|
|||||
|
| Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL) |
| [EN] | ||||||||
An tAcht um an Tríú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001 | ||||||||
Twenty-third Amendment of the Constitution Act, 2001 | ||||||||
| ||||||||
| [EN] |
AN tACHT UM AN TRÍÚ LEASÚ IS FICHE AR AN mBUNREACHT, 2001 | |||||||
RIAR NA nALT | ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
AN tACHT UM AN TRÍÚ LEASÚ IS FICHE AR AN mBUNREACHT, 2001 | ||||||||
ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ. [27 Márta, 2002] | ||||||||
DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin: | ||||||||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú: | ||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS: | ||||||||
| [EN] |
Airteagail 29 den Bhunreacht a leasú. |
1. —Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 29 den Bhunreacht: | ||||||
| [EN] | (a) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh alt 8 den téacs Gaeilge, | |||||||
| [EN] | (b) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh alt 8 den téacs Sacs-Bhéarla. | |||||||
| [EN] |
Lua. |
2. —(1) An Tríú Leasú is Fiche ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo. | ||||||
| [EN] | (2) Féadfar an tAcht um an Tríú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001 , a ghairm den Acht seo. |