Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL.)

4 1929


Uimhir 4 (Príobháideach) de 1929.


ACHT BHANC NA hÉIREANN, 1929.


ACHT CHUN AN CHAIRT FÉ N-A bhFUIL AN GOVERNOR AND COMPANY OF THE BANK OF IRELAND IONCHORPARUITHE AGUS NA hACHTACHÁIN REACHTÚLA LE N-A RIALÁLTAR AN CHORPARÁID SIN AGUS A BANC DO LEASÚ, AGUS CHUN TUILLE COMHACHT AGUS COMHACHTA EILE DO BHRONNA AR AN GOVERNOR AND COMPANY OF THE BANK OF IRELAND SAN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS AN gCORPARÁID AGUS LEIS AN mBANC SAN.[18adh Mí na Samhna, 1929.]

Roimhrá.

DE BHRÍ gur dineadh, fé Acht de Pháirlimint na hÉireann do ritheadh sa 21adh bliain agus sa 22adh bliain de réimeas A Shoillse ná maireann, an Treas Rí Seoirse, agus dar teideal “An Act for establishing a bank by the name of the Governor and Company of the Bank of Ireland” agus le Cairt no le Leitreacha Paitinne fé Shéala Mhór na hÉireann dar dáta an 10adh lá de Bhealtaine 1783 agus do dheon A Shoillse sin, ná maireann, do réir an Achta san, gur dineadh Banc do bhunú agus cuideachta d'ionchorparú darab ainm an Governor and Company of the Bank of Ireland:

AGUS DE BHRÍ gur dineadh o am go ham an tAcht san agus an Chairt sin do leasú agus tuille socruithe agus socrú eile do cheapa i dtaobh an Bhainc sin le hAchtanna do rith Páirlimint na hÉireann agus Páirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann le déanaí fé seach:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé riachtanach tuille socruithe agus socrú eile do cheapa i dtaobh an Bhainc sin agus chuige sin an Chairt sin agus na hAchtanna san go léir no cuid acu do leasú tuille:

AGUS DE BHRÍ nách féidir na crícheanna san do chur in éifeacht gan údarás an Oireachtais:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Banc” an cólucht corparáideach dar teideal an Governor and Company of the Bank of Ireland no Banc an Governor and Company of the Bank of Ireland, pe'ca aca is gá sa chó-théacs,

cialluíonn an abairt “an Chairt” an Chairt no na Leitreacha Paitinne sin fé Shéala Mhór na hÉireann dar dáta an 10adh lá de Bhealtaine 1783 agus do dheon A Shoillse ná maireann, an Treas Rí Seoirse,

cialluíonn an abairt “Achtanna an Bhainc” na hachtacháin a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus gach achtachán eile le n-a leasuítear achtachán ar bith acu san,

foluíonn an focal “Stiúrthóirí” Gobharnóir agus Leas-Ghobharnóir an Bhainc,

cialluíonn an abairt “cúirt ghenerálta” cúirt ghenerálta de bhaill an Bhainc ar n-a dtionól go cuibhe fén gCairt agus dá réir.

Forálacha i dtaobh vótála, cúirteanna generálta, Stiúrthóirí, etc.

2. —(1) D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá sa Chairt no in Achtanna an Bhainc,

(a) ní bheidh aon chuideachta bhancaereachta bheidh cláruithe lasmuich de Shaorstát Éireann, ná aon chorparáid bhancaereachta, iontaobhas ná cuideachta eile gur lasmuich de Shaorstát Éireann a dhinid a bpríomhghnó, cáilithe chun vótála ná in án vótáil ag aon chúirt ghenerálta ná eile tré iontaobhaí, tré dhuine ainmnithe ná tré dhuine eile ná ar aon tslí eile in aon chúrsa bhaineann le gnóthaí no le rialú an Bhainc, agus

(b) féadfaidh baill an Bhainc ar n-a dtionól go cuibhe i gcúirt ghenerálta pé laigheadú no méadú, is oiriúnach leo, do dhéanamh o am go ham le rún ar líon Stiúrthóirí an Bhainc (taobh amuich den Ghobharnóir agus den Leas-Ghobharnóir) agus a shocrú cé méid de stoc chaipitail an Bhainc nách foláir do bheith ag an nGobharnóir, ag an Leas-Ghobharnóir, agus ag na Stiúrthóirí, fé seach, chun bheith cáilithe agus féadfaid o am go ham a shocrú cadé an quorum Stiúrthóirí is gá chun gnó do dhéanamh, agus

(c) beidh an Gobharnóir agus an Leas-Ghobharnóir agus trí cheathrú ar a laighead de sna Stiúrthóirí eile ina mbuan-chomhnaí agus ina ngnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann, agus

(d) beidh an ceart céanna vótála ag cúirteanna generálta ag na baill uile den Bhanc ag a mbeidh an méid de stoc chaipitail an Bhainc is gá chun a gcáilithe chun vótála pe'ca ina gceart féin no ar iontaoibh do dhuine no do dhaoine ar bith eile no do chuideachtain no do chorparáid ar bith ná beidh dí-cháilithe chun vótála tré mhír (a) den fho-alt so a bheidh an méid de stoc caipitail an Bhainc dar sealbhóirí cláruithe iad no aon chuid de sin aca: Ach i gcás stoc caipitail sa Bhanc do bheith ag roinnt bhall den Bhanc ar iontaoibh don aon chuideachta, corparáid, duine no dream amháin ní bheidh níos mó ná éinne amháin de sna baill sin den Bhanc i dteideal vótála ag cúirt ghenerálta ar bith, agus

(e) i gcás cuid de stoc caipitail an Bhainc do bheith cláruithe in ainm beirt daoine no níos mó mar chó-shealbhóirí air beidh an ceart céanna vótála ag aon duine áirithe acu san ag cúirt ghenerálta ar bith do bheadh aige dá mb'é féin amháin do bheadh i dteideal chuige agus má bhíonn níos mó ná éinne amháin de sna có-shealbhóirí sin i láthair ag cúirt ghenerálta ar bith isé an duine sin de sna daoine sin a bheidh i láthair amhlaidh gurb é a ainm an chéad ainm ar an gclár maidir leis an stoc caipitail sin an t-aon duine amháin a bheidh i dteideal vótála, agus

(f) cuideachta no corporáid ar bith ag a mbeidh an méid de stoc caipitail an Bhainc is gá chun baill do chur i dteideal vótála ar feadh na tréimhse a horduítear leis an gCairt agus ná beidh dí-cháilithe chun vótála tré mhír (a) den fho-alt so, féadfa sí, le rún o n-a stiúrthóirí, no o n-a cólucht rialúcháin, duine ar bith do cheapa chun vótála ag aon chúirt ghenerálta agus an té ceapfar amhlaidh beidh ceart aige chun vótála ag an gcúirt ghenerálta san thar ceann na cuideachtan no na corporáide do cheap é fé mar do bheadh aige dá mba bhall den Bhanc é: Ach i ngach cás déanfar cóip den rún san ar n-a deimhniú go cuibhe do chur chun Rúnaí an Bhainc no do sheachada dho seacht lá ar a laighead roimh chomóra na cúirte no na gcúirteanna generálta ag a mbeidh an duine sin i dteideal vótála thar ceann na cuideachtan no na corparáide sin, agus

(g) ag aon chúirt ghenerálta féadfaidh an Cathaoirleach a bheidh i gceannas na cúirte generálta san, no naonúr eile ar a laighead a bheidh cáilithe chun vótála agus a bheidh i láthair i bpearsain, a éileamh go vótálfadh na baill den Bhanc a bheidh cáilithe chun vótála ag cúirteanna generálta agus má héilítear vótáil go cuibhe déanfar í ar pé slí agus i pé am agus áit ordóidh an Cathaoirleach, agus tuigfear gurb é tora na vótála rún na cúirte generálta ag ar héilíodh an vótáil, agus

(h) féadfaidh na Stiúrthóirí a cheangal ar bhall ar bith den Bhanc ag a mbeidh an méid de stoc caipitail an Bhainc as gá chun baill do cháiliú chun vótála a dhearbhú le dearbhú reachtúil ce'ca ina cheart féin no i slí eile atá sé i dteideal an stuic chaipitail dá bhfuil sé cláruithe agus, más i slí eile seachas ina cheart féin atá an t-iomlán no aon chuid den stoc chaipitail sin aige, gach cuideachta, corparáid, duine no dream 'na bhfuil an stoc san aige ar iontaoibh dóibh no thar a gceann do nochta agus do luadh, agus i gcás ina gceanglófar ar bhall ar bith dearbhú den tsórt san roimhráite do dhéanamh beidh sé ina choiníoll go mbeidh ar an mball san, sara mbeidh ceart vótála aige ag cúirt ghenerálta ar bith, an dearbhú san do dhéanamh, agus

(i) ní ghlacfaidh an Banc aon bhanc eile chuige gan toiliú an Aire Airgid d'fháil i scríbhinn roimh ré, agus

(j) ní dhéanfaidh aon bhanc, corporáid ná iontaobhas eile ná aon chuideachta eile ar bith an Banc do ghlaca chuige, agus

(k) d'ainneoin fógra ar bith i dtaobh aon iontaobhais déanfaidh an Banc, sa mhéid ná beidh srian curtha leis tré Ordú no Rialacha Cúirte, na dividenda ar stoc caipitail an Bhainc de thurus na huaire d'íoc leis na baill den Bhanc is léir ón gClár do bheith ina n-únaerí air agus leigfidh do sna baill sin an stoc caipitail sin do dhíol agus d'aistriú, agus

(l) féadfaidh baill an Bhainc, le fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén gCairt go cuibhe, socrú ar cé méid cúirt ghenerálta comórfar gach bliain agus chuige sin féadfaid pé laigheadú no méadú, is oiriúnach leo, do dhéanamh ar líon na gcúirteanna generálta san mar do socruíodh leis an gCairt no leis na fo-dhlithe sin é, ach san i slí nách lú ná aon chúirt ghenerálta amháin a comórfar gach bliain, agus

(m) féadfaidh baill an Bhainc, le fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén gCairt go cuibhe, na laetheanta ar a gcomórfar cúirteanna generálta do cheapa, agus

(n) pé uair a déanfar leis na fo-dhlithe sin líon na gcúirteanna generálta do shocrú no na dátaí ar a gcomórfar cúirteanna generálta do cheapa is do réir na bhfo-dhlithe sin a gairmfear cúirteanna generálta agus ní har aon tslí eile.

(2) Ní dhéanfaidh éinní san alt so dochar ná deifir do chúirt ghenerálta do ghairm aon uair do réir na Cairte ar éileamh naonúr no níos mó ball den Bhanc a bheidh cáilithe mar a luaidhtear sa Chairt.

Stoc Caipitail do mhéadú.

3. —(1) Féadfaidh baill an Bhainc, ar n-a dtionól go cuibhe i gcúirt ghenerálta, stoc caipitail an Bhainc do mhéadú pé méid is dó leo is ceart aon uair agus o am go ham tré rún.

(2) Pé uair a méadófar stoc caipitail an Bhainc amhlaidh féadfaidh Stiúrthóirí an Bhainc stoc leis an mBanc do thabhairt amach de pé méid nách mó ná méid an mhéaduithe sin is dó leo is ceart agus féadfaidh an stoc san do thabhairt amach ar par no ar prémium agus féadfaid síntiúisí in airgead no i luach airgid do ghlaca o dhaoine ar bith ar an stoc san.

(3) Gach stoc a tabharfar amach fén alt so beidh sé i gcóthosaíocht leis an stoc atá ag an mBanc le linn an Achta so do rith agus beidh sealbhóirí an chéad stuic sin a luaidhtear ina mbaill den Bhanc agus beid i dteideal na bpríbhléidí céanna agus fé sna fiachaisí céanna agus fé cheangal na bhfo-dhlithe céanna agus a bheidh sealbhóirí an stuic sin atá ann le linn an Achta so do rith.

(4) Na síntiúisí uile do gheobhaidh an Banc ar stoc a tabharfar amach fén alt so féadfaidh an Banc iad d'úsáid in aon tslí in ar féidir go dleathach de thurus na huaire airgead an Bhainc d'úsáid: Acht ní údaróidh éinní atá anso aon chuid de sna síntiúisí sin d'úsáid ná do roinnt imeasc baill an Bhainc mar bhónus no mar dhividendum.

Ní bheidh srian feasta le hiasachtaí d'fháil.

4. —D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in Achtanna an Bhainc féadfaidh an Banc suimeanna airgid ar bith d'fháil ar iasacht agus urrús do thabhairt ortha, gan teora le n-a méid iomlán ná le méid aon tsuime fé leith acu.

Fo-chomhachta cabharthacha don Bhanc.

5. —I dteanta na gcomhacht agus gan dochar do sna comhachta atá dílsithe sa Bhanc no atá aige anois chun gnó na bancaereachta do dhéanamh agus d'ainneoin éinní atá sa Chairt no in Achtanna an Bhainc beidh teideal agus comhacht ag an mBanc gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh chun críche an ghnótha bhancaereachta dhineann an Banc no mar chabhair do sa ghnó san, sé sin le rá:—

(a) brainsí no gníomhaireachtaí do bhunú agus do choinneáil suas in áit ar bith laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann;

(b) coistí, buird áitiúla de stiúrthóirí, bainisteoirí áitiúla, coistí comhairleacha, no gníomhairí áitiúla do bhunú in áit ar bith lasmuich de Shaorstát Éireann agus iad do choinneáil suas agus luach saothair do thabhairt dóibh;

(c) an t-iomlán no aon chuid den ghnó bhancaereachta agus de sna sócmhainní, laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann, a bheidh ag duine ar bith a dhineann gnó na bancaereachta do cheannach ach san fé réir na sriantacht atá i mír (i) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht so;

(d) scaireanna do cheannach agus do bheith aige in aon chuideachtain teoranta no eile a dhineann gnó na bancaereachta laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann, ach san fé réir na sriantacht atá i mír (i) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht so;

(e) socrú páirtnéireachta no socrú eile chun oibre do dhéanamh le duine ar bith a dhineann gnó na bancaereachta, laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann, agus an socrú san do thabhairt chun críche, no airgead do thabhairt ar iasacht do dhuine den tsórt san no urraíocht do dhéanamh ar a chonnartha;

(f) socrú do dhéanamh le duine ar bith a dhineann gnó na bancaereachta laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann, d'fhonn comhar leasa do bhunú idir an Banc agus an duine sin;

(g) cabhrú chun fo-chuideachtana do bhunú laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann chun aon chuid de mhaoin no de ghnó an Bhainc do ghlaca chúcha agus do bheith acu no do dhéanamh no chun aon chríche eile mheasfaidh na Stiúrthóirí do raghadh chun tairbhe don Bhanc go díreach no go nea-dhíreach;

(h) aontú le connartha de gach saghas, pé duine dhéanfaidh iad, no dul fé fhreagarthacht ar aon tslí eile ina gcólíona;

(i) slánaíocht do dheona in aghaidh gach saghas no aon tsaghas cailliúna;

(j) urraíocht do dhéanamh ar stoc, scaireanna, bannaí, debentiúirí no urrúis eile, no ar aon iasacht phuiblí, a tabharfar amach laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann, no dul in urrús a gceannaithe no iad do cheannach agus d'ath-thabhairt amach no teacht chun bheith freagarthach ar aon tslí eile in iad do cheannach;

(k) gníomhú mar urraí, mar sheiceadúirí, mar riarthóirí, mar ghlacadóirí, mar shocruitheoirí agus mar iontaobhuithe;

(l) gníomhú mar ghníomhairí do dhuine ar bith chun críche ar bith;

(m) leitreacha creidiúna do thabhairt amach agus d'íoc;

(n) duine ar bith d'fhostú mar ghníomhaire;

(o) a ghlaca as láimh bheith mar chisteoir do dhuine ar bith agus cláir de stuic, de scaireanna, d'urrúis no de chistí do chimeád do dhuine ar bith no do rialtas ar bith;

(p) builleon, ór agus airgead do cheannach agus do dhíol, deighleáil i mbillí malairte, agus deighleáil agus trádáil in aon earraí, áirnéis no áirnéis cheannaíochta ar bith;

(q) fundúireacht no ciste ar bith a meastar a raghadh chun tairbhe do dhaoine ar fostú ag an mBanc no dá gcúram do bhunú, no neartú leis, no congnamh airgid no eongnamh eile do thabhairt do;

(r) bónusaí no eile do roinnt ar bhaill an Bhainc ach gan san do dhéanamh i slí go laigheadófar caipital an Bhainc tríd;

(s) gach céim do thabhairt no aontú le n-a tabhairt agus gach imeacht do bhunú no aontú le n-a bunú (ar a n-áirítear dul fé oblagáid maidir le hairgead no eile) a measfar is fearr do raghadh chun creidiúint an Bhainc do chimeád suas agus do neartú no chun muinighin na puiblíochta d'fháil no do chimeád no d'fháil thar n-ais, agus chun crises no buaireamh i gcúrsaí airgeadais, d'fhéadfadh deifir do dhéanamh go díreach no go neadhíreach don Bhanc no do ghnó na bancaereachta i gcoitinne, do chosc no do laigheadú;

(t) gach roinn no aon roinn de ghnó na bancaereachta do dhéanamh;

(u) gach ní no éinní dhíobh san roimhe seo do dhéanamh mar phríomh-údair no mar ghníomhairí agus san laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann;

(v) gach ní eile do dhéanamh a ghabhann no a chabhruíonn le héinní dá luaidhtear anso roimhe seo do dhéanamh no do chólíona no do thabhairt chun críche.

Athghairmeanna.

6. —Na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Dara Sceideal san.

Gearr-theideal.

7. —Féadfar Acht Bhanc na hÉireann, 1929 , do ghairm den Acht so.