An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( Bord na Comhairle agus Coistí de chuid na Comhairle) Ar Aghaidh ( An Coiste um Iompar Breithiúnach)

33 2019

AN tACHT UM CHOMHAIRLE NA mBREITHIÚNA, 2019

Foireann, Maoiniú agus Cuntasacht na Comhairle

An Rúnaí don Chomhairle

32.(1) Ceapfaidh an Bord duine chun bheith ina Rúnaí don Chomhairle (dá ngairtear an “Rúnaí” san Acht seo).

(2) Féadfaidh an Bord, ar chúiseanna sonraithe, an Rúnaí a chur as oifig nó a fhionraí ó oifig.

(3) Sealbhóidh an Rúnaí oifig faoi chonradh scríofa seirbhíse (is conradh a fhéadfar a athnuachan de rogha an Bhoird) ar feadh cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa chonradh, agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair, liúntais i leith caiteachas agus aoisliúntas) a bheidh sonraithe amhlaidh, is téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord le ceadú an Aire agus le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

(4) Ní bheidh an Rúnaí ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle, den Bhord ná de choiste ach féadfaidh sé nó sí, de réir nósanna imeachta a shonróidh an Chomhairle, an Bord nó coiste seachas an Coiste um Iompar Breithiúnach, freastal ar chruinnithe den Chomhairle, den Bhord nó den choiste lena mbaineann, de réir mar a bheidh, agus beidh sé nó sí i dteideal labhairt, agus comhairle a thabhairt, ag cruinnithe den sórt sin.

(5) Ní bheidh feidhm ag an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004 maidir le duine a cheapadh mar an Rúnaí.

Rúnaí Eatramhach don Chomhairle

33.(1) Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh comhalta d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna a cheapadh chun gníomhú mar Rúnaí eatramhach don Chomhairle (dá ngairtear an “Rúnaí eatramhach” san alt seo) go dtí go gceapfaidh an Bord an Rúnaí faoi alt 32 (1) agus go dtí go ndéanfar an ceapachán sin—

(a) comhlíonfaidh an Rúnaí eatramhach na feidhmeanna go léir arna sannadh don Rúnaí leis an Acht seo, nó faoi, agus

(b) folóidh tagairt san Acht seo don Rúnaí tagairt don Rúnaí eatramhach.

(2) Nuair a cheapfar Rúnaí faoi alt 32 (1), scoirfidh an Rúnaí eatramhach d’oifig a shealbhú.

Feidhmeanna an Rúnaí don Chomhairle

34.(1) Déanfaidh an Rúnaí, i dteannta na bhfeidhmeanna arna sannadh dó nó di le haon fhoráil eile nó faoi aon fhoráil eile den Acht seo, foireann na Comhairle agus riarachán na Comhairle (agus a cuid coistí) a bhainistiú agus a rialú agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile (más ann) a chinnfidh an Bord.

(2) Comhlíonfaidh an Rúnaí na feidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (seachas feidhmeanna an Chláraitheora don Choiste um Iompar Breithiúnach) de réir cibé treoruithe a thabharfaidh an Bord dó nó di ó am go ham agus beidh sé nó sí cuntasach don Bhord as comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin agus as bainistiú éifeachtach éifeachtúil a dhéanamh ar an gComhairle.

(3) Soláthróidh an Rúnaí don Bhord cibé faisnéis a theastóidh ón mBord i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (lena n-áirítear faisnéis maidir le comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin sa mhéid go mbaineann siad le gnóthaí airgeadais na Comhairle).

(4) Féadfaidh an Rúnaí, le toiliú an Bhoird, comhalta d’fhoireann na Comhairle a údarú chun feidhm shonraithe de chuid an Rúnaí a chomhlíonadh agus féadfaidh comhalta den sórt sin den fhoireann a bheidh údaraithe amhlaidh an fheidhm a chomhlíonadh dá réir sin.

(5) Féadfaidh an Bord comhalta d’fhoireann na Comhairle a shainainmniú chun feidhmeanna an Rúnaí a chomhlíonadh i gcás an Rúnaí a bheith as láthair nó i gcás oifig an Rúnaí a bheith folamh, agus déanfaidh comhalta d’fhoireann na Comhairle a bheidh sainainmnithe amhlaidh na feidhmeanna sin a chomhlíonadh le linn na hasláithreachta sin nó le linn don oifig sin a bheith folamh.

Foireann na Comhairle

35.(1) Déanfaidh an Bord, le ceadú an Aire agus le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sé a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d’fhoireann na Comhairle.

(2) Beidh comhalta d’fhoireann na Comhairle ina státseirbhíseach i Státseirbhís an Stáit.

(3) Is é an Bord an t-údarás cuí (de réir bhrí an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004 agus Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 go 2005) i ndáil le comhaltaí d’fhoireann na Comhairle.

(4) Chun críocha an ailt seo, ní comhalta d’fhoireann na Comhairle é nó í an Rúnaí.

Airleacain don Chomhairle

36. Déanfaidh an tAire cibé méid nó méideanna a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a airleacan ó am go ham don Chomhairle as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, chun críoch caiteachais ag an gComhairle i gcomhlíonadh a feidhmeanna.

Tuarascáil bhliantúil na Comhairle

37.(1) Déanfaidh an Chomhairle a luaithe is indéanta, ach in aon chás tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid na Comhairle, tuarascáil (dá ngairtear an “tuarascáil bhliantúil” san alt seo) i scríbhinn i dtaobh a cuid gníomhaíochtaí i gcaitheamh na bliana sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(2) Dá mba rud é, faoi fho-alt (1), go mbainfeadh an chéad tuarascáil bhliantúil le tréimhse ba ghiorra ná 6 mhí, bainfidh an tuarascáil sin, ina ionad sin, d’ainneoin an fho-ailt sin, le gníomhaíochtaí na Comhairle le linn na tréimhse sin agus le linn bhliain airgeadais na Comhairle díreach tar éis na tréimhse sin agus déanfaidh an Chomhairle an chéad tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí, tar éis dheireadh na bliana airgeadais sin.

(3) Áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis i dtaobh chomhlíonadh fheidhmeanna na Comhairle le linn na tréimhse lena mbainfidh sí agus cibé faisnéis eile i cibé foirm is cuí leis an gComhairle.

(4) Cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is féidir tar éis dó nó di an tuarascáil bhliantúil a fháil, cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(5) Cinnteoidh an Chomhairle go ndéanfar, a luaithe is indéanta tar éis cóipeanna den tuarascáil bhliantúil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi fho-alt (4), an tuarascáil a fhoilsiú ar cibé modh is cuí leis an gComhairle.

Cuntais na Comhairle

38.(1) Coimeádfaidh an Chomhairle, i cibé foirm agus i leith cibé tréimhsí cuntasaíochta a cheadóidh an tAire agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead a gheobhaidh sí agus a chaithfidh sí, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe.

(2) Déanfaidh an Chomhairle, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh gach tréimhse cuntasaíochta, na cuntais arna gcoimeád faoin alt seo i leith na tréimhse sin, agus iad sínithe ag an Rúnaí, a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh.

(3) Déanfaidh an Chomhairle, díreach tar éis don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh a dhéanamh ar na cuntais arna gcur faoina bhráid nó faoina bráid de réir fho-alt (2), cóipeanna díobh seo a leanas a thíolacadh don Aire—

(a) na cuntais iniúchta, lena n-áirítear an cuntas ioncaim agus caiteachais, an clár comhardaithe agus cibé cuntais eile (más ann) arna gcoimeád faoin alt seo a threoróidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus

(b) tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais.

(4) Cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is indéanta tar éis cuntais iniúchta na Comhairle agus tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais sin a thíolacadh dó nó di, cóipeanna de na cuntais sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Cuntasacht na Comhairle don Choiste um Chuntais Phoiblí

39.(1) Aon uair a dhéanfaidh an Coiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann ar an gcéanna a cheangal i scríbhinn ar an Rúnaí déanamh amhlaidh, tabharfaidh sé nó sí fianaise don Choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a bheidh taifeadta, nó a cheanglaítear a thaifeadadh, in aon leabhar nó taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear, leis an Acht seo, ar an gComhairle a ullmhú,

(b) barainneacht agus éifeachtúlacht na Comhairle i dtaca le húsáid a cuid acmhainní,

(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an Chomhairle chun éifeachtacht a cuid oibríochtaí a mheas, agus

(d) aon ní a fhearann ar an gComhairle agus dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993 nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (sa mhéid go mbaineann sé le ní a shonraítear i mír (a), (b)(c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

(2) Ní dhéanfaidh an Rúnaí, le linn dó nó di a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh faoin alt seo, ceist a chur ná tuairim a nochtadh i dtaobh tuillteanas aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid aon Aire den Rialtas ná i dtaobh tuillteanais cuspóirí beartais den sórt sin.

Cuntasacht na Comhairle do choistí Oireachtais eile

40.(1) Faoi réir fho-alt (2), freastalóidh an Rúnaí, ar iarraidh i scríbhinn a fháil ó choiste Oireachtais, os comhair an choiste chun cuntas a thabhairt ar riarachán ginearálta na Comhairle.

(2) Ní cheanglófar ar an Rúnaí cuntas a thabhairt os comhair coiste Oireachtais ar aon cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a) breitheamh d’fheidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna breithiúnacha;

(b) aon ní atá, nó a bhí nó a fhéadfaidh a bheith, ar dháta sa todhchaí, ina ábhar d’imeachtaí os comhair cúirte nó binse sa Stát;

(c) aon ní a bhaineann le breitheamh is ní atá, nó a bhí nó a fhéadfaidh a bheith, ar dháta sa todhchaí, ina ábhar d’imscrúdú ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach.

(3) I gcás go mbeidh an Rúnaí den tuairim gur ní lena mbaineann fo-alt (2) ní a n-iarrtar air nó uirthi cuntas a thabhairt air os comhair coiste Oireachtais, déanfaidh sé nó sí, a luaithe is indéanta, tuairim an Bhoird a lorg ina leith.

(4) Más é tuairim an Bhoird gur ní lena mbaineann fo-alt (2) an ní lena mbaineann, cuirfidh an Rúnaí an tuairim, agus na cúiseanna atá leis an tuairim, in iúl don choiste Oireachtais agus, mura dtabharfar an fhaisnéis don choiste Oireachtais an tráth a bheidh an Rúnaí os a chomhair, tabharfar an fhaisnéis don choiste Oireachtais i scríbhinn.

(5) Más é tuairim an Bhoird nach ní lena mbaineann fo-alt (2) an ní lena mbaineann, freastalóidh an Rúnaí os comhair an choiste Oireachtais chun cuntas a thabhairt ar an ní.

(6) I gcás go mbeidh an Rúnaí tar éis tuairim an Bhoird a chur in iúl do choiste Oireachtais de réir fho-alt (4) agus nach dtarraingeoidh an coiste Oireachtais siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) sa mhéid go mbaineann sí leis an ní is ábhar don tuairim sin—

(a) féadfaidh an Rúnaí, tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis don choiste Oireachtais an bhreith uaidh gan déanamh amhlaidh a chur in iúl dó nó di, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar mhodh achomair chun an cheist i dtaobh an ní lena mbaineann fo-alt (2) an ní a chinneadh, nó

(b) féadfaidh cathaoirleach an choiste Oireachtais iarratas den sórt sin a dhéanamh thar ceann an choiste Oireachtais,

agus cinnfidh an Ard-Chúirt an ní.

(7) Go dtí go gcinnfear iarratas faoi fho-alt (6), ní fhreastalóidh an Rúnaí os comhair an choiste Oireachtais chun cuntas a thabhairt ar an ní is ábhar don iarratas.

(8) Má chinneann an Ard-Chúirt gur ní lena mbaineann fo-alt (2) an ní lena mbaineann, tarraingeoidh an coiste Oireachtais siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ach má chinneann an Ard-Chúirt nach bhfuil feidhm ag fo-alt (2), freastalóidh an Rúnaí os comhair an choiste Oireachtais chun cuntas a thabhairt ar an ní.

(9) Ní dhéanfaidh an Rúnaí, le linn dó nó di a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh faoin alt seo, ceist a chur ná tuairim a nochtadh i dtaobh tuillteanas aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid aon Aire den Rialtas ná i dtaobh tuillteanais cuspóirí beartais den sórt sin.

(10) San alt seo, ciallaíonn “coiste Oireachtais”—

(a) coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag dhá Theach an Oireachtais i gcomhar (seachas an Coiste dá dtagraítear in alt 39 nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann), nó

(b) fochoiste de choiste a thagann faoi réim mhír (a).

Toirmeasc ar nochtadh faisnéise faoi rún

41.(1) Ní dhéanfaidh duine, mura gceanglaítear air nó uirthi nó mura gceadaítear dó nó di le dlí nó mura mbeidh sé nó sí údaraithe go cuí ag an gComhairle déanamh amhlaidh, faisnéis faoi rún a nochtadh a gheobhaidh sé nó sí le linn feidhmeanna a chomhlíonadh—

(a) mar chomhalta den Chomhairle, den Bhord nó de choiste, nó

(b) mar Rúnaí, Cláraitheoir nó comhalta d’fhoireann na Comhairle, nó mar shainchomhairleoir, comhairleoir nó duine eile atá nó a bhí fostaithe faoi chonradh nó faoi shocrú eile ag an gComhairle.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A a chur air nó uirthi.

(3) San alt seo, folaíonn “faisnéis faoi rún”—

(a) faisnéis a mbeidh sé sainráite ag an gComhairle, ag an mBord nó ag coiste ina leith go bhfuil sí faoi rún, maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d’aicme nó de thuairisc áirithe, agus

(b) tograí de chineál tráchtála nó tairiscintí a bheidh curtha faoi bhráid na Comhairle, an Bhoird nó coiste ag sainchomhairleoirí, comhairleoirí nó ag aon duine eile.