Ar Aghaidh (CUID I. Roimhraiteach.)

2 1935


Uimhir 2 (Príobháideach) de 1935.


ACHT CHUAN NA GAILLIMHE, 1935.


ACHT CHUN COIMISINÉIRÍ CHUAN NA GAILLIMHE D'ATH-BHUNÚ AR CHUMA NÍOS IONADATHAIGHE AGUS CHUN A nIONCHORPARÚ DO BHUANÚ, AGUS CHUN COMHACHT (AR A nAIRMHÍTEAR COMHACHTA CHUN IASACHTAÍ D'FHÁIL) DO BHRONNADH ORTHA CHUN PORT AGUS CUAN NA GAILLIMHE D'AIREACHASU AGUS DO BHUAN-CHOIMEAD, D'FHEABHSÚ AGUS D'FHORBAIRT, AGUS CHUN A SHOCRÚ GO nDÉANFAR OIBREACHA ÁIRITHE ANN, AGUS CHUN A SHOCRÚ GO nDEANFAIDH COMHAIRLE CHONTAE NA GAILLIMHE AGUS COMHAIRLE BHAILECHEANNTAIR NA GAILLIMHE RANN-ÍOCANNA SPEISIALTA D'ÍOC AGUS RÁTAÍ ÁIRITHE DO BHUALADH, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.

[26adh Iúl, 1935.]

Roimhrá.

DE BHRÍ go ndearnadh le hAcht áitiúil pearsanta, 11 Geo. IV, cap. cxxii, dar teideal “An Act for making and maintaining a navigable cut or canal from Lough Corrib to the Bay of Galway and for the improvement of the Harbour of Galway” daoine áirithe a hainmnítear san Acht san, maraon le daoine eile bhí le toghadh mar a luaidhtear san Acht san, do cheapadh chun bheith ina gCoimisinéirí chun comhacht uile agus fé seach an Achta san do chur i bhfeidhm; agus a údarú do sna Coimisinéirí sin rátaí áirithe luaidhtear san Acht san do ghearradh, agus airgead d'fháil ar iasacht ar creidiúint na rátaí sin;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh le hAcht leasuitheach, 1 agus 2 William IV, cap. liv, socrú á údarú rátaí eile do ghearradh in ionad na rátaí a húdaruíodh leis an Acht san a céad-luaidhtear, agus comhacht do thabhairt do sna Coimisinéirí chun tuilleadh airgid d'fháil ar iasacht agus chun comhacht eile d'fheidhmiú;

AGUS DE BHRÍ go bhfuarthas airgead áirithe ar iasacht ar urrús na rátaí a húadaruíodh leis na hAchtanna san agus ar urrús maoine eile bhí dílsithe sna Coimisinéirí sin agus, fé chomhachta na hAchtanna san, go ndearna na Coimisinéirí duga ar snámh maraon le caladh agus céibheanna agus gur thugadar talamh chun tíreachais i gcóir foirgintí riachtanacha agus gur chuireadar suas crainn tógála, éadtromáin mhara agus postaí feistiúcháin, gur dhoimhníodar an cainéal go dtí an duga san agus go ndearnadar deisiúcháin áirithe do bhí riachtanach;

AGUS DE BHRÍ, leis an Galway Harbour and Port Act, 1853, (16 agus 17 Vict., cap. ccvii), gur hathghairmeadh na hAchtanna san, 11 Geo. IV, cap. cxxii, agus 1 agus 2 William IV, cap. liv, agus go ndearnadh de Choimisinéirí áirithe maraon le daoine eile do bhí le toghadh ina dhiaidh sin mar chomharbaí corparáid fén ainm Coimisinéirí Chuan na Gallimhe agus comhacht acu chun oibreacha áirithe do dhéanamh agus chun rátaí áirithe luaidhtear san Acht san do ghearradh agus chun tuilleadh airgid nách mó ná suim £150,000 d'fháil ar iasacht ar morgáiste ar creidiúint na rátaí uile agus fé seach a húdaruíodh leis an Acht san a ghearradh;

AGUS DE BHRÍ, leis an Galway Harbour Act, 1860 (23 agus 24 Vict. cap. ccii), gur húdaruíodh don Chorparáid sin agus gur tugadh comhacht dóibh oibreacha áirithe do dhéanamh i gCuan na Gaillimhe agus suim nách mó ná £180,000 d'fháil ar iasacht ar creidiúint na ndleacht uile agus fé seach agus na n-urrús eile luaidhtear san Acht san;

AGUS DE BHRÍ ná dearnadh na hoibreacha a húdaruítear leis na hAchtanna san 1853 agus 1860 fé seach de dheascaibh na deacrachta do bhain leis an gCorparáid sin d'fháil an airgid ba ghá chun na críche sin;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach go ndéanfaí, agus a céannacht mar chólucht chorpruithe á coimeád, an Chorparáid sin d'ath-bhunú ar chuma níos ionadathaighe d'fhonn leor-airgid d'fháil chun an Chuain sin d'fhorbairt agus do ghléasadh sa cheart agus chun a chuid trádála agus ceannaíochta do chur ar aghaidh agus go ndéanfaí socrú i gcóir an ath-bhunuithe sin agus i gcóir an leasuithe ina thaobh san ar an dlí bhaineann leis an gCuan san sa tslí foráltar leis an Acht so;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach mórán forbairte do ghabháil de láimh gan mhoill i gCuan na Gaillimhe agus go sonnrách saoráidí níos fearr agus níos nua-aimseardha do chur ar fáil chun árthach do thabhairt chun duga, do dhí-ládáil, agus do ládáil agus na saoráidí atá anois ann do chur ar fáil d'árthaighe is mó ná na hárthaighe go bhfuil slí dhóibh anois sa Chuan san agus chun go bhféadfaidh báid fhreastail dul i gcoinnibh línéirí tar-atlantacha ar gach taoide agus chun fothana do thabhairt do bháid iascaigh gach aimsir agus gach tráth;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach chun na gcrícheanna roimhráite comhacht do thabhairt don Chorparáid sin chun na n-oibreacha uile agus fé seach a húdaruítear leis an Acht so do dhéanamh;

AGUS DE BHRÍ gur lóisteáladh go cuibhe le Prímh-Chléireach Oifig na mBillí Príobháideacha pleananna agus teascáin ar a dtaisbeántar línte, suidhimh agus leibhéil na n-oibreacha a húdaruítear leis an Acht so agus ar a dtaisbeántar na tailte is féidir do thógaint go héigeanta chun crícheanna no fé chomhachta an Achta so agus fós leabhar eolais do sna pleananna san ina bhfuil ainmneacha únaerí agus léasaithe no únaerí agus léasuithe tuairimithe, agus sealbhairí na dtailte sin, agus go ngairmtear san Acht so na pleananna, na teascáin agus an leabhar eolais lóisteálta de sna pleananna, de sna teascáin agus den leabhar eolais sin fé seach;

AGUS DE BHRÍ gurb é iomlán na bhfiacha do bhí ar an gCorparáid sin an 9adh lá de Mhí na Samhna, 1934, alos airgid do fuarthas ar iasacht agus do bhí ina mhuirear ar na rátaí no darb urrús na rátaí is inghearrtha ag an gCorporáid sin ná suim £8,627 11s. 11d. is ion-aisíoctha tré íocaíochtaí leath-bhliantúla nách lugha ná £200 sa bhliain agus gurb é atá sa tsuim sin de £8,627 11s. 11d. ná an t-iarmhéid do bhí gan íoc ar an dáta san d'iasachtaí áirithe do thug Coimisinéiri na nOibreacha Puiblí in Éirinn don Chorparáid sin; agus go bhfuil sé oiriúnach socrú do dhéanamh chun a chur in áirithe go leanfaidh an tosaíocht atá ag an muirear san atá gan íoc agus go leanfaidh an Chorparáid sin den mhuirear san atá gan íoc do ghlanadh tré íocaíochtaí leath-bhliantúla den mhéid chéanna fé mar do bhí á dhéanamh acu go dtí so;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach, d'fhonn airgead do bheith acu i gcóir déanamh na n-oibreacha roimhráite agus i gcóir na gcostas a gheobhaidh leis sin, go ndeonfaí comhachta don Chorparáid sin sa tslí foráltar anso ina dhiaidh seo chun aon tsuimeanna (i dteanta an mhuirir sin atá gan íoc) ná raghaidh a n-iomlán thar £400,000 do chruinniú ar morgáiste no tré stoc no stoc bintiúra do bhunú agus chun aon airgid a cruinneofar amhlaidh d'urrú ar ioncum agus ar mhaoin eile na Corparáide sin agus fós ar rann-íoca tréimhsiúla áirithe chruinneoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Bhailecheanntair na Gaillimhe tríd an ráta dealbhais agus a roinnfear idir na Comhairlí sin agus a tomhasfar, a déanfar amach agus a rialálfar fé fhorálacha an Achta so; agus go bhfuil sé oiriúnach go mbeadh ag an gCorparáid sin chun crícheanna an Achta so na fo-chomhachta chun airgid d'fháil ar iasacht a bronntar leis an Acht so;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach socrú do dhéanamh chun go bhféadfar na rátaí is inghearrtha ag an gCorporáid sin do mhéadú no d'atharú le ceadú an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus tuilleadh comhacht do thabhairt don Chorparáid sin chun fo-dhlithe do dhéanamh a feidhmeofar leis an gceadú céanna;

AGUS DE BHRÍ nách féidir crícheanna an Achta so do chur in éifeacht gan údarás ón Oireachtas;

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—