An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT BUNREACHTA (LEASÚ Uimh. 27), 1936)

57 1936

ACHT BUNREACHTA (LEASÚ Uimh. 27), 1936

SCEIDEAL.

Leasuithe ar Airtiogail.

Airtiogal

Leasú

2A

I bhfo-alt (2) d'alt 4 na focail uile o sna focail “ an Seanascal ” go deireadh an fho-ailt do scriosadh amach agus na focail “ an Ard-Chomhairle iad agus féadfaid iad do chur as oifig uair ar bith ” do chur ina n-ionad.

12

Na focail “ an Rí agus ” do scriosadh amach.

24

Na focail “ Ionadaí na Coróinneach in ainm an Rí ” do scriosadh amach agus na focail “ Ceann Comhairle Dháil Éireann ar ordú i scríbhinn ón Ard-Chomhairle fé láimh Uachtaráin na hArd-Chomhairle ” do chur ina n-ionad.

41

Na focail uile o sna focail “ cuirfidh an Ard-Chomhairle ” go deireadh an Airtiogail do scriosadh amach agus na focail “ sighneoidh Ceann Comhairle Dháil Éireann an Bille sin agus tiocfaidh an céanna chun bheith agus beidh sé ina dhlí ar dháta agus o dháta an tsighnithe sin ” do chur ina n-ionad.

42

Na focail “ aontú an Rí d'fháil ” do scriosadh amach agus na focail “ bheith sighnithe ag Ceann Comhairle Dháil Éireann ” do chur ina n-ionad ; na focail “ Ionadaí na Coróinneach ” do scriosadh amach as gach áit ina bhfuil na focail sin agus na focail “ Ceann Comhairle Dháil Éireann ” do chur ina n-ionad i ngach cás.

51

An abairt dar tosach na focail “ Fógartar leis seo ” agus dar críoch na focail “ i gcás Thiarnais Canada ” do scriosadh amach ; na focail “ cabhruithe agus comhairlithe i rialú ” do scriosadh amach agus na focail “ feidhmithe údaráis agus comhachta fheidhmiúcháin ” do chur ina n-ionad ; an abairt “ Acht beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle, sa mhéid agus fé réir aon choinníollacha cinnfear le dlí, feidhm do bhaint, chun gníomhairí dioplomáideacha agus consalta do cheapadh agus chun có-aontuithe eadarnáisiúnta do chríochnú, as aon ghléas a dheineann aon cheann de sna náisiúin dá dtagartar in Airtiogal I den Bhunreacht so d'úsáid mar ghléas bhunreachtúil chun na gcrícheanna céanna ” do chur isteach roimh an abairt dar tosach na iocail “ Beidh an Ard-Chomhairle ” ; na focail “ ag Ionadaí na Coróinneach ar ainmniú Uachtaráin na hArd-Chomhairle ” do scriosadh amach agus na focail “ sa tslí foráltar anso ina dhiaidh seo ” do chur ina n-ionad.

53

An abairt “ Ceapfar Uachtarán na hArd-Chomhairle ar ainmniú Dháil Éireann ” do scriosadh amach agus an abairt “ Toghfaidh Dáil Éireann Uachtarán na hArd-Chomhairle ” do chur ina hionad ; na focail “ Is ar ainmniú an Uachtaráin, le haontú na Dála, a ceapfar ” do scriosadh amach agus na focail “ Isé an tUachtarán, le haontú Dháil Éireann, a cheapfaidh ” do chur ina n-ionad ; an focal “ ainmneoidh ” do scriosadh amach agus an focal “ cheapfa ” do chur ina ionad ; na focail “ go gceapfar a gcomharbaí ” do scriosadh amach agus na focail “ go ndéanfar a gcomharbaí do thoghadh agus do cheapadh fé seach ” do chur ina n-ionad ; an focal “ chomhairle ” do scriosadh amach agus an focal “ ordú ” do chur ina ionad.

55

Na focail uile ón bhfocal “ Ionadaí ” go dtí an focal “ mhola ” do scriosadh amach agus na focail “ Dáil Éireann Airí ná beidh ina mbaill den Ard-Chomhairle do cheapadh ar mholadh ” do chur ina n-ionad.

60

An tAirtiogal do scriosadh amach.

68

Na focail uile ón bhfocal “ Ionadaí ” go dtí sna focail “ na hArd-Chomhairle ” do scriosadh amach agus na focail “ an Ard-Chomhairle cheapfaidh ” do chur ina n-ionad.