a leibhéal d'atharú ach amháin fé mhaoirseacht agus chun sástachta réasúnta Innealltóra na Cathrach maran rud é go ndiúltóidh Innealltóir na Cathrach no go bhfailleoidh sé an mhaoirseacht san do dhéanamh an t-am a bheidh luaidthe i bhfógra na Cuideachtan no go n-eireoidh sé as an maoirseacht san do dhéanamh aon uair le linn na hoibre do bheith ar siúl. Ní bheidh sé dleathach don Chuideachtain aon tsráid do shúncáil ná d'árdú gan an tonn iomlán do thabhairt ar aon leibhéal amháin mara n-orduighidh Innealltóir na Cathrach a mhalairt.

(3) Íocfaidh an Chuideachta gach costas réasúnta fé n-a raghaidh an Bárdas mar gheall ar an maoirseacht san.

(4) Ní dhéanfaidh an Chuideachta, gan toiliú Innealltóra san na Cathrach, níos mó ná dhá chéad slat as a chéile d'fhaid aon tsráide d'oscailt ná do bhriseadh aon tráth áirithe.

Sráid do chur ina seana-riocht.

16. —Nuair a bheidh sráid no aon chuid de shráid oscailte no briste ag an gCuideachtain beidh na hoblagáidí seo leanas ar an gCuideachtain, eadhon:—

(1) Chó luath agus is féidir é agus fé cheann ocht seachtaine ar a mhéid (mara dtoilighidh an Bárdas i scríbhinn chun a mhalairt) críochnóidh an Chuideachta an obair gur mar gheall uirthi d'oscladar no do bhriseadar an tsráid agus (fé réir an bhóthair iarainn do chur síos, do dhéanamh, do chothabháil no d'athnuachaint) líonfaid leibhéal na talmhan agus slanóid an tonn agus déanfaid chun sástachta Innealltóra na Cathrach an chuid den tsráid do chur i riocht chó maith leis an riocht ina raibh sí sarar hoscladh no sarar briseadh í, agus glanfaid as an slí an fuighleach abhair phábhála no mhiotaluithe go léir no an truflais go léir a bheidh ann dá dheascaibh sin agus, i gcás aon áite trasnuithe bhrisfidh an Chuideachta, déanfaidh an Chuideachta an áit trasnuithe sin do phábháil leithead iomlán na sráide gur trasna uirthi théidheann an áit trasnuithe sin.

(2) Idir dhá linn cuirfidh an Chuideachta fé ndeár an áit ina mbeidh an tsráid oscailte no briste d'fhálú agus d'fhaire, agus do shoillsiú sa cheart istoíche, agus soláthróid agus cothóid, chun sástachta Innealltóra na Cathrach, slí cheart dóthanach gabhála agus athghabhála do gach paisnéir agus do gach sórt tráchta feithiclí agus ainmhithe agus tráchta phuiblí fan na sráide sin.

(3) Go ceann sé mí tar éis na gcoda san den tsráid sin a hosclófar no brisfear amhlaidh do bheith curtha ina seana-riocht is ar an gCuideachtain a bheidh muirear gach costais réasúnta bhainfidh le hiad do dheisiú agus isé Innealltóir na Cathrach a dheimhneoidh na costaisí sin agus ní bheidh dul thar a dheimhniú san.

(4) Má theipeann ar an gCuideachtain in aon tslí déanamh do réir forálacha an ailt seo beidh an Chuideachta ciontach i gcionta agus ar iad do chiontú dlighfear, in aghaidh gach cionta den tsórt san (gan dochar d'aon leigheas eile ina gcoinnibh), pionós ná raghaidh thar deich bpúint do chur ortha agus pionós breise ná raighaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfaidh aon teip den tsórt san tar éis an chéad lae raghfar fén bpionós agus tuitfidh aon phionós den tsórt san chun an Bhárdais agus beidh sé dá gcuid féin acu agus beidh sé ina chuid de sna cistí is ionchurtha chun na sráideanna do chothabháil.

Socrú maidir le camraí agus dréineacha.

17. —(1) Chun an bhóthair iarainn no na n-oibreacha no na n-áiseanna eile no aon choda dhíobh do chur síos, do dhéanamh, do chothabháil, do dheisiú no d'athnuachaint féadfaidh an Chuideachta o am go ham, i gcás agus sa mhéid gur gá é no go bhfeicfear dóibh é bheith oiriúnach chun cosc do chur le deisiú no oibreacha ghabhann leis an mbóthar iarainn no eile do bheith ag cur isteach go minic ar thrácht, suidheamh aon chamraí no dréineacha, mór-phíopaí no píopaí soláthruithe uisce, íle, petrol no geas no suidheamh aon fheadán, sreanganna no gléasra chun críche ar bith (seachas crícheanna telegrafaíochta) d'atharú fé réir forálacha an Achta so agus fe réir na sriana foráltar anso ina dhiaidh seo.

(2) Roimh an bóthar iarainn do chur síos in aon tsráid ina bhfuil aon chamraí, dréineacha, mór-phíopaí, píopaí, comhlaí, taomairí, buaca, feadáin, sreanga no gléasra curtha síos, déanfaidh an Chuideachta, pe'ca bheid ar aigne suidheamh na gcamraí, na ndréineacha, na mór-phíopaí, na bpíopaí, na gcomhlaí, na dtaomairí, na mbuaca, na bhfeadán, na sreang no an ghléasra san d'atharú no ná beid, fógra seacht lá do thabhairt don Bhárdas no don duine gur leis na camraí, na dréineacha, na mór-phíopaí, na píopaí, na comhlaí, na taomairí, na buaca, na feadáin, na sreanga no an gléasra san no gur fé n-a smacht atáid, fógra á rá go mb'fhéidir go dtiochfadh as an mbóthar iarainn do dhéanamh mar atá beartuithe go gcuirfí i mbaol aon chamraí, dréineacha, mór-phíopaí, píopaí, comhlaí, taomairí, buaca, feadáin, sreanga no gléasra don tsórt san no go ndéanfaí cur isteach no bac ar dhréineáil no ar gheas, uisce no leictreachas do sholáthar no go ndéanfaí cur isteach no cosc ar an slí chun teacht ar dhréineacha, mór-phíopaí, píopaí, comhlaí, taomairí, buaca, feadáin, sreanga no gléasra den tsórt adubhradh, agus ar a ndeisiú no a gcothabháil. Féadfaidh an Bárdas no an duine sin (do réir mar bheidh) fógra do thabhairt don Chuideachtain á rá leo na camraí, na dréineacha, na mór-phíopaí, na píopaí, na comhlaí, na taomairí, na buaca, na feadáin, na sreanga no an gléasra san d'ísliú no a suidheamh d'atharú ar shlí eile no iad do chosaint ar an gcuma san a ceapfar do bheith riachtanach agus déanfar aon deifríocht, i dtaobh ce'ca tá an t-ísliú no an t-atharú no an chosaint sin riachtanach no ná fuil, do shocrú sa tslí foráltar san Acht so chun deifríochtaí idir an Chuideachta agus aon duine don tsórt san do shocrú agus gach obair no atharú déanfar fén alt so déanfar é gan dochar ná ceataí ach an méid is lugha is féidir sa chás, don Bhárdas no don duine sin gur leis na camraí, na dréineacha, na mór-phíopai, na píopai, na comhlaí, na taomairí, na buaca, na feadáin, na sreanga no an gléasra san no gur fé n-a smacht atá an céanna no d'áitreabhaigh an cheanntair, agus fós déanfar é fé mhaoirseacht Innealltóra na Cathrach no innealltóra aon duine den tsórt san, más oiriúnach leis teacht i láthair tar éis do fógra ocht n-uaire ceathrachad a' chluig ar a laighead d'fháil chuige sin, fógraí ceangailtear leis seo ar an gCuideachtain do thabhairt uatha.

(3) Ní aistreoidh an Chuideachta ná ní chuirfid as a ionad aon cheann de sna camraí, na dreineacha, na mór-phíopaí, na píopaí, na comhlaí, na taomairí, na buaca, na feadáin, ná na sreanga ná aon chuid den ghléasra ná d'aon oibreacha eile is leis an mBárdas no le duine ar bith no gur fé smacht an Bhárdais no dhuine ar bith atáid ná ní dhéanfaid éinní chun cosc do chur le camraíocht, dréineacht, geas, uisce, íle, petrol no leictreachas do dhul isteach sna camraí, na dréineacha, na mór-phíopaí, na píopaí, na comhlaí, na taomairí, na buaca, na feadáin no na sreanga san no tríotha, no isteach sa ghléasra san no tríd, gan toiliú an Bhárdais no an duine sin, ná in aon tslí seachas mar a cheadóidh an Bárdas no an duine sin, go dtí go ndéanfar agus go gcuirfear síos ina n-ionad, ar chostas na Cuideachtan, ullamh le húsáid agus chun sástachta réasúnta Innealltóra na Cathrach no innealltóra an duine sin, do réir mar bheidh, no, i gcás easaontais idir Innealltóir na Cathrach no innealltóir an duine sin agus an Chuideachta, fé mar ordóidh innealltóir a cheapfaidh an tAire, pé camraí, dréineacha, mór-phíopaí, píopaí, comhlaí, taomairí, buaca, feadáin, sreanga no gléasra agus oibreacha eile, agus iad go maith agus go dóthanach, is gá no is ceart chun an chórais dréineála no an tsoláthair geas no uisce do choimeád ar siúl chó héifeachtúil agus deintí an dréineáil no an soláthar san tré sna camraí, na dréineacha, na mór-phíopaí, na píopaí, na comhlaí, na taomairí, na buaca, na feadáin no na sreanga, no tríd an ngléasra, a bheidh beartuithe do chur as ionad no d'aistriú.

(4) Ní dhéanfaidh an Chuideachta aon chamraí, dréineacha, mór-phíopaí, píopaí, comhlaí, taomairí, buaca, feadáin, sreanga, no gléasra, den tsórt san, do chur síos contrárdha d'fhorálacha aon Achta bhaineann leis an gcéanna.

(5) Slánóidh an Chuideachta an damáiste go léir a dhéanfaid, ag déanamh an bhóthair iarainn dóibh, do gach sráid, camra, dréin, mor-phíopa, píopa, comhla, taomaire, buac, feadán, sreang, gléasra, obair agus maoin is leis an mBárdas no le duine ar bith no gur fé smacht an Bhárdais no dhuine ar bith atáid, agus bhéarfaid cúiteamh iomlán do gach páirtí in aon chaillteanas no damáiste thárlóidh de dheascaibh aon churtha isteach ar an maoin sin, no ar phíopaí no sreanga seirbhíse príobháidighe duine ar bith dá soláthruítear geas, uisce no leictreachas.

Ceart an Bhárdais chun sráideanna d'oscailt.

18. —Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so cealú ná laigheadú ar aon chomhacht chun sráide ar bith d'oscailt no do bhriseadh go mbeidh an bóthar iarainn curtha síos ar a feadh no trasna uirthi ná ar aon chomhacht eile atá dílsithe sa Bhárdas no i nduine ar bith chun aon chamraí, dréineacha, mór-phíopaí no píopaí chun soláthruithe uisce, íle, petrol no geas, no aon fheadáin, sreanga no gléasra chun crícheanna telegrafaíochta, leictreachais no eile, do chur síos, do dheisiú, d'atharú no d'aistriú; ach ag feidhmiú na comhachta san dóibh beidh an Bárdas agus gach duine den tsórt san ach amháin an tAire Puist agus Telegrafa fé réir na srian so leanas:

(1) Ní dhéanfaid dochar ná ceataí don Chuideachtain ach an méid is lugha is féidir sa chás.

(2) Sara dtosnóid ar aon obair den tsórt san le n-a gcuirfear isteach ar an trácht ar an mbóthar iarainn bhéarfaid fógra don Chuideachtain (ach amháin i gcás práinne, agus ní gá aon fhógra sa chás san) á rá go bhfuil ar intinn acu tosnú ar an obair sin agus cadé an t-am a thosnóid ar an obair sin agus bhéarfar an fógra san ocht n-uaire ceathrachad a' chluig ar a laighead sara dtosnóid ar an obair sin.

(3) Ní dhlighfid aon chúiteamh d'íoc leis an gCuideachtain i ndíobháil do-sheachanta a déanfar don bhóthar iarainn ná i gcailliúint tráchta thiocfaidh de dhruim na hoibre sin do dhéanamh, ná i bhfeidhmiú réasúnta na comhachta atá dílsithe ionta mar adubhradh.

(4) I gcás ar bith ina gceanglóidh an Bárdas no duine ar bith den tsórt san ortha é chun a chur ar chumas an Bhárdais no an duine sin an obair sin do dhéanamh stopfaidh an Chuideachta an trácht ar an mbóthar iarainn, mar a gcuirfeadh sé isteach ar an obair sin mara ndeintí san, no cuirfid tacaí leis an mbóthar iarainn agus daingneoid é ar a gcostas féin le linn na hoibre do bheith á déanamh: Ach déanfaidh an Bárdas no an duine sin an obair sin do chríochnú i ngach cás chó luath agus is féidir é do réir réasúin.

(5) Ní dhéanfaidh an Bárdas ná aon duine den tsórt san an obair sin, sa mhéid go mbainfe sí go díreach leis an mbóthar iarainn, ach amháin fé mhaoirseacht innealltóra na Cuideachtan maran rud é go ndiúltóidh no go bhfailleoidh an Chuideachta an mhaoirseacht san do dhéanamh an tráth a luadhfar sa bhfógra chun tosnuithe ar an obair, agus déanfaidh an Bárdas agus gach duine den tsórt san an obair sin ar a gcostas féin agus chun sástachta réasúnta innealltóra na Cuideachtan.

Costas na n-oibreacha.

19. —Lasmuich de chás ina mbeid ionroinnte fé sna forálacha atá anso roimhe seo beidh de mhuirear ar an gCuideachtain agus íocfaid as a gcuid airgid féin na costaisí agus na caiteachaisí uile bhainfidh agus gheobhaidh le déanamh an bhóthair iarainn agus le déanamh na n-oibreacha a húdaruítear leis seo agus a bhainfidh le cúram, cothabháil, deisiú agus coimeád-suas an chéanna sa tslí adubhradh.

Gan trácht do chosc.

20. —Le linn aon oibreacha a húdaruítear leis an Acht so do bheith á ndéanamh déanfaidh an Chuideachta pé socruithe maidir le déanamh na n-oibreacha san is dóich leis an mBárdas is ceart chun ná cuirfear isteach thar mar is gá ar an trácht fan na sráide.

An Chuideachta do bheith freagarthach in airgead damáiste.

21. —Beidh an Chuideachta freagarthach i ngach tionóisc, damáiste no díobháil a thárlóidh tré n-a ngníomhartha mí-chearta no tré n-a bhfaillíocha féin no tré ghníomhartha mí-chearta no tré fhaillíocha duine ar bith go mbeidh connradh déanta aige leo féin no fo-chonnradh le n-a gconnarthóir no tré ghníomhartha mí-chearta no tré fhaillíocha éinne bheidh ar fostú acu chun na n-oibreacha do dhéanamh a húdaruítear leis an Acht so no i ndéanamh na n-oibreacha san; agus déanfaidh an Chuideachta gach tráth an Bárdas, a n-oifigigh agus a seirbhísigh do choimeád saor agus slán ar gach caillteanas, airgead damáiste agus costas fé n-a raghfar mar adubhradh agus fé n-a raghaidh an Bárdas no ina mbeid freagarthach, no maidir leis an damáiste no an díobháil sin no maidir le éilithe mar gheall ar an gcéanna.

Ceart maidir le sráid.

22. —D'ainneoin éinní atá san Acht so ní bhfuighidh an Chuideachta aon cheart ná ní tuigfear iad d'fháil aon chirt seachas ceart chun úsáide do dhéanamh, tré innill, gluaisteáin, stoc rothlaidh, capaill agus seirbhísigh na Cuideachtan no aon chuideachtan no duine eile bheidh ag oibriú an bhóthair iarainn thar ceann na Cuideachtan, d'aon tsráid gur ar a feadh no trasna uirthi chuirfid síos an bóthar iarainn agus ní bheidh ar an gCuideachtain ná ní dhlighfid cúiteamh d'íoc leis an mBárdas ná le duine ar bith, alos an chirt úsáide sin d'fháil, ach amháin tré chostaisí d'íoc agus oibreacha do dhéanamh mar a foráltar anso roimhe seo.

Cosaint do chirt an Aire Puist agus Telegrafa.

23. —Ní údaróidh éinní atá san Acht so aon chur isteach do dhéanamh ar aon líne thelegrafach is leis an Aire Puist agus Telegrafa mar a mínítear san leis na hAchtanna Telegrafa, 1863 go 1928, ná ar aon mhaoin eile is leis an Aire Puist agus Telegrafa ná ar aon cheart dá bhfuil ag an Aire Puist agus Telegrafa fé sna hAchtanna san.

Chun an Chuideachta Bhóthair Iarainn do chosaint.

24. —Mara gcó-aontuighidh an Chuideachta agus an Chuideachta Bhóthair Iarainn ar a mhalairt isé an Chuideachta Bhóthair Iarainn a dhéanfaidh siúnta an bhóthair iarainn le bóithre iarainn na Cuideachtan Bóthair Iarainn agus san ar chostas na Cuideachtan agus ar an gcuma san i ngach slí a taisbeánfar ar phleananna agus a tuairisceofar in áirmheachtaí cuirfear fé bhráid an phrímh-innealltóra don Chuideachta Bhóthair Iarainn roimh ré agus le n-a n-aontóidh sé i scríbhinn no, má theipeann air aontú leis na pleananna agus na háirmheachtaí sin fé cheann dhá mhí tar éis a seachadtha, do réir phleananna agus áirmheachtaí socrófar tré eadrascán sa tslí foráltar anso ina dhiaidh seo.

Chun Comisinéirí Chuan Chorcaighe do chosaint.

25. —Nuair a bheidh an bóthar iarainn á oibriú agus á úsáid ag an gCuideachtain no ag aon chuideachtain no duine eile déanfaid do réir pé rialachán réasúnta dhéanfaidh Coimisinéirí Chuan Chorcaighe chun cosc do chur, sa mhéid gur féidir é, le bac ar thrácht úsáideann na céibheanna fé n-a n-urláimh no ar ládáil no ar dhí-ládáil árthach a thaithíonn na céibheanna san.

Chun Bord Soláthair an Leictreachais do chosaint.

26. —Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so a údarú don Chuideachtain cur isteach ar aon cheann de shreanga leictreachais no d'oibreacha Bhúird Soláthair an Leictreachais, ach amháin le toiliú an Aire agus fé réir pé téarmaí agus coinníollacha is dóich leis an Aire is ceart tar éis do dul i gcomhairle leis an mBord san.

Pionóisí do bhaint amach.

27. —Féadfar na pionóisí uile fén Acht so do bhaint amach agus d'fhoirfheidhmiú, sa tslí a horduítear leis na hAchtanna Dlighinse Achmair, os cóir Cúirte Dlighinse Achmair.

Orduithe agus rialacháin do dhílse-dheimhniú.

28. —Na horduithe agus na rialacháin uile dhéanfaidh an tAire fén Acht so séalófar iad le Séala an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

Foráil chun a chur in áirithe go ndéanfar an bóthar iarainn do chothabháil.

29. —Déanfaidh an Chuideachta gach tráth na ráileacha gurb iad an bóthar iarainn iad de thurus na huaire agus an fódhéanmhas ar a luigheann an céanna do chothabháil agus do choimeád i staid agus i dtreo mhaith agus i slí nách baol ná ceataí iad don ghnáth-thrácht.

An bóthar iarainn do chur de láimh.

30. —Féadfaidh an Chuideachta, fé réir an Aire d'aontú leis sin, connartha, có-aontuithe no socruithe do dhéanamh o am go ham leis an gCuideachta Bhóthair Iarainn chun an bhóthair iarainn no aon choda no codanna dhe d'aistriú, do dhíol, do chur ar léas no do chur de laimh ar shlí eile.

Rialacháin i dtaobh comhachta leictreachais d'úsáid.

31. —(1) Is do réir rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so feidhmeofar na comhachta bronntar leis an Acht so maidir le comhacht leictreachais d'úsáid.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis do dul i gcomhairle le Bord Soláthair an Leictreachais, rialacháin do dhéanamh agus féadfaidh o am go ham, tar éis do dul i gcomhairle amhlaidh, na rialacháin sin do chur ar nea-mbrí no d'atharú no cur leo, chun a chur in áirithe gur le gach cúram ceart réasúnta i gcoinnibh baoil don phuiblíocht no damáiste do mhaoin aon chuideachtan, cóluchta no duine a húsáidfear comhacht leictreachais fé sna comhachta bronntar leis an Acht so.

(3) Nuair a bheidh na rialacháin sin á ndéanamh ag an Aire agus nuair a bheidh sé á gcur ar nea-mbrí no á n-atharú no ag cur leo, féachfaidh don chostas a thiocfaidh as san don Chuideachtain agus don deifir a dhéanfaidh san do chúrsaí airgeadais an bhóthair iarainn.

(4) Dlighfear an Chuideachta no aon chuideachta, cólucht no duine eile úsáidfidh comhacht leictreachais contrárdha d'fhorálacha an Achta so no d'aon rialachán ar n-a ndéanamh fé do chur fé phionós ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach cionta den tsórt san agus fós, i gcás cionta leanúnaigh, fé phionós bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san tar éis iad do chiontú ann; ach féadfaidh an tAire le hordú, pe'ca bheidh an pionós san bainte amach no ná beidh, más dóich leis go ndearna an Chuideachta no aon chuideachta, cólucht no duine úsáideann comhacht leictreachais faillí maidir le forálacha an Achta so no le haon rialacháin ar n-a ndéanamh fé do chólíonadh no más deimhin leis gur dainnséar don phuiblíocht an chomhacht san d'úsáid, a ordú don Chuideachtain, no don chuideachtain sin, no don chólucht no don duine sin scur de sna comhachta san d'fheidhmiú bronntar leis an Acht so maidir le comhacht leictreachais d'úsáid agus leis sin scuirfidh an Chuideachta, no an chuideachta san, no an cólucht no an duine sin de sna comhachta san no d'aon cheann acu d'fheidhmiú ach amháin le toiliú an Aire, a húdaruítear do leis seo do thabhairt le hordú agus fé réir pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis.

Ceart na puiblíochta chun sráideanna d'úsáid d'fhorcoimeád.

32. —Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so cealú ná laigheadú ar cheart na puiblíochta chun gabháil fan no trasna gach coda no aon choda d'aon tsráid go mbeidh an bóthar iarainn curtha síos ar a feadh, pe'ca ar an líne bhóthair iarainn é no lasmuich di, le feithiclí gan rothaí fútha bheidh oiriúnach chun rith ar ráil an bhóthair iarainn agus uirthi sin amháin.

Eadrascán.

33. —Má eiríonn aon aighneas no deifríocht idir an Bárdas no Innealltóir na Cathrach no duine ar bith no innealtóir do dhuine ar bith agus an Chuideachta maidir le déanamh, oibriú no cothabháil an bhóthair iarainn no aon choda dhe no na n-oibreacha bhainfidh no gheobhaidh leis no maidir leis an mBárdas no duine ar bith do dhéanamh aon oibreacha dhéanfaidh deifir don bhóthar iarainn no d'aon chuid de no cur isteach ar an gcéanna no bhéarfaidh gur gá an trácht ar an mbóthar iarainn no ar aon chuid de do stad no maidir le staid an bhóthair iarainn no aon choda dhe no maidir le héinní no aon rud eile bhaineann le déanamh agus cothabháil no oibriú an bhóthair iarainn no aon choda dhe no le feidhmiú na gcomhacht a bronntar ar an gCuideachtain no ar an mBárdas no ar dhuine ar bith no maidir le héinní no aon rud eile rialáltar leis an Acht so no atá san Acht so cuirfear an céanna fé bhráid eadrascánaí cheapfaidh an tAire ar iarratas an Bhárdais no na Cuideachtan no duine ar bith den tsórt san adubhradh agus socróidh seisean é agus bhéarfaidh breith air agus beidh an t-eadrascán san do réir forálacha an Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1856, agus beidh údarás ag an eadrascánaí chun a chinneadh cé íocfaidh costas an churthafé-bhráid sin.

Usáid an bhóthair iarainn.

34. —(1) Ní húsáidfear an bóthar iarainn ach amháin chun earraí ceannaíochta d'iompar.

(2) Ní rithfear níos mó ná deich dtraenacha sa ló ar an mbóthar iarainn.

An bóthar iarainn d'oscailt.

35. —Ní hesclófar aon chuid den bhóthar iarainn i gcóir tráchta go dtí go mbeidh an céanna iniúchta agus deimhnithe bheith oiriúnach i gcóir tráchta ag innealltóir a cheapfaidh an tAire chun na críche sin.

Na forálacha de sna Regulation of Railway Acts, 1840-1889, i dtaobh tionóiscí agus pé cinn de sna forálacha eile dhíobh san go n-ordóidh an tAire o am go ham le hordú feidhm do bheith acu maidir leis an mbóthar iarainn bainfid, fé réir forálacha an Achta so, leis an mbóthar iarainn agus nuair a bheidh na hAchtanna san á léiriú chun crícheanna an Achta so folóidh an abairt “the Company” atá san Acht san an Chuideachta mar a mínítear san in alt 3 den Acht so.

Costaisí an Aire.

36. —Sa mhéid go gcinnfidh an tAire Airgid é ísí an Chuideachta íocfaidh aon chostaisí fé n-a raghaidh an tAire i bhfeidhmiú a chomhacht agus a fheidhmeanna fén Acht so.

Cosaint do chirt an Stáit.

37. —Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so deifir d'aon mhaoin, réalta no pearsanta, atá dílsithe i Saorstát Éireann no in aon Aire do Shaorstát Éireann, no in aon bhord no cólucht a fheidhmíonn aon fheidhmeanna rialtais no riaracháin phuiblí ná ní léireofar é mar ní theorannuíonn no dhocharuíonn cearta Shaorstáit Éireann no aon cheart, comhacht, príbhléid, no dualgas atá dílsithe do réir dlí in aon Aire no in aon oifigeach do Shaorstát Éireann agus go sonnrách ní déanfar aon chomhachta, chun aon oibreacha do thógáil, do dhéanamh, d'atharú no do leathanú ar aon mhaoin den tsórt san roimhráite, do léiriú mar nithe bhronnann ar an gCuideachtain aon chearta chun dul isteach ar aon mhaoin den tsórt san no aon estát no leas inti ach ní oibreoidh an t-alt so chun na Cuideachtan do chosc ar na comhachta san d'fheidhmiú do réir an Achta so má bhíonn agus nuair a bheidh an ceart san roimhráite chun dul isteach faighte go cuibhe do réir dlí ag an gCuideachtain.

Costaisí an Achta.

38. —D'ainneoin aon fhorála atá anois ann beidh de mhuirear ar an gCuideachtain agus íocfaid as a gcuid airgid féin na costaisí agus na caiteachaisí bhaineann agus a ghabhann leis an Acht so d'ullamhú, d'iarraidh, agus do rith, no fé n-a raghfar ar aon tslí eile ina thaobh san.