An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo () Ar Aghaidh ()

33 2019

AN tACHT UM CHOMHAIRLE NA mBREITHIÚNA, 2019

Gearáin a réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil

Gearán a tharchur lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil

61.(1) I gcás go dtabharfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach breith faoi alt 60 (1) gearán i leith an bhreithimh lena mbaineann a tharchur lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil, iarrfaidh sé i scríbhinn ar an mbreitheamh sainainmnithe nó ar na breithiúna sainainmnithe réiteach an ghearáin a ghabháil de láimh ar mhodh neamhfhoirmiúil de réir na Caibidle seo.

(2) Féadfaidh an breitheamh sainainmnithe nó na breithiúna sainainmnithe, ar é nó í nó iad d’fháil iarraidh faoi fho-alt (1), 3 bhreitheamh ar a mhéid den chúirt ar breitheamh di an breitheamh lena mbaineann a cheapadh chun réiteach an ghearáin lena mbaineann a ghabháil de láimh ar mhodh neamhfhoirmiúil de réir na Caibidle seo thar ceann an bhreithimh shainainmnithe sin nó na mbreithiúna sainainmnithe sin, agus déanfaidh an breitheamh nó na breithiúna a cheapfar amhlaidh réiteach an ghearáin sin a ghabháil de láimh ar mhodh neamhfhoirmiúil dá réir sin.

(3) Aon tagairtí sa Chaibidil seo (seachas san alt seo) don bhreitheamh sainainmnithe nó do na breithiúna sainainmnithe forléireofar iad, i gcás gearán arb ina leith a dhéanfar ceapachán nó ceapacháin faoi fho-alt (2), mar thagairtí don bhreitheamh nó do na breithiúna a cheapfar faoin bhfo-alt sin.

Gearáin a réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil

62.(1) Ní thabharfar aon iarracht ar ghearán a réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil de bhun na Caibidle seo gan toiliú an ghearánaigh agus an bhreithimh lena mbaineann.

(2) Maidir le toiliú a thabharfaidh an breitheamh lena mbaineann leis an ngearán lena mbaineann a réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil, ní mheasfar gurb ionann an toiliú sin a thabhairt agus aon líomhain arna déanamh sa ghearán sin i gcoinne an bhreithimh sin a admháil.

(3) Faoi réir alt 63 , maidir le freagra a thabharfaidh an gearánach nó an breitheamh lena mbaineann nó ráiteas a dhéanfaidh an gearánach nó an breitheamh lena mbaineann, agus iarracht á tabhairt ar ghearán a réiteach de bhun na Caibidle seo—

(a) ní chuirfear i bhfios d’aon duine é seachas do na daoine a bheidh páirteach san iarracht ar an ngearán a réiteach, nó

(b) ní bheidh sé inghlactha in aon imeachtaí araíonachta, sibhialta nó coiriúla.

(4) Ní cuid de réiteach gearáin ar mhodh neamhfhoirmiúil de bhun na Caibidle seo aon chúiteamh airgid a íoc.

Tuarascáil don Choiste um Iompar Breithiúnach ó bhreitheamh sainainmnithe nó ó bhreithiúna sainainmnithe

63.(1) Más é tuairim an bhreithimh shainainmnithe nó na mbreithiúna sainainmnithe nach bhfuil gearán arna tharchur chuige, chuici nó chucu faoi alt 60 (1)(a) oiriúnach lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil, déanfaidh sé, sí nó siad tuarascáil i scríbhinn ina sonrófar na cúiseanna leis an tuairim sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach.

(2) Déanfaidh an breitheamh sainainmnithe nó na breithiúna sainainmnithe, i gcás gur deimhin leis, léi nó leo go bhfuil gearán a bheidh tarchurtha chuige, chuici nó chucu faoi alt 60 (1)(a) réitithe ar mhodh neamhfhoirmiúil, tuarascáil i scríbhinn ina sonrófar sonraí i dtaobh réiteach an ghearáin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach, agus tabharfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach aird ar an tuarascáil agus ní dhéanfaidh sé aon ghníomh breise i ndáil leis an ngearán.

(3) Tar éis don Choiste um Iompar Breithiúnach tuarascáil a fháil faoi fho-alt (2), cuirfidh an Cláraitheoir in iúl i scríbhinn don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann nach ndéanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, de dheasca an gearán lena mbaineann a bheith réitithe de bhun na Caibidle seo, aon ghníomh breise i ndáil leis an ngearán sin.

(4) Déanfaidh an breitheamh sainainmnithe nó na breithiúna sainainmnithe, i gcás nach mbeidh gearán a bheidh tarchurtha chuige, chuici nó chucu faoi alt 60 (1)(a) réitithe ar mhodh neamhfhoirmiúil, tuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a) sonraí faoin ngearán;

(b) na cúiseanna, i dtuairim an bhreithimh shainainmnithe nó na mbreithiúna sainainmnithe, nár réitíodh an gearán ar mhodh neamhfhoirmiúil.