8 1929


Uimhir 8 de 1929.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 14), 1929.


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ TRÉ SNA FORÁLACHA DO SCRIOSA AMACH ATÁ ANOIS ANN I dTAOBH BILLE DO TIONNSCNADH I SEANAD ÉIREANN AGUS DO RITH AN TIGH SIN AGUS DO DIÚLTUÍODH I nDÁIL ÉIREANN DO THABHAIRT ISTEACH ARÍS SA tSIOSÓN CHÉANNA AGUS I dTAOBH DÁIL ÉIREANN D'AITH-BHREITHNIÚ AN BHILLE SIN AR A TAIRISGINT FÉIN. [14adh Bealtaine, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Airtiogal 39 den Bhunreacht do leasú.

1. —Leasófar agus leasuítear leis seo Airtiogal 39 den Bhunreacht tríd an abairt deiridh atá anois ann do scriosa amach, sé sin le rá, an abairt dar tosach na focail “Má diúltuítear” agus dar críoch an focal “féin.”

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 14), 1929 , do ghairm den Acht so.