26 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 26 de 2019


AN tACHT UM SHÁSAMH DO MHNÁ A RAIBH CÓNAÍ ORTHU I bhFORAIS ÁIRITHE (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


CLÁR AN ÁBHAIR

Alt

1. Míniú

2. Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht

3. Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht

4. Leasú ar Chuid 3 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais, 2009

5. Gearrtheideal agus tosach feidhme

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais, 2009 (Uimh. 15)

An tAcht um Shásamh do Mhná a Raibh Cónaí Orthu i bhForais Áirithe, 2015 (Uimh. 8)

/images/harp.jpg


Uimhir 26 de 2019


AN tACHT UM SHÁSAMH DO MHNÁ A RAIBH CÓNAÍ ORTHU I bhFORAIS ÁIRITHE (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do leasú an Achta um Shásamh do Mhná a Raibh Cónaí Orthu i bhForais Áirithe, 2015; do leasú an Achta fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais, 2009; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[23 Iúil 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Míniú

1. San Acht seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Shásamh do Mhná a Raibh Cónaí Orthu i bhForais Áirithe, 2015.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht

2.Leasaítear alt 1 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘Aguisín’ ‘an tAguisín a ghabhann le téarmaí na Scéime Ex Gratia um Cheartas Aisig na bhForas Maigdiléanach i leith mná a bhí ag obair sna neachtlanna sa 12 fhoras ‘Mhaigdiléanacha’ agus a raibh cónaí orthu i gceann de na 14 fhoras thadhlacha’ dar dáta Samhain 2018;”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Scéim”:

“ciallaíonn ‘Scéim’ an scéim atá de thuras na huaire á riaradh ag an Aire, arna déanamh ag an Rialtas i mí na Nollag, 2013, agus a bhfuil ar áireamh ina téarmaí na téarmaí sin a leagtar amach san Aguisín, lena ndéantar foráil maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) íocaíochtaí ex-gratia a dhéanamh le mná a ligeadh isteach i bhforas iomchuí agus a bhí ag obair ann, agus

(b) íocaíochtaí ex-gratia a dhéanamh le mná de réir na dtéarmaí a leagtar amach san Aguisín.”.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht

3. Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1)(f), trí “sa Sceideal, nó, i gcás go ndearnadh an cinneadh i dtaobh incháilitheachta lena mbaineann faoi na téarmaí a leagtar amach san Aguisín, an áit chónaithe agus an obair ar i ndáil leo a rinneadh an cinneadh sin” a chur in ionad “sa Sceideal”.

Leasú ar Chuid 3 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais, 2009

4. Leasaítear an tAcht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais, 2009 i mír 1 de Chuid 3 de Sceideal 1 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (a) den mhíniú ar “íocaíocht iomchuí”:

“(a) íocaíocht nó íocaíochtaí ex-gratia a dhéantar leis an duine faoin Scéim (de réir bhrí alt 1 (arna leasú le halt 2 den Acht um Shásamh do Mhná a Raibh Cónaí Orthu i bhForais Áirithe (Leasú), 2019 ) den Acht um Shásamh do Mhná a Raibh Cónaí Orthu i bhForais Áirithe, 2015), agus folaíonn sé aon sochar a sholáthraítear faoin Scéim sin,”.

Gearrtheideal agus tosach feidhme

5. (1) Féadfar an tAcht um Shásamh do Mhná a Raibh Cónaí Orthu i bhForais Áirithe (Leasú), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.