1 1931


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1931.


ACHT TRAMBHEALACH CHUAN LUIMNIGHE, 1931.


ACHT CHUN A ÚDARÚ DO CHOIMISINÉIRÍ CUAIN LUIMNIGHE TRAMBHEALAIGH DO DHÉANAMH O PHORT AGUS CHUAN LUIMNIGHE GO dTÍ BÓITHRE IARAINN CHUIDEACHTA MHÓR-BHÓITHRE IARAINN AN DEISCIRT AGUS CHUN COMHACHTANNA BREISE DO BHRONNA AR CHOIMISINÉIRÍ CUAIN LUIMNIGHE CHUN AIRGID D'FHÁIL AR IASACHT AGUS CHUN A CHUR IN ÁIRITHE GO nAISÍOCFAR AIRGEAD DO GHEOBHFAR AR IASACHT CHUN CRÍCHEANNA ACHT CHUAN LUIMNIGHE, 1926 , AGUS CHUN A CHUR AR CHUMAS CHOIMISINÉIRÍ CUAIN LUIMNIGHE CUID DEN AIRGEAD SAN DO CHUR CHUN CRÍCHEANNA AN ACHTA SO. [5adh Abrán, 1931.]

Roimhrá.

DE BHRí ná fuil aon bhóthar iarainn mar cheangal idir Port agus Cuan Luimnighe agus bóithre iarainn Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt agus gur mór an cheataí dheineann san do thrádáil Luimnighe:

AGUS DE BHRí go gcuirfeadh sé deire leis an gceataí sin agus go raghadh sé chun leasa don chomharsanacht agus don phobal na Trambhealaigh agus na hOibreacha tuairiscítear anso ina dhiaidh seo do dhéanamh i gContae-Bhuirg Luimnighe:

AGUS DE BHRí gur lóisteáladh go cuibhe le Clárathóir Contae Chontae Luimnighe Pleananna agus Gearrtha ar a dtaisbeántar línte agus leibhéil na dTrambhealach agus na nOibreacha eile agus Pleananna ar a dtaisbeántar na tailte is féidir do thógaint go héigeanta chun crícheanna no fé chomhachta an Achta so agus fós Leabhar Eolais do sna Pleananna san agus ainmneacha na ndaoine ann atá ina n-únaerí no in ainm bheith ina n-únaerí, ina léasaithe no in ainm bheith ina léasaithe, agus ina sealbhairí ar na tailte sin, Pleananna, Gearrtha agus Leabhar Eolais dá ngairmtear fé seach san Acht so na Pleananna, na Gearrtha, agus an Leabhar Eolais lóisteálta:

AGUS DE BHRí go ndearnadh le hAcht Chuan Luimnighe. 1926, comhachta do dheona do Choimisinéirí Cuain Luimnighe chun aon tsuime ná raghadh thar £200,000 d'fháil ar iasacht ar creidiuint na ndleacht agus an ioncuim is ionfhálta ag na Coimisinéirí agus chun aisíoca an airgid do gheobhfaí ar iasacht fén Acht san do chur in áirithe tré chiste fhiach-laigheaduithe, agus gur foráladh go ndéanfaí suimeanna áirithe do chur isteach sa chiste sin gach bliain ar feadh tréimhse chaogad blian o dháta na hiasachta d'fháil:

AGUS DE BHRí go bhfuil sé oiriúnach comhachta breise do bhronna ar na Coimisinéirí chun a chur ar a gcumas an tsuim sin d'fháil ar iasacht ar pé slí cheadóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála:

AGUS DE BHRí go bhfuil sé oiriúnach comhachta do dheona do sna Coimisinéirí chun suime ná raghaidh thar £50,000 den tsuim sin de £200,000 do chur chun na dTrambhealach agus na nOibreacha a húdaruítear leis an Acht so do dhéanamh:

AGUS DE BHRí nách féidir crícheanna an Achta so do chur in éifeacht gan údarás an Oireachtais:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Trambhealach Chuan Luimnighe, 1931 , do ghairm den Acht so.

Achtanna d'ionchorparú.

2. —Tá na hAchtanna so leanas ionchorparuithe leis an Acht so agus ina gcuid de (ach amháin i gcás ina n-atharuítear go soiléir leis an Acht so iad no ina bhfuilid buiniscionn leis):—

Achtanna na gClásanna Talmhan mar do hatharuíodh iad leis an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

Léiriú.

3. —San Acht so, mara n-éilíonn an t-abhar no an có-théacs a mhalairt:

cialluíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí Cuain Luimnighe;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “dleachtanna agus muirearacha” dleachtanna, rátaí, diuitéthe agus muirearacha is iníoctha leis na Coimisinéirí as úsáid do dhéanamh de sna Trambhealaigh a húdaruítear leis an Acht so agus as earraí ceannaíochta d'iompar ortha;

cialluíonn an abairt “an Bárdas” Méara, Seanóirí, agus Buirgéisigh Luimnighe agus iad ag gníomhú tríd an gComhairle;

cialluíonn an abairt “inneall-chomhacht” comhacht leictreachais agus aon chomhacht ghluaiseachta eile nách comhacht ghaile ná comhacht ainmhí;

cialluíonn an focal “sráid” aon bhóthar is bóthar puiblí no an bóthar thar aon droichead is cuid den bhóthar phuiblí sin no a théigheann chuige no aon chéibh;

cialluíonn an abairt “na Trambhealaigh” an Trambhealach Uimh. 1, an Trambhealach Uimh. 1a, an Trambhealach Uimh. 1b, an Trambhealach Uimh. 2, an Trambhealach Uimh. 2a, an Trambhealach Uimh. 2b, an Trambhealach Uimh. 2c, an Trambhealach Uimh. 3, an Trambhealach Uimh. 3a, an Trambhealach Uimh. 3b, an Trambhealach Uimh. 3c, an Trambhealach Uimh. 3d, a húdaruítear leis an Acht so agus a tuairiscítear níos iomláine in alt 4 den Acht so.

Comhacht chun trambhealach do dhéanamh.

4. —Fé réir forálacha an Achta so féadfaidh na Coimisinéirí na trambhealaigh a tuairiscítear anso ina dhiaidh seo san alt so do dhéanamh, do chuma, do chur síos, agus do choinneail i dtreo sna línte agus do réir na leibhéal a taisbeántar ar na Pleananna agus ar na Gearrtha lóisteálta, fé réir na gcomhacht maidir le hatharú a luaidhtear agus a tuairiscítear ionta, maraon leis na ráillí, na plátaí, na hoibreacha agus na háisí cearta uile a ghabhann leo, agus ar a n-áirítear pé iompróirí, polaí, postaí, géaga, braiceudaí, cáblaí, sreanganna, príomh-cháblaí, boscaí siúnta agus oibreacha agus áisí eile leictreachais ar an talamh no fé no os a chionn, is gá le haghaidh na dtrambhealach san, chun iad d'oibriú le comhacht leictreachais agus féadfaid dul isteach in aon tsráid atá marcálta ar na Pleananna agus ar na Gearrtha san agus a tuairiscítear sa Leabhar Eolais lóisteálta agus is gá chun na críche sin agus í do thógaint agus d'úsáid, agus féadfaid fós aon talamh eile atá marcálta ar na Pleananna agus ar na Gearrtha san agus a tuairiscítear sa Leabhar Eolais lóisteálta agus is gá chun na críche sin agus fós aon éasáid trasna an tailimh sin is gá chúiche sin do cheannach, do thógaint chúcha agus do choinneail (sé sin le rá):—

TRAMBHEALACH Uimh. 1.—Líne shingil, ag tosnú le siúnta leis an líne atá anois ann ag Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt ag puinte atá staid agus ceithre slabhraí, ar n-a thomhas o thuaisceart go deisceart, o cheann na leataobhacha do bheitígh atá i gClós Earrai Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt ag Bóthar Uí Chiardha, i bParóiste Naomh Mícheál, i gContae-Bhuirg Luimnighe, ag rith o thuaidh có-threormhar leis na leataobhacha do bheithígh atá anois ag Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt, ag dul trasna Bóthar Uí Chiardha, agus as san tríd an bpáirc atá teoranta le ceann scríbe Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt ar a thaobh theas, ag dul trasna tré Lána Mhic Riocáird agus tríd an mBóthar Buidhe, isteach go Sráid Uachtarach Mhagh Ealla, as san fan Sráid Uachtarach Mhagh Ealla, sráid Mhagh Ealla, agus Sráid Iochtarach Mhagh Ealla, ag críochnú ag an siúnta le Trambhealach Uimh. 2 ar Chéibh Mhont Cionaoith. Faid iomlán—6 staide agus 8 slabhraí.

TRAMBHEALACH Uimh. 1a.—Líne shingil ag tosnú le siúnta le Trambhealeach Uimh. 1b i bParóiste Naomh Mícheál, i gContae-Bhuirg Luimnighe, ag rith o thuaidh mar leataobh atá có-threormhar agus buailte le Trambhealach Uimh. 1, ag críochnú le siúnta le Trambhealach Uimh. 1b. Faid iomlán—1 staid 0.2 slabhra.

TRAMBHEALACH Uimh. 1b.—Líne shingil ag tosnú in aice le tosach Trambhealaigh Uimh. 1, i bParóiste Naomh Mícheál, i gContae-Bhuirg Luimnighe, ag rith o thuaidh, mar leataobh atá có-threormhar agus buailte le Trambhealaigh Uimha. 1 agus 1a, ag críochnú le siúnta le Trambhealach Uimh. 1. Faid iomlán—1 staid 2.1 slabhraí.

TRAMBHEALACH Uimh. 2.—Líne shingil ag tosnú ar Chéibh an Easbuig ag Sráid Iochtarach Cecil, i bParóiste Naomh Mícheál, i gContae-Bhuirg Luimnighe, ag rith cóthreormhar leis an gcaipín atá ar Chéibh an Easbuig, ar Chéibh Mhont Cionaoith, ar Chéibh an Ghaltáin, ag dul trasna tré Chlós Ghuail Mhuinntear Mhic Mhíoluc agus tré Shráid Iochtarach Uí Chomhraighe, ag críochnú ag teorainn thoir Duganna Luimnighe. Faid iomlán—2 staid 6 slabhraí.

TRAMBHEALACH Uimh. 2a.—Líne shingil ag tosnú i Sráid Iochtarach Cecil, ar Chéibh an Easbuig, i bParóiste Naomh Mícheál, i gContae-Bhuirg Luimnighe, ag rith fan Chéibh an Easbuig agus Chéibh Mhont Cionaoith có-threormhar agus buailte agus ceangailte le Trambhealach Uimh. 2, ag críochnú ag Céibh Mhont Cionaoith. Faid iomlán—1 staid 1.3 slabhraí.

TRAMBHEALACH Uimh. 2b.—Líne shingil ar Chéibh Mhont Cionaoith, i bParóiste Naomh Mícheál, i gContae-Bhuirg Luimnighe, agus é ag ceangal Trambhealach Uimh. 2 leis an seid innill ar Chéibh Mhont Cionaoith. Faid iomlán—3 slabhraí.

TRAMBHEALACH Uimh. 2c.—Líne shingil ag tosnú ar Chéibh Mhont Cionaoith, ag rith fan Chéibh Mhont Cionaoith agus Chéibh an Ghaltáin, i bParóiste Naomh Mícheál, i gContae-Bhuirg Luimnighe có-threormar agus ceanngailte le Trambhealach Uimh. 2. Faid iomlán—7.2 slabhraí.

TRAMBHEALACH Uimh. 3.—Líne shingil ag tosnú ag teorainn thoir Duganna Luimnighe, ar Shráid Iochtarach Uí Chomhraighe, i bParóiste Naomh Mícheál, i gContae-Bhuirg Luimnighe, ag dul as san fan taobh theas an Duga Ghlantóireachta, ar Chaladh Theas Duganna Luimnighe, fan taobh theas an Duga Fhlich agus an tsínte Duga atá beartuithe, ag críochnú ag puinte atá 1 staid agus 3 shlabhra siar ón teorainn thiar atá anois le maoin Choimisinéirí Cuain Luimnighe. Faid iomlán—3 staide 8.6 slabhraí.

TRAMBHEALACH Uimh. 3a.—Líne shingil ag tosnú ag ceann thiar an tSeid Earraí ar chaladh theas an Duga Fhlich, ag dul as san fan chaladh theas an Duga Fhlich agus an tsínte duga atá beartuithe, i bParóiste Naomh Mícheál, i gContae-Bhuirg Luimnighe, ag críochnú le siúnta le Trambhealach Uimh. 3. Faid iomlán—1 staid 6.7 slabhraí.

TRAMBHEALACH Uimh. 3b.—Líne shingil ag tosnú le siúnta le Trambhealach Uimh. 3, ag rith fan chaladh thiar an tsínte duga atá beartuithe, i bParóiste Naomh Mícheál, i gContae-Bhuirg Luimnighe, có-threormhar leis an gcaipín, ag críochnú le siúnta le Trambhealach Uimh. 3c. Faid iomlán— 3.3 slabhraí.

TRAMBHEALACH Uimh. 3c.—Líne shingil ag tosnú in aice le béal an tsínte duga atá beartuithe, ag dul as san siar có-threormhar le caladh thiar thuaidh an tsínte duga atá bear tuithe, i bParóiste Naomh Mícheál, i gContae-Bhuirg Luimnighe, ag críochnú le siúnta le Trambhealach Uimh. 3. Faid iomlán—1 staid agus .08 slabhra.

TRAMBHEALACH Uimh. 3d.—Líne shingil ag tosnú le siúnta le Trambhealach Uimh. 3, i bParóiste Naomh Mícheál, i gContae-Bhuirg Luimnighe, ag rith siar có-threormhar le Trambhealach Uimh. 3, ag críochnú ag puinte atá 2 slabhra siar ón bhfál teorann thiar atá anois ag na Coimisinéirí. Faid iomlán—4 slabhraí.

Comhacht chun taisc-ionad, oifigí, etc., do dhéanamh.

5. —Féadfaidh na Coimisinéirí aon taisc-ionad, oifigí, clóis, tithe innill, stáblaí, tithe caráiste, stóraisí, agus foirgintí agus oibreacha eile, is gá no is úsáideach chun crícheanna na dTrambhealach, do dhéanamh, do choinneail i dtreo agus do shealbhú ar aon talamh a cheannóid, a thógfaid chúcha no a ghlacfaid ar léas fén Acht so no, le toiliú an Bhárdais, ar aon tsráid go n-údaruítear do sna Coimisinéirí leis an Acht so dul isteach uirthi agus í do thógaint agus d'úsáid.

Talamh do cheannach tré chó-aontú.

6. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí, le toiliú an Aire, aon talamh ná fuil marcálta ar na Pleananna agus ar na Gearrtha lóisteálta ná ná tuairiscítear sa Leabhar Eolais lóisteálta do cheannach no do ghlaca ar léas tré chó-aontú agus do shealbhú agus féadfaid aon taisc-ionaid, clóis, tithe innill, stáblaí, tithe caráiste, stóraisí agus foirgintí agus oibreacha eile, is gá no is úsáideach chun crícheanna na dTrambhealach, do dhéanamh ar na tailte sin le toiliú an Aire agus iad do choinneail i dtreo agus do shealbhú.

(2) Chun crícheanna an ailt seo níl Achtanna na gClásanna Talmhan ionchorparuithe leis an Acht so.

Leithead.

7. —Is cúig troithe agus trí órlach a bheidh i leithead na dTrambhealach.

Comhacht chun Trambhealach do dhéanamh ar leibhéal na sráideanna.

8. —Féadfaidh na Coimisinéirí do réir na bPleananna agus na nGearrtha lóisteálta na Trambhealaigh sin do dhéanamh agus do choinneail i dtreo trasna agus ar leibhéal na seana-shráideanna no aon bhóthair nua agus san ar shlí go mbeidh aghaidh uachtarach na rálach ar aon leibhéal leis an sráid ach amháin na coda de Thrambhealach Uimh. 1 o phuinte a thosnuithe go dtí n-a dhul trasna Bhóthar Uí Chiardha ar an taobh theas, agus o n-a dhul trasna Bhóthar Uí Chiardha ar an taobh thuaidh go dtí n-a dhul trasna Lána Mhic Riocáird agus iomlán Trambhealaigh Uimh. 1a agus iomlán Trambhealaigh Uimh. 1b.

Tréimhse chun na dtrambhealach do chríochnú.

9. —Déanfaidh na Coimisinéirí na Trambhealaigh agus an trealamh oiriúnach chun a n-oibrithe do chríochnú amach, ullamh chun a n-úsáidthe, laistigh de chúig bliana o dháta an Achta so do rith no de pé tréimhse bhreise nách sia ná dhá bhliain agus a cheadóidh an tAire le hordú (a húdaruítear do leis seo do dhéanamh ar iarratas na gCoimisinéirí) agus ar bheith caithte don tréimhse sin de chúig bliana no do pé tréimhse bhreise ceadófar leis an ordú san beidh deire leis na comhachta deontar do sna Coimisinéirí leis an Acht so chun na n-oibreacha san do dhéanamh no ar shlí eile ina dtaobh ach amháin maidir leis an méid díobh a bheidh críochnuithe an uair sin.

Ach ordú déanfar do réir na gcomhacht a bronntar leis an alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fén ordú san roimhe sin.

Toiliú an Aire le hoibreacha áirithe.

10. —(1) Sara dtosnóidh na Coimisinéirí ar oibreacha ar bith do dhéanamh is gá chun comhacht leictreachais d'úsáid cuirfid pleananna agus áireamhachtaí i gcóir na n-oibreacha san fé bhráid an Aire agus féadfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle le Bord Soláthair an Leictreachais, aontú leis na pleananna agus leis na háireamhachtaí sin tar éis iad d'atharú agus cur leo, má deintear amhlaidh, mar is oiriúnach leis. Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí ná ní choinneoid i dtreo ná ní atharóid na hoibreacha san ach do réir na bpleananna agus na n-áireamhachtaí le n-a n-aontóidh an tAire agus do réir aon orduithe eile, á n-atharú no ag cur leo, do bhéarfaidh an tAire do sna Coimi sinéirí o am go ham tar éis do dul i gcomhairle le Bord Soláthair an Leictreachais i dtaobh na n-oibreacha san do dhéanamh, d'atharú, agus do choinneail i dtreo.

(2) Déanfaidh an tAire, sara n-aontóidh sé leis na pleananna agus leis na háireamhachtaí sin, no sara dtabharfa sé na horduithe sin, aithris chúise ina dtaobh d'iarraidh ar an mBárdas agus ar aon chuideachta, chólucht no duine sholáthruíonn geas no uisce don phobal i gContae-Bhuirg Luimnighe agus breithneoidh sé aon aithris chúise den tsórt san a leagfar fé n-a bhráid.

Comhacht chun sráideanna, etc., do réaba.

11. —Chun go ndéanfaí, go gcumfaí, go gcuirfí síos, go gcoinneofaí i dtreo agus go n-athnuafaí na Trambhealaigh a húdaruítear leis an Acht so no aon chuid no choda dhíobh fé seach no na cáblaí no na hoibreacha no na háisí eile bhaineann leo no aon fhoirgintí no oibreacha eile go n-údaruítear leis an Acht so iad do dhéanamh féadfaidh na Coimisinéirí o am go ham sráid ar bith d'oscailt agus do réaba agus, i gcás ina n-údaruítear san leis an Acht so, leibhéal na sráide sin d'atharú, fé reir na rialachán so leanas:—

(1) Bhéarfaid fógra do shuirbhéir buirge an Bhárdais á rá go bhfuilid chun a dhéanta agus ag luadh an ama a dtosnóid ar a dhéanamh agus an chuid den tsráid atáthar ar aigne a oscailt no a réaba—agus bhéarfar an fógra san, ach amháin i gcásanna dian-phráinne, seacht lá ar a laighead sara dtosnóidh an obair.

(2) Ní dhéanfaid cosán ná sráid ar bith d'oscailt, ná do réaba, ná a leibhéal d'atharú, ach fe mhaoirseacht agus chun sástachta réasúnta an Bhárdais maran rud é go n-eiteoidh an Bárdas no go leigfid i bhfaillí an mhaoirseacht san do dhéanamh ar an am a luadhfar i bhfógra na gCoimisinéirí, no go scuirfid de le linn na hoibre. Ní bheidh sé dleathach do na Coimisinéirí sráid ar bith d'ísliú ná d'árdú gan a huachtar go léir do thabhairt ar an aon leibhéal amháin, mara n-ordóidh an Bárdas a mhalairt.

(3) Iocfaid gach costas réasúnta bheidh ar an mBárdas mar gheall ar an maoirseacht san.

(4) Ní dhéanfaid, gan toiliú an tsuirbhéara buirge sin, níos mó ná 400 slat as a chéile de shráid ar bith d'oscailt ná do réaba san aon am amháin.

(5) Ní bhainfid le ceann ar bith de línte ná d'oibreacha leictreachais Bhord Soláthair an Leictreachais ach le toiliú an Aire agus fé réir pé téarmaí agus coinníoll acha is oiriúnach leis tar éis do dul i gcomhairle leis an mBord san.

Fotha na dtrambhealach.

12. —(1) Concréit 7 n-órlach ar a laighead i reimhre a bheidh i bhfotha na dTrambhealach, cuid de neartuithe le cruaidh, agus é déanta d'aon chuid amháin den stroighin Portland is fearr in aghaidh sé coda de ghairbhéal ghlan, de chlocha briste agus de ghainimh. Ach maidir leis na coda san de Thrambhealach Uimh. 1 o n-a thosach go dtí n-a dhul trasna Bhóthar Uí Chiardha ar an taobh theas agus o n-a dhul trasna Bhóthar Uí Chiardha ar an taobh thuaidh go dtí n-a dhul trasna Lána Mhic Riocáird, agus maidir le Trambhealaigh Uimh. 1a agus Uimh. 1b féadfaidh an fotha bheith déanta de chlocha briste ballasta agus trasnáin.

(2) An méid de sna Trambhealaigh a bheidh curtha síos ar bhóithre puiblí pábhálfar é le pábháil bhloc-chloiche concréit no asphalt idir rálacha na dTrambhealach agus ar feadh ocht n-órlach déag ar a laighead lasmuich de sna rálacha san chun sástachta réasúnta suirbhéara buirge an Bhárdais. Deiseoidh na Coimisinéirí i gceart an méid d'uachtar na sráide a bheidh buailte leis an bpábháil sin, agus árdóid é pé áit inar gá é chun sástachta an tsuirbhéara buirge. Féadfaidh na Coimisinéirí agus an Bárdas o am go ham có-aontuithe do dhéanamh agus do chur in éifeacht chun fotha na dTrambhealach do dhéanamh ar shlí eile seachas mar a horduítear leis an alt so.

Sráid do dheisiú.

13. —Beidh na hoblagáidí seo leanas ar na Coimisinéirí tar éis dóibh cuid ar bith de shráid ar bith d'oscailt no do réaba, eadhon:—

(1) Déanfaid, chó luath agus a bheidh caoi acu chuige sin, agus laistigh d'ocht seachtainí ar a mhéid (mara dtoileoidh an Bárdas le n-a mhalairt i scríbhinn) an obair do chríochnú gur mar gheall uirthi d'oscladar no do réabadar an tsráid sin, agus (fé réir na dTrambhealach do chuma, do choinneail i dtreo no d'aistriú) leibhéal na talmhan do líona agus a huachtar do dheisiú agus, chun sástachta suirbhéara buirge an Bhárdais, an chuid den tsráid do dhéanamh chó maith agus bhí sí sarar hoscaladh no sarar réabadh í agus fuighleach an abhair phábhála no an abhair mhiotail no an salachar a bheidh ann dá dheascaibh do ghlana den tsráid, agus, i gcás aon chrosaire do réab na Coimisinéirí, pábhálfaidh na Coimisinéirí an crosaire sin ar feadh leithead uile na sráide gur trasna uirthi théigheann an crosaire sin.

(2) Idir dhá linn cuirfid fé ndeár fál do chur timpeal ar an áit ina mbeidh an tsráid oscailte no réabtha, agus an áit sin d'fhaire agus é do shoillsiú sa cheart istoíche, agus leor-mheánacha cearta do chur ar fáil agus do choinneail i dtreo do gach páisnéir, feithicil, ainmhí. agus trácht puiblí chun dul síos suas an tsráid sin agus san chun sástachta an tsuirbhéara bhuirge sin.

(3) Is ortha bheidh gach costas réasúnta bhainfidh leis an gcuid sin den tsráid do dheisiú go ceann sé mhí chaileandair tar éis dóibh sin í do dheisiú, sa mhéid go ndéanfaidh an oscailt no an réaba na costaisí seo do mhéadú, agus isé an suirbhéir buirge sin a dheimhneoidh san agus ní bheidh dul thar a dheimhniú.

(4) Má theipeann ar na Coimisinéirí, ar aon tslí, forálacha an ailt seo do chólíona dlighfear pionós ná raghaidh thar £10 do chur ortha (gan dochar d'aon mheán eile ina gcoinnibh) in aghaidh gach cionta den tsórt san agus pionós breise ná raghaidh thar £5 in aghaidh gach lae leanfaidh an teip sin tar éis an chéad lae raghfar fén bpionós, agus raghaidh aon phionós den tsórt san chun an Bhárdais agus beidh sé dá gcuid féin acu agus ina chuid de sna cistí is ionchurtha chun na sráideanna do choinneail i dtreo.

An chuid den tsráid sa chathair ar a gcuirfear síos na trambhealaigh do dheisiú.

14. —An méid a bheidh idir rálacha na dTrambhealach den tsráid ar a gcuirfear síos na Trambhealaigh agus fós leithead ocht n-órlach déag den tsráid ar an taobh amuich de rálacha na dTrambhealach ar gach taobh de sna Trambhealaigh déanfaidh na Coimisinéirí i gcomhnaí agus ar a gcostas féin iad do choinneail i dtreo agus dea-dheisithe le pé abhair ordóidh suirbhéir buirge an Bhárdais go réasúnta agus chun a shástachta agus fé n-a mhaoirseacht.

Có-aontuithe leis an mBárdas.

15. —Féadfaidh an Bárdas ar thaobh agus na Coimisinéirí ar an taobh eile, o am go ham, connartha, có-aontuithe no socruithe do dhéanamh agus do chur in éifeacht agus, o am go ham, iad d'atharú no d'athnuachaint i dtaobh iomlán aon tsráide no aon chuid d'aon tsráid, ar a mbeidh sé údaruithe do sna Coimisinéirí Trambhealach ar bith do chur síos, do dhéanamh, do phábháil, do mhiotalú agus do choinneail deisithe no i dtaobh leibhéil na sráide sin no an choda san den tsráid sin d'atharú agus i dtaobh an cheana íocfaidh aon taobh acu den chostas a bhainfidh leis an gcéanna do dhéanamh, do phábháil, do mhiotalú, no do choinneail deisithe, no le n-a leibhéil d'atharú.

Cosaint do chirt ar Bhárdais.

16. —Ní atharóidh ná ní laigheadóidh éinní atá san Acht so ná ní chuirfe sé ar ceal aon cheann de chirt, de chomhachta, ná de phríbhléidí an Bhárdais no na gCoimisinéirí chó fada agus théigheann na comhachta agus an dlighinse atá acu fé seach maidir leis na sráideanna, no na comhachta bronntar ortha chun an tráchta phuiblí sna sráideanna san do rialáil tré fho-dhlithe d'achtú, no chun camraí, dréineanna, no gaothairí do dhéanamh, do dheisiú agus do choinneail i dtreo, no chun camraí no mórphíopaí geas no uisce no mór-phíopaí eile no uisceoirí do chur síos fan aon tsráide no fúithe, no chun aon tsráide do leathnú, d'atharú, do chlaona no d'fheabhsú.

Socrú i dtaobh oibreacha geas agus oibreacha uisce, i dtaobh fearaistí soláthair leictreachais, i dtaobh telegrafa, etc.

17. —Chun na dTrambhealach no oibreacha no áisí eile no aon chuid díobh do dhéanamh, do chuma, do chur síos, do choinneail i dtreo, do dheisiú, no d'athnuachaint, féadfaidh na Coimisinéirí, o am go ham, san áit agus sa mhéid gur gá é no go ndeabhróidh sé bheith oiriúnach chun ná cuirfí isteach go minic ar thrácht tré dheisiúchán no oibreacha bhaineann leis an gcéanna, féadfaid suidheamh aon mhór-phíopaí no píopaí soláthair uisce no geas, no aon fheadáin, sreanganna, no fearaistí chun críche ar bith seachas crícheanna telegrafa, d'atharú fé réir forálacha an Achta so agus na sriantacht a foráltar anso ina dhiaidh seo:—

(1) Sara gcuirfid síos na Trambhealaigh in aon tsráid ina bhféadfar aon mhór-phíopaí, píopaí, feadáin, sreanganna no fearaistí den tsórt san do chur síos, agus pe'ca bheid ar aigne suidheamh na mór-phíopaí, na bpíopaí, na bhfeadán, na sreang, no na bhfearas san d'atharú no ná beid, bhéarfaidh na Coimisinéirí fógra seachtaine don Bhárdas, no d'aon chuideachtain. cólucht, no duine go mbeidh na mór-phíopaí, na píopaí, na feadáin, na sreanganna, no na fearaistí sin dá chuid féin aige no fé n-a chúram, go gcuirfeadh sé aon mhórphíopa no píopa, feadán, sreang, no fearas den tsórt san i gcontabhairt no go gcuirfeadh sé cosc no bac le geas, uisce no leictreachas do sholáthar an Trambhealach mar atá sé beartuithe do dhéanamh. Féadfaidh an Bárdas, no an chuideachta, an cólucht no an duine sin (pe'ca aca é) fógra do thabhairt do sna Coimisinéirí suidheamh na mór-phíopaí no na bpíopaí, na bhfeadán, na sreanga, no na bhfearas san d'ísliú no d'atharú ar chuma éigin eile i pé slí ceapfar do bheith riachtanach, agus déanfar aon deifríocht tuairime, i dtaobh ce'ca is gá no nách gá an t-ísliú no an t-atharú san, do shocrú sa tslí foráltar san Acht so chun deifríochtaí idir na Coimisinéirí agus aon chuideachta chólucht no duine den tsórt san do shocrú, agus na hatharuithe uile déanfar fén alt so, déanfar iad, chó fada agus is féidir é sa chás, sa tslí is lugha dhéanfaidh dochar agus ceataí don Bhárdas no don chuideachtain, don chólucht, no don duine sin go mbeidh na mórphíopaí no na píopaí, na feadáin, na sreanga, no na fearaistí sin dá chuid féin aige no fé n-a chúram, no do mhuintir an cheanntair, agus déanfar iad fé mhaoirseacht shuirbhéara bhuirge an Bhárdais, no fé mhaoirseacht aon chuideachtan, cóluchta, no duine den tsórt san no fé mhaoirseacht shuirbhéara no innealtóra uatha-san no uaidh-sean, más oiriúnach leo-san no leis-sean teacht i láthair tar éis fógra 48 n-uair a' chluig ar a laighead d'fháil chuige sin, agus ceangailtear leis seo ar na Coimisinéirí na fógraí sin do thabhairt uatha.

(2) Ní aistreoidh na Coimisinéirí, ná ní chuirfid as áit, aon cheann de sna mór-phíopaí ná de sna píopaí, de sna comhlaí, de sna taomairí, de sna buaca, de sna feadáin, de sna sreanga, ná de sna fearaistí ná aon oibreacha eile bheidh dá chuid féin no fé n-a chúram ag an mBárdas no ag an gcuideachtain, ag an gcólucht, no ag an duine sin, ná ní dhéanfaid, gan toiliú an Bhárdais no na cuideachtan, an chóluchta, no an duine sin ná in aon tslí seachas slí le n-a mbeidh an Bárdas, no an chuideachta, an cólucht, no an duine sin sásta, éinní do choiscfeadh geas, uisce, no leictreachas ar dhul isteach sna mór-phíopaí no sna píopaí sin no tríotha go dtí go ndéanfar agus go gcuirfear síos ina n-ionad, ullamh chun a n-úsáidthe, ar chostas na gCoimisinéirí, mórphíopaí, píopaí, comhlaí, taomairí, buaca, agus oibreacha eile, cinn mhaithe dhóthanacha, fé mar is gá no is ceart chun leanúint de gheas no d'uisce do sholáthar chó dóthanach agus do soláthruítí é leis na mór-phíopaí no na píopaí, na feadáin, na sreanga, no na fearaistí go mbeifear chun a gcurtha as áit no chun a n-aistrithe, agus san chun sástachta réasúnta suirbhéara bhuirge an Bhárdais no suirbhéara no innealtóra na cuideachtan, an chóluchta no an duine sin, pe'ca aca é, no, i gcás easaontais idir an suirbhéir buirge no an suirbhéir no an t-innealtóir sin agus na Coimisinéirí, fé mar ordóidh innealtóir a cheapfaidh an tAire.

(3) Ní chuirfidh na Coimisinéirí síos aon mhór-phíopaí ná píopaí den tsórt san contrárdha do rialacháin aon Achta bhaineann leis an gcuideachtain, leis an gcólucht no leis an duine sin.

(4) Deiseoidh na Coimisinéirí gach damáiste dhéanfaid, le linn bheith ag déanamh na dTrambhealach, do sna sráideanna, do sna mór-phíopaí, do sna píopaí, do sna comhlaí, do sna taomairí, do sna buaca, do sna feadáin. do sna sreanga, do sna fearaistí, do sna hoibreacha. agus don mhaoin uile bheidh dá chuid féin no fé n-a chúram ag an mBárdas no ag aon chuideachtain. cólucht no duine den tsórt san, agus bhéarfaid lánchúiteamh do gach páirtí in aon chailliuint no damáiste bhainfidh dóibh toise aon chur isteach do dhéanamh ar an maoin sin no ar phíopaí no ar shreanga seirbhíse príobháidighe éinne dá soláthruíonn an Bárdas, no an chuideachta, an cólucht no an duine sin gcas, uisce no leictreachas.

(5) Ní údaróidh éinní atá san alt so do sna Coimisinéirí cur isteach ar aon cheann de línte ná d'oibreacha leictreachais Bhord Soláthair an Leictreachais ach le toiliú an Aire agus fé réir pé téarmaí agus coinníollacha is dóich leis is ceart tar éis do dul i gcomhairle leis an mBord san.

Cosaint do chirt an Aire Puist agus Telegrafa.

18. —Ní údaróidh éinní atá san Acht so aon chur isteach ar aon líne thelegrafach is leis an Aire Puist agus Telegrafa mar a mínítear san leis na hAchtanna Telegrafa, 1863 go 1928, ná ar aon mhaoin eile is leis an Aire Puist agus Telegrafa ná ar aon cheart dá bhfuil ag an Aire Puist agus Telegrafa fé sna hAchtanna san.

Camraí sa chathair do chosaint.

19. —(1) I gcás ina ndéanfadh aon Trambhealach no obair no áis eile dá n-údaruítear leis an Acht so cur isteach ar aon chamra, dréin, cúrsa uisce, cosaint, slí fé thalamh no obair atá in aon tsráid no fúithi agus atá dílsithe sa Bhárdas no is leis an mBárdas, ní thosnóidh na Coimisinéirí ar an obair go dtí go mbeidh fógra seacht lá roimh ré i scríbhinn go bhfuilid chun tosnú ar an obair tugtha acu don Bhárdas, maraon le gach mion-innsint is gá ina taobh, ná go dtí go gcuirfidh an Bárdas in úil go n-aontuíd leis an obair do dhéanamh, mara ndeinidh an Bárdas, laistigh de sheacht lá tar éis an fhógra agus na mion-innste sin do sheirbheail mar adubhradh, a chur in úil go n-aontuíd, ná haontuíd, no go dtugaid treoracha eile, agus cólíonfaidh na Coimisinéirí gach ordú agus rialachán réasúnta ón mBárdas ag déanamh na n-oibreacha san dóibh, agus déanfaid dá réir, agus socróid tré oibreacha nua, atharuithe, no malartuithe, ar pé slí cheanglóidh an Bárdas go réasúnta ortha, chun na gcamraí agus na n-oibreacha luaidhtear anso roimhe seo do chosaint i gceart agus chun cosc do chur le haon díobháil dóibh no bac ortha o sna Trambhealaigh no o sna hoibreacha no na háiseanna eile sin no dá ndeascaibh agus ní leigfid do chostas ar bith a bhainfidh leis sin tuitim ar an mBárdas, agus is fé stiúra, fé mhaoirseacht, agus fé smacht suirbhéara buirge an Bhárdais ar chostaisí, ar éilithe, agus ar chaithteachaisí réasúnta na gCoimisinéirí ar gach slí déanfar na hoibreacha san uile agus nuair a dhéanfaidh na Coimisinéirí, no a déanfar ar chostaisí, ar éilithe, no ar chaithteachaisí na gCoimisinéirí, aon oibreacha nua, atharuithe, no malartuithe mar adubhradh no aon obair no cosaint a bhainfidh leo do chríochnú fé fhorálacha an Achta so beid chó mór fé stiúra, fé dhlighinse, agus fé smacht an Bhárdais as san amach le haon chamra no oibreacha agus coinneoidh an Bárdas i dtreo iad sa tslí chéanna.

(2) Ní údaróidh éinní atá san alt so do sna Coimisinéirí cur isteach ar aon cheann de línte ná d'oibreacha leictreachais Bhord Sholáthair an Leictreachais ach le toiliú an Aire agus fé réir pé téarmaí agus coinníollacha is dóich leis is ceart tar éis do dul i gcomhairle leis an mBord san.

Ceart an bhárdais agus na geaschuideachtan chun bóithre do bhrise.

20. —Ní scriosfaidh éinní san Acht so ná ní laigheadóidh sé aon chomhacht chun aon tsráid go mbeidh na Trambhealaigh curtha síos ar a feadh no trasna uirthi do bhrise no do réaba, ná aon chomhacht eile atá dílsithe sa Bhárdas no in aon chuideachta, cólucht no duine, d'fhonn go gcuirfí síos, go ndeiseofaí, go n-atharófaí, no go n-aistreofaí aon chamraí no mór-phíopa no píopa chun uisce no geas do sholáthar no aon fheadáin, sreanga, no fearaistí chun crícheanna telegrafa, leictreachais, no eile; ach ag feidhmiú na comhachta san dóibh beidh an Bárdas agus gach cuideachta, cólucht no duine den tsórt san, ach amháin an tAire Puist agus Telegrafa, fé réir na sriantacht so leanas:—

(1) Ní dhéanfaid aon dochar ná ceataí do sna Coimisinéirí thar mar is gá.

(2) Sara dtosnóid ar aon obair den tsórt san tré n-a gcuirfear isteach ar thrácht na dTrambhealach bhéarfaid fógra do sna Coimisinéirí (ach amháin i gcás práinne agus ní gá aon fhógra ansan) go bhfuilid chun tosnú ar an obair sin, á luadh cathoin a thosnóid uirthi, agus bhéarfar an fógra san ocht n-uaire is dachad a' chluig ar a laighead sara dtosnófar ar an obair.

(3) Ní bheidh sé dlite ortha aon chúiteamh d'íoc leis na Coimisinéirí as aon díobháil do rinneadh do sna Trambhealaigh agus nárbh fhéidir do sheachaint ná as cailliuint tráchta thiocfaidh as an obair sin do dhéanamh, ná as an gcomhacht atá dílsithe ionta mar adubhradh d'fheidhmiú go réasúnta.

(4) Pé uair a cheanglóidh an Bárdas no aon chuideachta, cólucht no duine den tsórt san ortha é chun go bhféadfaid féin an obair sin do dhéanamh, stopfaidh na Coimisinéirí an trácht ar na Trambhealaigh le n-a mbainfidh an fógra i gcás ina gcuirfeadh an trácht san isteach ar an obair sin mara stopfaí é, no déanfaid taca do chur leis na Trambhealaigh sin agus iad do dhaingniú ar a gcostas féin le linn na hoibre bheith á déanamh ach déanfaidh an Bárdas no an chuideachta, an cólucht no an duine sin an obair sin do chríochnú i gcomhnaí chó tapaidh agus is féidir é.

(5) Ní dhéanfaidh an Bárdas ná aon chuideachta, cólucht ná duine den tsórt san an obair sin, sa mhéid go mbeidh baint díreach aici leis na Trambhealaigh. ach fé mhaoirseacht na gCoimisinéirí maran rud é go ndiúltóid no go leigfid i bhfaillí an mhaoirseacht san do dhéanamh san am a luadhfar sa bhfógra chun tosnú ar an obair no go scuirfid di le linn na hoibre bheith á déanamh, agus déanfaid an obair sin ar a gcostas féin agus chun sástachta réasúnta na gCoimisinéirí.

Ní cuirfear isteach ar thrácht.

21. —Le linn aon oibreacha a húdaruítear leis an Acht so do bheith á ndéanamh déanfaidh na Coimisinéirí, maidir leis na hoibreacha san do dhéanamh, pé socrú is ceart do réir tuairime an Bhárdais chun ná cuirfí isteach go nea-riachtanach ar an trácht fan na sráide.

Beidh na Coimisinéirí freagarthach i ndamáiste.

22. —Beidh na Coimisinéirí freagarthach i ngach tionóisc, damáiste, no díobháil a thárlóidh tré n-a ngníomhartha no tré n-a bhfaillíocha éagcóracha féin no tré ghníomhartha no tré fhaillíocha éagcóracha éinne go mbeidh connra aige leo féin no fo-chonnra le n-a gconnarthóir no a bheidh ar fostú acu chun na n-oibreacha a húdaruítear leis an Acht so do dhéanamh no i ndéanamh na n-oibreacha san; agus déanfaid gach tráth an Bárdas, a n-oifigigh agus a seirbhísigh do chimeád saor agus slán ar gach cailliuint, damáiste agus costas fé n-a raghfar mar adubhradh, agus fé n-a raghaidh an Bárdas no 'na mbeidh sé freagarthach, no maidir leis an damáiste no an díobháil sin no maidir le héilithe mar gheall ortha.

Abhair tochailte.

23. —Aon abhar pábhála no miotail no abhar eile thochlóidh na Coimisinéirí as aon tsráid le linn a n-oibreacha do dhéanamh féadfaidh na Coimisinéirí é d'úsáid, sa mhéid gur gá é, chun na sráide sin do chur ar an staid ar a raibh sí agus oiread de bhóthar na sráide sin do choinneail i dtreo ar feadh sé mhí chaileandair tar éis na dTrambhealach do chríochnú agus a ceangailtear ar na Coimisinéirí le forálacha an Achta so do choinneail i dtreo agus, má ceangailtear ortha é, déanfaidh na Coimisinéirí an fuighleach den abhar phábhála no mhiotail no den abhar eile nár húsáideadh no nách gá do choinneail mar adubhradh do sheachada don tsuirbhéir buirge ar son an Bhárdais, ach mara n-aistrítear an fuighleach den abhar phábhála no mhiotail no den abhar eile sin laistigh d'ocht n-uaire is dachad a' chluig tar éis fógra i scríbhinn don tsuirbhéir buirge sin go bhfuil an fuighleach san ullamh chun a aistrithe dílseoidh an fuighleach san amuich is amach sna Coimisinéirí agus beidh sé dá gcuid féin acu agus féadfaid deighleail leis, é d'aistriú agus é do chur dá láimh i pé slí is oiriúnach leo.

Ceart maidir leis an sráid.

24. —D'ainneoin éinní atá san Acht so ní bhfuighidh na Coimisinéirí ná ní tuigfear go bhfuighid aon cheart seachas ceart úsáide le n-a gcuid innill, roth-stuic, capaill agus caráistí agus tré n-a gcuid seirbhíseach ar aon tsráid go gcuirfid aon Trambhealach ar a feadh no trasna uirthe.

Comhachta breise maidir le crosairí agus le hoibreacha.

25. —(1) O am go ham féadfaidh na Coimisinéirí, fé réir aontú an Aire agus an Bhárdais agus fé réir forálacha an Achta so. líne dhúbalta na eadar-shnaidhmthe do dhéanamh de líne shingil no vice versa agus féadfaid pé crosairí, áiteanna targhabhála, leataobhacha, siúntaí agus oibreacha eile, ar a n-áirmhítear lúbanna casta agus triantáin ag na cinn scríbe, do dhéanamh i dteanta na gceann a luaidhtear go sonnrách sna pleananna agus sna gearrtha lóisteálta agus a húdaruítear leis an Acht so, pé cinn is gá no is áisiúil o am go ham chun na dTrambhealach no aon cheann acu d'oibriú go héifeachtúil no chun dul isteach in aon tithe caráiste, tigh comhachta, stóraisí no oibreacha leis na Coimisinéirí no le haon chuideachta, cólucht no duine bheidh ag úsáid áitreabh a bheidh teoranta leis na Trambhealaigh sin: Ach ní déanfar na comhachta bronntar leis an bhfo-alt so d'fheidhmiú maidir le haon chuid de Thrambhealach Uimh. 1 a bheidh curtha síos fan aon tsráide.

(2) Ní hosclófar chun tráchta phuiblí aon líne ná obair a déanfar fé fhorálacha an ailt seo go dtí go ndéanfaidh sás-eolaidhe cheapfaidh an tAire chuige sin í scrúdú agus a dheimhniú go bhfuil sí oiriúnach don trácht san.

Oibreacha sealadacha.

26. —(1) Nuair a mheasfaidh an Bárdas é bheith riachtanach no oiriúnach mar gheall ar aon obair do dhéanamh a bhaineann le hithir no le huachtar aon tsráide go mbeidh na Trambhealaigh curtha síos ar a feadh no má bhíonn agus nuair a bheidh sé riachtanach chun críche deisiúcháin no chun crícheanna eile den tsórt san aon chuid de sna Trambhealaigh sin d'aistriú no do dhúna go sealadach, féadfaidh na Coimisinéirí, fé réir forálacha an ailt seo, le haontú an Bhárdais, fé réir pé coinníollacha agus ar gach slí do réir pé rialachán a dhéanfaidh an Bárdas o am go ham, Trambhealach sealadach do chur síos agus do choinneail i dtreo, ar feadh an ama is gá ach ní níos sia ná san, ar chuid éigin eile den tsráid sin no ar chuid éigin den tsráid no den bhóthar a bheidh teoranta leis an gcuid sin di, in ionad na coda den Trambhealach do haistríodh no as ar heiríodh agus féadfaid, le haontú den tsórt chéanna, fé réir coinníollacha den tsórt chéanna agus do réir rialachán den tsórt chéanna an céanna do choinneail i dtreo agus d'úsáid go dtí go gcuirfear thar n-ais an chuid do haistríodh no as ar heiríodh amhlaidh. Má eiríonn aighneas ar bith idir na Coimisinéirí agus an Bárdas i dtaobh réasúntachta aon choinníollacha no rialachán den tsórt san no i dtaobh na slí ina ndéanfar aon trambhealach sealadach fé údarás an ailt seo socrófar é tré eadarscánacht sa tslí foráltar anso ina dhiaidh seo.

(2) Ní bhunóidh na Coimisinéirí ná ní choinneoid i dtreo, chun crícheanna trambhealaigh shealadaigh a húdaruítear leis an alt so, aon oibreacha is gá chun comhachta leictreachais d'úsáid ach le toiliú an Aire agus do réir aon téarmaí agus coinníollacha is dóich leis is ceart tar éis do dul i gcomhairle le Bord Soláthair an Leictreachais.

(3) Le linn dóibh Trambhealach sealadach a húdaruítear leis an alt so do dhéanamh no do choinneail i dtreo ní chuirfidh na Coimisinéirí isteach ar aon cheann de línte ná d'oibreacha leictreachais Bhord Soláthair an Leictreachais ach le toiliú an Aire agus fé réir pé téarmaí agus coinníollacha is dóich leis is ceart tar éis do dul i gcomhairle leis an mBord san.

Crot na rálach.

27. —Sara ndéanfar ráil do chur síos fan no trasna aon tsráide puiblí ní foláir suirbhéir buirge an Bhárdais do bheith sásta le n-a crot, ach má bhíonn na Coimisinéirí mí-shásta le n-a bhreith-sean beidh cead acu athchomharc do dhéanamh chun an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith. Féadfaidh an tAire o am go ham, ar iarratas an Bhárdais, a cheangal ar na Coimisinéirí glaca le feabhsuithe agus iad do dhéanamh ar na Trambhealaigh ar a n-áirmhítear rálacha na dTrambhealach, pé feabhsuithe ar a raghfar amach o am go ham de bharr taithí agus as a dtiocfaidh breis sábháltachta don phuiblíocht agus buntáiste don ghnáth-thrácht agus cólíonfaidh na Coimisinéirí chó tapaidh agus is féidir é aon ordú dhéanfaidh an tAire chun aon fheabhsuithe den tsórt san do dhéanamh.

Caráistí.

28. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí caráistí no bhaigíní go rothaí foirfhleascacha no go rothaí ná beidh oiriúnach ach chun rith ar na rálacha a horduítear leis an Acht so d'úsáid ar na Trambhealaigh agus fé réir forálacha an Achta isiad na Coimisinéirí amháin úsáidfidh na Trambhealaigh i gcóir caráistí no bhaigíní go rothaí foirfhleascacha no go rothaí ná beidh oiriúnach ach chun rith ar an ráil orduithe.

(2) Má dheineann éinne gan aontú na gCoimisinéirí caráistí go rothaí foirfhleascacha no go rothaí ná beidh oiriúnach ach chun rith ar rálacha na dTrambhealach d'úsáid ar na Trambhealaigh sin dlighfear pionós ná raghaidh thar £10 do chur air in aghaidh gach cionta den tsórt san.

Comhacht ghluaiseachta.

29. —Fé réir forálacha an Achta so féadfar na hinnill agus na feithicilí a húsáidfear ar na Trambhealaigh do chur ag gluaiseacht le comhacht ainmhí no le hinneall-chomhacht.

Rialacháin i dtaobh comhachta leictreachais d'úsáid.

30. —(1) Is do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so a feidhmeofar na comhachta a bronntar leis an Acht so maidir le comhacht leictreachais d'úsáid.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis do dul i gcomhairle le Bord Soláthair an Leictreachais, rialacháin do dhéanamh agus féadfaidh o am go ham, tar éis do dul i gcomhairle leis an mBord san, na rialacháin sin do chur ar neamh-ní no d'atharú, no cur leo, chun a chur in áirithe ná húsáidfear comhacht leictreachais, fé sna comhachta bronntar leis an Acht so, mara ndeintear, go ceart réasúnta, an pobal do chosaint ar chontabhairt agus maoin aon chuideachtan, cóluchta no duine do chosaint ar dhamáiste.

(3) Ag déanamh na rialachán san do agus á gcur ar neamh-ní no á n-athar½ no ag cur leo dho, féachfaidh an tAire don chostas a chuirfidh san ar na Coimisinéirí agus don deifir a dhéanfaidh do chúrsaí airgeadais na dTrambhealach.

(4) Má úsáideann na Coimisinéirí no aon chuideachta cólucht no duine eile comhacht leictreachais contrárdha d'fhorálacha an Achta so no d'aon rialacháin a déanfar fé, dlighfear pionós ná raghaidh thar deich bpúint do chur ortha in aghaidh gach cionta den tsórt san agus fós, i gcás cionta leanúnaigh, pionós breise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san tar éis a gciontuithe ann: ach pe'ca bheidh an pionós san bainte amach no ná beidh má sé barúil an Aire go ndearna na Coimisinéirí no aon chuideachta, cólucht no duine úsáideann comhacht leictreachais faillí do thabhairt i bhforálacha an Achta so no in aon rialacháin do rinneadh fé do chólíona no má bhíonn sé sásta gur contabhairt don phobal an chomhacht san d'úsáid, féadfa sé le hordú a ordú do sna Coimisinéirí no don chuideachtain, don chólucht no don duine sin eirghe as na comhachta d'fheidhmiú a bronntar leis an Acht so i dtaobh comhachta leictreachais d'úsáid agus leis sin eireoidh na Coimisinéirí no an chuideachta, an cólucht no an duine sin as na comhachta san d'fheidhmiú agus ní fheidhmeoid arís iad ná aon cheann acu ach le toiliú an Aire agus údaruítear do-san leis seo san do thabhairt uaidh le hordú agus fé réir pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis.

Fo-dhlithe.

31. —Fé réir forálacha an Achta so féadfaidh an tAire o am go ham fo-dhlithe do dhéanamh maidir le haon cheann de sna Trambhealaigh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, agus nuair a bheid déanta féadfaidh iad do chur ar ceal no ar neamh-ní no cur leo, sé sin le rá:—

Chun úsáide an chluig, na feadóige no an fhearais eile rabhaidh do rialáil;

Chun an luais ar a gcuirfear innill, caráistí, no trucanna ag gluaiseacht ar na Trambhealaigh do rialáil;

Chun a shocrú go stopfar innill, caráistí agus trucanna ag cros-sráideanna agus i pé áiteanna agus i pé cásanna scannruithe capall no gar-chontabhartha is dóich leis an Aire is ceart chun sábháltachta do chur in áirithe;

Chun a shocrú go bhfoillseofaí go cuibhe na rialacháin agus na fo-dhlithe uile bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir leis na Trambhealaigh tré n-a dtaisbeaint in áiteanna feiceálacha ar na caráistí agus in áiteanna eile.

Einne dhéanfaidh cionta i gcoinnibh aon fho-dhlí dá ndéanfaidh an tAire fé údarás an Achta so no a sháróidh í dlighfear pionós ná raghaidh thar dachad scilling do chur air.

Pionóisí do bhaint amach.

32. —Féadfar na pionóisí uile fén Acht so do bhaint amach agus do chur i bhfeidhm i láthair Cúirte Dlighinse Achmair sa tslí a horduítear leis na hAchtanna Dlighinse Achmair.

Fo-dhlithe d'fhíorú.

33. —Séalófar le Séala an Aire Tionnscail agus Tráchtála na horduithe agus na fo-dhlithe uile dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

Forálacha chun a chur in áirithe go gcoinneofar na trambhealaigh i dtreo.

34. —Déanfaidh na Coimisinéirí gach tráth na Trambhealaigh d'oibriú go héifeachtúil agus déanfaid gach tráth na rálacha is ionann de thurus na huaire agus na Trambhealaigh, agus an bun ar a mbeid sin ina luighe, do choinneail i dtreo mhaith agus dea-dheisithe chun ná beid ina gcontabhairt ná ina dtrioblóid don ghnáth-thrácht.

Comhachta reatha.

35. —Féadfaidh na Coimisinéirí o am go ham, fé réir aontú an Aire, connartha, có-aontuithe no socruithe do dhéanamh le haon chuideachtain chun na dTrambhealach agus na n-oibreacha no aon chuid no coda dhíobh d'aistriú, do dhíol, do léasú, d'oibriú, d'úsáid, do bhainistí agus do choinneail i dtreo agus chun comharthráchta do dhéanamh ortha no chun an roth-stuic, agus na meaisínteachta agus na bhfearaistí is gá, chun a n-úsáidthe agus a n-oibrithe do sholáthar no chun comhachtanna reatha ar bhóithre iarainn no ar thrambhealaigh aon chuideachtan den tsórt san d'fháil no chun comhachtanna reatha den tsórt chéanna ar Thrambhealaigh na gCoimisinéirí do dheona ar pé téarmaí ar a gcó-aontófar o am go ham agus chun rálacha breise do chur síos, chun na gcrícheanna roimhráite no chun aon chríche acu, ar bhóithre iarainn no ar thrambhealaigh údaruithe na cuideachtan eile sin no ar aon chuid díobh no ar Thrambhealaigh na gCoimisinéirí, agus aon chonnartha, có-aontuithe no socruithe den tsórt san do dhéanamh agus do chur in éifeacht i dtaobh na rálacha breise sin agus i dtaobh a gcostaisí.

Chun Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt do chosaint.

36. —D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá san Acht so no taisbeántar ar na Pleananna no ar na Gearrtha lóisteálta, mara gcó-aontuítear ar a mhalairt idir na Coimisinéirí agus Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt (dá ngairmtear “an Chuideachta” anso feasta) beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas:—

(1) Sara dtosnóidh na Coimisinéirí ar an talamh do bhrise no ar na Trambhealaigh do chur síos ar aon tailte leis an gCuideachtain bhéarfaid do phrímh-innealltóir na Cuideachtan pleananna cruinne iomlána ag tuairisciú na hoibre agus aon tsiúnta bheidh beartuithe do dhéanamh le haon cheann de línte no de leataobhacha na Cuideachtan agus is le haontú an phrímhinnealltóra san a déanfar an obair sin.

(2) Má eiríonn aighneas ar bith idir an Cuideachta agus na Coimisinéirí i dtaobh éinní cuirfear an t-aighneas san fé bhráid Eadrascánaí ar shlí a foráltar anso ina dhiaidh seo.

Na trambhealaigh d'oscailt.

37. —(1) Ní hosclófar aon chuid de sna Trambhealaigh i gcóir tráchta phuiblí go dtí go ndéanfaidh innealltóir a cheapfaidh an tAire chun na críche sin í do scrúdú agus a dheimhniú go bhfuil sí oiriúnach don trácht san.

(2) Na forálacha de sna Regulation of Railways Acts, 1840 to 1889, i dtaobh tionóiscí, agus pé cinn d'fhorálacha eile na nAcht san go n-ordóidh an tAire o am go ham le hordú baint do bheith acu leis na Trambhealaigh, bainfid leis na Trambhealaigh, fé réir forálacha an Achta so, agus nuair a beifear ag léiriú na nAcht san chun crícheanna an Achta so folóidh an focal “Company” sna hAchtanna san na Coimisinéirí.

Ceart an phobail chun sráideanna d'úsáid do chur ar cosnamh.

38. —Ní scriosfaidh éinní san Acht so ná ní laigheadóidh sé ceart an phobail chun dul, le caráistí ná beidh rothaí ortha, ná beidh oiriúnach ach chun rith ar rálacha an Trambhealaigh, fan na trasna gach coda no aon choda de shráid ar bith go gcuirfear aon Trambhealach ar a feadh no trasna uirthi, pe'ca ar an Trambhealach é no lasmiuch de.

Fógraí.

39. —Maidir le fógraí agus le n-a seachada do sna Coimisinéirí no ag na Coimisinéirí beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(1) Is i scríbhinn no i gcló no i glóscríbhinn a bheidh gach fógra agus má sé an Bárdas do bhéarfaidh é is é an baile-chléireach a shighnéoidh é agus más iad na Coimisinéirí no aon chuideachta no duine do bhéarfaidh é is é rúnaí na gCoimisinéirí no na cuideachtan no an duine sin a shighneoidh é.

(2) Aon fhógra a sheachadfaidh na Coimisinéirí don Bhárdas no d'aon chuideachtain no a sheachadfaidh an Bárdas no an chuideachta san do sna Coimisinéirí féadfar a sheachada tré n-a fhágáil in oifig Bhaile-Chléireach no Rúnaí an Bhárdais no na cuideachtan san fé seach, no in oifig na gCoimisinéirí, pe'ca aca é, no tré n-a chur tríd an bpost i leitir roimh-íoctha ar n-a díriú go dtí Baile-Chléireach an Bhárdais no go dtí Rúnaí na cuideachtan no na gCoimisinéirí fé seach ina oifig no ina n-oifig.

Eadrascánacht.

40. —Má eiríonn aon aighneas no achrann idir an Bárdas no aon tsuirbhéir no innealltóir cuideachtan, cólucht no duine agus na Coimisinéirí maidir leis na Trambhealaigh no aon chuid díobh no na hoibreacha bhaineann no ghabhann leo do dhéanamh no d'oibriú no do choinneail i dtreo, no maidir leis an mBárdas, an chuideachta, an cólucht no an duine sin do dhéanamh aon oibreacha dhéanfaidh deifir do sna Trambhealaigh no d'aon chuid díobh no chuirfidh isteach ortha no tré n-ar gá an trácht ar na Trambhealaigh no ar aon chuid díobh do stop, no maidir leis an mbail a bheidh ar na Trambhealaigh no ar aon chuid díobh, no maidir le héinní no aon rud a bhaineann leis na Trambhealaigh no aon chuid díobh do dhéanamh agus do choinneail i dtreo no d'oibriú, no maidir le feidhmiú na gcomhacht do bronnadh ar na Coimisinéirí no ar an mBárdas no ar aon chuideachtain, cólucht no duine, no maidir le haon abhar no rud eile rialáltar leis an Acht so no luaidhtear ann, cuirfear é fé bhráid eadrascánaí cheapfaidh an tAire ar iarratas an Bhárdais no na gCoimisinéirí no ar iarratas aon chuideachtan, cóluchta den tsórt san roimhráite agus socróidh sé sin é agus bhéarfaidh breith air agus beidh an eadrascánacht san do réir forálacha an Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1856, agus beidh údarás ag an eadrascánaí chun a shocrú cé íocfaidh costas na headrascánachta san.

Comhacht chun claona o phleanannai ndéanamh oibreacha sráide.

41. —Féadfaidh na Coimisinéirí, nuair a bheid ag déanamh na n-oibreacha sráide, claona amach o n-a línte, mar a taisbeántar iad ar na Pleananna Lóisteálta, chó fada leis na teoranna claontaíochta atá marcálta ar na Pleananna san agus féadfaid claona amach o leibhéil aon choda de sna hoibreacha sráide, mar a taisbeántar iad ar na Gearrtha Lóisteálta, chó fada le dhá throigh ar a mhéid ach san ar shlí ná méadófar ráta fánaidh na sráid mar a taisbeántar san ar na Gearrtha Lóisteálta.

Féadfar a éileamh ar únaerí gan ach cuid de thailte agus de thithe áirithe do dhíol.

42. —Le linn na dTrambhealach, na leataobhacha, agus na n-oibreacha sráide a húdaruítear leis seo, do dhéanamh no le linn éinní do dhéanamh i bhfeidhmiú comhachtanna an Achta so má thárlann gur leor, chun crícheanna na nithe sin, coda de sna tithe no de sna foirgintí eile no de sna monarchain a taisbeántar ar na Pleananna Lóisteálta agus go bhféadfar na coda san do dheighilt amach ón gcuid eile den mhaoin sin gan mórán díobhála dhi, ansan, d'ainneoin alt 92 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, féadfar a cheangal ar únaerí tithe no foirgintí eile no monarchana nách gá chun crícheanna an Achta so ach coda dhíobh no ar dhaoine eile go mbeidh leas acu sna nithe sin na coda san amháin de sna háitreabhacha go mbeidh gá leo amhlaidh do dhíol leis na Coimisinéirí agus do leithliú dhóibh má mheasann an giúiré, na headrascánaithe no an t-údarás eile go gcuirfear ceist chúitimh a bheidh in imreasán fé n-a mbráid go bhféadfar na coda san do dheighilt amach ón gcuid eile den mhaoin sin gan mórán díobhála dhi agus féadfar san do dhéanamh gan a bheith ar na Coimisinéirí ná gan a bheith ar chumas éinne a chur fhiachaint ar na Coimisinéirí iomlán na maoine sin ná aon chuid di is mó ná an chuid sin di do cheannach agus íocfaidh na Coimisinéirí as na coda is gá dhóibh agus bhéarfaid cúiteamh uatha in aon damáiste bhainfidh d'únaerí na gcodanna san, agus do dhaoine eile go mbeidh leas acu ionta, de dheascaibh na deighilte sin no éinní eile.

Féadfaidh na Coimisinéirí tithe in aice na dtrambhealach do thacú no do neartú ar shlí eile no féadfar a cheangal ortha san do dhéanamh.

43. —Pé uair is gá na tithe agus na foirgintí laistigh de chéad troigh o sna Trambhealaigh, o sna leataobhacha no o sna hoibreacha sráide do thacú no do neartú ar shlí eile chun ná déanfaí díobháil dóibh le linn aon oibreacha a húdaruítear leis an Acht so do bheith á ndéanamh agus á gcoinneail i dtreo, féadfaidh na Coimisinéirí ar a gcostas féin agus déanfaid, má cheanglann únaerí no léasaithe aon tighe no foirginte acu san ortha é, fé réir na nithe foráltar anso ina dhiaidh seo, an céanna do thacú no do neartú ar shlí eile agus beidh éifeacht ag na forálacha so leanas (sé sin le rá):—

(1) Ach amháin i gcás práinne bhéarfar d'únaerí, do léasaithe agus do shealbhairí an tighe no na foirginte, no bhéarfaidh únaerí no léasaithe an tighe no na foirginte, 'na mbeifear ar aigne amhlaidh no go gceangailfear amhlaidh é do thacú no do neartú ar shlí eile, fógra deich lá ar a laighead.

(2) Gach fógra den tsórt san do bhéarfaidh na Coimisinéirí uatha seirbheálfar é sa tslí a horduítear le halt 19 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, agus más iad únaerí no léasaithe an áitreibh a bheidh le tacú no le neartú do bhéarfaidh uatha é cuirfear é go dtí príomhoifig na gCoimisinéirí.

(3) Má dheineann únaer, léasaí, no sealbhaire aon tighe no foirginte den tsórt san no na Coimisinéirí, pe'ca aca é, laistigh de sheacht lá tar éis an fhógra san do thabhairt, frith-fhógra scríobhtha do thabhairt go séanann sé no siad, pe'ca aca é, gá do bheith leis an dtacú no leis an neartú san cuirfear an cheist i dtaobh ce'ca is gá no nách gá é fé eadrascánacht sás-eolaí ar a gcó-aontófar no, i gcás easaontais, a cheapfaidh an tAire ar iarratas ceachtar den dá pháirtí.

(4) Ar iarratas fháil o cheachtar páirtí acu tosnóidh an t-eadrascánaí sin láithreach ar an tigh no an fhoirgint sin do scrúdú agus ar bhreith do thabhairt ar an ní do cuireadh fé n-a bhráid agus má chinneann sé gur gá an tacú no an neartú san féadfaidh, agus má cheanglann an t-únaer, an léasaí no an sealbhaire sin air é, déanfaidh a ordú cadé an tslí ina ndéanfar é agus féadfaidh na Coimisinéirí agus déanfaid láithreach tosnú ar an tigh no ar an fhoirgint sin do thacú no do neartú amhlaidh.

(5) Dlighfidh na Coimisinéirí cúiteamh do thabhairt d'únaerí, do léasuithe agus do shealbhairí gach tighe no foirginte den tsórt san in aon cheataí, cailliuint no damáiste bhainfidh dóibh tré sna comhachta deontar leis an achtachán so d'fheidhmiú.

(6) Más rud é, in aon chás in ar tacuíodh no in ar neartuíodh aon tigh no foirgint ar iarratas na gCoimisinéirí, nách leor an tacú no an neartú san chun an tighe no na foirginte do chimeád suas no do chosaint ar a thuille díobhála do theacht do as oibreacha na gCoimisinéirí do dhéanamh no d'úsáid, ansan agus i ngach cás den tsórt san, mara ndearnadh an tacú no an neartú san do réir na slí agus ar an slí d'orduigh an t-eadrascánaí, déanfaidh na Coimisinéirí cúiteamh do thabhairt d'únaerí, do léasuithe agus do shealbhairí an tighe no na foirginte sin sa díobháil sin má dheineann na húnaerí sin an t-éileamh ar chúiteamh inti laistigh de bhliain tar éis í d'fháil amach agus má dheineann na léasuithe no na sealbhairí sin é laistigh de shé mhí tar éis í d'fháil amach.

(7) Ní dhéanfaidh éinní atá san achtachán so ná aon deighleail le haon mhaoin do réir an achtacháin seo na Coimisinéirí do shaora ón oblagáid atá ortha cúiteamh do dhéanamh fé alt 68 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, no fé aon Acht eile.

Na trambhealaigh d'úsáid.

44. —Ní húsáidfear na Trambhealaigh ach i gcóir tráchta carraí ceannaíochta amháin.

An tAire d'aontú leis an sceideal de rátaí, de dhleachtanna, etc.

45. —(1) Cuirfidh na Coimisinéirí fé bhráid an Aire, chun go n-aontódh sé leis, sceideal de sna dleachtanna, de sna rátaí agus de sna héilithe maximum ar earraí ceannaíochta d'iompar, ar fheithiclí do tharrac, ar fheithiclí beidh á lódáil no ag feitheamh le n-a lódáil do choinneail agus ar aon tseirbhísí no cóiríocht eile do bhéarfaidh na Coimisinéirí uatha ar na Trambhealaigh no maidir leo agus féadfaidh an tAire, le hordú, aontú leis an sceideal san tar éis pé atharuithe do dhéanamh air, más ann dóibh, is oiriúnach leis. Beidh sa sceideal san go sonnrách na cionúireachtaí maximum a beifear ar aigne a chur chun aon tré-rátaí agus a fháil as aon tré-rátaí socrofar o am go ham.

(2) Beidh iníoctha leis na Coimisinéirí pé dleachtanna rátaí agus éilithe shocróidh na Coimisinéirí o am go ham agus nách mó ná na dleachtanna na rátaí agus na héilithe sa sceideal le n-ar aontuigh an tAire. Beidh na dleachtanna na rátaí agus na héilithe sin ina gcuid d'ioncum ghenerálta na gCoimisinéirí agus cuirfear chun críche dá réir sin iad.

(3) Chun crícheanna altanna 19 agus 20 d'Acht Cuain Luimnighe, 1926, tuigfear na dleachtanna, na rátaí, agus na héilithe is iníoctha leis na Coimisinéirí fén Acht so do bheith ina gcuid de sna dleachtanna is iníoctha le Coimisinéirí Cuain Luimnighe fén Acht san agus léireofar na haltanna san agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

(4) Sa mhéid gur féidir é déanfaidh na Coimisinéirí, i gcásanna có-ionanna, saoráidí có-ionanna do thabhairt do sna cuideachtana, na cóluchtaí no na daoine uile bheidh ag úsáid na dTrambhealach no na n-oibreacha bhaineann leo agus socruithe cóionanna do dhéanamh leo.

Ioncum do chur chun na dtrambhealach do choinneail i dtreo.

46. —(1) Gach airgead do gheobhfar as dleachtanna, rátaí agus éilithe no ar aon tslí eile mar ioncum fén Acht so beidh sé ina chuid d'ioncum na gCoimisinéirí, agus beidh an t-ioncum san ionchurtha ag na Coimisinéirí sin chun na dTrambhealach agus na n-oibreacha eile a húdaruítear leis an Acht so do choinneail i dtreo, d'ath-nuachaint, do dheisiú, agus d'oibriú, díreach mar a bheidh sé ionchurtha chun Cuan Luimnighe do choinneail i dtreo.

(2) Ullamhóidh na Coimisinéirí agus cimeádfaid cuntaisí i dtaobh na dTrambhealach i pé fuirm agus pé mion-innste ionta ordóidh an tAire o am go ham, agus bhéarfaidh na Coimisinéirí uatha i dtaobh na dTrambhealach pé cuntaisí i pé tráthanna agus i pé fuirm agus pé mion-innste ionta ordóidh an tAire o am go ham.

Comhachta breise chun airgid d'fháil ar iasacht.

47. —I dteanta agus ní hin ionad na bhfóralacha atá in Acht Chuan Luimnighe, 1926 , i dtaobh aon tsuime nách mó ná suim £200,000 d'fháil ar iasacht, agus na bhforálacha atá ann i dtaobh san d'aisíoc, féadfaidh na Coimisinéirí aon chuid den tsuim sin d'fháil ar iasacht agus í d'aisíoc tré mhodh ar bith chun iasachta d'fháil agus d'aisíoc agus fé réir aon téarmaí agus coiníollacha ar a gco-aontóid leis an iasachtaí le haontú an Aire.

Cistí do chur chun trambhealach

48. —(1) D'ainneoin éinní atá in alt 14 d'Acht Chuan Luimnighe, 1926 , féadfaidh na Coimisinéirí aon chuid nách mó ná £50,000 den airgead do fuaradar ar iasacht fé Acht Chuan Luimnighe, 1926 , do chur chun na gcrícheanna bhaineann leis na Trambhealaigh agus oibreacha eile a húdaruítear leis an Acht so do dhéanamh.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí iomlán an chúl-chiste atá ar láimh acu ar dháta rithte an Achta so no aon chuid de do chur chun no mar chabhair chun costas na n-oibreacha a húdaruítear leis an Acht so d'íoc.

Cúl-chiste.

49. —(1) D'ainneoin éinní atá in aon Acht no Ordú atá ann cheana féadfaidh na Coimisinéirí o am go ham pé suimeanna is oiriúnach leo agus le n-a n-aontóidh an tAire do choinneail as a n-ioncum bliantúil no as aon chistí ionfhálta atá aca ar dháta rithte an Achta so agus iad do chur chun cúl-chiste do bhunú i gcóir teagmhaisí, agus tuigfear, chun crícheanna ailt 19 d'Acht Chuan Luimnighe, 1926 , gur cuid dá gcaithteachas bliantúil aon tsuimeanna a coinneofar agus a cuirfear amhlaidh.

(2) Aon chúl-chíste i gcóir teagmhaisí do bhunuigh na Coimisinéirí roimh an Acht so do rith, tuigfear, chó fada le pé méid de le n-a n-aontóidh an tAire (aontú a húdaruítear do leis seo do thabhairt uaidh) agus d'ainneoin éinní in aon Acht no Ordú atá ann cheana, gur go dleathach do bhunuigh na Coimisinéirí sin é agus tuigfear chun crícheanna ailt 19 d'Acht Chuan Luimnighe, 1926 , gur cuid dá gcaithteachas bliantúil aon tsuimeanna a cuirfear chun cúl-chíste den tsórt san do bhunú.

Sriantachtaí maidir le lucht oibre do chur as ionad.

50. —(1) Ní cheannóidh na Coimisinéirí ná ní thógfaid chúcha féin fé chomhachta an Achta so in aon líomatáiste áitiuil aon tigh ná tithe do bhí ar an gcéad lá d'Eanar míle naoi gcéad a haon triochad no atá ón dáta san no a bheidh ina dhiaidh seo ar seilbh i bpáirt no go hiomlán ag deichniúr is fiche no níos mó den lucht oibre mar thionóntaí no mar lóistéirí mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh na Coimisinéirí:—

(a) aontú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí (dá ngairmtear “an tAire sin” feasta san alt so) d'fháil i gcóir scéime chun áiteanna comhnaithe nua do sholáthar do pé méid daoine do bhí ina gcomhnaí sna tithe sin an chéad lá san d'Eanar míle naoi gcéad a haon triochad no do pé méid no cion de sna daoine sin is dóich leis an Aire sin is gá tar éis fiosrúcháin ag cuimhneamh do ar an méid daoine do bhí ar an dáta san no dá éis sin ina gcomhnaí sna tithe sin agus ar an méid cóiríochta oiriúnaighe chun comhnaithe atá folamh i ngar-chomharsanacht na dtithe sin no ar áit fhostaíochta na ndaoine sin agus ar gach ní bhaineann leis an scéal; agus

(b) urrús do thabhairt chun sástachta an Aire sin ar an scéim do thabhairt chun críche.

(2) Féadfar aontú an Aire sin le haon scéim fén alt so do thabhairt gan coinníoll no ar coinníoll agus tar éis don Aire sin aontú le haon scéim den tsórt san féadfa sé o am go ham aontú le haon atharú ar an scéim gan coinníoll no ar coinníoll.

(3) Beidh i ngach scéim fén alt so forálacha ag ordú na haimsire gur laistigh di a tabharfar an scéim chun críche agus éileofar leis an scéim i dtaobh na n-áiteanna comhnaithe nua beifear ar aigne a sholáthar fén scéim go mbeid do réir caighdeain le n-a n-aontóidh an tAire sin agus go mbeid críochnuithe agus oiriúnach chun comhnaí ionta sara gcuirfear as ionad na daoine chomhnuíonn sna tithe gur ina dtaobh a rinneadh an scéim. Ach féadfaidh an tAire sin déanamh d'éamais an éilimh dheiridh sin a luaidhtear fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach leis.

(4) Aon fhorálacha d'aon scéim fén alt so no aon choinníollacha gur fé n-a réir d'aontuigh an tAire sin le haon scéim no aon atharuithe ar aon scéim no gur fé n-a réir do rinne sé d'éamais an éilimh a luaidhtear thuas beid ionchurtha i bhfeidhm tré ordú mandamus do gheobhaidh an tAire sin as an Ard-Chúirt.

(5) Má thógann na Coimisinéirí aon tigh no tithe chúcha féin no má dheinid a gcuid féin den chéanna chun crícheanna an Achta so contrárdha do sna forálacha san roimhe seo no má dheinid no má chuirid fé ndeár na daoine chomhnuíonn in aon tigh no tithe do chur amach as an gcéanna contrárdha d'éilithe na scéime dlighfear pionós cúig céad punt do chur ortha in aghaidh gach tighe den tsórt san agus féadfaidh an tAire sin an pionós san do bhaint amach le haicsean san Ard-Chúirt: ach féadfaidh an Chúirt an pionós san do laigheadú más oiriúnach léi é.

(6) Chun aon scéime fén alt so do thabhairt chun críche féadfaidh na Coimisinéirí leithreasú do dhéanamh ar aon tailte is leo de thurus na huaire no 'na bhfuil comhacht acu chun iad do thógaint chúcha féin agus féadfaid pé tailte eile theastóidh uatha do cheannach agus chun críche aon cheannaigh den tsórt san beidh ailt 203 agus 214 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar atáid leasuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin beid ionchorparuithe leis an Acht so agus bainfid leis na Coimisinéirí do cheannach tailte chun crícheanna aon scéime fén alt so agus san ar gach slí díreach fé is dá mbeadh na Coimisinéirí ina n-údarás sláintíochta do réir bhrí an Public Health (Ireland) Act, 1878, agus gur cheann de chrícheanna an Achta san an scéim.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí pé áruis chomhnaithe don lucht oibre is gá chun críche aon scéime fén alt so do thógaint ar aon tailte is leo no do ceannuíodh no do tógadh fén alt so no fé aon Ordú Sealadach do daingníodh go cuibhe do réir an ailt seo agus féadfaid na háruis chomhnaithe sin agus aon tailte do ceannuíodh no do tógadh mar adubhradh do dhíol, do leithliú no do chur ar cíos no deighleail leo ar shlí eile agus aon airgead go bhfuil údarás acu chun é chruinniú no chun é chur chun crícheanna generálta a ngnótha féadfaid é chur chun na gcrícheanna san de chrícheanna an ailt seo chun ar féidir le ceart caipital do chur no chun aon chríche acu san ach na tailte uile ar ar thóg no ar ar sholáthruigh na Coimisinéirí aon fhoirgintí do réir aon scéime fén alt so cuirfear iad i leithreas ar feadh tréimhse cúig mbliana fichead o dháta na scéime chun críche na n-árus comhnaithe sin agus cúlscríobhfar fógra an achtacháin seo ar gach leithliú no léas a déanfar maidir leis na tailte agus leis na foirgintí sin agus fós féadfaidh an tAire sin aon uair déanamh d'éamais gach ceann no aon cheann d'éilithe an fho-ailt seo fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach leis.

(8) Féadfaidh an tAire sin a ordú go gcuirfear ar bun aon fhiosrúcháin is dóich leis is gá maidir le haon scéim fén alt so agus beidh ag cigirí an Aire sin chun crícheanna aon fhiosrúcháin den tsórt san gach comhacht atá acu chun crícheanna fiosrúchán orduíonn an tAire sin fén Public Health (Ireland) Act, 1878.

(9) Íocfaidh na Coimisinéirí leis an Aire sin suim a shocróidh an tAire sin as aon Ordú Sealadach d'ullamhú, do dhéanamh agus do dhaingniú do réir an ailt seo agus aon chostaisí fé n-a raghaidh an tAire sin maidir le haon fhiosrúcháin fén alt so agus ar a n-áirítear costaisí aon fhínnithe ghairmfidh an cigire agus suim a shocróidh an tAire sin as seirbhísí an chigire sin.

(10) Aon tithe do cheannuigh na Coimisinéirí no do thógadar chúcha féin chun aon cheann no maidir le haon cheann de chrícheanna an Achta so pe'ca i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar leis an Acht so no ar aon tslí eile do cheannuíodar no do thógadar chúcha féin iad agus pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin do rinneadh amhlaidh, tithe do bhí ar seilbh ag daoine den lucht oibre laistigh de chúig bliana roimh an Acht so do rith tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur fé chomhachta an Achta so do thóg na Coimisinéirí chúcha féin iad agus go rabhdar ar an gcéad lá san d'Eanar ar seilbh ag oiread daoine den lucht oibre agus bhí i seilbh na dtithe sin ar an dáta ar ar thóg na Coimisinéirí chúcha féin iad; ach maran féidir don Aire sin a fháil amach cá mhéid de sna daoine sin do bhí i seilbh na dtithe sin an uair sin tuigfear go raibh na tithe sin ar seilbh ag oiread daoine den tsórt san agus is dóich leis an Aire sin do gheobhadh slí agus cóiríocht ionta.

(11) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an focal “líomatáiste áitiúil” aon bhailecheanntar no tuathcheanntar, buirg no contae-bhuirg; cialluíonn an focal “tigh” aon tigh no cuid de thigh do bheadh i seilbh mar árus comhnaithe fé leith; agus cialluíonn an focal “lucht oibre” meiceanóirí, ceárdaithe, oibritheoirí agus daoine eile bhíonn ag obair ar phágh, hácaerí. toramhangairí, daoine ná bíonn ag obair ar phágh ach a bhíonn ag gabháil do chéird no d'obair láimhe éigin gan daoine eile ar fostú acu ach daoine dá líntighe féin, agus daoine nách seirbhísigh tighis agus nách mó a meán-ioncum in aon chás ná triocha scilling sa tseachtain agus muiríneacha aon daoine den tsórt san atá in aon-tigheas leo.

Cosaint do chirt an Stáit.

51. —Ní dhéanfaidh éinní san Acht so aon deifir d'aon mhaoin réalta ná pearsanta atá dílsithe i Saorstát Éireann no in aon Aire do Shaorstát Éireann no in aon bhord no cólucht fheidhmíonn aon fheidhmeanna rialtais no riaracháin phuiblí ná ní léireofar é mar ní a theorannuíonn no a dhocharuíonn cearta Shaorstáit Éireann no aon cheart, comhacht, príbhléid no dualgas atá dílsithe do réir dlí in aon Aire no aon oifigeach do Shaorstát Éireann, agus go sonnrách aon chomhachta chun aon oibreacha do thógáil, do dhéanamh, d'atharú no do leathnú ar aon mhaoin den tsórt san roimhráite ní léireofar iad mar nithe bhronnann ar na Coimisinéirí aon cheart chun dul isteach ar aon mhaoin den tsórt san no aon estát no leas inti ach ní oibreoidh an t-alt so chun no gCoimisinéirí do chosc ar na comhachta san d' fheidhmiú do réir an Achta so má bhíonn agus nuair a bheidh an ceart san chun dul isteach mar adubhradh faighte go cuibhe do réir dlí ag na Coimisinéirí.

Costaisí an Achta.

52. —Na costaisí agus na caithteachaisí a bhaineann agus a ghabhann leis an Acht so d'ullamhú, d'iarraidh, d'fháil agus do rith no fé n-a raghfar ar aon tslí eile ina thaobh san íocfaidh na Coimisinéirí iad as aon airgead atá ar láimh acu de thurus na huaire no as an suim de £50,000 a luaidhtear in alt 48 den Acht so.