4 1927


Uimhir 4 de 1927.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 3), 1927.


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ TRÍD AN MÉID SIN LE N-A bhFORÁLTAR GO bhFÓGRÓFAR LÁ TOGHACHÁIN GHENERÁLTA INA LÁ SAOIRE PUIBLÍ DO BHAINT AS. [4adh Márta, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Gan lá toghacháin ghenerálta do bheith ina lá saoire.

1. —Leasófar an Bunreacht agus leasuítear leis seo é tríd na focail “agus fógrófar 'na lá saoire puiblí é” do scrios amach as Airtiogal 28 dhe.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 3), 1927 , do ghairm den Acht so.