An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( Comhairle na mBreithiúna) Ar Aghaidh ( Foireann, Maoiniú agus Cuntasacht na Comhairle)

33 2019

AN tACHT UM CHOMHAIRLE NA mBREITHIÚNA, 2019

Bord na Comhairle agus Coistí de chuid na Comhairle

Bord na Comhairle

10.(1) Beidh Bord de chuid na Comhairle ann (dá ngairtear “an Bord” san Acht seo).

(2) Déanfar na comhaltaí den Bhord a chéadtoghfar a thoghadh de réir alt 12 (4) ag an gcéad chruinniú den Chomhairle.

(3) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an Bord a nósanna imeachta féin a rialáil.

Feidhmeanna an Bhoird

11.(1) Faoi réir alt 7 (5), déanfaidh an Bord feidhmeanna na Comhairle a chomhlíonadh thar ceann na Comhairle de réir cibé treoruithe (más ann) a thabharfaidh an Chomhairle don Bhord agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, maidir leis an mBord—

(a) déanfaidh sé beartas a bhreithniú agus a chinneadh i ndáil leis na feidhmeanna sin a chomhlíonadh,

(b) déanfaidh sé formhaoirsiú ar chur i ngníomh an bheartais sin ag an Rúnaí,

(c) féadfaidh sé dá dheoin féin togra, tuarascáil nó moladh a chur faoi bhráid na Comhairle i ndáil le haon cheann d’fheidhmeanna na Comhairle agus déanfaidh sé amhlaidh ar iarraidh a fháil ón gComhairle i ndáil le haon cheann de na feidhmeanna sin nó i ndáil le haon ní eile,

(d) déanfaidh sé athbhreithniú—

(i) ar dhréacht-treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta a ullmhóidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 18 (2)(a), agus

(ii) ar dhréachtleasuithe ar threoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta a ullmhóidh an Coiste sin agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 18 (2)(b),

agus féadfaidh sé cibé modhnuithe a dhéanamh ar na dréacht-treoirlínte sin, nó ar na dréachtleasuithe ar na treoirlínte sin, is cuí leis, (e)déanfaidh sé athbhreithniú—

(i) ar dhréacht-treoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna a ullmhóidh an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 23 (2)(a), agus

(ii) ar dhréachtleasuithe ar threoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna a ullmhóidh an Coiste sin agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 23 (2)(b),

agus féadfaidh sé cibé modhnuithe a dhéanamh ar na dréacht-treoirlínte sin, nó ar na dréachtleasuithe ar na treoirlínte sin, is cuí leis, (f)déanfaidh sé athbhreithniú—

(i) ar dhréacht-treoirlínte maidir le hiompar breithiúnach agus eitic bhreithiúnach a ullmhóidh an Coiste um Iompar Breithiúnach agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 43 (3)(d), agus

(ii) ar dhréachtleasuithe ar threoirlínte maidir le hiompar breithiúnach agus eitic bhreithiúnach a ullmhóidh an Coiste sin agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 43 (3)(e),

agus féadfaidh sé cibé modhnuithe a dhéanamh ar na dréacht-treoirlínte sin, nó ar na dréachtleasuithe ar na treoirlínte sin, is cuí leis.

(2) Beidh ag an mBord na cumhachtaí sin go léir a bheidh riachtanach nó fóirsteanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, lena n-áirítear an chumhacht chun—

(a) cibé feidhmeanna dá chuid is cuí leis a tharmligean chuig an Rúnaí, agus

(b) aon ní a tharchur chun coiste lena bhreithniú.

(3) Féadfaidh an Bord aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon chomhalta d’fhoireann na Comhairle a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an mBord.

Comhaltas den Bhord

12.(1) Is iad a bheidh ar an mBord an 11 chomhalta seo a leanas:

(a) na comhaltaí ex officio a shonraítear i bhfo-alt (2) nó na daoine a bheidh ainmnithe ina n-ionad faoi fho-alt (3);

(b) na comhaltaí a thoghfar faoi fho-alt (4);

(c) an comhalta comhthofa a chomhthoghfar faoi fho-alt (5).

(2) Beidh gach duine díobh seo a leanas, ex officio, ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord (dá ngairtear “comhalta ex officio den Bhord” san Acht seo):

(a) an Príomh-Bhreitheamh, a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an mBord;

(b) Uachtarán na Cúirte Achomhairc;

(c) Uachtarán na hArd-Chúirte;

(d) Uachtarán na Cúirte Cuarda;

(e) Uachtarán na Cúirte Dúiche.

(3) Féadfaidh comhalta ex officio den Bhord, ó am go ham, breitheamh eile (seachas comhalta tofa den Bhord nó comhalta comhthofa den Bhord) den chúirt a bhfuil sé nó sí ina Phríomh-Bhreitheamh nó ina Príomh-Bhreitheamh di nó ina Uachtarán nó ina hUachtarán uirthi, de réir mar a bheidh, a ainmniú i scríbhinn chun feidhmeanna an chomhalta ex officio sin a chomhlíonadh le linn cibé tréimhse nó ar cibé ócáid nó ócáidí a bheidh sonraithe san ainmniúchán.

(4) Beidh gach duine díobh seo a leanas ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord (dá ngairtear “comhalta tofa den Bhord” san Acht seo):

(a) breitheamh den Chúirt Uachtarach a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin;

(b) breitheamh den Chúirt Achomhairc a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin;

(c) breitheamh den Ard-Chúirt a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin;

(d) breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna agus sainbhreithiúna na Cúirte sin;

(e) breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh tofa ag breithiúna na Cúirte sin seachas Uachtarán na Cúirte sin.

(5)Déanfaidh an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na Cúirte Achomhairc, Uachtarán na hArd-Chúirte, Uachtarán na Cúirte Cuarda, Uachtarán na Cúirte Dúiche agus na breithiúna a bheidh tofa faoi fho-alt (4), de réir fho-alt (6), breitheamh den Chúirt Uachtarach, den Chúirt Achomhairc, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche a chomhthoghadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord, agus beidh breitheamh a chomhthoghfar amhlaidh ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord (dá ngairtear “comhalta comhthofa den Bhord” san Acht seo).

(6)(a) Maidir le breitheamh atá le bheith ina chomhalta nó ina comhalta comhthofa den Bhord faoi fho-alt (5), comhthoghfar é nó í as measc na mbreithiúna de gach ceann de na cúirteanna (seachas Príomh-Bhreitheamh nó Uachtarán cúirte) ar bhonn uainíocht dar tosach an Chúirt Uachtarach agus ina diaidh sin, ar a seal, an Chúirt Achomhairc, an Ard-Chúirt, an Chúirt Chuarda agus an Chúirt Dúiche.

(b) Maidir leis an seicheamh d’uainíocht na gcúirteanna chun comhalta comhthofa den Bhord a chomhthoghadh, dá bhforáiltear i mír (a), déanfar é an athuair ó am go ham de réir mar is gá sa chás.

Téarma comhaltais den Bhord

13.(1) Maidir le hainmniúchán faoi alt 12 (3)—

(a) scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis—

(i) ar dhul in éag don tréimhse nó le himeacht na hócáide nó na n-ócáidí, de réir mar a bheidh, a shonrófar san ainmniúchán, nó

(ii) ar an gcomhalta ex officio den Bhord a rinne an t-ainmniúchán do chealú an ainmniúcháin,

(b) i gcás go scoirfidh an comhalta ex officio den Bhord a rinne an t-ainmniúchán de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí ar dá bua a tháinig sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta ex officio den sórt sin, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar an gcomhalta ex officio sin do scor de bheith i seilbh na hoifige sin,

(c) i gcás go scoirfidh an breitheamh arb ina leith a rinneadh an t-ainmniúchán de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí ar dá bua a ainmníodh é nó í amhlaidh, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar é nó í do scor de bheith i seilbh na hoifige sin, nó

(d) i gcás go léireoidh an breitheamh arb ina leith a rinneadh an t-ainmniúchán, le fógra i scríbhinn arna thabhairt don chomhalta ex officio den Bhord nó arna chur chuige nó chuici, nach mian leis nó léi leanúint de bheith ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna lena mbaineann, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar an gcomhalta ex officio sin d’fháil an fhógra sin.

(2) Faoi réir fho-alt (7) agus alt 14 (3), fónfaidh comhalta tofa den Bhord mar chomhalta den Bhord ar feadh téarma 4 bliana ó dháta a thofa nó a tofa.

(3) Faoi réir fho-alt (7) agus alt 14(4), fónfaidh comhalta comhthofa den Bhord mar chomhalta den Bhord ar feadh téarma a thosóidh tráth a chomhthofa nó a comhthofa agus a rachaidh in éag an lá céanna a rachaidh téarma comhaltais chomhaltaí tofa an Bhoird in éag.

(4) Faoi réir fho-alt (5), beidh comhalta tofa den Bhord a rachaidh a théarma nó a téarma comhaltais in éag le himeacht aimsire in-atofa chun an Bhoird le haghaidh téarma 4 bliana eile.

(5) Ní bheidh comhalta tofa den Bhord a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma comhaltais incháilithe chun fónamh le haghaidh téarma eile mar chomhalta tofa den Bhord seachas de réir fho-alt (6).

(6) Maidir le comhalta tofa den Bhord a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma comhaltais, beidh sé nó sí in-atofa chun an Bhoird tar éis tréimhse 4 bliana a bheith caite díreach tar éis dul in éag don téarma comhaltais is déanaí aige nó aici den Bhord.

(7) Féadfaidh comhalta tofa den Bhord nó comhalta comhthofa den Bhord éirí as a chomhaltas nó a comhaltas le fógra i scríbhinn arna thabhairt do chathaoirleach an Bhoird nó arna chur chuige nó chuici nó, más cuí, arna thabhairt don bhreitheamh, nó arna chur chuig an mbreitheamh, a bheidh ainmnithe aige nó aici faoi alt 12 (3) agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an lá ar a bhfaighidh an cathaoirleach nó an duine a bheidh ainmnithe ina ionad nó ina hionad, de réir mar is cuí, an fógra.

(8) I gcás go scoirfidh comhalta tofa den Bhord nó comhalta comhthofa den Bhord de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí ar dá bua a bhí sé nó sí incháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord.

(9) Féadfaidh an Bord gníomhú d’ainneoin folúntas nó folúntais ina chomhaltas.

Corrfholúntais i gcomhaltas den Bhord

14.(1) Más rud é, maidir le comhalta tofa den Bhord, go bhfaighidh sé nó sí bás, go scoirfidh sé nó sí d’oifig bhreithiúnach nó go n-éireoidh sé nó sí as oifig bhreithiúnach, go n-éireoidh sé nó sí as comhaltas den Bhord de réir fho-alt (7) d’alt 13 nó go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord de réir fho-alt (8) den alt sin, is breitheamh arna thoghadh nó arna toghadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord ar an modh céanna ar ar toghadh an comhalta den Bhord ba chúis leis an bhfolúntas a líonfaidh an folúntas a tharlóidh amhlaidh.

(2) Más rud é, maidir le comhalta comhthofa den Bhord, go bhfaighidh sé nó sí bás, go scoirfidh sé nó sí d’oifig bhreithiúnach nó go n-éireoidh sé nó sí as oifig bhreithiúnach, go n-éireoidh sé nó sí as comhaltas den Bhord de réir fho-alt (7) d’alt 13 nó go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord de réir fho-alt (8) den alt sin, is breitheamh arna chomhthoghadh nó arna comhthoghadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord ar an modh céanna ar ar comhthoghadh an comhalta den Bhord ba chúis leis an bhfolúntas, agus ar breitheamh é nó í den chúirt ar bhreitheamh di an comhalta den Bhord ba chúis leis an bhfolúntas, a líonfaidh an folúntas a tharlóidh amhlaidh.

(3) Maidir le téarma oifige comhalta tofa den Bhord arna thoghadh nó arna toghadh de réir fho-alt (1), is le haghaidh na tréimhse a bheidh fágtha de théarma comhaltais an chomhalta den Bhord ar toghadh é nó í ina ionad nó ina hionad a bheidh sé.

(4) Maidir le téarma oifige comhalta comhthofa den Bhord arna chomhthoghadh nó arna comhthoghadh de réir fho-alt (2), is le haghaidh na tréimhse a bheidh fágtha de théarma comhaltais an chomhalta den Bhord ar comhthoghadh é nó í ina ionad nó ina hionad a bheidh sé.

(5) Maidir le téarma comhaltais den Bhord, dá fhad é, as a dtiocfaidh toghchán de réir fho-alt (1), measfar gur téarma comhaltais é chun críocha fho-ailt (5) agus (6) d’alt 13.

Cruinnithe agus nósanna imeachta an Bhoird

15.(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe a bheidh riachtanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh ach tionólfaidh sé 4 chruinniú ar a laghad gach bliain agus ní faide ná 4 mhí an t-eatramh idir chruinnithe.

(2) Déanfar an chéad chruinniú de chomhaltaí an Bhoird a thionól laistigh d’aon mhí amháin ón gcéad chruinniú den Chomhairle.

(3) Ag cruinniú den Bhord—

(a) is é nó is í cathaoirleach an Bhoird nó, más cuí, an breitheamh arna ainmniú nó arna hainmniú aige nó aici faoi alt 12 (3), más rud é go bhfuil sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, nó

(b) mura bhfuil agus fad nach bhfuil cathaoirleach an Bhoird i láthair nó, más cuí, mura bhfuil agus fad nach bhfuil an breitheamh arna ainmniú nó arna hainmniú aige nó aici faoi alt 12 (3) i láthair, is é nó is í an chéad bhreitheamh eile is sinsearaí atá i láthair a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí den Bhord atá i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(5)6 nó cibé líon comhaltaí is mó ná sin a chinnfidh an Bord is córam do chruinniú den Bhord.

Coistí de chuid na Comhairle

16.(1) Féadfaidh an Chomhairle, i dteannta na gcoistí arna mbunú faoi ailt 17, 18, 23, 30 agus 43, cibé coistí eile agus cibé líon coistí eile is cuí léi a bhunú chun cúnamh agus comhairle a thabhairt di i gcomhlíonadh a feidhmeanna.

(2)(a) Beidh ag coiste arna bhunú ag an gComhairle faoin alt seo cibé feidhmeanna is cuí leis an gComhairle.

(b) Féadfaidh an Chomhairle coiste arna bhunú aici faoin alt seo a dhíscaoileadh aon tráth.

(3) Féadfaidh an Chomhairle comhaltaí coiste, seachas Coiste um Thacaíocht Bhreithiúnach, a cheapadh ar feadh cibé tréimhse, agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha, is cuí leis an gComhairle.

(4) Féadfaidh an Chomhairle daoine a cheapadh chun coiste, seachas Coiste um Thacaíocht Bhreithiúnach, ar daoine iad nach comhaltaí den Chomhairle ach a bhfuil, i dtuairim na Comhairle, eolas nó taithí speisialta acu ar nithe a bhaineann le feidhmeanna an choiste.

(5) Féadfaidh coiste aon ní a tharchur chuig an gComhairle nó chuig an mBord lena bhreithniú ag an gComhairle nó ag an mBord, de réir mar a bheidh.

(6) Beidh gníomhartha coiste faoi réir a ndaingnithe ag an gComhairle, mura scaoilfidh an Chomhairle, aon tráth, leis an ngá atá ann iad a dhaingniú amhlaidh.

(7) Déanfaidh coiste, uair sa bhliain ar a laghad nó ar iarraidh ón gComhairle á iarraidh sin, tuarascáil i scríbhinn maidir le gníomhaíochtaí an choiste a thabhairt don Chomhairle agus don Bhord.

(8) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an Chomhairle nósanna imeachta coiste a rialáil ach, faoi réir an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh coiste a nósanna imeachta féin a rialáil.

(9) Féadfaidh coiste gníomhú d’ainneoin folúntas nó folúntais ina chomhaltas.

(10) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir leis an gCoiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, leis an gCoiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna ná leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach.

An Coiste um Léann Breithiúnach

17.(1) Déanfaidh an Chomhairle—

(a) coiste a bhunú, ar a dtabharfar an Coiste um Léann Breithiúnach, agus

(b) ag an gcéad chruinniú den Chomhairle, an dáta a shonrú ar a mbeidh an Coiste sin arna bhunú, is dáta nach déanaí ná 3 mhí tar éis an chéad chruinnithe sin.

(2) Faoi réir cibé treoruithe (más ann) a thabharfaidh an Chomhairle dó, is é feidhm an Choiste um Léann Breithiúnach oideachas agus oiliúint leanúnach ar bhreithiúna maidir lena bhfeidhmeanna a éascú.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfaidh an Coiste um Léann Breithiúnach—

(a) ábhair iomchuí a ullmhú agus a dháileadh ar bhreithiúna,

(b) ábhar is iomchuí maidir lena fheidhm a fhoilsiú,

(c) oideachas agus oiliúint a sholáthar, nó cúnamh a thabhairt chun oideachas agus oiliúint a sholáthar, ar nithe is iomchuí maidir le breithiúna d’fheidhmiú a bhfeidhmeanna, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh—

(i) déileáil le daoine arb ina leith a líomhnaítear go ndearnadh cion,

(ii) trialacha ag giúiré a sheoladh in imeachtaí coiriúla,

(iii) dlí an Aontais Eorpaigh agus an dlí idirnáisiúnta,

(iv) dlí chearta an duine agus an dlí comhionannais,

(v) teicneolaíocht faisnéise, agus

(vi) damáistí i leith díobhálacha pearsanta a mheasúnú, agus

(d) cumarsáid a bhunú, a chothabháil agus a fheabhsú—

(i) le comhlachtaí atá ionadaitheach do bhreithiúna arna gceapadh chun cúirteanna in áiteanna seachas an Stát, agus

(ii) le comhlachtaí idirnáisiúnta atá ionadaitheach do bhreithiúna.

An Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta

18.(1) Déanfaidh an Chomhairle—

(a) coiste a bhunú, ar a dtabharfar an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, agus

(b) ag an gcéad chruinniú den Chomhairle, an dáta a shonrú ar a mbeidh an Coiste sin arna bhunú, is dáta nach déanaí ná 3 mhí tar éis an chéad chruinnithe sin.

(2) Is iad feidhmeanna an Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta na nithe seo a leanas a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird lena n-athbhreithniú—

(a) dréacht-treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta de réir alt 90 , agus

(b) dréachtleasuithe ar na treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta de réir an ailt sin.

(3) Féadfaidh an Chomhairle treoruithe a eisiúint chuig an gCoiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta i ndáil leis an gCoiste do chomhlíonadh na bhfeidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2).

(4) Déanfaidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta an chéad dréacht de threoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta a chur faoi bhráid an Bhoird tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta ar a mbeidh an Coiste arna bhunú.

(5) Féadfaidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, ó am go ham, athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta agus déanfaidh sé—

(a) athbhreithniú ar na treoirlínte sin laistigh de 3 bliana ón tráth a ghlacfaidh an Chomhairle leis na chéad treoirlínte faoi alt 7 agus ar a laghad uair amháin dá éis sin i ngach tréimhse 3 bliana dar tosach an tráth a chuirfear an chéad athbhreithniú i gcrích, agus

(b) toradh gach athbhreithnithe faoin bhfo-alt seo a chur faoi bhráid an Bhoird.

(6) I gcás go mbeidh ar áireamh sa toradh ar athbhreithniú faoi fho-alt (5) moladh go ndéanfar leasuithe ar na treoirlínte, ullmhóidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta dréacht de na leasuithe sin agus cuirfidh sé na dréachtleasuithe faoi bhráid an Bhoird lena n-athbhreithniú an tráth céanna a chuirfear toradh an athbhreithnithe faoina bhráid.

(7) Féadfaidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, agus aon duine a bheidh údaraithe aige chun gníomhú thar a cheann, d’fhonn a fheidhmeanna faoi fho-alt (2) a chomhlíonadh—

(a) a cheangal ar aon duine cibé taifid, doiciméid nó faisnéis a sholáthar dó a theastóidh uaidh le réasún chuige sin,

(b) dul i gcomhairle le cibé daoine is cuí leis an gCoiste, lena n-áirítear an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta,

(c) taighde a dhéanamh ar dhamáistí i leith díobhálacha pearsanta lena n-áirítear—

(i) leibhéal na ndamáistí arna ndámhachtain ag cúirteanna sa Stát agus ag cúirteanna in áiteanna lasmuigh den Stát, agus

(ii) socraíochtaí i gcás éilimh ar dhamáistí i leith díobhálacha pearsanta,

(d) comhdhálacha, seimineáir agus cruinnithe is iomchuí maidir leis na feidhmeanna sin a eagrú.

(8) Gan dochar dá oibleagáidí nó dá hoibleagáidí faoin Rialachán maidir le Cosaint Sonraí agus faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018, déanfaidh duine ar a gcuirfear ceanglas faoi fho-alt (7)(a) an ceanglas sin a chomhlíonadh.

(9) Maidir le duine a dhéanfaidh, gan cúis réasúnach, fo-alt (8) a shárú, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A a chur air nó uirthi.

(10) Féadfaidh an chúirt ina mbeidh ciontú i gcion faoin alt seo taifeadta nó daingnithe a ordú go gcomhlíonfaidh an duine a ciontaíodh an ceanglas arna dhéanamh faoi fho-alt (7)(a), arb é an sárú air ba chionsiocair leis an gciontú lena mbaineann.

(11) Ullmhóidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta tuarascáil i scríbhinn ar ghníomhaíochtaí an Choiste le linn na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil bhliantúil, agus cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle í, lena cur i dtuarascáil bhliantúil na Comhairle faoi alt 37 .

Comhaltas den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta

19.(1) Is iad a bheidh ar an gCoiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, 7 mbreitheamh arna n-ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh mar seo a leanas:

(a) breitheamh den Chúirt Uachtarach;

(b) breitheamh den Chúirt Achomhairc;

(c) 2 bhreitheamh den Ard-Chúirt;

(d) breitheamh den Chúirt Chuarda;

(e) breitheamh den Chúirt Dúiche; agus

(f) de rogha an Phríomh-Bhreithimh, breitheamh den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche.

(2) Déanfaidh an Príomh-Bhreitheamh duine de na breithiúna arna ainmniú nó arna hainmniú faoi fho-alt (1) a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta chun gníomhú mar chathaoirleach ar an gCoiste.

Téarma comhaltais den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta

20.(1) Faoi réir fho-alt (5) agus alt 21 (3), leanfaidh gach comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste ar feadh téarma 4 bliana ó dháta a ainmnithe nó a hainmnithe mura túisce a gheobhaidh sé nó sí bás nó a éireoidh sé nó sí as.

(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta a rachaidh a théarma nó a téarma comhaltais in éag le himeacht aimsire in-athainmnithe chun an Choiste le haghaidh téarma 4 bliana eile.

(3) Maidir le comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma mar chomhalta den Choiste sin, ní bheidh sé nó sí in-athainmnithe mar chomhalta den Choiste.

(4) Féadfaidh comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta éirí as an gCoiste sin le fógra i scríbhinn arna thabhairt do chathaoirleach an Choiste nó arna chur chuige nó chuici, agus beidh éifeacht leis an éirí as an lá ar a bhfaighidh an cathaoirleach an fógra.

(5) Más rud é, maidir le comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, go scoirfidh sé nó sí de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh, nó go scoirfidh sé nó sí de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí a bhí ina sheilbh nó ina seilbh nuair a ainmníodh é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta faoi alt 19 , scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste.

(6) Faoi réir alt 22(4), féadfaidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta gníomhú d’ainneoin aon fholúntas ina chomhaltas.

Corrfholúntais i gcomhaltas den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta

21.(1) Más rud é, maidir le comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, go bhfaighidh sé nó sí bás, go scoirfidh sé nó sí d’oifig bhreithiúnach nó go n-éireoidh sé nó sí as oifig bhreithiúnach, go n-éireoidh sé nó sí as an gCoiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta de réir fho-alt (4) d’alt 20 nó go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste sin faoi fho-alt (5) den alt sin, is breitheamh arna ainmniú nó arna hainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta a líonfaidh an folúntas a tharlóidh amhlaidh.

(2) Maidir le téarma oifige comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta arna ainmniú nó arna hainmniú faoi fho-alt (1), is le haghaidh na tréimhse a bheidh fágtha de théarma comhaltais an chomhalta den Choiste ar ainmníodh é nó í ina ionad nó ina hionad a bheidh sé.

(3) Maidir le téarma comhaltais den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, dá fhad é, as a dtiocfaidh ainmniúchán faoi fho-alt (1), measfar gur téarma comhaltais chun críocha alt 20 (3) é.

Cruinnithe agus nósanna imeachta an Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta

22.(1) Tionólfaidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe a bheidh riachtanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Tionólfar an chéad chruinniú den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta tráth nach déanaí ná 1 mhí tar éis an dáta ar a mbeidh an Coiste arna bhunú faoi alt 18(1)(b).

(3) Ag cruinniú den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta—

(a) is é nó is í cathaoirleach an Choiste sin, más rud é go bhfuil sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, nó

(b) mura bhfuil agus fad nach bhfuil cathaoirleach an Choiste sin i láthair, is é nó is í an chéad bhreitheamh eile is sinsearaí atá i láthair a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) 3 nó cibé líon eile, nach lú ná 3, a chinnfidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, is córam do chruinniú den Choiste sin.

(5) Faoi réir an Achta seo, déanfaidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta a nósanna imeachta féin a rialáil.

An Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna

23.(1) Déanfaidh an Chomhairle—

(a) coiste a bhunú ar a dtabharfar an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, agus

(b) ag an gcéad chruinniú den Chomhairle, an dáta a shonrú ar a mbeidh an Coiste sin arna bhunú, is dáta nach déanaí ná 6 mhí tar éis an chéad chruinnithe sin.

(2) Faoi réir an ailt seo agus cibé treoruithe (más ann) a thabharfaidh an Chomhairle dó, is iad feidhmeanna an Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna—

(a) dréacht-treoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird lena n-athbhreithniú,

(b) dréachtleasuithe ar threoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna a bheidh glactha ag an gComhairle a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird lena n-athbhreithniú,

(c) faireachán a dhéanamh ar oibriú na dtreoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna,

(d) faisnéis a chóimheas, ar cibé modh is cuí leis, maidir le pianbhreitheanna arna bhforchur ag na cúirteanna, agus

(e) an fhaisnéis sin a scaipeadh, ó am go ham, ar bhreithiúna agus ar dhaoine seachas breithiúna.

(3) Féadfaidh an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, agus aon duine a bheidh údaraithe aige chun gníomhú thar a cheann, d’fhonn a fheidhmeanna a chomhlíonadh, socruithe a dhéanamh leis an tSeirbhís Chúirteanna—

(a) chun rochtain a fháil ar dhoiciméid chúirte a bhaineann le himeachtaí coiriúla, agus

(b) chun cóipeanna de na doiciméid sin a thógáil agus a choinneáil.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfaidh an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna—

(a) dul i gcomhairle le cibé daoine is cuí leis an gCoiste chun go n-ullmhófar dréacht-treoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna, nó dréachtleasuithe ar threoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna, lena nglacadh ag an gComhairle,

(b) faisnéis a chóimheas ar bhreitheanna ó na cúirteanna a bhaineann le pianbhreitheanna,

(c) taighde a dhéanamh ar phianbhreitheanna arna bhforchur ag na cúirteanna,

(d) breitheanna ó na cúirteanna a bhaineann le pianbhreitheanna a scaipeadh,

(e) faisnéis ar bhreitheanna den sórt sin agus ábhair eile is iomchuí maidir lena fheidhmeanna a ullmhú agus a scaipeadh, agus

(f) comhdhálacha, seimineáir agus cruinnithe is iomchuí maidir lena fheidhmeanna a eagrú.

(5) Aon fhaisnéis a scaipfear faoi fho-alt (4), ní nochtfar inti ainmneacha na bpáirtithe sna himeachtaí lena mbaineann is ábhar do bhreitheanna na gcúirteanna lena mbaineann ná céannacht aon duine a bheidh ainmnithe i ndoiciméad, nó is féidir a chéannú as doiciméad, dá dtagraítear i bhfo-alt (3) agus a úsáidtear chun críocha fho-alt (4) ach amháin más rud é—

(a) go gceanglóidh breitheamh iad a nochtadh amhlaidh chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú in imeachtaí atá os a chomhair nó os a comhair, nó

(b) go gceanglófar iad a nochtadh amhlaidh de bhun ordú ó chúirt faoi fho-alt (6).

(6) Féadfaidh cúirt, ar iarratas chuige sin, in aon imeachtaí coiriúla, má bhreithníonn sí gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe leis an gceartas, a ordú nach mbeidh feidhm ag an gceanglas i bhfo-alt (5) gan ainmneacha na bpáirtithe sna himeachtaí a nochtadh i ndáil le breitheanna sonraithe ó na cúirteanna chun críoch aighneachtaí chuig an gcúirt i ndáil leis an bpianbhreith a bheidh le forchur sna himeachtaí sin agus i ndáil leis an gcúirt do chinneadh na pianbhreithe sin.

(7) Beidh ordú ó chúirt faoi fho-alt (6) teoranta, san éifeacht a bheidh leis, d’aon abhcóide nó aturnae a bheidh ionadaitheach do pháirtí sna himeachtaí lena mbaineann.

(8) Ullmhóidh an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna tuarascáil i scríbhinn ar ghníomhaíochtaí an Choiste le linn na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil bhliantúil, agus cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle í, lena cur i dtuarascáil bhliantúil na Comhairle faoi alt 37 .

(9) San alt seo, folóidh tagairtí d’fhaisnéis tagairtí d’fhaisnéis i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirmeacha eile.

Comhaltas den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna

24.(1) Is iad a bheidh ar an gCoiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna na 13 chomhalta seo a leanas:

(a) 8 mbreitheamh arna n-ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh, lena n-áirítear—

(i) breitheamh den Chúirt Uachtarach,

(ii) breitheamh den Chúirt Achomhairc,

(iii) breitheamh den Ard-Chúirt,

(iv) breitheamh den Chúirt Chuarda, agus

(v) breitheamh den Chúirt Dúiche;

(b) na comhaltaí tuata arna gceapadh faoi fho-alt (3).

(2) Déanfaidh an Príomh-Bhreitheamh duine de na breithiúna arna ainmniú nó arna hainmniú faoi fho-alt (1)(a) a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna chun gníomhú mar chathaoirleach ar an gCoiste.

(3) Ceapfaidh an Rialtas 5 dhuine chun bheith ina gcomhaltaí den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna (dá ngairtear, san Acht seo, “comhaltaí tuata” den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna) as measc cibé daoine a mholfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí de réir alt 25 lena gceapadh mar chomhaltaí tuata den sórt sin.

(4) Beidh feidhm ag fo-alt (6) d’alt 44, ach sin sa mhéid amháin go mbaineann sé le míreanna (a) go (e) den fho-alt sin, maidir le hincháilitheacht duine lena cheapadh nó lena ceapadh chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna mar a bhaineann an fo-alt sin le hincháilitheacht duine lena cheapadh nó lena ceapadh chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach fairis an modhnú go ndéanfar an tagairt do chomhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a fhorléiriú mar thagairt do chomhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna.

(5) Beidh feidhm ag fo-alt (7) d’alt 44, ach sin sa mhéid amháin go mbaineann sé le míreanna (a) go (f) den fho-alt sin, maidir le comhaltas comhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna a scor mar a bhaineann an fo-alt sin le comhaltas comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a scor fairis an modhnú go ndéanfar an tagairt do chomhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a fhorléiriú mar thagairt do chomhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna.

(6) Maidir leis na comhaltaí tuata a cheapfar chun an Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, mná a bheidh i 40 faoin gcéad ar a laghad díobh.

Moltaí maidir le comhaltaí tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna a cheapadh

25.(1) Iarrfaidh an Rialtas ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí próiseas roghnóireachta a ghabháil de láimh chun daoine a shainaithint agus a mholadh don Rialtas, is daoine ar deimhin léi a bheith oiriúnach lena gceapadh chun bheith ina gcomhaltaí tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna agus, dá réir sin, comhlíonfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an iarraidh sin agus déanfaidh sí, tar éis próiseas roghnóireachta den sórt sin a sheoladh, moladh a chur faoi bhráid an Rialtais i leith daoine a bhí páirteach sa phróiseas sin agus ar deimhin léi amhlaidh i ndáil leo.

(2) Faoi réir fho-alt (3) agus alt 24 (4), déanfaidh an tAire na critéir agus na nósanna imeachta roghnóireachta a mbeidh feidhm acu maidir le próiseas roghnóireachta faoin alt seo a chomhaontú leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

(3) D’fhonn moladh a dhéanamh faoin alt seo, beidh aird ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar a inmhianaithe atá sé go mbeidh eolas agus taithí ag comhaltaí tuata an Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, eatarthu, ar an oiread is féidir de na nithe seo a leanas:

(a) imeachtaí coiriúla a ionchúiseamh;

(b) imeachtaí coiriúla a chosaint;

(c) an phóilíneacht;

(d) riaradh an cheartais;

(e) an beartas maidir le gearradh pianbhreitheanna;

(f) leas íospartaigh na coireachta a chur chun cinn;

(g) staidéar nó taighde acadúil a bhaineann leis an dlí coiriúil nó leis an gcoireolaíocht;

(h) staidreamh a úsáid;

(i) ciontóirí a athshlánú.

(4) Faoi réir fho-alt (3), ní dhéanfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí moladh faoin alt seo i leith duine mura deimhin léi go bhfuil ag an duine cibé taithí, cáilíochtaí, oiliúint nó saineolas iomchuí is cuí, ag féachaint d’fheidhmeanna an Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, a d’fhágfadh go mbeadh sé nó sí oiriúnach chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna.

(5) Soláthróidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí sonraí don Rialtas maidir leis an taithí, na cáilíochtaí, an oiliúint agus an saineolas atá ag gach duine a mbeidh moladh déanta aici ina leith faoin alt seo.

(6) Beidh feidhm ag an alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le líonadh aon fholúntais a tharlóidh i gcomhaltas tuata an Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna.

Téarma comhaltais den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna

26.(1) Faoi réir alt 27(3), leanfaidh gach comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste ar feadh téarma 4 bliana ó dháta a ainmnithe nó a hainmnithe nó ó dháta a cheaptha nó a ceaptha, de réir mar a bheidh, mura túisce a gheobhaidh sé nó sí bás, a éireoidh sé nó sí as, a thiocfaidh sé nó sí chun bheith neamh-incháilithe le haghaidh comhaltais, nó, i gcás comhalta tuata, a chuirfear as comhaltas den Choiste é nó í.

(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna a rachaidh a théarma nó a téarma comhaltais in éag le himeacht aimsire in-athainmnithe nó in-athcheaptha mar chomhalta den Choiste le haghaidh téarma 4 bliana eile.

(3) Maidir le comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma mar chomhalta den Choiste sin, ní bheidh sé nó sí in-athainmnithe nó in-athcheaptha, de réir mar a bheidh, mar chomhalta den Choiste.

(4) Féadfaidh comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, ar breitheamh é nó í, éirí as an gCoiste sin le fógra i scríbhinn arna thabhairt do chathaoirleach an Choiste nó arna chur chuige nó chuici agus beidh éifeacht leis an éirí as an lá ar a bhfaighidh an cathaoirleach an fógra.

(5) Féadfaidh comhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna éirí as an gCoiste sin le fógra i scríbhinn arna thabhairt don Aire nó arna chur chuige nó chuici agus beidh éifeacht leis an éirí as an lá ar a bhfaighidh an tAire an fógra.

(6) Déanfaidh an comhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna lena mbaineann cóip den fhógra a thabhairt do chathaoirleach an Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna nó a chur chuige nó chuici faoi fho-alt (5) nuair a dhéanfaidh sé nó sí an fógra a thabhairt don Aire nó a chur chuig an Aire nó a luaithe is indéanta dá éis sin.

(7) Más rud é, maidir le comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna ar breitheamh é nó í, go scoirfidh sé nó sí de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste.

(8) Féadfaidh an Rialtas, aon tráth, comhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna a bhaint den Choiste más deimhin leis an Rialtas, maidir leis an gcomhalta tuata—

(a) go bhfuil sé nó sí tagtha chun bheith éagumasach, de dheasca easláinte, ar fheidhmeanna na hoifige a chomhlíonadh go héifeachtach,

(b) gur mhí-iompair sé é féin nó sí í féin mar a bheidh sonraithe,

(c) go bhfuil easaontacht leasa aige nó aici atá chomh suntasach sin gur cóir go scoirfeadh sé nó sí d’oifig a shealbhú, nó

(d) go bhfuil sé nó sí, ar shlí eile, neamhfheidhmiúil chun oifig a shealbhú nó neamhábalta feidhmeanna na hoifige a chomhall.

(9) Féadfaidh an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna gníomhú d’ainneoin aon fholúntas ina chomhaltas ar choinníoll go mbeidh líon nach lú ná—

(a) 4 chomhalta den Choiste ar breithiúna iad, agus

(b) 3 chomhalta tuata ar an gCoiste.

Corrfholúntais i gcomhaltas den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna

27.(1) Más rud é, maidir le comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna ar breitheamh é nó í, go bhfaighidh sé nó sí bás, go scoirfidh sé nó sí d’oifig bhreithiúnach nó go n-éireoidh sé nó sí as oifig bhreithiúnach nó go n-éireoidh sé nó sí as an gCoiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna de réir fho-alt (4) d alt 26 nó go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste sin faoi fho-alt (7) den alt sin, is breitheamh arna ainmniú nó arna hainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna a líonfaidh an folúntas a tharlóidh amhlaidh.

(2) Más rud é, maidir le comhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, go bhfaighidh sé nó sí bás, go n-éireoidh sé nó sí as an gCoiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna de réir alt 26 (5), go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste faoi alt 24 (5) nó go mbainfear é nó í den Choiste sin faoi alt 26 (8), is duine arna cheapadh nó arna ceapadh chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna ar an modh céanna ar ar ceapadh an comhalta den Choiste ba chúis leis an bhfolúntas a líonfaidh an folúntas a tharlóidh amhlaidh.

(3) Maidir le téarma oifige comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna arna ainmniú nó arna hainmniú de réir fho-alt (1), nó arna cheapadh nó arna ceapadh de réir fho-alt (2), is le haghaidh na tréimhse a bheidh fágtha de théarma comhaltais an chomhalta den Choiste ar ainmníodh é nó í ina ionad nó ina hionad a bheidh sé.

(4) Maidir le téarma comhaltais den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, dá fhad é, as a dtiocfaidh ainmniúchán de réir fho-alt (1), nó ceapachán de réir fho-alt (2), measfar gur téarma comhaltais chun críocha alt 26(3) é.

Cruinnithe agus nósanna imeachta an Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna

28.(1) Tionólfaidh an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe a bheidh riachtanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Tionólfar an chéad chruinniú den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna tráth nach déanaí ná 1 mhí tar éis an dáta ar a mbeidh an Coiste arna bhunú faoi alt 23(1)(b).

(3) Ag cruinniú den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna—

(a) is é nó is í cathaoirleach an Choiste sin, más rud é go bhfuil sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, nó

(b) mura bhfuil agus fad nach bhfuil cathaoirleach an Choiste sin i láthair, is é nó is í an chéad bhreitheamh eile is sinsearaí atá i láthair a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) 5 is córam do chruinniú den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, agus maidir leis na daoine sin—

(a) beidh 3 díobh ar a laghad ina gcomhaltaí den Choiste ar breithiúna iad, agus

(b) beidh 2 díobh ar a laghad ina gcomhaltaí tuata den Choiste.

(5) Faoi réir an Achta seo, déanfaidh an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna a nósanna imeachta féin a rialáil.

Athbhreithniú ar an mbeartas maidir le gearradh pianbhreitheanna

29. Déanfaidh an tAire—

(a) tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis don alt seo teacht i ngníomh, tús a chur le hathbhreithniú ar achtacháin lena ndéantar foráil maidir le pianbhreitheanna íosta a fhorchur i leith cionta agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh an tAire, mar chuid den athbhreithniú, breithniú a dhéanamh i dtaobh—

(i) an cuí leanúint de na pianbhreitheanna íosta sin a fhorchur trí oibriú na bhforálacha sin i leith na gcionta uile lena mbaineann na forálacha sin, agus

(ii) a mhéid a dhéantar, i gcleachtas, na pianbhreitheanna íosta sin a fhorchur de réir na bhforálacha sin,

agus

(b) tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis tús a chur leis an athbhreithniú sin, tuarascáil a thabhairt do gach Teach den Oireachtas maidir le haon fhionnachtana ón athbhreithniú sin.

Coistí um Thacaíocht Bhreithiúnach

30.(1) Bunóidh an Chomhairle na coistí seo a leanas (dá ngairtear na “Coistí um Thacaíocht Bhreithiúnach” san Acht seo):

(a) coiste ar a dtabharfar Coiste na Cúirte Uachtaraí um Thacaíocht Bhreithiúnach agus ar a mbeidh na comhaltaí seo a leanas:

(i) an Príomh-Bhreitheamh a bheidh, ex officio, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste nó an duine a ainmneofar ina ionad nó ina hionad faoi fho-alt (4);

(ii) gnáthbhreitheamh den Chúirt Uachtarach a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin;

(b) coiste ar a dtabharfar Coiste na Cúirte Achomhairc um Thacaíocht Bhreithiúnach agus ar a mbeidh na comhaltaí seo a leanas:

(i) Uachtarán na Cúirte Achomhairc a bheidh, ex officio, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste nó an duine a ainmneofar ina ionad nó ina hionad faoi fho-alt (4);

(ii) gnáthbhreitheamh den Chúirt Achomhairc a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin;

(c) coiste ar a dtabharfar Coiste na hArd-Chúirte um Thacaíocht Bhreithiúnach agus ar a mbeidh na comhaltaí seo a leanas:

(i) Uachtarán na hArd-Chúirte a bheidh, ex officio, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste nó an duine a ainmneofar ina ionad nó ina hionad faoi fho-alt (4);

(ii) beirt ghnáthbhreithiúna den Ard-Chúirt a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin;

(d) coiste ar a dtabharfar Coiste na Cúirte Cuarda um Thacaíocht Bhreithiúnach agus ar a mbeidh na comhaltaí seo a leanas:

(i) Uachtarán na Cúirte Cuarda a bheidh, ex officio, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste nó an duine a ainmneofar ina ionad nó ina hionad faoi fho-alt (4);

(ii) beirt bhreithiúna eile den Chúirt Chuarda a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna agus sainbhreithiúna na Cúirte sin;

(e) coiste ar a dtabharfar Coiste na Cúirte Dúiche um Thacaíocht Bhreithiúnach agus ar a mbeidh na comhaltaí seo a leanas:

(i) Uachtarán na Cúirte Dúiche a bheidh, ex officio, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste nó an duine a ainmneofar ina ionad nó ina hionad faoi fho-alt (4);

(ii) beirt bhreithiúna eile den Chúirt Dúiche a bheidh tofa ag breithiúna na Cúirte sin seachas Uachtarán na Cúirte sin.

(2) Déanfaidh an Chomhairle, ag an gcéad chruinniú den Chomhairle, an dáta a shonrú ar a mbeidh na Coistí um Thacaíocht Bhreithiúnach arna mbunú, is dáta nach déanaí ná 6 mhí tar éis an chéad chruinnithe sin.

(3) Is é feidhm Coiste um Thacaíocht Bhreithiúnach comhairle agus cúnamh a thabhairt don Chomhairle i gcomhlíonadh a feidhmeanna faoin Acht seo sa mhéid go mbaineann siad le nithe is iomchuí maidir leis an gCúirt a bhfuil baint ag an gCoiste léi.

(4) Féadfaidh an comhalta ex officio de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach, ó am go ham, breitheamh eile den chúirt a bhfuil sé nó sí ina Phríomh-Bhreitheamh nó ina Príomh-Bhreitheamh di nó ina Uachtarán nó ina hUachtarán uirthi, de réir mar a bheidh, a ainmniú i scríbhinn chun feidhmeanna an chomhalta ex officio sin den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann a chomhlíonadh le linn cibé tréimhse nó ar cibé ócáid nó ócáidí a bheidh sonraithe san ainmniúchán.

(5) Maidir le hainmniúchán faoi fho-alt (4)—

(a) scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis—

(i) ar dhul in éag don tréimhse nó le himeacht na hócáide nó na n-ócáidí, de réir mar a bheidh, a shonrófar san ainmniúchán, nó

(ii) ar an gcomhalta ex officio den Chomhairle um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann a rinne an t-ainmniúchán do chealú an ainmniúcháin,

(b) i gcás go scoirfidh an comhalta ex officio den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann a rinne an t-ainmniúchán de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí ar dá bua a tháinig sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta ex officio den sórt sin, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar an gcomhalta ex officio sin do scor de bheith i seilbh na hoifige sin,

(c) i gcás go scoirfidh an breitheamh arb ina leith a rinneadh an t-ainmniúchán de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí ar dá bua a ainmníodh é nó í amhlaidh, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar é nó í do scor de bheith i seilbh na hoifige sin, nó

(d) i gcás go léireoidh an breitheamh arb ina leith a rinneadh an t-ainmniúchán, le fógra i scríbhinn arna thabhairt don chomhalta ex officio den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann nó arna chur chuige nó chuici, nach mian leis nó léi leanúint de bheith ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna lena mbaineann, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar an gcomhalta ex officio sin d’fháil an fhógra sin.

(6) Maidir le comhalta de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach, a thoghfar mar chomhalta den sórt sin faoi mhír (a)(ii), (b)(ii), (c)(ii), (d)(ii) nó (e)(ii), de réir mar is cuí, d’fho-alt (1) (dá ngairtear “comhalta tofa de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach” san alt seo), fónfaidh sé nó sí mar chomhalta den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann ar feadh téarma 4 bliana ó dháta a thofa nó a tofa.

(7) Faoi réir fho-alt (8), maidir le comhalta tofa de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach a rachaidh a théarma nó a téarma comhaltais in éag le himeacht aimsire, beidh sé nó sí incháilithe le haghaidh comhaltas den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann le haghaidh téarma 4 bliana eile.

(8) Maidir le comhalta tofa de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma mar chomhalta den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann, ní bheidh sé nó sí incháilithe le haghaidh comhaltas den Choiste sin seachas de réir fho-alt (9).

(9) Maidir le comhalta tofa de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma mar chomhalta den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann, beidh sé nó sí incháilithe le haghaidh comhaltas den Choiste sin tar éis tréimhse 4 bliana a bheith caite díreach tar éis dul in éag don téarma comhaltais is déanaí aige nó aici den Choiste sin.

(10) Féadfaidh comhalta tofa de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach éirí as comhaltas den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann le fógra i scríbhinn arna thabhairt don chomhalta ex officio nó arna chur chuig an gcomhalta ex officio den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach sin nó arna thabhairt don duine nó arna chur chuig an duine, a ainmneofar ina ionad nó ina hionad faoi fho-alt (4), de réir mar a bheidh, agus beidh éifeacht leis an éirí as an lá ar a bhfaighidh an comhalta ex officio nó an duine a ainmneofar ina ionad nó ina hionad, de réir mar is cuí, an fógra.

(11) I gcás go scoirfidh comhalta tofa de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí a bhí ina sheilbh nó ina seilbh nuair a tháinig sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste sin.

(12) Más rud é, maidir le comhalta tofa de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach, go bhfaighidh sé nó sí bás, go scoirfidh sé nó sí d’oifig bhreithiúnach nó go n-éireoidh sé nó sí as oifig bhreithiúnach, go n-éireoidh sé nó sí as comhaltas de réir fho-alt (10) nó go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta faoi fho-alt (11), is breitheamh arna thoghadh nó arna toghadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach sin, ar an modh céanna ar ar toghadh an comhalta den Choiste sin ba chúis leis an bhfolúntas, a líonfaidh an folúntas ar an gCoiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann a tharlóidh amhlaidh.

(13) Maidir le comhalta de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach arna thoghadh nó arna toghadh de réir fho-alt (12), fónfaidh sé nó sí mar chomhalta den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann ar feadh a mbeidh fágtha de théarma comhaltais an chomhalta ar toghadh ina ionad nó ina hionad é nó í.

(14) Maidir le téarma comhaltais de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach, dá fhad é, as a dtiocfaidh toghchán de réir fho-alt (12), áireofar é mar théarma comhaltais chun críocha fho-ailt (8) agus (9).

Luach saothair agus caiteachais comhaltaí den Bhord agus de choistí

31.(1) Maidir le gach comhalta—

(a) den Bhord, nó

(b) de choiste seachas an Coiste um Iompar Breithiúnach,

ar breitheamh é nó í, íocfar leis nó léi cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

(2) Íocfar le gach comhalta, seachas comhalta ar breitheamh é nó í, de choiste seachas an Coiste um Iompar Breithiúnach cibé luach saothair (más ann) agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.