Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

2 1924

Uimhir 2 (Príobháideach) de 1924.


ACHT DAINGNITHE ORDUITHE PÍOLÓIDEACHTA, 1924.

[An leagan Gaedhilge do hullamhuíodh go hoifigiúil.]


ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AR ORDÚ PÍOLÓIDEACHTA ROS MHIC TREOIN, 1924, AGUS AR ORDÚ PÍOLÓIDEACHTA SHLIGIGH, 1924. [30adh Iúl, 1924.]

DE BHRÍ gur dhin an tAire Tionnscail agus Tráchtála go cuibhe i bhfeidhmiú na gcomhacht atá dílsithe ann chuige sin de bhua an Pilotage Act, 1913, na hOrduithe Píolóideachta atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so:

AGUS DE BHRÍ, fé fhorálacha an Achta san, ná raghaidh na hOrduithe sin in éifeacht mara ndinidh ná go dtí go ndéanfidh an tOireachtas iad do dhaingniú:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIRE-ANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Daingniú ar na hOrduithe atá sa Sceideal.

1. —Daingnítear leis seo Ordú Píolóideachta Ros Mhic Treoin. 1924, agus Ordú Píolóideachta Shligigh, 1924, fé seach atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a dhin an tAire Tionnscail agus Tráchtála go cuibhe i bhfeidhmiú na gcomhacht atá dílsithe ann chuige sin de bhua an Pilotage Act, 1913, agus faisnítear leis seo go mbeidh lán-fheidhm agus lánéifeacht ag forálacha uile agus fé leith na nOrduithe sin.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Píolóideachta, 1924 , do ghairm den Acht so,