38 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 38 de 2019


AN tACHT UM CHOSAINT TOMHALTÓIRÍ (DEARBHÁIN BHRONNTANAIS), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Clár an Ábhair

Alt

1. Míniú

2. Conarthaí um dhearbhán bronntanais

3. Leasuithe iarmhartacha ar Acht 2007

4. Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chosaint Tomhaltóirí, 2007 (Uimh. 19)

Na hAchtanna um Chosaint Tomhaltóirí, 2007 agus 2014

/images/harp.jpg


Uimhir 38 de 2019


AN tACHT UM CHOSAINT TOMHALTÓIRÍ (DEARBHÁIN BHRONNTANAIS), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do leasú an Achta um Chosaint Tomhaltóirí, 2007; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[19 Samhain 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Míniú

1. San Acht seo, ciallaíonn “Acht 2007” an tAcht um Chosaint Tomhaltóirí, 2007.

Conarthaí um dhearbhán bronntanais

2. Leasaítear Acht 2007 tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 4:

“Cuid 4A

Conarthaí um Dhearbhán Bronntanais

Mínithe agus feidhm

66A.(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn ‘meán buanfasach’ aon mheán ar a ndéantar faisnéis a sholáthar agus a stóráil, lena n-áirítear páipéar agus ríomhphost—

(a) a fhágfaidh go mbeidh rochtain ar an bhfaisnéis ionas gur féidir tagairt a dhéanamh di sa todhchaí go ceann tréimhse ama is leordhóthanach chun críocha na faisnéise, agus

(b) trínar féidir an fhaisnéis a atáirgeadh gan í a athrú;

ciallaíonn ‘dáta éaga’ an dáta ar dá éis, de bhua imeacht aimsire, a scoirfidh dearbhán bronntanais de bheith infhuascailte chun earraí nó seirbhísí a cheannach;

ciallaíonn ‘dearbhán bronntanais’, faoi réir fho-alt (2), aon dearbhán, cúpón nó doiciméad nó ionstraim eile, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a bheartaítear a úsáid mar ionadach d’airgead le linn íoc, go hiomlán nó go páirteach, as earraí nó as seirbhísí, nó a bheartaítear a mhalartú, ar shlí eile, ar earraí nó ar sheirbhísí;

ciallaíonn ‘conradh um dhearbhán bronntanais’ conradh idir trádálaí iomchuí agus duine eile trína ndéanann an trádálaí iomchuí dearbhán bronntanais a sholáthar don duine;

ciallaíonn ‘trádálaí iomchuí’ trádálaí a sholáthraíonn dearbhán bronntanais do dhuine de réir conradh um dhearbhán bronntanais.

(2) Sa Chuid seo, ní fholaíonn ‘dearbhán bronntanais’ dearbhán, cúpón nó doiciméad nó ionstraim eile, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach—

(a) nach bhfuil infhuascailte ach amháin chun earraí sonraithe nó seirbhísí sonraithe a cheannach, ar phraghas lascainithe, ó thrádálaí nó ó thrádálaithe sonraithe—

(i) ar dháta sonraithe, nó

(ii) ar feadh tréimhse shonraithe a mhairfidh fad teoranta nach faide ná 3 mhí,

(b) a sholáthraítear faoi scéim dílseachta do chustaiméirí,

(c) a sholáthraítear i dtaca le scéim cur chun cinn atá bainteach le hearraí sonraithe nó seirbhísí sonraithe a cheannach,

(d) a sholáthraítear ar mhodh aisíocaíocht i leith earraí arna dtabhairt ar ais do thrádálaí,

(e) nach bhfuil infhuascailte ach amháin mar mhalairt ar earraí nó ar sheirbhísí a bhaineann le seirbhísí teileafóin, seirbhísí idirlín, breosla, leictreachas, teas nó le haon fhóntas eile,

(f) ar seic, dréacht bainc nó ordú airgid poist é nó í,

(g) arb éard é nó í airgead leictreonach, de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Airgead Leictreonach), 2011 (I.R. Uimh. 183 de 2011), nó

(h) nach soláthraítear, nach ndéantar margú air nó uirthi, nach gcuirtear ar fáil nó nach ndéantar é nó í a chur ar fáil ar shlí eile lena thabhairt nó lena tabhairt mar bhronntanas.

(3) Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir le conradh um dhearbhán bronntanais a dhéanfar ar an dáta ar a dtiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh nó dá éis.

(4) Aon tagairt sa Chuid seo do théarma i gconradh um dhearbhán bronntanais, folaíonn sí tagairt do théarma atá, cé nach téarma é atá sa chonradh, corpraithe sa chonradh ag téarma eile den chonradh nó ar aon mhodh eile.

Téarmaí conarthaí um dhearbhán bronntanais

66B.(1)(a) Faoi réir fho-alt (5), beidh i gconradh um dhearbhán bronntanais téarma—

(i) go bhfuil an dearbhán bronntanais faoi réir dáta éaga atá 5 bliana ar a laghad ón dáta ar a ndearnadh an conradh, nó

(ii) nach bhfuil an dearbhán bronntanais faoi réir dáta éaga.

(b) I gcás nach bhfuil téarma a chomhlíonann mír (a) ar áireamh i gconradh um dhearbhán bronntanais, measfar go bhfuil ar áireamh sa chonradh téarma go bhfuil an dearbhán bronntanais faoi réir dáta éaga atá 5 bliana ón dáta ar a ndearnadh an conradh.

(c) Más rud é, maidir le conradh um dhearbhán bronntanais, go measfar go bhfuil téarma ann de réir mhír (b), agus go bhfuil an téarma sin ar neamhréir le téarma sainráite sa chonradh, beidh sáraíocht ag an téarma faoi mhír (b) ar an téarma sainráite.

(d) Aon trádálaí iomchuí a dhéanann conradh um dhearbhán bronntanais atá contrártha do mhír (a), tá cion déanta aige nó aici agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil nó ar é nó í a chiontú go hachomair, de réir mar a bheidh, na fíneálacha agus na pionóis dá bhforáiltear i gCaibidil 4 de Chuid 5 a chur air nó uirthi.

(2)(a) Aon trádálaí iomchuí a dhéanann conradh um dhearbhán bronntanais, sonróidh sé nó sí, cibé acu ar an dearbhán bronntanais féin nó ar shlí eile ar mheán buanfasach arna sholáthar leis an dearbhán bronntanais—

(i) dáta éaga an dearbháin bronntanais,

(ii) an dáta ar a ndearnadh an conradh um dhearbhán bronntanais agus an tréimhse ar lena linn atá an dearbhán bronntanais lena mbaineann sé infhuascailte, nó

(iii) nach bhfuil an dearbhán bronntanais faoi réir dáta éaga.

(b) Aon trádálaí iomchuí a mhainníonn mír (a) a chomhlíonadh, tá cion déanta aige nó aici agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, na fíneálacha agus na pionóis dá bhforáiltear i gCaibidil 4 de Chuid 5 a chur air nó uirthi.

(3)(a) Ní bheidh i gconradh um dhearbhán bronntanais téarma lena gceanglaítear luach iomlán dearbháin bronntanais a fhuascailt in aon idirbheart amháin.

(b) Aon trádálaí iomchuí a dhéanann conradh um dhearbhán bronntanais atá contrártha do mhír (a), tá cion déanta aige nó aici agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil nó ar é nó í a chiontú go hachomair, de réir mar a bheidh, na fíneálacha agus na pionóis dá bhforáiltear i gCaibidil 4 de Chuid 5 a chur air nó uirthi.

(4)(a) Más rud é—

(i) go ndéanann duine cuid de luach dearbháin bronntanais in idirbheart a fhuascailt, ionas gurb é €1 nó níos mó an t-iarmhéid atá fágtha den dearbhán bronntanais, agus

(ii) go bhfuil sa chonradh um dhearbhán bronntanais téarma lena gcoisctear an t-iarmhéid atá fágtha den dearbhán bronntanais a fhuascailt in idirbheart eile,

measfar go bhfuil ar áireamh sa chonradh um dhearbhán bronntanais téarma lena gceanglaítear ar an trádálaí iomchuí an t-iarmhéid atá fágtha den dearbhán bronntanais a chúiteamh leis an duine, in airgead tirim, trí aistriú leictreonach nó ar mhodh dearbhán bronntanais, de réir fho-alt (5).

(b) Más rud é, maidir le conradh um dhearbhán bronntanais, go measfar go bhfuil téarma ann de réir mhír (a), agus go bhfuil an téarma sin ar neamhréir le téarma sainráite sa chonradh, beidh sáraíocht ag an téarma faoi mhír (a) ar an téarma sainráite.

(c) Aon trádálaí iomchuí a dhéanann conradh um dhearbhán bronntanais ina bhfuil téarma sainráite atá contrártha do mhír (a), tá cion déanta aige nó aici agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil nó ar é nó í a chiontú go hachomair, de réir mar a bheidh, na fíneálacha agus na pionóis dá bhforáiltear i gCaibidil 4 de Chuid 5 a chur air nó uirthi.

(5) I gcás go ndéantar an t-iarmhéid atá fágtha dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(a) a chúiteamh ar mhodh dearbhán bronntanais, maidir leis an dearbhán bronntanais lena mbaineann—

(a) beidh ag gabháil leis dáta éaga nach luaithe ná dáta éaga an dearbháin bronntanais dá dtagraítear san fho-alt sin (4)(a), agus

(b) beidh ag gabháil leis luach atá ar cóimhéid le luach an iarmhéid atá fágtha den dearbhán bronntanais dá dtagraítear san fho-alt sin (4)(a).

(6)(a) San fho-alt seo, ciallaíonn ‘conradh um dhearbhán bronntanais lena mbaineann an fo-alt seo’ conradh um dhearbhán bronntanais ina bhfuil téarma á cheangal go ndéanfaidh duine ainmnithe dearbhán bronntanais a fhuascailt.

(b) Beidh i gconradh um dhearbhán bronntanais lena mbaineann an fo-alt seo téarma lena bhforáiltear—

(i) go bhféadfaidh an duine ainmnithe an dearbhán bronntanais a fhuascailt d’ainneoin difríocht idir ainm an duine sin mar atá sé ar an dearbhán bronntanais nó i dtaca leis an dearbhán bronntanais, agus mar atá sé ar phas nó ceadúnas tiomána an duine sin nó ar aon chineál eile céannachta pearsanta, agus

(ii) go bhféadfar ainm an duine ainmnithe mar atá sé ar an dearbhán bronntanais nó i dtaca leis an dearbhán bronntanais a leasú nó a athrú gan táille a ghearradh.

(c) I gcás nach bhfuil i gconradh um dhearbhán bronntanais lena mbaineann an fo-alt seo téarma a chomhlíonann mír (b), measfar go bhfuil ar áireamh sa chonradh téarma lena dtugtar éifeacht don mhír sin.

(d) Más rud é, maidir le conradh um dhearbhú bronntanais lena mbaineann an t-alt seo, go measfar go bhfuil téarma ann de réir mhír (c), agus go bhfuil an téarma sin ar neamhréir le téarma sainráite sa chonradh, beidh sáraíocht ag an téarma faoi mhír (c) ar an téarma sainráite.

(e) Aon trádálaí iomchuí a dhéanann conradh um dhearbhán bronntanais lena mbaineann an fo-alt seo atá contrártha do mhír (b), tá cion déanta aige nó aici agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil nó ar é nó í a chiontú go hachomair, de réir mar a bheidh, na fíneálacha agus na pionóis dá bhforáiltear i gCaibidil 4 de Chuid 5 a chur air nó uirthi.

(7)(a) Ní bheidh i gconradh um dhearbhán bronntanais téarma lena gcuirtear teorainn leis an líon dearbhán bronntanais a cheadaítear do dhuine a fhuascailt in aon idirbheart amháin.

(b) Aon trádálaí iomchuí a dhéanann conradh um dhearbhán bronntanais atá contrártha do mhír (a), tá cion déanta aige nó aici agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil nó ar é nó í a chiontú go hachomair, de réir mar a bheidh, na fíneálacha agus na pionóis dá bhforáiltear i gCaibidil 4 de Chuid 5 a chur air nó uirthi.

(8)(a) I gcás go bhfuil i gconradh um dhearbhán bronntanais téarma a bhaineann le trádálaí iomchuí do chur dearbhán bronntanais in ionad dearbhán bronntanais a cailleadh nó a goideadh, forálfar leis an téarma sin nach mbeidh an dearbhán bronntanais ionaid faoi réir dáta éaga is luaithe ná dáta éaga an dearbháin bronntanais ar cuireadh é ina ionad.

(b) I gcás go bhfuil i gconradh um dhearbhán bronntanais téarma a bhaineann le trádálaí iomchuí do chur dearbhán bronntanais in ionad dearbhán bronntanais a cailleadh nó a goideadh, agus nach gcomhlíonann mír (a), measfar go bhfuil ar áireamh sa chonradh téarma lena dtugtar éifeacht don mhír sin.

(c) Más rud é, maidir le conradh um dhearbhán bronntanais, go measfar go bhfuil téarma ann de réir mhír (b), agus go bhfuil an téarma sin ar neamhréir le téarma sainráite sa chonradh, beidh sáraíocht ag an téarma faoi mhír (b) ar an téarma sainráite.

(d) Aon trádálaí iomchuí a dhéanann conradh um dhearbhán bronntanais atá contrártha do mhír (a), tá cion déanta aige nó aici agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil nó ar é nó í a chiontú go hachomair, de réir mar a bheidh, na fíneálacha agus na pionóis dá bhforáiltear i gCaibidil 4 de Chuid 5 a chur air nó uirthi.

(9) I gcás go bhfuil i gconradh um dhearbhán bronntanais téarma atá contrártha do cheanglais an ailt seo—

(a) ní bheidh an téarma ina cheangal—

(i) ar pháirtí sa chonradh um dhearbhán bronntanais nach trádálaí iomchuí é nó í, nó

(ii) ar dhuine ag a bhfuil cearta faoin gconradh um dhearbhán bronntanais faoi fho-alt (10),

agus

(b) leanfaidh an conradh um dhearbhán bronntanais de bheith ina cheangal ar na páirtithe ann, nó ar dhuine ag a bhfuil cearta faoin gconradh um dhearbhán bronntanais faoi fho-alt (10), más féidir leis leanúint ar marthain gan an téarma atá contrártha do cheanglais an ailt seo.

(10) I gcás go ndéanfaidh duine (seachas trádálaí iomchuí), is páirtí i gconradh um dhearbhán bronntanais, an dearbhán bronntanais lena mbaineann an conradh a thabhairt do thríú duine, a dhíol le tríú duine, nó a aistriú chuig tríú duine ar shlí eile, beidh an tríú duine i dteideal na cearta go léir faoin gconradh um dhearbhán bronntanais a fheidhmiú ar na téarmaí céanna le téarmaí an pháirtí bunaidh sa chonradh um dhearbhán bronntanais.”.

Leasuithe iarmhartacha ar Acht 2007

3. Leasaítear Acht 2007—

(a) in alt 67, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) aon sárú ar alt 65(1) nó alt 66B,”,

(b) in alt 85(1), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) Rialachán 5(3), 7(8), 8(5), 9(4), 10(10), 11(6), 12(5), 19(7), 25(4), 26(5) nó 27(4) de Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Faisnéis do Thomhaltóirí, Cealú agus Cearta Eile), 2013 (I.R. Uimh. 484 de 2013);

(e) alt 66B(2).”,

agus

(c) in alt 90(1), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (h):

“(h) forálacha Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Geobhlocáil gan Údar Maith ar Thomhaltóirí), 2018 (I.R. Uimh. 513 de 2018);

(i) forálacha Chuid 4A.”.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme

4.(1) Féadfar an tAcht um Chosaint Tomhaltóirí (Dearbháin Bhronntanais), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chosaint Tomhaltóirí, 2007 go 2019 a ghairm de na hAchtanna um Chosaint Tomhaltóirí, 2007 agus 2014 agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.