|
|||||
|
Ar Aghaidh (SCEIDEAL. ORDU PIOLOIDEACHTA LOCH gCARMAN, 1927.) |
[EN] | ||
Uimhir 1 (Príobháideach) de 1928. | ||
[EN] |
ACHT DAINGNITHE ORDÚ PÍOLÓIDEACHTA, 1928. | |
ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AR ORDÚ PÍOLÓIDEACHTA LOCH gCARMAN, 1927. | ||
[10adh Márta, 1928.] | ||
DE BHRÍ go bhfuil an tAire Tionnscail agus Tráchtála tar éis an tOrdú Píolóideachta atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do dhéanamh go cuibhe i bhfeidhmiú na gcomhacht atá dílsithe ann chuige sin de bhua an Pilotage Act, 1913: | ||
AGUS DE BHRÍ, fé fhorálacha an Achta san, ná raghaidh an tOrdú san in éifeacht mara ndaingnighidh ná go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é: | ||
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Daingniú ar an Ordú atá sa Sceideal. |
1. —Daingnítear leis seo Ordú Píolóideachta Loch gCarman, 1927, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a dhin an tAire Tionnscail agus Tráchtála go cuibhe i bhfeidhmiú na gcomhacht atá dílsithe ann chuige sin de bhua an Pilotage Act, 1913, agus faisnéistear leis seo go mbeidh lánfheidhm agus lán-éifeacht ag forálacha uile agus fé seach an Orduithe sin. |
[EN] |
Gearr-theideal. |
2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Ordú Píolóideachta, 1928 , do ghairm den Acht so. |