Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Na Tailte a hUsaidfar i gCoir Staisiuin Gheiniuna.)

1 1924

SAORSTÁT ÉIREANN.


Uimhir 1 (Príobhaideach) de 1924.


ACHT SOILLSIÚ AGUS COMHACHT LEICTRICIÚIL SHLIGIGH, 1924.


RIAR NA nALT.

Alt.

Roimhrá.

1.

Atharú Ainm na Cuideachtan.

2.

Na Electricity (Supply) Acts do chur i mbaint.

3.

Ionchorporú Achtanna.

4.

Léiriú.

5.

Leathanú ar Chrícheanna agus ar Chomhachta Generálta na Cuideachtan.

6.

An Líomatáiste Soláthair

7.

Oibreacha Eigeanta.

8.

Sranganna lastuas.

9.

Chun Bárdas Shligigh do chosaint.

10.

Comhacht chun Sráideanna do Bhrise.

11.

Chun an tAire Puist agus Telegrafa do chosaint.

12.

Chun Coimisinéirí Chuan Shligigh do chosaint.

13.

Talamh i gcóir Stáisiúin Gheiniúna.

14.

Praghsanna maximum an Nirt a sholáthróidh an Chuideachta.

15.

Praghas maximum an Gheas a sholáthróidh an Chuideachta, agus athscrúdú air.

16.

Comhachta chun Iasachtaí d'fháil.

17.

Iasachtaí Sealadacha.

18.

Cistí d'úsáid.

19.

Quorum do Thionóil Choitianna.

20.

I dtaobh Leas-votálaithe do Cheapa.

21.

Luach saothair na Stiúrthóirí, na nIniúchóirí agus an Rúnaí.

22.

Tionóil na Cuideachtan.

23.

Teora le méid na nDividenda agus an Chúl-Chiste.

24.

Comhacht chun Cirt Phaitinne, etc., do shealbhú.

25.

I dtaobh Orduithe Speisialta agus Orduithe eile d'Iarraidh

26.

Deire le Comhachta.

27.

Forálacha i dtaobh Achtanna Generálta.

28.

Costaisí an Achta.

29.

Gearr-Theideal.

Céad Sceideal.

Dara Sceideal.

Tríú Sceideal.

Ceathrú Sceideal.

SAORSTÁT ÉIREANN.


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1924.


ACHT SOILLSIÚ AGUS COMHACHT LEICTRICIÚIL SHLIGIGH, 1924.

[An leagan Gaedhilge do hullamhuíodh go hoifigiúil.]


ACHT CHUN COMHACHT DO THABHAIRT DO CHUIDEACHTAIN GEAS-SHOLUIS SHLIGIGH CHUN STÁISIÚN DO THÓGÁIL AGUS DO CHOINNEÁIL AR SIÚL I gCÓIR NEART LEICTRICIÚIL DO GHEINIÚINT AGUS LEICTREACHAS DO SHOLÁTHAR AGUS DO ROINNT, CHUN AINM NA CUIDEACHTAN D'ATHARÚ AGUS CUIDEACHTA SOILLSIÚ AGUS COMHACHT LEICTRICIÚIL SHLIGIGH DO THABHAIRT ORTHA, CHUN CRÍCHEANNA NA CUIDEACHTAN DO LEATHANÚ, CHUN TUILLE COMHACHTANNA IASACHTÚCHÁIN AGUS COMHACHTANNA EILE DO BHRONNA AR AN gCUIDEACHTAIN AGUS CHUN LEASÚ AGUS ATHGHAIRM FÉ SEACH DO DHÉANAMH AR FHORÁLACHA ÁIRITHE DEN SLIGO GAS COMPANY'S ACT, 1855, AGUS DEN SLIGO GAS ORDER, 1893. [18adh IÚL, 1924.]


DE BHRÍ, leis an Sligo Gas Company's Act, 1855, gur hionchorporuíodh Cuideachta Geas-Sholuis Shligigh (dá ngairmtear an Chuideachta ina dhiaidh seo anso) agus gur húdaruíodh dóibh (imeasc nithe eile) geas-oibreacha do thógáil agus geas do sholáthar laistigh de theoranta an Achta agus leis an Sligo Gas Order, 1893 (a daingníodh leis an Gas Orders Confirmation (No. 2) Act, 1893) gur leathanuíodh teoranta soláthar na Cuideachtan i dtreo gurb iad teoranta Bhailecheanntar Shligigh na teoranta san anois agus gur bronnadh tuille comhachtanna ar an gCuideachtain:

Agus de bhrí gur hudaruíodh don Chuideachtain fé Acht 1855 go dtabharfaidís amach agus gur thugadar amach sé chéad gnáth-Scair de deich bpúint an ceann agus sé chéad gnáth-Scair de chúig púint an ceann (agus ocht bpúint per cent. per annum an dividendum maximum is iníoctha fén Acht san ar scór na Scaireanna san uile) agus o húdaruíodh dóibh fé Ordú 1893 caipital breise suas go dtí sé mhíle púnt do sholáthar tré ghnáth-Scaireanna no gnáth-Stoc nua (agus seacht bpúint per cent. per annum an dividendum maximum is iníoctha ar a scór san fén Ordú san) no, neachtar aca, Scaireanna no Stoc nua Tosaíochta (agus cúig púint per cent. per annum an dividendum maximum is iníoctha ar a scór san fén Ordú san) do thabhairt amach gur thugadar amach fén Ordú san ceithre chéad Nua-Scaireanna Tosaíochta de dheich bpúint an ceann ach nar thugadar amach an chuid eile den chaipital bhreise a húdaruíodh leis an Ordú san:

Agus de bhrí go bhfuil údarás ag an gCuideachtain fén Acht san agus fén Ordú san suimeanna nách mó san iomlán ná suim trí mhíle cúig céad púnt d'fháil ar iasacht fé réir forálacha an Achta san agus an Orduithe sin ach nár sholáthruíodar aon airgead tré iasacht d'fháil mar a húdaruíodh leis an Acht san agus leis an Ordú san:

Agus de bhrí go raghadh sé chun sochair don phuiblíocht i gcoitinne agus go háitiúil stáisiún geiniúna agus oibreacha do thógáil fé mar a foráltar ina dhiaidh seo anso agus leictreachas do sholáthar agus do roinnt laistigh den líomatáiste soláthair a mínítear ina dhiaidh seo anso:

Agus de bhrí go bhfuil an Chuideachta toilteanach ar an stáisiún geiniúna agus na hoibreacha san do thógáil agus leictreachas do sholáthar agus do roinnt laistigh den líomatáiste sin ar a gcostas féin fé sna comhachta agus fé réir na gcoiníollacha atá anso ina dhiaidh seo agus go bhfuil sé oiriúnach crícheanna na Cuideachtan do leathanú chuige sin agus na comhachta atá anso ina dhiaidh seo do bhronna ortha:

Agus de bhrí chun a chur ar chumas na Cuideachtan na crícheanna san do chur i bhfeidhm go bhfuil sé oiriúnach comhacht do thabhairt don Chuideachtain chun airgead do sholáthar tré iasachtaí d'fháil ar mhorgáistí ar an ngnó no tré debentiúirí no stoc debentiúra do chruthnú agus do thabhairt amach do réir na gcomhacht a tugtar ina dhiaidh seo anso:

Agus de bhrí gur fágadh go cuibhe le Cléireach na Síochána do Chontae Shligigh, le Rúnaí Chomhairle Chontae Shligigh, agus le Cléireach Chomhairle Bhailecheanntair Shligigh mapaí agus pleananna ar a dtaisbeántar teoranta an líomatáiste soláthair atá beartuithe agus na Sráideanna, na coda de Shráideanna agus na Bóithre go bhfuil sé beartuithe mórphíopaí roinneacha do thógáil tríotha no do chur síos ionta agus ar a dtaisbeántar suidheamh agus línte na n-oibreacha atá beartuithe agus ionad an tailimh a húsáidfar i gcóir stáisiúin gheiniúna agus leabhar eolais ina bhfuil ainmneacha na ndaoine atá ina n-únaerí no in ainm bheith ina n-únaerí, na ndaoine atá ina léasaithe no in ainm bheith ina léasaithe agus na ndaoine atá ina sealbhairí ar an talamh san, rudaí dá ngairmtear ina dhiaidh seo anso na mapaí na pleananna agus an leabhar eolais fágtha:

Agus de bhrí go bhfuil sé oiriúnach go ndéanfí forálacha áirithe atá sa Sligo Gas Company's Act 1855 agus sa Sligo Gas Order 1893 fé seach do leasú agus d'athghairm fé seach mar a foráltar ina dhiaidh seo anso agus ainm na Cuideachtan d'atharú agus Cuideachta Soillsiú agus Comhacht Leictriciúil Shligigh do thabhairt ortha:

Agus de bhrí nách féidir na cuspóirí roimhráite d'aimsiú gan údarás ón Oireachtas:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Atharú Ainm na Cuideachtan.

1. —Ar bheith rithte don Acht so atharófar ainm Chuideachta Geas-Sholuis Shligigh agus tabharfar Cuideachta Soillsiú agus Comhacht Leictriciúil Shligigh ortha agus chun crícheanna an Ailt seo ionchorporuítear san Acht so forálacha Cuid IV. (Atharú Ainme) den Companies Clauses Act 1863 agus is cuid den Acht so iad.

Na Electricity (Supply) Acts do chur i mbaint.

2. —Tuigfar gur Acht Speisialta an tAcht so do réir brí na Electricity (Supply) Acts 1882 to 1919 agus do réir an Electric Lighting (Clauses) Act 1899.

Ionchorporú Achtanna.

3. —Sa mhéid gur féidir na hAchtanna so leanas do chur i mbaint chun crícheanna an Achta so agus ná fuilid bunoscionn le forálacha an Achta so no ná hatharuítear leis na forálacha san iad, ionchorporuítear san Acht so agus is cuid den Acht so iad (sé sin le rá):—

(1) An Companies Clauses Consolidation Act 1845.

(2) An Companies Clauses Act 1863 fé mar a leasuítear le hAchtanna ina dhiaidh sin é.

(3) Na Electricity Supply Acts 1882 to 1919 agus an Electric Lighting (Clauses) Act 1899 Ach nuair a bheidh Alt 2 den Electric Lighting Act 1888 (údarás áitiúil do cheannach gnótha) á chur i mbaint leis an gCuideachtain agus le n-a ngnó cuirfar tréimhse cúig mblian triochad in ionad na tréimhse dhá bhliain is dachad a luaidhtear san Alt san agus cuirfar tréimhsí seacht mblian ina dhiaidh sin in ionad na dtréimhsí deich mblian ina dhiaidh sin a luaidhtear san Alt san.

(4) Forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Electric Lighting (Clauses) Act 1899 lasmuich d'Alt 83 den Sceideal san Ach nuair a bheidh forálacha an Sceidil sin á gcur i mbaint leis an gCuideachtain no le n-a ngnó déanfar tagairt d'Ordú chun athghairmthe an Orduithe Speisialta do léiriú mar thagairt d'Ordú chun deire chur leis na comhachta a bronntar leis an Acht so.

Léiriú.

4. —Na focail agus na habairtí uile agus fé leith go gcuirtar bríonna áirithe leo leis na hAchtanna a hionchorporuítear san Acht so no le hAcht 1855 no le hOrdú 1893 tá na bríonna céanna fé seach leo san Acht so mara bhfuil ní éigin san abhar no sa chó-théacs atá bunoscionn leis an léiriú san ortha. Agus—

Cialluíonn an focal “an Chuideachta” Cuideachta Geas-Sholuis Shligigh agus tar éis ainm na Cuideachtan do bheith atharuithe mar a foráltar leis an Acht so Cuideachta Soillsiú agus Comhacht Leictriciúil Shligigh agus chun crícheanna an Achta so isí an Chuideachta na Gnóthairí do réir brí na Electricity (Supply) Acts 1882 to 1919 agus an Electric Lighting (Clauses) Act 1899;

Cialluíonn an focal “na Príomh-Achtanna” na Electricity (Supply) Acts 1882 to 1919 an Electric Lighting (Clauses) Act 1899 agus an Sceideal a ghabhann leis an Electric Lighting (Clauses) Act 1899;

Cialluíonn an focal “Acht 1855” an Sligo Gas Company's Act 1855;

Cialluíonn an focal “Ordú 1893” an Sligo Gas Order 1893 agus é daingnithe leis an Gas Orders Confirmation (No. 2) Act 1893;

Cialluíonn an focal “na sean-Achtanna” Acht 1855 agus Ordú 1893;

Cialluíonn an focal “na Stiúrthóirí” Stiúrthóirí na Cuideachtan.

Leathanú ar chrícheanna agus ar chomhachta generálta na Cuideachtan.

5. —I dteanta crícheanna na Cuideachtan mar a húdaruítear leis na sean-Achtanna iad beidh ar chrícheanna na Cuideachtan stáisiúin agus oibreacha geiniúna leictreachais do dhéanamh, do thógáil, do chur síos, do choinneáil ar siúl, d'oibriú, agus d'úsáid, agus neart no comhacht leictriciúil do dhéanamh, do gheiniúint, d'úsáid, do sholáthar agus do roinnt, agus a thógaint ortha féin sráideanna, droichid no áiteanna puiblí laistigh d'aon chuid den líomatáiste soláthair, mar a mínítear é leis an Acht so, do shoillsiú tríd an neart no an chomhacht san no connra dhéanamh chuige sin, agus go generálta comhachtanna agus crícheanna an Achta so do chur i bhfeidhm;

Agus beidh ar na crícheanna san aon cheann de sna crícheanna a húdaruítear leis na sean-Achtanna do chur i leataoibh;

Agus beidh ar na crícheanna san tailte, faoisimh, foirgintí, oibreacha, meaisíní, gléasra, stoc, sruth leictriciúil, sranganna, lampaí, mótair, feistisí, météirí agus apparatus, stuif, abhar agus rudaí d'fháil, do dhéanamh, do thógáil, do choinneáil ar siúl, do mhéadú, d'atharú, d'oibriú no d'úsáid no do chur i leataoibh, do dhíol, do chur ar cíos agus do chur as a lámhaibh, cirt phaitinne agus cirt eile agus ceadúnaisí (nách leo féin amháin) do bheith ar seilbh acu, agus comhachtanna d'fheidhmiú agus oibreacha do dhéanamh agus stuif agus tora saothair, abhar agus rudaí do sholáthar, fé mar is gá no is oiriúnach san obair seo no ina cóir no maidir léi no fé mar a eireoidh no a húsáidfar inti, eadhon, neart no comhacht leictriciúil do dhéanamh, do gheiniúint, d'úsáid, do stóráil, do regleáil, d'atharú, d'iompar, do thomhas, do roinnt agus do sholáthar, no aon earraí no rudaí den tsórt san d'fheistiú agus do dheisiú no chun stuif abhar no rudaí do sholáthar no d'oibriú chun na gcrícheanna san no aon chríche acu no chun an gnó do chimeád ar siúl ar aon tslí eile:

Ach ní dhéanfidh an Chuideachta aon tsranganna, lampai, mótair, feistisí, météirí ná apparatus gan toil an Aire Tionnscail agus Tráchtála:

Agus fós ní bheidh teideal ag an gCuideachtain chun eirghe as geas do sholáthar ach sa mhéid a húdarófar o am go ham le hOrdú a dhéanfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála do réir forálacha Alt 29 den Electric Lighting Act 1882 no forálacha Alt 10 den Gas Regulation Act 1920:

Agus fós má bunuítear Príomh-Stáisiún Comhachta i gcóir líomatáiste ina bhfuil an líomatáiste soláthair mar a mínítear leis an Acht so é agus má dintar leis sin soláthar leictreachais i dteanta a chéile do chur ar fáil don Chuideachtain do réir ráta is ionann le costas a gheinte i stáisiún gciniúna na Cuideachtan no is lú ná san, glacfidh an Chuideachta an soláthar san ón bPríomh-Stáisiún Comhachta.

An Líomatáiste Soláthair.

6. —Isé rud é an líomatáiste soláthair chun crícheanna an Achta so agus do réir brí na bPriomh-Acht ná iomlán Bailecheanntar Shligigh a luigheann i mBarúntacht Chairbre agus i gContae Shligigh mar a taisbeántar níos soiléire ar an Mapa fágtha.

Oibreacha Eigeanta.

7. —Laistigh de thrémhse dhá bhlian tar éis rithte an Achta so déanfidh an Chuideachta, chun crícheanna soláthair ghenerálta do réir brí Alt 21 den Sceideal a ghabhann leis an Electric Lighting (Clauses) Act 1899, mór-phíopaí oiriúnacha dóthanacha do chur síos sna sráideanna, na bóithre agus na coda de shráideanna go luighid go léir laistigh de Bhailecheanntar Shligigh, fé mar a háirítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Sranganna Lastuas.

8. —Ní cimeádfar siar go mí-réasúnta cead an údaráis áitiúla chun línte leictriciúla do chur os cionn tailimh fé Alt 14 den Electric Lighting Act 1882 agus fé mhír (b) d'Alt 10 den Sceideal a ghabhann leis an Electric Lighting (Clauses) Act 1899, agus má ciríonn aon cheist i dtaobh ce'ca go mí-réasúnta a cimeádadh siar an cead san no nách ea isé an tAire Tionnscail agus Tráchtála a shocróidh an cheist sin. Má shocruíonn an tAire gur go mí-réasúnta a cimeádadh siar an cead san, tuigfar láithreach gur thug an t-údarás áitiúil an cead san.

Chun Bárdas Shligigh do chosaint.

9. —Beidh éifeacht ag fo-alt 6 d'Alt 2 den Sligo Corporation Act 1918 (le n-a bhforáltar, éinne is féidir a chur fé rátaí ar scór aon tithe agus foirgintí a luigheann lasmuich de theoranta na Buirge, mar a míníodh iad chun crícheanna cathrachtúla roimh rith an Sligo Borough Improvement Act 1869, agus atá breis agus dhá chéad slat o aon gheaslampa puiblí, go mbeidh teideal aige chun saoirse d'fháil, maidir leis na tithe agus na foirgintí sin, o íoc pé méid den ráta buirge a luaidhtear a bheith buailte chun costaisí an Bhárdais, maidir le soillsiú puiblí, d'íoc) tar éis rithte an Achta so fé mar fholódh an focal “public gas lamp” aon lampa puiblí atá á choinneáil suas ag an mBárdas no fé chonnra leis an mBárdas pé'ca o gheas no o neart leictriciúil no o éinní eile a thagann solus an lampa san agus léireofar an fo-alt san dá réir sin.

Comhacht chun Sráideanna do bhrise.

10. —Fé réir forálacha na bPríomh-Acht agus an Achta so údaruítear don Chuideachtain na sráideanna san do bhrise ná bíonn ar an údarás áitiúil iad do dheisiú agus a luaidhtear sa Triú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus na bóithre iarainn a luaidhtear sa Sceideal san leis.

Chun an tAire Puist agus Telegrafa do chosaint.

11. —Sa mhéid go mbaineann sé leis an Aire Puist agus Telegrafa, bainfidh Alt 14 den Sceideal a ghabhann leis an Electric Lighting (Clauses) Act 1899 le haon oibreacha do dhéanamh no do chur síos, fén Acht so, trasna no fan aon tailimh, bóthair iarainn, canáile no slí loingseoireachta, fé thalamh no os a chionn, fé mar a bhaineann sé le hoibreacha do dhéanamh in aon tsráid no droichead puiblí no fé no fan é no trasna air.

Chun Coimisinéirí Chuan Shligigh do chosaint.

12. —In aon chás in ar dineadh cuaillí, línte leictriciúla no oibreacha eile fé chomhachta an Achta so ar mhaoin Choimisinéirí Chuan Shligigh no ar aon áit fé n-a smacht no os cionn na maoine no na háite sin, déanfidh an Chuideachta o am go ham, nuair a iarrfidh na Coimisinéirí é agus a thaisbeánfid cúis réasúnta chuige, na cuaillí, na línte leictriciúla no na hoibreacha eile sin d'aistriú no a suidheamh d'atharú, agus íocfidh na Coimisinéirí gach costas réasúnta fé n-a raghaidh an Chuideachta de bhíthinn an aistrithe no an atharuithe sin, agus ní dhéanfidh an Chuideachta aon líne, cábla ná obair leictriciúil eile trasna Port agus Cuan Shligigh ach le cead o sna Coimisinéirí ach ní cimeádfar siar an cead san go mí-réasúnta. Má eiríonn aon cheist no difríocht idir an gCuideachtain agus Coimisinéirí Chuan Shligigh i dtaobh éinní a eireoidh fén Alt so socróidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála an cheist no an difríocht san.

Talamh i gcóir Stáisiúin Gheiniúna.

13. —Ar na tailte a luigheann i mBailecheanntar Shligigh agus a taisbeántar ar na mapaí agus na pleananna fágtha agus go bhfuil tuairisc ortha sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no ar aon chuid no coda dhíobh, féadfidh an Chuideachta stáisiún do thógáil, do choinneáil ar siúl, d'oibriú agus d'úsáid chun neart no comhacht do dhéanamh, do gheiniúint, d'atharú, d'úsáid, d'iompar, do chur o áit go háit agus do roinnt, no aon stuif, tora, abhar no rud a eireoidh no a húsáidfar in obair na geiniúna no an atharuithe sin, maraon le gach foirgint, inneal, aibhleachán, aibhleachánra, méadathóir, obair taisce, mótar, geinteoir, meaisíneacht, fearas, apparatus agus áis, agus féadfid neart, comhacht, stuif, torthaí, abhair agus rudaí do dhéanamh, do gheiniúint, d'atharú, d'iompar, do chur o áit go háit agus do roinnt dá réir sin.

Praghsanna maximum an nirt a sholáthróidh an Chuideachta.

14. —Na praghsanna a éileoidh an Chuideachta ar neart a sholáthróid, ní raghaid thar na cinn a luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Praghas maximum an gheas a sholáthróidh an Chuideachta, agus athscrúdú air.

15. —Na comhachta atá ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála fé Alt 32 den Sceideal a ghabhann leis an Electric Lighting (Clauses) Act 1899 agus fé Alt 10 den Electric Lighting Act 1909 maidir le hathscrúdú agus le hatharú praghsanna agus slite éilimh ar neart a soláthrófar fé chomhachta an Achta so, bainfid le praghsanna agus le slite éilimh ar gheas a sholáthróidh an Chuideachta tar éis rithte an Achta so agus léireofar na hAilt sin dá réir sin: Ach cuirfar tréimhse trí mblian in ionad na tréimhse cúig mblian a luaidhtear in Alt 10 den Electric Lighting Act 1909. Go dtí go ndéanfar na praghsanna no na slite éilimh d'athscrúdú no d'atharú ní mó ná seacht scillinge agus reul an míle troigh chúbach a bheidh an praghas a éileoidh an Chuideachta ar gheas a sholáthróid.

Comhachta chun iasachtaí d'fháil.

16. —(1) Féadfidh an Chuideachta chun crícheanna an Achta so aon tsuim no suimeanna ná raghaidh thar fiche míle punt san iomlán do sholáthar más maith leo é, tré iasacht d'fháil ar mhorgáiste ar an ngnó no tré debentiúirí no stoc debentiúra do chruthnú agus do thabhairt amach no i bpáirt no go hiomlán ar aon tslí acu san.

(2) Féadfidh an Chuideachta stoc debentiúra do chruthnú agus do thabhairt amach fé réir forálacha Cuid III. den Companies Clauses Act 1863.

(3) Chun feidhmiú do dhéanamh ar aon chomhacht chun iasachtaí fháil a bronntar leis an Acht so ní mór cead d'fháil ó Thionól choitiann den Chuideachtain.

(4) Na comhachta a bronntar leis an Acht so chun iasachtaí fháil táid in ionad na gcomhacht chuige sin a bronntar leis na sean-Achtanna agus le hAilt a sé déag agus a seacht déag d'Acht 1855 agus athghairmtear leis seo o am rithte an Achta so fo-alt (2) d'Alt a naoi agus Ailt a haon is fiche agus a dó is fiche d'Ordú 1893.

(5) Ní húsáidfar aon airgead a soláthrófar fén Acht so ach chun crícheanna gur féidir caipital d'úsáid chúcha le ceart: Ach an t-ús a thiocfidh dlite le linn na tréimhse a ceapfar leis an Acht so chun críoch nú na n-oibreacha a húdaruítear leis an Acht so, no le linn pé tréimhse níos goire ná san a shocróidh na Stiúrthóirí, ar gach airgead no ar aon airgead a gheobhfar ar iasacht no a soláthrófar tré thabhairt-amach debentiúirí no stoc debentiúra a cruthnuíodh agus a tugadh amach fé chomhachta an Achta so chun cistí do sholáthar chun na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so do dhéanamh no chun crícheanna eile gur féidir fé fhorálacha an Achta so caipital d'úsáid chúcha no do chaitheamh leo, féadfidh an Chuideachta é chur mar mhuirear ar an gcuntas caipitail.

(6) Féadfidh an Chuideachta Ciste Fiachluíoduithe do chruthnú chun soláthar do dhéanamh chun gach urús no aon urús dá dtabharfidh an Chuideachta amach fé fhorálacha an Achta so d'fhuascailt no do ghlana agus féadfid pé cuid a shocróidh an Chuideachta den phrofid a thiocfidh as an ngnó aon bhliain do chur chun an Ciste Fiachluíoduithe sin do bhunú, do choinneáil suas no do mhéadú agus féadfid an Ciste Fiachluíoduithe sin no aon chuid de no aon chuid den phrofid a thiocfidh as an ngnó aon bhliain do chur o am go ham chun airgead a fuair an Chuideachta ar iasacht d'íoc no chun aon urúsanna de chuid na Cuideachtan, a tugadh amach fé fhorálacha an Achta so, do cheannach. Déanfar aon urúsanna a ceannófar amhlaidh do chur ar ceal láithreach tar éis a gceannuithe agus as san amach beidh, agus tuigfar go bhfuil, deire leo agus cuirfidh na Stiúrthóirí fé ndeár nóta a chur síos go cuibhe i leabhair na Cuideachtan go bhfuilid ar ceal agus go bhfuil deire leo amhlaidh. Aon urús den tsórt san a ceannófar amhlaidh ar aon tslí eile seachas ar an marga oscailte ní ceannófar é ar phraghas is mó ná an praghas is déanaí a tugadh ar an saghas céanna urúis, fé mar a breacadh i leabhair na Cuideachtan, agus ní thabharfidh an Chuideachta amach arís aon urús a cuireadh ar ceal fé fhorálacha an fho-ailt seo.

Iasachtaí Sealadacha.

17. —Chún cricheanna a ngnótha no i gcúrsaí a bhaineann le n-a ngnó féadfidh an Chuideachta airgead d'fháil ar iasacht go sealadach tré sháruithe cuntais no ar shlí eile agus, fé láimh no fé lámha duine no níos mó dá Stiúrthóirí no dá n-Oifigigh, dár tugadh údarás generálta no speisialta, féadfid Billí Malairte nó instruimidí ionmhalartuithe eile do tharang, do ghlaca agus do chur fé chúl-scríobh

Cistí d'úsáid.

18. —Aon tsuimeanna airgid a bheidh soláthruithe cheana ag an gCuideachtain no 'na mbeidh údarás acu fé fhorálacha an Achta so iad do sholáthar fé údarás na sean-Achtanna agus aon chistí fé chúram na Stiúrthóirí, féadfidh an Chuideachta iad d'úsáid chun no mar chabhair chun crícheanna an Achta so.

Quorum do Thionóil Choitianna.

19. —(1) O dháta rithte an Achta so isé méid is quorum do Thionól Choitiann de scaireánaigh ná deichniúr scaireánach ar a luíod agus iad i láthair i bpearsain no tré leas-vótálaithe agus scaireanna ar seilbh acu nách lú a n-ainmluach ná céad punt san iomlán: Ach i gcás Tionóil Nea-ghnáthaigh ní bheidh quorum ann mara mbeidh ar seilbh ag na scaireánaigh a bheidh i láthair i bpearsain no tré leas-vótáluithe scaireanna nách lú a n-ainmluach ná dhá mhíle punt san iomlán.

(2) Beidh Alt a fiche d'Acht 1855 athghairmthe ón dáta san agus athghairmtear leis seo é.

I dtaobh leasvotálaithe do cheapa.

20. —In ainneoin éinní atá sna sean-Achtanna no in aon achtachán atá ionchorporuithe ionta, beidh sé dleathach d'atúrnae aon scaireánaigh, má bhíonn údarás cuibhe aige i scríbhinn, leas-vótálaí do cheapa chun vótáil don scaireánach san agus thar a cheann agus, chuige sin, an fhuirm leas-vóta is gá do chríochnú thar ceann an scaireánaigh sin: Ach déanfar an instruimid le n-a gceapfar an atúrnae sin do chur chun Rúnaí na Cuideachtan san am gcéanna ina gcuirfar chuige an instruimid le n-a gceapfar an leas-vótálaí sin.

Luach saothair na Stiúrthóirí, na nIniúchóirí agus an Rúnaí.

21. —(1) Socrófar luach saothair Stiúrthóirí agus Iniúchóirí na Cuideachtan o am go ham ar Thionól Choitiann den Chuideachtain agus, i dteanta na gcomhacht is féidir do sna Stiúrthóirí a fheidhmiú fé sna Companies Clauses Acts 1845 to 1889, féadfid luach saothair an Rúnaí do shocrú.

(2) Beidh Alt a naoi is fiche d'Acht 1855 athghairmthe o dháta rithte an Achta so agus athghairmtear leis seo é.

(3) O dháta rithte an Achta so ní bheidh eífeacht ag an méid sin d'Alt a haon is tríocha d'Acht 1855 a fhorálann go mbeidh deich scaireanna ar a luíod sa Chuideachtain ag gach iniúchóir.

Tionóil na Cuideachtan.

22. —In ainneoin éinní atá sna sean-Achtanna no in aon achtachán atá ionchorporuithe ionta comórfar gnáth-Thionóil Choitianna na Cuideachtan gach bliain pé tráth a shocróidh na Stiúrthóirí o am go ham.

Teora le méid na ndividenda agus an Chúl-Chiste.

23. —(1) Ní fhaisnéisfidh an Chuideachta aon bhliain as a bprofid aon dividenda is mó ná na rátaí dividendum a luaidhtear sa bhfo-alt so, eadhon, ocht bpúint ar scór gach céad punt a híocadh den chaipital bhunaidh a tugadh amach mar ghnáth-chaipital fé Acht 1855, seacht bpúint ar scór gach céad punt a híocadh de pé caipital breise a tabharfar amach mar ghnáth-chaipital fé Ordú 1893, agus cúig púint ar scór gach céad punt a híocadh de pé caipital breise a tugadh no a tabharfar amach mar chaipital tosaíochta fé Ordú 1893.

(2) Féadfidh an Chuideachta o am go ham, as profid an ghnótha in aon bhliain pé suim is oiriúnach leo do chur i leataoibh mar chúlchiste a féadfar a chur ina dhiaidh sin chun aon chríche de chrícheanna na Cuideachtan, ar a n-áirítear íoc dividenda, agus beidh gan éifeacht, ó dháta rithte an Achta so, na forálacha d'Alt 25 d'Ordú 1893 i dtaobh an Chuideachta do chruthnú cúl-chiste agus do dhéanamh úsáide dhe.

(3) Fé réir forálacha an Ailt seo, beidh gan éifeacht, ó dháta rithte an Acht so, na forálacha de sna sean-Achtanna le n-a gcuirtar teora leis na dividenda a fhaisnéisfidh an Chuideachta.

Comhacht chun cirt phaitinne, etc., do shealbhú.

24. —Féadfidh an Chuideachta cirt phaitinne agus cirt eile agus ceadúnaisí (nách leo féin amháin) d'fháil agus do bheith ar seilbh acu maidir le leictreachas d'úsáid chun crícheanna an Achta so.

I dtaobh Orduithe Speisialta agus Orduithe eile d'Iarraidh.

25. —Ní choiscfidh éinní san Acht so ar an gCuideachtain, agus féadfidh an Chuideachta, Orduithe Speisialta no Orduithe eile d'iarraidh fé sna Electricity (Supply) Acts 1882 to 1919.

Deire le Comhachta.

26. —Más rud é, laistigh de dhá bhliain o am rithte an Achta so, go mbeidh aon obair a húdaruítear leis an Acht so gan críochnú no na comhachta a bronntar (lasmuich de chomhachta chun iasachtaí d'fháil) no cuid acu gan feidhmiú, beidh deire as san amach le gach comhacht agus údarás den tsórt san a tugtar leis an Acht so ach amháin chó fada is théigheann pé méid den obair sin a críochnuíodh laistigh den aimsir sin no pé méid de sna comhachta san a feidhmíodh agus, nuair a dhéanfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála Ordú sa chéill sin beidh deire leis na comhachta san dá réir sin: Ach mar sin féin ní dhéanfidh éinní san Alt so teora do chur le forálacha Alt 23 den Sceideal a ghabhann leis an Electric Lighting (Clauses) Act 1899 do chur i mbaint leis an gCuideachtain no le n-a ngnó.

Forálacha i dtaobh Achtanna Generálta.

27. —Ach amháin mar a foráltar go soiléir leis an Acht so, ní dhéanfidh éinní san Acht so an Chuideachta ná a ngnó do shaora o fhorálacha aon Achta ghenerálta atá rithte cheana no a rithfar tar éis rithte an Achta so agus a bhaineann le leictreachas no le leictreachas do sholáthar no leis an bpraghas a héileofar ar leictreachas, ná ní bhainfe sé tairbhe an Achta san den Chuideachtain.

Costaisí an Achta.

28. —Gach costas, éileamh, caiteachas agus fiachas, roimh-ghabhálach agus có-ghabhálach mar gheall ar ullamhú i gcóir fáil agus rith an Achta so no éinní eile dhéanamh ina thaobh, beidh a muirear agus a n-íoc ar an gCuideachtain.

Gearr-Theideal.

29. —Féadfar Acht Soillsiú agus Comhacht Leictriciúil Shligigh, 1924 , do ghairm den Acht so.

NA SCEIDIL DA dTAGARTAR SAN ACHT SAN THUAS.