14 1928


Uimhir 14 de 1928.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 13), 1928.


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ TRÉ SNA FORÁLACHA DO SCRIOSA AMACH ATÁ ANOIS ANN I dTAOBH BILLÍ (NACH BILLÍ AIRGID) DO RITH DÁIL ÉIREANN AGUS DO DHIÚLTUIGH SEANAD ÉIREANN AGUS TRÉ FHORÁLACHA DO CHUR INA nIONAD SAN TRÉ N-A dTUIGFAR TAR ÉIS TRÉIMHSE ÁIRITHE BILLE (NACH BILLE AIRGID) DO RITH DÁIL ÉIREANN AGUS DO CUIREADH FÉ DHÓ CHUN SEANAD ÉIREANN DO BHEITH RITHTE AG AN DÁ THIGH. [23adh Iúl, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Airtiogal 38 den Bhunreacht do leasú.

1. —Leasófar agus leasuítear leis seo Airtiogal 38 den Bhunreacht tré sna nithe seo do scriosa amach:—

(a) an chuid de dar tosach na focail “ach Bille” agus dar críoch na focail “is déanaí 'nar rith Dáil Éireann é,” agus

(b) na focail “Ar choiníoll go,” agus

(c) an abairt dar tosach na focail “Tar éis Bille” agus dar críoch an focal “air.”

Billí go ndéanfidh Seanad Éireann diúltú dhóibh, etc.

2. —Leasófar agus leasuítear leis seo an Bunreacht tríd an Airtiogal so a leanas do chur isteach ann díreach i ndiaidh Airtiogal 38 atá anois ann, sé sin le rá:—

“38A. Pé uair a dhéanfidh Seanad Éireann, laistigh den tréimhse áirithe a mínítear anso ina dhiaidh seo, diúltú do Bhille (nách Bille Airgid) do tionnscnuíodh i nDáil Éireann agus do ritheadh ag Dáil Éireann agus do cuireadh go dtí Seanad Éireann no an Bille do rith tar éis leasuithe do dhéanamh air ná toileoidh Dáil Éireann leo, no ná déanfidh Seanad Éireann é do rith (maille le leasú no gan leasú) ná diúltú dho laistigh den tréimhse áirithe sin, féadfidh Dáil Éireann, laistigh de bhliain tar éis na tréimhse áirithe sin, tré rún do rith fén Airtiogal so d'aon ghnó chuige sin, an Bille sin do chur go dtí Seanad Éireann arís sa bhfuirm in ar cuireadh go dtí Seanad Éireann den chéad uair é (ach go bhféadfidh pé atharuithe a húdaruítear anso ina dhiaidh seo a bheith air), agus mara ndinidh Seanad Éireann, laistigh de thrí fichid lá ina dhiaidh sin no laistigh de pé tréimhse níos sia ná san le n-a dtoileoidh an dá Thigh, an Bille sin do rith gan é do leasú no gan a dhéanamh air ach pé leasuithe le n-a dtoileoidh Dáil Éireann, tuigfar, má bheartuíonn Dáil Éireann amhlaidh le rún tar éis deire an trí fichid lá san no na tréimhse sin roimhráite is sia ná san, an Bille sin do bheith rithte ag dhá Thigh an Oireachtais i gcionn an trí fichid lá san no na tréimhse sin roimhráite is sia ná san sa bhfuirm is déanaí in ar cuireadh go dtí Seanad Éireann amhlaidh é maille le pé leasuithe (más ann dóibh) do dhin Seanad Éireann air agus le n-ar thoiligh Dáil Éireann.

Isé rud é an tréimhse áirithe sin ná an tréimhse dar tosach an lá a chuirfidh Dáil Éireann an Bille sin go dtí Seanad Éireann den chéad uair agus dar críoch pé am acu so leanas is luaithe ann, sé sin le rá, ocht mí dhéag do bheith caithte ó thosach na tréimhse sin no dáta ath-tionólta an Oireachtais tar éis do scur i ndiaidh tosach na tréimhse sin.

Nuair a leasóidh Dáil Éireann Bille do tionnscnuíodh i Seanad Éireann agus do ritheadh ag Seanad Éireann, tuigfar gur i nDáil Éireann do tionnscnuíodh an Bille sin agus bainfidh an tAirtiogal so leis an mBille sin dá réir sin agus chun críche na bainte sin tosnóidh an tréimhse áirithe sin, maidir leis an mBille sin, an lá a cuirfar an Bille sin go dtí Seanad Éireann den chéad uair tar éis do Dháil Éireann é do leasú amhlaidh.

Pé uair a chuirfidh Dáil Éireann Bille go dtí Seanad Éireann ní oibreoidh éinní san Airtiogal so chun srian do chur le ceart Dháil Éireann chun an Bille sin do chur go dtí Seanad Éireann ar aon ócáid ina dhiaidh sin ar shlí eile seachas fén Airtiogal so, agus nuair a cuirfar an Bille sin go dtí Seanad Éireann amhlaidh bainfidh an tAirtiogal so leis an gcás fé is dá mb'í an ócáid sin an chéad ócáid do chuir Dáil Éireann an Bille sin go dtí Seanad Éireann.

Bille a chuirfidh Dáil Éireann go dtí Seanad Éireann den dara huair agus is gá, chun crícheanna an Airtiogail seo, a bheith sa bhfuirm in ar cuireadh go dtí Seanad Éireann den chéad uair é, féadfidh pé atharuithe (más ann dóibh) bheith air a dheimhneoidh Ceann Comhairle Dháil Éireann do bheith ina leasuithe do dhin Seanad Éireann air agus le n-ar thoiligh Dáil Éireann no do bheith riachtanach mar gheall ar an méid aimsire d'imigh o chuir Dáil Éireann an Bille sin go dtí Seanad Éireann den chéad uair.”

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 13), 1928 , do ghairm den Acht so.