Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Ordú Chuain Bhun Crannaighe, 1929.)

3 1929


Uimhir 3 (Príobháideach) de 1929.


ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH UM PIARA AGUS CUAN, 1929.


ACHT CHUN ORDÚ CHUAIN BHUN CRANNAIGHE, 1929, DO DHAINGNIÚ. [1adh Lúnasa, 1929.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Tionnscail agus Tráchtála tar éis Ordú Chuain Bhun Crannaighe, 1929, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do dhéanamh go cuibhe fén General Pier and Harbour Act, 1861, agus fén General Pier and Harbour Act, 1861, Amendment Act, mar a hoiriúnuíodh iad leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922):

AGUS DE BHRÍ fé fhorálacha na nAcht san ná beidh aon dleathacht ná feidhm in aon chor ag an Ordú san mara ndinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tOireachtas é do dhaingniú:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

An tOrdú sa Sceideal do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh lán-dleathacht agus lánfheidhm ag á fhorálacha uile.

Sriantachtaí maidir le lucht oibre do chur as ionad.

2. —(1) Ní cheannóidh Coimisinéirí Chuain Bhun Crannaighe (dá ngairmtear na Coimisinéirí san alt so) do hionchorparuíodh tríd an Ordú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so ná ní thógfid chúcha féin, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar ortha leis an Ordú san, in aon líomatáiste áitiúil aon tigh ná tithe a bhí, ar an gcéad lá d'Eanair, míle naoi gcéad a naoi fichead, no atá ón dáta san, no a bheidh ina dhiaidh seo ar seilbh, i bpáirt no go hiomlán, ag deichniúr is fiche no níos mó den lucht oibre mar thionóntaí no mar lóistéirí mara ndinidh ná go dtí go ndéanfidh na Coimisinéirí—

(a) aontú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí (dá ngairmtear an tAire san alt so) d'fháil le scéim (dá ngairmtear scéim nua-árus comhnaithe san alt so) chun áruis chomhnaithe nua do sholáthar do sna daoine chomhnuíonn sna tithe sin no do pé méid no cion de sna daoine sin is dó leis an Aire is gá, tar éis fiosrúcháin, ag cuimhneamh do ar an méid daoine chomhnuíonn sna tithe bheidh le tógaint, agus a bhíonn ag obair laistigh de mhíle uatha agus ar an méid cóiríochta chun comhnaithe atá folamh agus oiriúnach i ngar-chomhursanacht na dtithe bheidh le tógaint, no ar áit fhostaíochta na ndaoine sin agus ar gach ní eile bhaineann leis an scéal, agus

(b) urrús do thabhairt, chun sástacht an Aire, ar an scéim nua-árus comhnaithe sin do thabhairt chun críche.

(2) Féadfar aontú an Aire le haon scéim nua-árus comhnaithe do thabhairt gan coiníoll no ar coiníoll agus tar éis don Aire aontú le haon scéim den tsórt san féadfa sé o am go ham aontú le haon atharuithe ar an scéim sin gan coiníoll no ar coiníoll.

(3) I ngach scéim nua-árus comhnaithe beidh forálacha—

(a) ag ordú na haimsire gur laistigh di a tabharfar an scéim chun críche;

(b) á éileamh, i dtaobh na n-árus comhnaithe nua a beifear ar aigne a sholáthar fén scéim sin, go mbeid do réir standard le n-a n-aontóidh an tAire; agus

(c) á éileamh go mbeidh na háruis chomhnaithe nua san oiriúnach ar gach slí chun comhnaithe ionta sara gcuirfear as ionad na daoine a chomhnuíonn sna tithe gur de dhruim a gceannuithe no a dtógtha ba ghá an scéim sin do dhéanamh.

I gcás aon scéime nua-árus comhnaithe féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, a cheadú gan a n-éilítear le mír (c) den fho-alt so do chur isteach sa scéim sin, agus féadfar an cead san do dheona ar pé coiníollacha is dó leis an Aire is ceart sa chás.

(4) Gach foráil a bheidh i scéim nua-árus comhnaithe, agus gach coiníoll gur fé n-a réir a aontuigh an tAire le n-a leithéid de scéim, agus gach atharú a déanfar ar aon scéim den tsórt san tar éis don Aire aontú léi, agus gach coiníoll ar ar cheaduigh an tAire gan a n-éilítear le mír (c) den fho-alt san roimhe seo do chur isteach i scéim den tsórt san beid infheidhmithe tré rit mhandamus a gheobhaidh an tAire ón Ard-Chúirt.

(5) Má thógann na Coimisinéirí aon tigh no tithe chúcha féin no má ghabhaid seilbh an chéanna chun crícheanna an Orduithe sin contrárdha don alt so, no má dhinid no má chuirid fé ndeár na daoine a chomhnuíonn in aon tigh no tithe do chur amach as an gcéanna contrárdha d'éilithe scéime nua-árus comhnaithe dlighfar fíneáil chúig céad punt do chur ortha in aghaidh gach tighe den tsórt san, agus féadfidh an tAire an fhíneáil sin do bhaint amach le haicsean san Ard-Chúirt.

Féadfidh an Ard-Chúirt más oiriúnach léi é, in aon aicsean a bunófar fén bhfo-alt so, an fhíneáil a forchuirtear leis an bhfo-alt so do laigheadú.

Déanfar gach airgead a bhainfidh an tAire amach fén bhfo-alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho ar pé slí a ordóidh an tAire Airgid.

(6) Chun scéim nua-árus comhnaithe do thabhairt chun críche féadfidh na Coimisinéirí seilbh aon talmhan do ghabháil is leo de thurus na huaire no 'na bhfuil comhacht acu chun é do thógaint chúcha féin.

(7) Chun scéim nua-árus comhnaithe do thabhairt chun críche féadfidh na Coimisinéirí pé talamh a theastóidh uatha do cheannach, agus chun crícheanna an cheannaigh sin beidh ailt 202, 203 agus 214 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar atáid leasuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin, beid ionchorparuithe leis an Ordú san agus bainfid leis na Coimisinéirí do cheannach talmhan chun crícheanna aon scéime den tsórt san agus san ar gach slí díreach fé is dá mbeadh na Coimisinéirí ina n-údarás sláintíochta do réir bhrí an Public Health (Ireland) Act, 1878, agus gur cheann de crícheanna an Achta san an scéim sin.

(8) Féadfidh na Coimisinéirí pé áruis chomhnaithe don lucht oibre is gá chun críche scéime nua-árus comhnaithe do thógaint ar aon talamh is leo no a cheannuíodar no a thógadar fén Ordú san no fé aon Ordú Sealadach a bheidh déanta fé aon achtachán agus dá bhua a hionchorparuítear, tríd seo, leis an Ordú san agus féadfid na háruis chomhnaithe sin agus aon talamh a ceannuíodh no a tógadh mar adubhradh do dhíol, do leithliú, do chur ar cíos no do chur dá láimh ar shlí eile.

(9) Gach talamh ar ar thóg no ar ar sholáthruigh na Coimisinéirí aon fhoirgint do réir scéime nua-árus comhnaithe cuirfar i leithreas é chun críche na bhfoirgintí sin ar feadh tréimhse cúig mbliana fichead ón dáta ar ar aontuigh an tAire leis an scéim sin agus cúlscríobhfar ar gach leithliú, léas no aistriú a déanfar no a deonfar o am go ham i rith na tréimhse sin maidir leis an talamh san fógra i dtaobh an talamh le n-a mbaineann sé do bheith fé réir an leithreasuithe sin.

Más oiriúnach leis é féadfidh an tAire aon uair a cheadú go bhfágfar gach ceann no aon cheann d'éilithe an fho-ailt seo gan cólíona fé réir pé coiníollacha (más aon cheann é) a ordóidh sé.

(10) Aon airgead go bhfuil údarás ag na Coimisinéirí chun é chruinniú no chun é chur chun crícheanna generálta a ngnótha féadfid é chur chun gach ceann no aon cheann de crícheanna an ailt seo (eadhon, crícheanna chun ar féidir le ceart caipital do chur).

(11) Féadfidh an tAire a ordú go gcuirfear ar bun pé fiosrúcháin is dó leis is gá maidir le haon scéim nua-árus comhnaithe agus, chun crícheanna aon fhiosrúcháin den tsórt san, beidh ag cigire don Roinn Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, maidir leis an bhfiosrúchán san, na comhachta céanna do bheadh aige dá mba fhiosrúchán é an fiosrúchán san d'ordódh an tAire don chigire sin a chur ar bun fén Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a leasuíodh é le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(12) Iocfidh na Coimisinéirí leis an Aire suim a shocróidh an tAire as eisean d'ullamhú agus do thabhairt amach Orduithe Shealadaigh fé aon achtachán a hionchorparuítear, tríd seo, leis an Ordú san, agus fós aon chostaisí a bhainfidh le haon fhiosrúchán a cuirfear ar bun fén alt so, ar a mbeidh costaisí aon fhínnithe a thiocfaidh chun an fhiosrúcháin sin ar ghairm chigire, agus suim a shocróidh an tAire, agus ná raghaidh thar trí ghiní sa ló, mar tháille don chigire sin.

(13) Aon tigh a cheannaigh na Coimisinéirí no a thógadar chúcha féin chun aon cheann no maidir le haon cheann de chrícheanna scéime nua-árus comhnaithe, agus a bhí ar seilbh ag daoine den lucht oibre, laistigh de chúig bliana roimh rith an Achta so tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur fé sna comhachta a bronntar leis an alt so a tógadh amhlaidh é agus go raibh sé, ar an gcéad lá san d'Eanair, 1929, ar seilbh ag oiread daoine den lucht oibre agus bhí i seilbh an tighe sin ar dháta a cheannuithe no a thógtha.

Maran féidir don Aire a fháil amach cá mhéid de sna daoine sin a bhí i seilbh an tighe sin ar dháta an cheannuithe no an tógtha san tuigfear go raibh an tigh sin ar an dáta san ar seilbh ag oiread daoine agus is dó leis an Aire a gheobhadh slí agus cóiríocht ann.

(14) San alt so—

cialluíonn agus foluíonn an abairt “líomatáiste áitiúil” bailecheanntar no tuathcheanntar, buirg no contae-bhuirg;

cialluíonn an focal “tigh” aon tigh no cuid de thigh atá i seilbh mar árus comhnaithe fé leith;

cialluíonn an abairt “lucht oibre” meiceanóirí, ceárdaithe, oibritheoirí, agus daoine eile a bhíonn ag obair ar phágh; hácaerí, tora-mhangairí, daoine ná bíonn ag obair ar phágh ach a bhíonn ag gabháil do chéird no d'obair láimhe éigin gan daoine eile ar fostú acu ach daoine dá líntighe féin, agus daoine, nách seirbhísigh tighis, nách mó a meán-ioncum in aon chás ná triocha scilling sa tseachtain agus muiríneacha aon daoine den tsórt san atá in aontigheas leo.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Shealadaigh um Piara agus Cuan, 1929 , do ghairm den Acht so.