Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

18 1998

/images/harp.jpg


AN tACHT UM AN OCHTÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú.

2.

Lua.

AN SCEIDEAL

Cuid I

Cuid II

/images/harp.jpg


AN tACHT UM AN OCHTÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1998


ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ.

[3 Meitheamh, 1998]

DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú:

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú.

1. —Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 29 den Bhunreacht:

(a) cuirfear na fo-ailt a bhfuil na téacsanna díobh leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh fho-alt 4° d'alt 4 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear na fo-ailt a bhfuil na téacsanna díobh leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh fho-alt 4° d'alt 4 den téacs Sacs-Bhéarla,

(c) déanfar fo-ailt 5° agus 6° d'alt 4 den dá théacs a uimhriú mar fho-ailt 7° agus 8°.

Lua.

2. —(1) An tOchtú Leasú Déag ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Ochtú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1998 , a ghairm den Acht seo.