An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT DAINGNITHE ORDUITHE PÍOLÓIDEACHTA, 1924)

2 1924

ACHT DAINGNITHE ORDUITHE PÍOLÓIDEACHTA, 1924

SCEIDEAL.

ORDU PIOLOIDEACHTA ROS MHIC TREOIN.

Ceanntar Píolóideachta.

1.—Siad teoranta bheidh le Ceanntar Píolóideachta Ros Mhic Treoin (dá ngairmtear “An Ceanntar Píolóideachta” ina dhiaidh seo anso) ná uiscí abha na Bearbha o chumar na hAbhann san agus Abha na Siúire chó fada suas leis an áit ina dtéightear amach ar an gcanáil i dTigh Moling agus uiscí Abha na Feorach chó fada suas le Céibh an Bhíordhorais in Inis Téog.

Údarás Píolóideachta.

2.—Sé Údarás Píolóideachta bheidh ann don Cheanntar Phíolóideachta (dá ngairmtear “An tUdarás” ina dhiaidh seo anso) ná Coimisinéirí Chuan Ros Mhic Treoin fé mar a bunuíodh iad leis an New Ross Port and Harbour Amendment Act, 1861.

Beidh píolóideacht oblagáideach.

3.—Beidh píolóideacht oblagáideach laistigh den Cheanntar Phíolóideachta.

Coiste Píolóideachta.

4.—(1) Féadfidh an tUdarás Coiste Píolóideachta (dá ngairmtear “An Coiste” ina dhiaidh seo anso) den Údarás do cheapa, coiste a bheidh có-dhéanta, fé réir forálacha fo-alt (2) den alt so, de chúigear ball ar a mhéid a ceapfar ag an Údarás agus 'na n-ainmneofar duine acu mar Chathaoirleach.

(2) Más rud é, aon uair gur mian le móráireamh de sna píolóidí a ceadúnuíodh i gcóir an Cheanntair Phíolóideachta (dá ngairmtear “piolóidí ceadúnuithe” ina dhiaidh seo anso) ionadaíocht díreach do bheith acu ar an gCoiste cuirfid an méid sin in úil don Údarás i scríbhinn agus, mara mbeidh níos lú ná seisear píolóidí ceadúnuithe ann, déanfidh an tUdarás agus, más lú a líon ná seisear, féadfidh an tUdarás duine atá no a bhí ina phíolóid cheadúnuithe do cheapa mar bhall sa bhreis den Choiste agus toghfar eisean ar pé slí a socrófar idir na píolóidí ceadúnuithe agus an tUdarás no, cheal an tsocruithe sin, ar pé slí a ordóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála ach má bhíonn ionadaíocht ag píolóidí ceadúnuithe ar an gCoiste agus nách únaer luinge ná duine go bhfuil baint aige le loingseoireacht éinne de sna baill a ceapadh fé fho-alt (1) den alt so ceapfidh an tUdarás a leithéid de dhuine mar bhall eile sa bhreis den Choiste.

Comhachta an Choiste.

5.—(1) Féadfidh an tUdarás aon cheann de sna comhachta no de sna diúitéthe atá acu fén Pilotage Act, 1913, do leigint chun an Choiste. Ní gá daingniú ón Údarás ar bhreitheanna a thabharfidh an Coiste ar cheisteanna a leigfar chúcha amhlaidh ach tuairisceoidh an Coiste a n-imeachta don Údarás.

(2) Ní thógfidh aon bhall den Choiste páirt in aon imeachta i dtaobh aon cheiste a bhaineann leis féin go pearsanta.

(3) Ní bheidh aon cheann de ghníomhartha ná d'imeachta an Choiste nea-dhleathach de dheascaibh aon fholúntais ina measc ná de dheascaibh easnaimh ar cheapa no ar thogha aon bhaill.

Tréimhse oifige.

6.—(1) Beidh baill an Choiste i seilbh oifige ar feadh tréimhse bliana ach féadfar ball d'ath-cheapa no d'aththogha nuair a bheidh a théarma oifige istigh.

(2) Má thagann folúntas ar líon an Choiste ar aon tslí eile seachas le himeacht aimsire líonfar é chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin ar an slí a hórduítear in Alt 4 ach ball den Choiste a ceapfar no a toghfar amhlaidh ní bheidh sé i seilbh oifige ach go dtí go mbeidh an chéad cheapa no togha bliantúil eile á dhéanamh.

Cimeádfar cuntaisí fé leith.

7.—Cimeádfidh an tUdarás cuntaisí fé leith ar gach airgead a gheobhaid agus a chaithfid mar Údarás Píolóideachta.

Údarás don Údarás chun costaisí d'íoc agus chun cabhrú le ciste sochair.

8.—Féadfidh an tUdarás, gan dochar d'aon cheann eile dá gcomhachta, na costaisí Riaracháin fé n-a raghaid mar Údarás Píolóideachta d'íoc, i bpáirt no go hiomlán, amach as an airgead a thiocfidh isteach ina lámha mar Údarás Cuain fén New Ross Port and Harbour Amendment Act, 1861, agus féadfid fós pé suimeanna is oiriúnach leo agus nách mó ná £150 aon bhliain d'íoc le haon Chiste Sochair do Phíolóidí a bunófar sa Cheanntar Phíolóideachta.

Athghairm.

9.—Ní bheidh éifeacht feasta ag ailt 59 go 65 ná ag Sceideal “D” den New Ross Port and Harbour Amendment Act, 1861, ná ag aon achtachán ná Ordú eile a bhaineann le Píolóideacht sa Cheanntar Píolóideachta agus chun crícheanna alt 59 den Pilotage Act, 1913, tuigfar iad do bheith curtha i leataoibh.

Dáta tosach feidhme.

10.—Tiocfidh an tOrdú so i bhfeidhm an lá a rithfar Acht daingnithe an Orduithe seo.

Gearr-theideal.

11.—Féadfar Ordú Píolóideachta Ros Mhic Treoin, 1924, do ghairm den Ordú so.

ORDU PIOLOIDEACHTA SHLIGIGH.

Ceanntar Píolóideachta.

1.—Siad teoranta bheidh le Ceanntar Píolóideachta Shligigh (dá ngairmtear “An Ceanntar Píolóideachta” ina dhiaidh seo anso) ná uiscí Abha na Garbhóige laistíos de Dhroichead Victoria i Sligeach agus oiread den bhfaraige is luíonn laistigh de líne samhluithe o Charraig na Cruithneachtan o dheas díreach go dtí líne samhluithe siar díreach o Thigh Soluis na Carraige Duibhe.

Údarás Píolóideachta.

2.—Sé Údarás Píolóideachta bheidh ann don Cheanntar Phíolóideachta (dá ngairmtear “An tUdarás” ina dhiaidh seo anso) ná Coimisinéirí Chuan Shligigh fé mar a bunuíodh iad leis an Sligo Harbour Act, 1877.

Beidh píolóideacht oblagáideach.

3.—Beidh píolóideacht oblagáideach laistigh den Cheanntar Phíolóideachta.

Coiste Píolóideachta.

4.—Ceapfidh an tUdarás Coiste Píolóideachta (dá ngairmtear “An Coiste” ina dhiaidh seo anso) den Údarás, coiste a bheidh có-dhéanta de naonúr ball ar a mhéid, a ceapfar agus a toghfar mar leanas:—

(a) seachtar ball ar a mhéid, a cheapfidh an tUdarás as a mballra féin agus 'na n-ainmneoidh an tUdarás duine acu mar Chathaoirleach agus ní foláir beirt acu bheith ina n-únaerí luinge, ar coiníoll go bhféadfidh an tUdarás, más oiriúnach leo é, duine de sna baill den Choiste nách foláir dóibh bheith ina n-únaerí luinge, no iad araon, do cheapa as daoine nách baill den Údarás, ach má dhinid amhlaidh déanfar luíodú dá réir sin ar an méid ball den Choiste a bheidh ina mbaill den Údarás chó maith. Chun críche an ailt seo ciallóidh “únaer luinge” duine gur leis long 'na n-íoctar dleachta no síntiúisí píolóideachta sa Cheanntar Phíolóideachta mar gheall uirthi no bainisteoir, únaer bainistí no stiúrthóir bainistí bona fide ar chuideachtain loingseoireachta go bhfuil a hoifig chláruithe suidhte i Sligeach no duine a ionaduíonn cuideachta loingseoireachta go mbíonn a loingeas ag trádáil go regleálta isteach is amach i bPort Shligigh no duine go bhfuil baint aige le loingseoireacht;

(b) beirt bhall a thoghfidh na píolóidí a ceadúnuodh i gcóir an Cheanntair Phíolóideachta (dá ngairmtear “píolóidí ceadúnuithe” ina dhiaidh seo anso) agus san ar pé slí a socrófar idir na píolóidí ceadúnuithe agus an tUdarás no, cheal an tsocruithe sin, ar pé slí a ordóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, agus as daoine atá no a bhí ina bpíolóidí ceadúnuithe agus nár dineadh iad do bhrise ná do chur ar fionnraí as an seirbhís. Toghfar duine de sna baill sin ag pé daoine de sna píolóidí ceadúnuithe a threoruíonn loingeas isteach chó fada le Poll Dubhaigh agus toghfar an duine eile ag pé daoine de sna píolóidí ceadúnuithe a threoruíonn loingeas isteach o Pholl Dubhaigh go Sligeach.

Comhachta an Choiste.

5.—Féadfidh an tUdarás aon cheann de sna comhachta no de sna diúitéthe atá acu fén Pilotage Act, 1913, do leigint chun an Choiste. Ní gá daingniú ón Údarás ar bhreitheanna a thabharfidh an Coiste ar cheisteanna a leigfar chúcha amhlaidh ach tuairisceoidh an Coiste a n-imeachta don Údarás.

Imeachta an Choiste.

6.—(1) Beidh an Cathaoirleach i gceannas gach tionóil den Choiste má bhíonn sé i láthair. Mara mbeidh an Cathaoirleach ar aon tionól áirithe raghaidh i gceannas an tionóil pé ball eile a thoghfidh móráireamh de sna baill a bheidh i láthair ansan.

(2) Socrófar gach ceist i dtionól den Choiste le móráireamh de vótanna na mball den Choiste a bheidh i láthair agus a vótálfidh ar an gceist sin agus i geás có-ionannas vótanna beidh an dara vóta no vóta réitigh ag an té a bheidh i gceannas an tionóil.

(3) Cúigear is quorum don Choiste.

(4) Ní thógfidh aon bhall den Choiste páirt in aon chuid d'imeachta an Choiste i dtaobh aon cheiste a bhaineann leis féin go pearsanta.

(5) Fé réir forálacha an Orduithe seo féadfidh an Coiste a nós-imeachta féin do regleáil.

(6) Ní bheidh aon cheann de ghníomhartha ná d'imeachta an Choiste nea-dhleathach de dheascaibh aon fholúntais ina measc ná de dheascaibh easnaimh ar cheapa no ar thogha aon bhaill.

Tréimhse oifige.

7.—(1) Beidh baill an Choiste i seilbh oifige ar feadh tréimhse bliana ach féadfar ball d'ath-cheapa no d'ath-thogha nuair a bheidh a théarma oifige istigh.

(2) Má thagann folúntas ar líon ballra ceaptha no ballra tofa an Choiste ar aon tslí eile seachas le himeacht aimsire líonfar an folúntas chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin ar an slí a horduítear in Alt 4 den Ordú so, ach ball den Choiste a ceapfar no a toghfar amhlaidh ní bheidh sé i seilbh oifige ach go dtí go mbeidh an chéad cheapa no togha bliantúil eile á dhéanamh.

Cimeádfar cuntaisí fé leith.

8.—Cimeádfidh an tUdarás cuntaisí fé leith ar gach airgead a gheobhaid agus a chaithfid mar Údarás Píolóideachta.

Athghairm achtachán.

9.—Ní bheidh éifeacht feasta ag ailt a hochtó a sé go dtí a nócha a cúig ná ag ailt nócha a hocht go dtí a céad a haon ná ag alt a céad a sé den Sligo Harbour Act, 1877, ná ag aon achtachán ná ordú eile a bhaineann le píolóideacht sa Cheanntar Phíolóideachta agus chun crícheanna alt a caoga a naoi den Pilotage Act, 1913, tuigfar iad do bheith curtha ar ceal, ach gach foráil a bheidh i bhfeidhm sa Cheanntar Phíolóideachta i dtosach feidhme an Orduithe seo agus 'na bhféadfar deighleáil léi, tar éis tosach na feidhme sin, tré fho-dhlithe fé fhorálacha an Pilotage Act, 1913, fanfa sí i lán-fheidhm in ainneoin na hathghairme sin roimhráite go dtí go ndéanfar, le fo-dhlithe a déanfar fén Pilotage Act, 1913, socrú i dtaobh na nithe le n-a ndeighleáltar inti.

Dáta tosach feidhme.

10.—Tiocfidh an tOrdú so i bhfeidhm an lá a rithfar Acht daingnithe an Orduithe seo.

Gearr-theideal.

11.—Féadfar Ordú Píolóideachta Shligigh, 1924, do ghairm den Ordú so.