9 1929


Uimhir 9 de 1929.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 15), 1929.


ACHT CHUN FORÁLACHA AIRTIOGAL 52 DEN BHUNREACHT LE N-A gCEANGAILTEAR AR BHAILL UILE NA hARD-CHOMHAIRLE BHEITH 'NA mBAILL DE DHÁIL ÉIREANN DO LEASÚ TRÉ N-A SHOCRÚ GO mBEIDH BAILL NA hARD-CHOMHAIRLE 'NA mBAILL DE DHÁIL ÉIREANN ACH AMHÁIN GO bhFÉADFIDH DUINE ACU BHEITH INA BHALL DE SHEANAD ÉIREANN AGUS TRÉ SHOCRÚ A LEANANN AS SAN DO DHÉANAMH SA BHUNREACHT I dTAOBH É BHEITH DE CHEART AG AIRÍ BHEITH I LÁTHAIR AGUS ÉISTEACHT D'FHÁIL I dTITHE AN OIREACHTAIS. [14adh Bealtaine, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Airtiogal 52 den Bhunreacht do leasú.

1. —Leasófar agus leasuítear leis seo an Bunreacht tré Airtiogal 52 atá anois ann do scriosa amach agus tríd an Airtiogal so a leanas do chur isteach in ionad an Airtiogail sin 52, sé sin le rá:—

“52. Ar Airí na hArd-Chomhairle beidh Uachtarán na hArd-Chomhairle, Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle, agus an tAire a bheidh i gceannas na Roinne Airgid. Beidh Uachtarán na hArd-Chomhairle, Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle, an tAire a bheidh i gceannas na Roinne Airgid, agus na baill eile den Ard-Chomhairle ina mbaill de Dháil Éireann, ach amháin go bhféadfidh duine de sna baill eile sin bheith ina bhall de Sheanad Éireann.”

Airtiogal 57 den Bhunreacht do leasú.

2. —Leasófar agus leasuítear leis seo Airtiogal 57 den Bhunreacht tré sna focail “agus sa Dáil” do chur isteach san Airtiogal san i ndiaidh na bhfocal “sa tSeanad” atá anois ann.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 15), 1929 , do ghairm den Acht so.