5 1972

AN tACHT UM AN gCÚIGIÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1972


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ. [5 Eanáir, 1973]

DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 44 den Bhunreacht do leasú:

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS:

Airteagal 44 den Bhunreacht do leasú.

1. —Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 44 den Bhunreacht:

(a) scriosfar fo-ailt 2° agus 3° d'alt 1 den téacs Gaeilge,

(b) scriosfar fo-ailt 2° agus 3° d'alt 1 den téacs Sacs-Bhéarla,

(c) alt 1 a bheidh mar uimhir ar fho-alt 1° d'alt 1 den dá théacs.

Lua.

2. —(1) An Cúigiú Leasú ar an mBunreacht a bhéarfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht um an gCúigiú Leasú ar an mBunreacht, 1972 , a ghairm den Acht seo.