Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Leasuithe ar Airtiogail.)

57 1936


Uimhir 57 de 1936.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ Uimh. 27), 1936.


ACHT CHUN LEASUITHE ÁIRITHE DO DHÉANAMH AR AN mBUNREACHT MAIDIR LEIS AN ÚDARÁS AGUS LEIS AN gCOMHACHT FEIDHMIÚCHÁIN AGUS MAIDIR LE FEIDHMEANNA ÁIRITHE FEIDHMIÚCHÁIN DO DHÉANAMH. [11adh Mí na Nodlag, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Leasuithe do dhéanamh ar an mBunreacht.

1. —Deintear leis seo ar na hAirtiogail uile agus fé seach den Bhunreacht a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal a gabhann leis an Acht so an leasú no an ní eile fé seach a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san os coinne luadh gach Airtiogail fé leith acu san sa chéad cholún san.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 27), 1936 , do ghairm den Acht so.