28 1928


Uimhir 28 de 1928.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 9), 1928.


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ TRÉ SNA FORÁLACHA DO SCRIOSA AMACH ATÁ ANOIS ANN I dTAOBH AINM-LIOST DO CHUR LE CHÉILE CHUN BAILL DE SHEANAD ÉIREANN DO THOGHA AGUS TRÉ N-A SHOCRÚ INA nIONAD SAN GO nDÉANFAR CUR LE CHÉILE AN AINM-LIOSTA SAN DO RIALÁIL LE DLÍ. [25adh Deire Fomhair, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Ainm-liost do thoghacháin tSeanaid.

1. —Leasófar agus leasuítear leis seo an Bunreacht tré Airtiogal 33 dhe do scriosa amach agus tríd an Airtiogal so a leanas do chur isteach ann in ionad an Airtiogail sin a scriostar amach amhlaidh, sé sin le rá:—

“33. Roimh gach toghachán do bhaill Sheanaid Éireann déanfar ainm-liost d'iarrthóirí don toghachán san do chur le chéile ar gach slí díreach mar a hordófar le dlí.”

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 9), 1928 , do ghairm den Acht so.