Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

1 1929


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1929.


ACHT GHEAS-GHNÓTHA BHÁRDAIS LUIMNIGHE (PINSIN), 1929.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS MÉARA, SEANÓIRÍ AGUS BUIRGÉISIGH CHONTAE-BHUIRG LUIMNIGHE PINSIN NO LIUNTAISI DO DHEONA I gCÁSANNA ÁIRITHE DO CHEÁRDAITHE, D'FHIR OIBRE, DO SCLÁBHAITHE NO DO SHEIRBHÍSIGH DO BHÍ AR FOSTÚ GO dTÍ SO IN OBAIR A BHAINEANN LE GEAS-GHNÓ AN MHÉARA, NA SEANÓIRÍ AGUS NA mBUIRGÉISEACH SAN. [23adh Abrán, 1929.]

16 agus 17 Vict. c. 194.

DE BHRÍ gur dineadh, leis an Limerick Improvement Act, 1853, comhachta áirithe (imeasc comhachta eile) do bhronna ar Mhéara, ar Sheanóirí agus ar Bhuirgéisigh Bhuirg Luimnighe (dá ngairmtear “an Bárdas” anso ina dhiaidh seo) maidir leis an mBuirg do shoillsiú le Geas:

41 agus 42 Vict. c. 160.

AGUS DE BHRÍ gur dineadh, leis an Limerick Corporation Gas Act, 1878, comhachta agus dualgaisí áirithe eile do bhronna ar an mBárdas maidir leis an mBuirg do shoillsiú le geas agus gur foráladh leis an Acht san go ndéanfadh an Bárdas geas-ghnó an Bhárdais do bhainistí agus do rialú, ag gníomhú tríd an gComhairle Bhuirge dhóibh agus le congnamh an Gheas-Choiste do bunuíodh leis an Acht san agus in ar dílsíodh comhachta agus dualgaisí áirithe a bhaineann le bainistí an gheas-ghnótha san:

AGUS DE BHRÍ gur thóg an Bárdas ortha féin le déanaí oibreacha áirithe chun an geas-ghnó san d'fheabhsú tré ghléasra agus meaisínteacht nua-aimseartha, ar a n-áirítear reatórtacha coilg-dhíreacha, do chur suas agus do chur isteach agus tré mhórphíopaí nua do chur síos agus tré mhór-phíopaí nua eile do chur in ionad seana-mhór-phíopaí laistigh den líomatáiste dá ndineann an geas-ghnó san soláthar:

AGUS DE BHRÍ go ndéanfidh cur-suas agus cur-isteach an ghléasra agus na meaisínteachta nua-aimseartha san a chur ar chumas an Gheas-Choiste líon na bhfostaithe atá acu in obair a bhaineann leis an ngeas-ghnó san do laigheadú agus go dtiocfidh as go mbrisfar ceárdaithe, fir oibre, sclábhaithe agus seirbhísigh áirithe do bhí ar fostú go dtí so in obair a bhaineann leis an ngeas-ghnó san:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach comhacht do thabhairt don Bhárdas chun cúiteamh i bhfuirm pinsean no liúntaisí do dheona i gcásanna áirithe do cheárdaithe, d'fhir oibre, do sclábhaithe agus do sheirbhísigh do bhí ar fostú go dtí so ag an nGeas-Choiste agus chun an cúiteamh san d'íoc leo:

AGUS DE BHRÍ nách féidir crícheanna an Achta so do chur in éifeacht gan údarás ón Oireachtas:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Léiriú téarmaí.

1. —San Acht so—

Cialluíonn an abairt “an Bárdas” Meara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chontae-Bhuirg Luimnighe agus iad ag gníomhú tríd an gComhairle Bhuirge;

Cialluíonn an focal “Geas-Choiste” an Geas-Choiste a bheidh toghtha de thurus na huaire fé fhorálacha an Limerick Corporation Gas Act, 1878;

Cialluíonn an focal “fostaí” ceárdaí no fear oibre no sclábhaí no seirbhíseach atá no do bhí ar fostú ag an nGeas-Choiste agus ag caitheamh iomlán a chuid aimsire oibre leis an bhfostaíocht san;

Cialluíonn an focal “seirbhís” an tréimhse a bhí fostaí ar buanfhostú agus dar chríoch págh-lá deiridh an fhostaí sin;

Cialluíonn an abairt “meán-phágh seachtainiúil” an meán-mhéid a híocadh le fostaí mar phágh gach seachtain i rith trí bliana deiridh a sheirbhíse ach ní cuirfar in áireamh an mheán-pháigh sheachtainiúla san íocaíochtaí as obair Dhomhnaigh ná as obair bhreis-aimsire;

Cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

Sé an Bárdas a chuirfidh an tAcht i bhfeidhm.

2. —Isé an Bárdas a chuirfidh an tAcht so i bhfeidhm agus beidh sé dleathach don Bhárdas aon cheann de chomhachta, de chirt, agus de dhualgaisí an Bhárdais fén Acht so do leigint chun an Gheas-Choiste o am go ham fé mar a mheasfidh an Bárdas o am go ham san do bheith riachtanach no oiriúnach.

Ciste Aoisliúntais do bhunú.

3. —(1) Fé réir na bhforálacha atá anso ina dhiaidh seo féadfidh an Bárdas ciste dá ngairmfar an Ciste Aois-liúntais do bhunú agus bunófar an ciste sin chun cúiteamh a húdaruítear leis an Acht so d'íoc agus féadfidh an Bárdas pé suimeanna bliantúla as ioncum an gheas-ghnótha a shocróidh an Bárdas o am go ham le toiliú an Aire d'íoc isteach sa chiste sin.

(2) Cuirfar an Ciste Aois-liúntais chun cúiteamh a deonfar d'fhostaithe fé fhorálacha an Achta so d'íoc.

(3) Féadfar an t-airgead a gheobhaidh an Bárdas i bhfuirm ioncuim as an ngeas-ghnó do chur chun na gcrícheanna a húdaruítear leis an Acht so i dteanta na gcrícheanna a húdaruítear le halt 40 den Limerick Corporation Gas Act, 1878, mar a leasuítear é leis an Local Government Board (Ireland) Provisional Order Confirmation (No. 2) Act, 1918.

(4) Féadfar an t-íoc isteach sa Chiste Aois-liúntais sin do dhéanamh tar éis soláthar do dhéanamh i gcóir na n-íocaíocht a horduítear leis na míreanna d'alt 40 den Limerick Corporation Gas Act, 1878, mar a leasuítear é mar adubhradh, dar tosach na focail “firstly,” “secondly” agus “thirdly” fé seach agus roimh sholáthar do dhéanamh i gcóir an chúl-chiste mar a horduítear leis an mír den alt san dar tosach an focal “fourthly.”

Comhacht chun cúiteamh do dheona.

4. —Fé réir forálacha an Achta so féadfidh an Bárdas, más rogha leo é, le toiliú an Aire, cúiteamh do dheona d'aon fhostaí ná beidh níos lú ná deich mbliana seirbhíse tugtha uaidh aige agus do bhí ar fostú ag an nGeas-Choiste an 1adh lá d'Eanair 1928 agus go mbeidh an Geas-Choiste tar éis deire do chur le n-a fhostaíocht roimh an 31adh lá de Mhí na Nodlag 1929 ar chúis eile seachas mí-iompar no neamh-inniúlacht.

An tslí ina ndeonfar cúiteamh.

5. —Aon chúiteamh a deonfar d'aon fhostaí ná beidh níos lú ná fiche bliain seirbhíse tugtha uaidh aige is i bhfuirm pinsin sheachtainiúla le saol an fhostaí a deonfar é agus aon chúiteamh a deonfar d'aon fhostaí go mbeidh níos lú ná fiche bliain seirbhíse tugtha uaidh aige is i bhfuirm suime cinnte a deonfar é.

Conus liúntas seachtainiúil d'áireamh.

6. —(1) Ní raghaidh pinsean seachtainiúil a deonfar d'aon fhostaí thar seascadú de mheán-phágh sheachtainúil an fhostaí sin agus é d'iolrú fé líon blianta iomlána seirbhíse an fhostaí sin.

(2) Ag áireamh méid aon phinsin sheachtainiúla den tsórt san dóibh féadfidh an Bárdas blianta do chur le faid seirbhíse aon fhostaí a bheidh tar éis sásamh do thabhairt uaidh i gcomhnaí ina fhostaíocht ar feadh fiche blian ar a laighead ach ní bheidh na blianta breise sin níos líonmhaire ná cúig bliana i gcás aon fhostaí go mbeidh níos lú ná seirbhís triocha blian tugtha uaidh aige agus ní bheid níos líonmhaire ná seacht mbliana i gcás aon fhostaí go mbeidh seirbhís triocha blian no níos mó tugtha uaidh aige.

(3) Má chuireann an Bárdas blianta le faid seirbhíse aon fhostaí tuigfar gur blianta iomlána seirbhíse na blianta breise sin chun méid an phinsin sheachtainiúla a bheidh le déanamh amach fé fhorálacha fo-alt (1) den alt so d'áireamh.

Liúntas seachtainiúil maximum.

7. —(1) Ní raghaidh méid an phinsin sheachtainiúla a deonfar d'aon fhostaí thar dhá dtrian meán-pháigh sheachtainiúla an fhostaí sin.

(2) Pé uair a dhéanfidh an Bárdas no an Coiste duine a bheidh ag fáil pinsin sheachtainiúla fén Acht so d'ath-fhostú in aon fheadhmannacht, ansan

(a) má bhíonn an ráta seachtainiúil íocaíochta don athfhostaíocht san có-ionann leis an meán-phágh seachtainiúil do bhí don duine sin sarar deonadh an pinsean seachtainiúil sin do no más mó ná san é, scuirfar den phinsean sheachtainiúil d'íoc faid a bheidh an duine sin ar ath-fhostú amhlaidh, agus

(b) má bhíonn an ráta seachtainiúil íocaíochta don athfhostaíocht san níos lú ná an meán-phágh seachtainiúil do bhí don duine sin sarar deonadh an pinsean seachtainiúil sin do ní híocfar níos mó den phinsean sheachtainiúil sin leis an duine sin ná cion a bheidh có-ionann leis an meán-phágh seachtainiúil do bhí don duine sin roimhe sin nuair a cuirfar leis an gcion san an ráta seachtainiúil íocaíochta don athfhostaíocht san.

Suim chinnte mhaximum.

8. —Ní raghaidh méid an chúitimh a deonfar d'aon fhostaí i bhfuirm suime cinnte thar fichiú de mheán-phágh sheachtainiúil an fhostaí sin agus é d'iolrú fé líon seachtainí iomlána a sheirbhíse.

Socrú i gcásanna airithe.

9. —D'ainneoin éinní atá san Acht so féadfidh an Bárdas, ar dheire do bheith curtha le fostaíocht gach fostaí fé leith dá bhfuil ainmnithe sa chéad cholún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, pinsean seachtainiúil nách mó ná an méid atá curtha síos sa dara colún den Sceideal san os coinne ainm an duine sin d'íoc leis an duine sin le n-a shaol.

Comhacht chun rialacha do dhéanamh.

10. —Féadfidh an Bárdas, le toiliú an Aire, rialacha do dhéanamh ag rialáil bainistí agus riara an Chiste Aois-liúntais sin agus an nós-imeachta a leanfar maidir le cúiteamh do dheona no d'íoc fén Acht so.

Toirmeasc ar chúiteamh d'aistriú.

11. —(1) Gach sanna a déanfar agus gach muirear a cuirfar ar aon chúiteamh a deonfar fén Acht so agus gach có-aontú chun é do shanna no do chur fé mhuirear, beid gan brí.

(2) Ní féadfar aon chúiteamh a deonfar fén Acht so do thógaint i bhfeidhmiúchán ná d'aistriú ar aon tslí eile tré chúrsa dlí chun aon fhiacha no fiachaisí ar an té dar deonadh an cúiteamh san d'íoc.

Costaisí an Achta.

12. —Is amach as ioncum agus as sócmhainní geas-ghnó an Bhárdais a híocfar na costaisí, na muirir, agus na caithteachaisí uile fé n-ar chuaidh an Bárdas no an Geas-Choiste roimh ré chun an tAcht so d'ullamhú, d'iarraidh, d'fháil, agus do rith maraon leo san a bhaineann agus a ghabhann leis na nithe sin no fé n-ar chuadar ar aon tslí eile ina dtaobh san agus ortha san áirítear na costaisí a bhaineann le forálacha an Borough Funds (Ireland) Act 1888 do chólíona.

Gearr-theideal agus léiriú.

13. —(1) Féadfar Acht Gheas-Ghnótha Bhárdais Luimnighe (Pinsin), 1929 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an Limerick Gas Act 1878 mar a leasuítear é leis an Local Government Board (Ireland) Provisional Order Confirmation (No. 2) Act 1918.