1 1930


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1930.


ACHT SCOILEANNA FÉ BHRONNTANAS PHORTLÁIRGE AGUS AN EASBUIG O FIAICH (LEASÚ), 1930.


ACHT CHUN NA COMHACHTA BRONNTAR LEIS AN WATERFORD AND BISHOP FOY ENDOWED SCHOOLS ACT, 1902, AR RIALUITHEOIRÍ NA SCOL SAN DO LEATHNÚ AGUS CHUN A CHUR AR CHUMAS COIMISINÉIRÍ NA dTABHARTAS AGUS NA dTIOMANTA DÉIRCIÚLA IN ÉIRINN FORÁLACHA AN ACHTA SAN D'ATHARÚ O AM GO hAM AR IARRATAS RIALUITHEOIRÍ NA SCOL SAN. [17adh Meitheamh, 1930.]

DE BHRÍ go ndearnadh, leis an Waterford and Bishop Foy Endowed Schools Act, 1902, Bun-Scoileanna agus Meán-Scoileanna áirithe do bhunú i gCathair Phortláirge agus ina comhursanacht chun oideachas do thabhairt do bhuachaillí agus do chailíní, agus cólucht (dá ngairmtear “the Governors” san Acht san agus “na Rialuitheoirí” anso feasta) do bhunú sa tslí atá leagtha amach san Acht san chun na Scoileanna san do rialú agus do bhainistí, agus go ndearnadh leis an Acht san na Bronntanaisí uile agus fé seach a luaidhtear sa Chéad Sceideal agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san agus gach maoin agus éifeacht eile, eadhon, na Bronntanaisí sin agus gach ceart, comhacht, agus leigheas a bhaineann leo, do dhílsiú sna Rialuitheoirí ar na hiontaobhaisí agus chun na gcrícheanna luaidhtear san Acht san agus comhachta áirithe do bhronna agus dualgaisí áirithe do chur ar na Rialuitheoirí agus forálacha áirithe do leaga amach chun na Bronntanaisí sin do chur chun críche agus chun na Scoileanna san do rialáil agus do bhainistí go generálta;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach, mar gheall ar na hatharuithe thagann o am go ham ar a mbaineann leis na Scoileanna san do choinneail ar siúl agus mar gheall ar phrinsiobail agus modhanna oideachais, nua agus feabhsuithe, do thabhairt isteach, go leathnófaí na comhachta bronntar ar na Rialuitheoirí leis an Acht san agus, ar mhaithe le cuspóirí, le crícheanna, agus le riara na n-iontaobhas do cuireadh mar chúram ar na Rialuitheoirí fén Acht san, go ndéanfaí atharuithe o am go am ar fhorálacha an Achta san maidir leis na hiontaobhaisí sin;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach go seachnófaí an costas do bhainfeadh le hiarratas do dhéanamh chun an Oireachtais gach uair do theastódh atharú den tsórt san roimhráite;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach, d'fhonn meán do chur ar fáil chun na hatharuithe sin do dhéanamh gan costas den tsórt san roimhráite, go dtabharfaí comhacht do Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomanta Deirciúla in Éirinn forálacha an Achta san d'atharú o am go ham;

AGUS DE BHRÍ nách féidir na cuspóirí roimhráite do thabhairt chun críche gan údarás an Oireachtais;

AGUS DE BHRÍ go n-achtuítear, le halt 38 den Acht san, má sé barúil na Rialuitheoirí go bhfuil sé oiriúnach go n-iarrfadh na Rialuitheoirí ar an bPáirlimint an tAcht san no aon Acht eile bhaineann leis na Rialuitheoirí no dheineann deifir dóibh de thurus na huaire d'athghairm, do leasú no do leathnú no aon atharú no leathnú do dhéanamh ar a gcomhachta, no éinní do dhéanamh ar mhaithe le cuspóirí, le crícheanna no le riara na n-iontaobhas do cuireadh mar chúram ortha fén Acht san, ansan, go bhféadfaidh na Rialuitheoirí na costaisí agus na caithteachaisí bhainfidh leis an iarratas san d'íoc amach as na bronntanaisí no, neachtar acu, as na cistí bheidh ar láimh acu de thurus na huaire chun crícheanna na n-iontaobhas san mar íocaíochta as na bronntanaisí no as na cistí sin agus ná déanfar aon iarratas den tsórt san roimhráite ach amháin do réir rúin a rithfear go cuibhe ag cruinniú de sna Rialuitheoirí ar n-a ghairm go speisialta chun an rún san do bhreithniú;

AGUS DE BHRÍ gur ritheadh go cuibhe ag cruinniú de sna Rialuitheoirí do gairmeadh go speisialta chuige sin an 13adh lá d'Abrán, 1928, rún le n-ar húdaruíodh an tAcht so d'iarraidh.

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht so ciallóidh an abairt “an Príomh-Acht” an Waterford and Bishop Foy Endowed Schools Act, 1902.

Ciallóidh an abairt “na Rialuitheoirí” an ní chialluíonn an abairt “the Governors” sa Phríomh-Acht.

Ciallóidh an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomanta Déirciúla in Éirinn.

Comhacht chun iarratas do dhéanamh chun na gCoimisinéirí.

2. —I dteanta na gcomhacht a bronntar ortha leis an bPríomh-Acht féadfaidh na Rialuitheoirí o am go ham a iarraidh ar na Coimisinéirí forálacha an Phríomh-Achta d'atharú.

Comhacht do sna Coimisinéirí chun an Príomh-Acht d'atharú.

3. —Ar iarratas den tsórt san roimhráite féadfaidh na Coimisinéirí, le Miontuairisc fé n-a Séala, atharú do dhéanamh ar aon cheann no cinn d'Fhorálacha an Phríomh-Achta, no an Phríomh-Achta mar a leasuítear é le hatharú ar bith a bheidh déanta no le déanamh fén Acht so, ach:

(i) ní údaróidh atharú ar bith a bheidh le déanamh ag na Coimisinéirí ná ní thabharfa sé le tuisgint go n-údaruíonn sé aon chiste no cistí bheidh de thurus na huaire dílsithe sna Rialuitheoirí no fé n-a gcúram do chur chun cuspóra ar bith seachas scoil no scoileanna do bhunú, do chur ar aghaidh no do choinneail ar siúl i gCathair Phortláirge no ina haice,

(ii) ní dhéanfaidh atharú ar bith den tsórt san ná ní thabharfa sé le tuisgint go ndeineann sé deifir ná atharú maidir le gan baint do bheith ach ag lucht creidimh áirithe le haon scoil no scoileanna bheidh fé rialú no fé bhainistí na Rialuitheoirí de thurus na huaire.

Iarratas chun na gCoimisinéirí.

4. —Beidh gach iarratas den tsórt san i scríbhinn agus fé Shéala na Rialuitheoirí agus luadhfar ann an t-atharú bheidh á iarraidh, agus ní déanfar iarratas ar bith den tsórt san ach do réir rúin a rithfear go cuibhe ag Cruinniú de sna Rialuitheoirí ar n-a ghairm go speisialta chun an rún san do bhreithniú.

Costaisí an Achta.

5. —Íocfaidh na Rialuitheoirí amach as na Bronntanaisí luaidhtear sa Phríomh-Acht, no as ioncum na mBronntanas san, no as aon cheann de chistí na Rialuitheoirí, gach costas, éileamh, agus caithteachas a bhaineann agus a ghabhann leis an Acht so d'ullamhú, d'fháil, agus do rith no fé n-a ndeaghaidh na Rialuitheoirí ar aon tslí eile i dtaobh na nithe sin.

Gearr-theideal.

6. —Féadfar Acht Scoileanna fe Bhronntanas Phortláirge agus an Easbuig O Fiaich (Leasú), 1930 , do ghairm den Acht so.