Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

8 1983

ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ

Acht um an Ochtú ar an mBunreacht, 1983


AN tACHT UM AN OCHTÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1983


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ. [7 Deireadh Fómhair, 1983]

DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 40 den Bhunreacht do leasú:

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 40 den Bhunreacht do leasú.

1. —Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 40 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le halt 3 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le halt 3 den téacs Sacs-Bhéarla.

Lua.

2. —(1) An tOchtú Leasú ar an mBunreacht a bhéarfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1983 , a ghairm den Acht seo.