Ar Aghaidh ( SCEIDEAL.)

2 1932


Uimhir 2 (Príobháideach) de 1932.


ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH UM PIARA AGUS CUAN (Uimh. 2), 1932.


ACHT CHUN ORDÚ CHUAN NA FAINGE, 1932, DO DHAINGNIÚ. [29adh Deireadh Fómhair, 1932.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Tionnscail agus Tráchtála tar éis Ordú Chuan na Fainge, 1932, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do dhéanamh go cuibhe fén General Pier and Harbour Act, 1861, agus fén General Pier and Harbour Act, 1861, Amendment Act, mar do hoiriúnuíodh iad leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922):

AGUS DE BHRÍ fé fhorálacha na nAcht san ná beidh aon dleathacht ná feidhm in aon chor ag an Ordú san mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tOireachtas é do dhaingniú:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

An tOrdú sa Sceideal do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh lán-dleathacht agus lánfheidhm ag á fhorálacha uile.

Sriantachtaí maidir le lucht oibre do chur as ionad.

2. —(1) Ní cheannóidh Iontaobhaithe Chuan na Fainge (dá ngairmtear na hIontaobhaithe san alt so) ná ní thógfaid chúcha féin, i bhfeidhmiú na geomhacht a bronntar ortha leis an Ordú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, in aon líomatáiste áitiúil aon tigh ná tithe do bhí, ar an 1adh lá d'Eanar, 1932, no atá ón dáta san, no a bheidh ina dhiaidh seo, ar seilbh, i bpáirt no go hiomlán, ag deichniúr is fiche no níos mó den lucht oibre mar thionóntaí no mar lóistéirí mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh na hIontaobhaithe—

(a) aontú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí (dá ngairmtear an tAire san alt so) d'fháil le scéim (dá ngairmtear scéim nua-árus comhnaithe san alt so) chun áruis chomhnaithe nua do chur ar fáil do sna daoine chomhnuíonn sna tithe sin no do pé méid no cion de sna daoine sin is dóich leis an Aire, tar éis fiosrúcháin, is gá, ag euimhneamh do ar an méid daoine chomhnuíonn sna tithe go mbeidh a seilbh le tógaint, agus a bhíonn ag obair laistigh de mhíle uatha, agus ar an méid cóiríochta chun comhnaithe atá folamh agus oiriúnach i ngar-chomhursanacht na dtithe go mbeidh a seilbh le tógaint, no ar áit fhostaíochta na ndaoine sin agus ar gach ní eile bhaineann leis an scéal, agus

(b) urrús do thabhairt, chun sástachta an Aire, ar an scéim nua-árus comhnaithe sin do thabhairt chun críche.

(2) Féadfar aontú an Aire le haon scéim nua-árus comhnaithe do thabhairt gan coinníoll no ar coinníoll agus tar éis don Aire aontú le haon scéim den tsórt san féadfa sé o am go ham aontú le haon atharuithe ar an scéim sin gan coinníoll no ar coinníoll.

(3) I ngach scéim nua-árus comhnaithe beidh forálacha—

(a) ag ordú na haimsire gur laistigh di do bhéarfar an scéim chun críche;

(b) á cheangal, i dtaobh na n-árus comhnaithe nua beifear ar aigne do chur ar fáil fén scéim sin, go mbeid do réir caighdeán le n-a n-aontóidh an tAire; agus

(c) á cheangal go mbeidh na háruis chomhnaithe nua san oiriúnach ar gach slí chun comhnaithe ionta sara gcuirfear as ionad na daoine chomhnuíonn sna tithe gur de dhruim a gceannuithe no a dtógtha ba ghá an scéim sin do dhéanamh.

I gcás aon scéime nua-árus comhnaithe féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a cheadú gan a gceangaltar le mír (c) den fho-alt so do chur isteach sa scéim sin, agus féadfar an cead san do dheonadh ar pé coinníollacha is dóich leis an Aire is ceart sa chás.

(4) Gach foráil a bheidh i scéim nua-árus comhnaithe, agus gach coinníoll gur fé n-a réir a aontuigh an tAire le n-a leithéid de scéim, agus fós gach coinníoll ar ar cheaduigh an tAire gan a gceangaltar le mír (c) den fho-alt san roimhe seo do chur isteach i scéim den tsórt san beid infheidhmithe tré rit mhandamus a gheobhaidh an tAire ón Ard-Chúirt.

(5) Má thógann na hIontaobhaithe aon tigh no tithe chúcha féin no má ghabhaid seilbh an chéanna chun crícheanna an Orduithe sin contrárdha don alt so, no má dheinid no má chuirid fé ndeár na daoine chomhnuíonn in aon tigh no tithe do chur amach as an gcéanna contrárdha dá gceangaltar le scéim nua-árus comhnaithe dlighfear pionós chúig céad púnt do chur ortha in aghaidh gach tighe den tsórt san, agus féadfaidh an tAire an pionós san do bhainl amach le haicsean san Ard-Chúirt.

Féadfaidh an Ard-Chúirt más oiriúnach léi é, in aon aicsean a bunófar fén bhfo-alt so, an pionós a forchuirtear leis an bhfo-alt so do laigheadú.

Déanfar gach airgead a bhainfidh an tAire amach fén bhfo-alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(6) Chun scéime nua-árus comhnaithe do thabhairt chun críche féadfaidh na hIontaobhaithe seilbh aon talmhan do ghabháil is leo de thurus na huaire no 'na bhfuil comhacht acu chun é do thógaint chúcha féin.

(7) Chun scéime nua-árus comhnaithe do thabhairt chun críche féadfaidh na hIontaobhithe pé talamh a theastóidh uatha do cheannach, agus chun crícheanna an cheannaigh sin beidh ailt 202, 203 agus 214 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar atáid leasuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin, beid ionchorparuithe leis an Ordú san agus bainfid leis na hIontaobhaithe do cheannach talmhan chun críche aon scéime den tsórt san agus san ar gach slí díreach fé is dá mba údarás sláintíochta do réir bhrí an Public Health (Ireland) Act, 1878, na hIontaobhaithe agus dá mba cheann de chrícheanna an Achta san an scéim sin.

(8) Féadfaidh na hIontaobhaithe pé áruis chomhnaithe don lucht oibre, is gá chun críche scéime nua-árus comhnaithe, do thógáil ar aon talamh is leo no do cheannuíodar no do thógadar fén Ordú san no fé aon Ordú Sealadach a bheidh déanta fé aon achtachán agus dá bhuadh a hionchorparuítear, tríd seo, leis an Ordú san agus féadfaid na háruis chomhnaithe sin agus aon talamh do ceannuíodh no do tógadh mar adubhradh do dhíol, do leithliú, do chur ar cíos no do chur dá láimh ar shlí eile.

(9) Gach talamh ar a ndearna na hIontaobhaithe aon fhoirgintí do thógáil no do chur ar fáil do réir scéime nua-árus comhnaithe cuirfear i leithreas é chun críche na bhfoirgintí sin ar feadh tréimhse cúig mbliana fichead ón dáta ar ar aontuigh an tAire leis an scéim sin agus cúlscríobhfar ar gach leithliú, léas no aistriú déanfar no deonfar o am go ham i rith na tréimhse sin maidir leis an talamh san fógra i dtaobh na talmhan le n-a mbaineann sé do bheith fé réir an leithreasuithe sin.

Más oiriúnach leis é féadfaidh an tAire aon uair a cheadú go bhfágfar gach ní no éinní dá gceangaltar leis an bhfo-alt so gan cólíonadh fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) ordóidh sé.

(10) Féadfaidh na hIontaobhaithe aon airgead go mbeidh údarás acu é do chruinniú no é do chur chun crícheanna generálta a ngnótha do chur chun gach ceann no aon cheann de chrícheanna an ailt seo (eadhon, crícheanna chun ar féidir le ceart caipital do chur).

(11) Féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar pé fiosrúcháin is dóich leis is gá maidir le haon scéim nua-árus comhnaithe agus, chun crícheanna aon fhiosrúcháin den tsórt san, beidh ag cigire don Roinn Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, maidir leis an bhfiosrúchán san, na comhachta céanna do bheadh aige dá mba fhiosrúchán é d'ordódh an tAire don chigire sin a dhéanamh fén Public Health (Ireland) Act, 1878, mar do leasuíodh é le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(12) Íocfaidh na hIontaobhaithe leis an Aire suim, a shocróidh an tAire, as eisean d'ullamhú agus do thabhairt amach Orduithe Shealadaigh fé aon achtachán a hionchorparuítear, tríd seo, leis an Ordú san, agus fós aon chostaisí bhainfidh le haon fhiosrúchán a déanfar fén alt so, ar a mbeidh costaisí aon fhínnithe thiocfaidh chun an fhiosrúcháin sin ar ghairm chigire, agus suim a shocróidh an tAire, agus ná raghaidh thar trí ghiní sa ló, mar tháille don chigire sin.

(13) Aon tigh do cheannaigh na hIontaobhaithe no do thógadar chúcha féin chun aon cheann no maidir le haon cheann de chrícheanna scéime nua-árus comhnaithe, agus do bhí ar seilbh ag daoine den lucht oibre laistigh de chúig bliana roimh an Acht so do rith tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur fé sna comhachta bronntar leis an alt so do tógadh amhlaidh é agus go raibh sé, ar an 1adh lá san d'Eanar, 1932, ar seilbh ag oiread daoine den lucht oibre agus bhí i seilbh an tighe sin ar dháta a cheannuithe no a thógtha.

Maran féidir don Aire a fháil amach cá mhéid de sna daoine sin do bhí i seilbh an tighe sin ar dháta an cheannuithe no an tógtha san tuigfear go raibh an tigh sin ar an dáta san ar seilbh ag oiread daoine agus is dóich leis an Aire do gheobhadh slí agus cóiríocht ann.

(14) San alt so—

cialluíonn agus foluíonn an abairt “líomatáiste áitiúil” bailecheanntar no tuathcheanntar, buirg no contae-bhuirg;

cialluíonn an focal “tigh” aon tigh no cuid de thigh a bhíonn i seilbh mar árus comhnaithe fé leith;

cialluíonn an abairt “lucht oibre” meiceanóirí, ceárdaithe, oibritheoirí, agus daoine eile bhíonn ag obair ar phágh; hácaerí, toradh-mhangairí, daoine ná bíonn ag obair ar phágh ach a bhíonn ag gabháil do chéird no d'obair láimhe éigin gan daoine eile ar fostú acu ach daoine dá líntighe féin, agus daoine, seachas seirbhísigh tighis, nách mó a meán-ioncum in aon chás ná triocha scilling sa tseachtain, agus muiríneacha aon daoine den tsórt san atá in aontigheas leo.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Shealadaigh um Piara agus Cuan (Uimh. 2), 1932 , do ghairm den Acht so.