34 1929


Uimhir 34 de 1929.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 11), 1929.


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ TRÉ SNA FORÁLACHA ATÁ ANOIS ANN I dTAOBH NA SLÍ INA LIONFAR ÁIT BHAILL DE SHEANAD ÉIREANN A FHÁGHANN BÁS, A EIRIONN AS NÓ A THAGANN FÉ MHÍ-CHÁILÍOCHT DO SCRIOSA AMACH AGUS TRÉ N-A SHOCRÚ INA nIONAD SAN GO LIONFAR ÁIT AN BHAILL SIN TRÉ THOGHACHÁN GURB IAD A BHEIDH MAR THOGHTHÓIRÍ ANN NA BAILL DHÁIL ÉIREANN AGUS BAILL SHEANAD ÉIREANN AG VÓTÁIL LE CHÉILE AGUS TRÉ LEASUITHE A LEANANN AS SAN DO DHÉANAMH I dTAOBH AINMNIUCHAN IARRTHÓIRÍ AGUS I dTAOBH MODHA NA VÓTÁLA AG NA TOGHACHÁIN SIN. [17adh Mí na Nodlag, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Airtiogal 34 den Bhunreacht do leasú.

1. —Leasófar agus leasuítear leis seo Airtiogal 34 den Bhunreacht tré sna focail “le vóta de Sheanad Éireann” atá anois ann do scriosa amach agus tré sna focail seo do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, eadhon, “le toghachán ina n-ainmneofar na hiarrthóirí ar pé slí díreach a bheidh orduithe do réir dlí agus gurb iad a bheidh mar thoghthóirí ann ná baill Dháil Éireann agus baill Sheanad Éireann ag vótáil le chéile. Is le ballóid shicréideach a déanfar an vótáil ag na toghacháin sin agus ní fhéadfidh aon toghthóir níos mó ná aon vóta amháin do thabhairt ionta. Rialálfar áit agus stiúra na dtoghachán san le dlí.”

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 11), 1929 , do ghairm den Acht so.