An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID 3 Forálacha Ilghnéitheacha)

14 2019

AN tACHT UM THIONÓNTACHTAÍ CÓNAITHE (LEASÚ), 2019

CUID 2

Leasú ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004

Leasú ar alt 3 d’Acht 2004

3. Leasaítear alt 3 d’Acht 2004—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A)(a) Faoi réir fho-alt (7), tá feidhm ag an Acht seo freisin maidir le gach teaghais (is ábhar do thionóntacht arna bunú tráth nach luaithe ná aon mhí amháin tar éis thosach feidhme mhír (a) d’alt 3 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019) atá suite i bhfoirgneamh, nó i gcuid d’fhoirgneamh, a úsáidtear d’aon toisc (faoi réir fhomhíreanna (i), (ii) agus (iii)) chun cóiríocht chónaithe a sholáthar do mhic léinn le linn tráthanna téarmaí acadúla faoi thionóntacht—

(i) cibé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear an foirgneamh nó an chuid den fhoirgneamh lena mbaineann chun aon chríche eile lasmuigh de na tráthanna sin,

(ii) cibé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear d’aon mhic léinn den sórt sin cónaí ann nó inti lasmuigh de na tráthanna sin, agus

(iii) cibé acu a chónaíonn nó nach gcónaíonn aon duine seachas mac léinn ann nó inti, ar choinníoll go bhfónann an chríoch ar chuici atá cónaí ar an duine sin ann nó inti don chríoch chéadluaite,

ach níl ar áireamh ann teaghais i bhfoirgneamh nó i gcuid d’fhoirgneamh a úsáidtear chun na críche céadluaite i gcás go gcónaíonn an tiarna talún (seachas tiarna talún nach pearsa aonair) san fhoirgneamh nó sa chuid den fhoirgneamh lena mbaineann freisin.

(b) Ní dochar an fo-alt seo d’fho-alt (1) agus, dá réir sin, de bhua an fho-ailt sin, maidir leis an Acht seo—

(i) leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige maidir le haon teaghais a raibh feidhm aige maidir léi díreach roimh thosach feidhme alt 3 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019 ar an modh céanna ar a raibh feidhm aige maidir leis an teaghais sin roimh an tosach feidhme sin, agus

(ii) beidh feidhm aige maidir le haon teaghais—

(I) arna háitiú ag mac léinn faoi thionóntacht arna bunú ar an tosach feidhme sin nó dá éis, agus

(II) a mbeadh feidhm ag an Acht seo maidir léi dá mba rud é nár achtaíodh ailt 3 agus 5 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019 ,

ar an modh céanna ar a mbeadh feidhm aige maidir le teaghais dá dtagraítear i bhfomhír (i).

(c) Beidh feidhm ag an míniú ar ‘teaghais’ in alt 4, chun críocha an fho-ailt seo, amhail is dá ndéanfaí ‘aonad cónaithe (cibé acu lánscartha nó nach ea)’ a chur in ionad ‘aonad cónaithe lánscartha’.

(d) San fho-alt seo, ciallaíonn ‘mac léinn’ duine atá cláraithe mar mhac léinn le soláthraí iomchuí (de réir bhrí an Achta um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint), 2012).”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(7)Ní bheidh feidhm ag na forálacha seo a leanas den Acht seo maidir le tionóntacht ar theaghais dá dtagraítear i bhfo-alt (1A):

(a) míreanna (k) agus (n) d’alt 16, fo-ailt (2) agus (3) d’alt 78 agus clásal (II) d’fhomhír (i) de mhír (e) d’fho-alt (4) d’alt 135;

(b) ailt 70, 71, 72, 73, 81, 185, 186 agus 195;

(c) Cuid 4; agus

(d) Sceideal 1.”.

Leasú ar alt 3A d’Acht 2004

4. Leasaítear alt 3A d’Acht 2004 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(5) Tá feidhm ag an alt seo maidir le teaghais dá dtagraítear i bhfo-alt (1A) d’alt 3 mar atá feidhm aige maidir le teaghais dá dtagraítear i bhfo-alt (4) d’alt 3 agus, dá réir sin, aon tagairtí sna fo-ailt roimhe seo den alt seo don dara teaghais a luaitear, forléireofar iad mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don teaghais chéadluaite.”.

Leasú ar alt 4 d’Acht 2004

5. Leasaítear alt 4 d’Acht 2004 trí mhír (g) sa mhíniú ar “údarás poiblí” a scriosadh.

Leasú ar alt 19 d’Acht 2004

6. (1) Leasaítear alt 19 d’Acht 2004—

(a) i bhfo-alt (4), trí “fomhír (i)” a chur in ionad “mír (a)” san áit a bhfuil sé i mír (a)(ii) sa mhíniú ar “t”,

(b) i bhfo-alt (5)—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) maidir leis an gcíos arna chéadsocrú faoi thionóntacht teaghaise, ar choinníoll nach raibh tionóntacht ar bith i leith na teaghaise sin ar marthain le linn na tréimhse 2 bhliain díreach roimh an dáta ar ar thosaigh an tionóntacht lena mbaineann,”,

agus

(ii) i bhfomhír (ii) de mhír (b), trí “gur mhó é, de bhua an athraithe sin, ná cíos margaidh na tionóntachta” a chur in ionad “go mbeadh sé, de bhua an athraithe sin, éagsúil le cíos margaidh na tionóntachta mar a bhí sé”,

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) Chun críocha mhír (b) d’fho-alt (5), ní bheidh athrú mór tar éis teacht ar chineál na cóiríochta a sholáthraítear faoin tionóntacht ach amháin más amhlaidh—

(a) maidir leis na hoibreacha arna ndéanamh ar an teaghais lena mbaineann—

(i) gurb éard a bheidh iontu síneadh buan leis an teaghais a mhéadóidh achar urláir (de réir bhrí Airteagal 6 de na Rialacháin Foirgníochta, 1997 (I.R. Uimh. 497 de 1997)) na teaghaise de mhéid is ionann agus méid nach lú ná 25 faoin gcéad d’achar urláir (de réir na brí sin) na teaghaise mar a bhí an t-achar urláir sin díreach sular thosaigh na hoibreacha sin,

(ii) i gcás teaghais lena mbaineann Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh), 2012 (I.R. Uimh. 243 de 2012), go mbeidh de thoradh orthu go gcuirfear feabhas, is ionann agus líon nach lú ná 7 rátáil fuinnimh foirgnimh, ar an rátáil fuinnimh foirgnimh (RFF)(de réir bhrí na Rialachán sin), nó

(iii) go mbeidh de thoradh orthu go ndéanfar aon 3 ní nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(I) leagan amach inmheánach na teaghaise a athrú go buan;

(II) an teaghais a chur in oiriúint chun socrú a dhéanamh maidir le rochtain a bheith ag duine faoi mhíchumas, de réir bhrí an Achta um Míchumas, 2005, uirthi agus maidir lena húsáid ag duine faoi mhíchumas;

(III) méadú buan ar líon na seomraí sa teaghais;

(IV) i gcás teaghais lena mbaineann Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh), 2012 (I.R. Uimh. 243 de 2012) agus a bhfuil RFF de D1 nó níos ísle aici, feabhas, is ionann agus líon nach lú ná 3 rátáil fuinnimh foirgnimh, a chur ar an RFF (de réir bhrí na Rialachán sin); nó

(V) i gcás teaghais lena mbaineann Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh), 2012 (I.R. Uimh. 243 de 2012) agus a bhfuil RFF de C3 nó níos airde aici, feabhas, is ionann agus líon nach lú ná 2 rátáil fuinnimh foirgnimh, a chur ar an RFF (de réir bhrí na Rialachán sin),

agus

(b) maidir leis na hoibreacha arna ndéanamh faoi mhír (a), nach oibreacha arna ndéanamh chun alt 12(1)(b) a chomhlíonadh, agus chuige sin amháin, a bheidh iontu.

(5B) Más rud é, le linn do thiarna talún, aon tráth áirithe, an cíos faoi thionóntacht teaghaise i gcrios brú cíosa a shocrú, go bhféachfaidh sé nó sí le dul in iontaoibh fho-alt (5), déanfaidh an tiarna talún—

(a) fógra san fhoirm fhorordaithe, i dteannta na faisnéise tacaíochta iomchuí go léir, a sheirbheáil ar an mBord, agus leagfaidh sé nó sí amach ann na cúiseanna nach bhfuil, i dtuairim an tiarna talún, feidhm ag fo-alt (4) maidir leis an teaghais,

(b) an cíos a bheidh socraithe faoi thionóntacht na teaghaise agus an méid cíosa is déanaí a socraíodh faoi thionóntacht na teaghaise a shonrú san fhógra, agus

(c) an fógra agus an fhaisnéis faoi mhíreanna (a) agus (b) a sheirbheáil laistigh de 1 mhí amháin ón tráth a shocrófar an cíos faoi thionóntacht na teaghaise.”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6)

Más rud é—

(a) go mbeidh fógra faoi alt 22(2) seirbheáilte ar an tionónta, nó

(b) go mbeidh tús curtha leis an athbhreithniú ar an gcíos lena mbaineann,

roimh an dáta iomchuí, nó, má dhéanann an tAire ordú faoi alt 24A(5) i leith limistéar ina bhfuil an teaghais lena mbaineann suite, roimh dháta theacht i ngníomh an ordaithe, ansin ní bheidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) maidir leis an gcíos nua, dá dtagraítear in alt 22(2), agus a bheidh luaite san fhógra sin de réir an ailt sin.”,

agus

(e) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) Aon duine a mhainneoidh ceanglais fho-alt (4) a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(6B) Aon duine a dhéanfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe fho-alt (5B), faisnéis a thabhairt don Bhord, is faisnéis atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, agus a fhios aige nó aici í a bheith bréagach nó míthreorach amhlaidh, nó atá meargánta i dtaobh í a bheith bréagach nó míthreorach amhlaidh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(6C) Aon duine a mhainneoidh ceanglais fho-alt (5B) a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.”.

(2) Maidir leis an leasú ar alt 19 d’Acht 2004 faoi mhír (c), sa mhéid go gcuirtear fo-alt (5A) d’alt 19 isteach leis, d’fho-alt (1), ní bheidh feidhm aige maidir le tionóntacht teaghaise i gcás go mbeidh oibreacha a bhfuil gá leo chun athrú mór a dhéanamh ar an teaghais tosaithe roimh thosach feidhme fho-alt (1).

Leasú ar alt 20 d’Acht 2004

7. Leasaítear alt 20 d’Acht 2004—

(a) i bhfo-alt (5), trí “an 1 Eanáir 2022 agus ón lá sin” a chur in ionad “an lá díreach roimh an gcothromdháta ceithre bliana ón lá ar ar tháinig alt 25 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2015 i ngníomh agus, ar an agus ón lá céadluaite”, agus

(b) i bhfo-alt (6), trí “an 31 Nollaig 2021” a chur in ionad “an lá díreach roimh an gcothromdháta ceithre bliana ón lá ar ar tháinig an t-alt sin i ngníomh”.

Leasú ar alt 24A d’Acht 2004

8. (1) Leasaítear alt 24A d’Acht 2004—

(a) i bhfo-alt (4), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) maidir leis an meánchíos (arna chinneadh faoi threoir na faisnéise a shonraítear i mír (a)) sa limistéar i leith na 3 mhí lena mbaineann an tuarascáil ráithiúil Innéacs Cíosa is déanaí—

(i) i gcás chontae Chill Dara, chontae na Mí, chontae Chill Mhantáin nó i gcás toghlimistéar áitiúil in aon cheann de na contaetha sin, go bhfuil sé os cionn an mheánchíosa sa Stát (seachas meánchíos Limistéar Bhaile Átha Cliath) a bheidh sonraithe sa tuarascáil sin, nó

(ii) i gcás—

(I) aon chontae nó toghlimistéar áitiúil eile, nó

(II) aon chathair, cathair agus contae nó toghlimistéar áitiúil atá suite sa chathair sin nó sa chathair agus contae sin,

go bhfuil sé os cionn an mheánchíosa sa Stát (seachas Mór-Limistéar Bhaile Átha Cliath) a bheidh sonraithe sa tuarascáil sin.”,

agus

(b) i bhfo-alt (10), trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘Limistéar Bhaile Átha Cliath’—

(a) cathair Bhaile Átha Cliath, agus

(b) contaetha Bhaile Átha Cliath Theas, Fhine Gall agus Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin;

ciallaíonn ‘Mór-Limistéar Bhaile Átha Cliath’—

(a) Limistéar Bhaile Átha Cliath, agus

(b) contaetha Chill Dara, Chill Mhantáin agus na Mí;”.

(2) D’ainneoin fho-alt (5) d’alt 24A d’Acht 2004 nó aon ordú arna dhéanamh faoi, maidir leis an tréimhse a sonrófar in aon ordú den sórt sin gurb í an tréimhse í ar lena linn a bheidh limistéar arna fhorordú mar chrios brú cíosa, rachaidh sí in éag an 31 Nollaig 2021.

Leasú ar alt 24B d’Acht 2004

9. Leasaítear alt 24B d’Acht 2004 trí “le linn na tréimhse dar tosach an dáta iomchuí agus dar críoch an 31 Nollaig 2021” a chur in ionad “ón dáta iomchuí go ceann tréimhse 3 bliana”.

Limistéar iomchuí de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 2019 a meastar gur crios brú cíosa é

10. Leasaítear Acht 2004 tríd an alt seo a leanas a chur isteach:

“Limistéar iomchuí de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 2019 a meastar gur crios brú cíosa é

24BA. (1) Chun críocha alt 24B, beidh ar áireamh i limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach Chorcaí an limistéar iomchuí agus, dá réir sin, déanfar an tagairt san alt sin don dáta iomchuí, sa mhéid go mbaineann an t-alt sin leis an limistéar iomchuí, a fhorléiriú mar thagairt don lá aistrithe.

(2) San alt seo—

ciallaíonn ‘Acht 2019’ an tAcht Rialtais Áitiúil, 2019;

tá le ‘limistéar iomchuí’ an bhrí a shanntar dó le hAcht 2019; agus

tá le ‘lá aistrithe’ an bhrí a shanntar dó le hAcht 2019.”.

Leasú ar alt 32 d’Acht 2004

11. Leasaítear alt 32 d’Acht 2004, i bhfo-alt (1), trí “le Sceideal 1” a chur in ionad “leis an Sceideal”.

Leasú ar alt 34 d’Acht 2004

12. (1) Leasaítear alt 34 d’Acht 2004, i mír (a)—

(a) trí “agus” a scriosadh i bhfomhír (i),

(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) go luaitear san fhógra foirceanta gurb é an chúis atá leis an bhfoirceannadh an foras nó na forais lena mbaineann agus go bhfuil san fhógra nó ag gabháil leis an bhfógra—

(I) i gcás mhír 2, 5 nó 6 den Tábla sin, an ráiteas dá dtagraítear sa mhír sin, agus

(II) i gcás mhír 3 nó 4 den Tábla sin, an dearbhú reachtúil dá dtagraítear sa mhír sin,

agus”,

agus

(c) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach:

“(iii) i gcás fógra foirceanta ina luaitear gurb é an chúis atá leis an bhfoirceannadh an foras a shonraítear i mír 5, go bhfuil deimhniú i scríbhinn ó ghairmí cláraithe (de réir bhrí an Achta um Rialú Foirgníochta, 2007) san fhógra foirceanta nó ag gabháil leis an bhfógra foirceanta ina sonraítear—

(I) go gcuirfeadh na hoibreacha athfheistiúcháin nó athnuachana beartaithe sláinte nó sábháilteacht áititheoirí na teaghaise lena mbaineann i mbaol agus nár chóir dul ar aghaidh leo fad a bheidh an teaghais á háitiú, agus

(II) gur dócha go mbeadh an baol sin ann ar feadh cibé tréimhse a shonrófar sa deimhniú, is tréimhse nach giorra ná 3 seachtaine,”.

(2) Leasaítear an Tábla a ghabhann le halt 34 d’Acht 2004—

(a) i mír 3, trí “laistigh de 9 mí” a chur in ionad “laistigh de 3 mhí”,

(b) i gclásal (i) d’fhomhír (b) de mhír 4, trí “12 mhí” a chur in ionad “6 mhí”,

(c) i bhfomhír (b) de mhír 5, tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (i):

“(i) go dtagann an teaghais chun bheith ar fáil lena hathligean mar gheall go bhfuil na hoibreacha athfheistiúcháin nó athnuachana críochnaithe, agus”,

agus

(d) i gclásal (i) d’fhomhír (b) de mhír 6, trí “12 mhí” a chur in ionad “6 mhí”.

Leasú ar alt 35 d’Acht 2004

13. Leasaítear alt 35 d’Acht 2004—

(a) i bhfo-alt (5)—

(i) trí “I mír (aa) d’fho-alt (8) agus i mír 4(b), 5(b) agus 6(b) den Tábla” a chur in ionad “I míreanna 4(b), 5(b) agus 6(b) den Tábla”, agus

(ii) trí “sa dearbhú reachtúil nó” a chur isteach roimh “sa ráiteas lena mbaineann”,

(b) i bhfo-alt (6), trí “i mír (aa) d’fho-alt (8), nó i mír 4(b), 5(b) nó 6(b) den Tábla,” a chur in ionad “i mír 4(b), 5(b) nó 6(b) den Tábla”,

(c) i bhfo-alt (8)—

(i) trí “agus” a scriosadh i mír (a), agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach:

“(aa) dearbhú go bhfuil ceangal ar an tiarna talún, de bhua an fhógra, tionóntacht ar an teaghais a thairiscint don tionónta má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i) go gcomhlíontar an ceanglas maidir le mionsonraí teagmhála;

(ii) nach ndéanann an tiarna talún comhaontú infhorfheidhmithe den chineál dá dtagraítear i mír 3 den Tábla laistigh den tréimhse a shonraítear sa mhír sin dar tosach—

(I) dul in éag don tréimhse fógra a cheanglaítear a thabhairt faoi fhomhír (i) de mhír (a) d’alt 34, nó

(II) in imthosca ina ndéantar díospóid i ndáil le bailíocht an fhógra a tharchur chuig an mBord faoi Chuid 6 lena réiteach, an dáta a dhéantar an díospóid sin a chinneadh go críochnaitheach;

agus

(iii) nach ndearnadh an tionóntacht lena mbaineann an fógra a fhoirceannadh go bailí ar shlí eile de bhua an foras a shonraítear i mír 1, 2 nó 6 den Tábla a lua san fhógra,

agus”,

agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(11) Más rud é, maidir le tionóntacht, go seirbheálann tiarna talún fógra foirceanta ar thionónta ina luaitear foras a shonraítear sa Tábla mar chúis leis an bhfoirceannadh, tabharfaidh an tiarna talún cóip den fhógra foirceanta don Bhord tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis dul in éag don tréimhse fógra arna thabhairt leis an bhfógra foirceanta.”.

Leasú ar alt 56 d’Acht 2004

14. Leasaítear alt 56 d’Acht 2004—

(a) i mír (c) d’fho-alt (1), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) i gcás gurb é an foras a luadh an foras a shonraítear i mír 3 den Tábla sin—

(I) nach ndéantar comhaontú infhorfheidhmithe den chineál dá dtagraítear sa mhír sin laistigh den tréimhse a shonraítear sa mhír sin,

(II) nach bhfuil an dearbhú reachtúil dá dtagraítear i mír 35 ag gabháil leis an bhfógra foirceanta, nó

(III) nach ndéantar an tairiscint dá dtagraítear i mír (aa) d’fho-alt (8) d’alt 35 in imthosca ina gcomhlíontar na coinníollacha a shonraítear sa mhír sin (aa),”,

agus

(b) i bhfomhír (c) den Tábla a ghabhann le fo-alt (6), tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (i):

“(i) i gcás gurb é an foras a luadh an foras a shonraítear i mír 3 den Tábla sin—

(I) nach ndéantar comhaontú infhorfheidhmithe den chineál dá dtagraítear sa mhír sin laistigh den tréimhse 9 mí tar éis don tionónta scor den teaghais a áitiú tar éis an díospóid i ndáil le bailíocht an fhógra foirceanta a chinneadh go críochnaitheach, nó

(II) nach ndéantar comhaontú infhorfheidhmithe den chineál dá dtagraítear sa mhír sin laistigh den tréimhse sin agus nach ndéantar na coinníollacha a shonraítear i mír (aa) d’fho-alt (8) d’alt 35 a chomhlíonadh,”.

Leasú ar Chaibidil 3 de Chuid 5 d’Acht 2004

15. Leasaítear Caibidil 3 de Chuid 5 d’Acht 2004 tríd an alt seo a leanas a chur isteach:

“Ré na tionóntachta chun críocha na Caibidle seo

64B. (1) Chun críocha na Caibidle seo, maidir le tionóntacht faoi Chuid 4 agus aon tionóntacht bhreise faoi Chuid 4 arna déanamh tar éis dul in éag—

(a) don tionóntacht sin faoi Chuid 4, nó

(b) do thionóntacht bhreise faoi Chuid 4,

déileálfar leo mar aon tionóntacht amháin, agus aon tagairtí sa Chaibidil seo do ré na tionóntachta, forléireofar dá réir sin iad.

(2) Ní dochar an t-alt seo d’fho-alt (2) d’alt 61.”.

Leasú ar alt 66 d’Acht 2004

16. (1) Leasaítear alt 66 d’Acht 2004—

(a) i bhfo-alt (2), trí “Faoi réir fho-alt (2A), i gcás” a chur in ionad “I gcás”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) (a) Más rud é, ar ghearán a éisteacht faoi Chuid 6 i leith fógra foirceanta arna sheirbheáil ag tiarna talún nó ag tionónta (an ‘fógra bunaidh’), go ndéanfaidh breithneoir nó an Binse, de réir mar a bheidh, cinneadh—

(i) go bhfuil an fógra bunaidh neamhbhailí mar gheall ar locht atá san fhógra bunaidh nó a tharla le linn an fógra bunaidh a sheirbheáil,

(ii) nach ndéantar dochar, i bponc ábhartha, don fhógra bunaidh de dheasca an lochta lena mbaineann, agus

(iii) go bhfuil an fógra bunaidh de réir fhorálacha an Achta seo thairis sin,

déanfaidh an breithneoir nó an Binse cinneadh breise go bhféadfaidh an tiarna talún nó an tionónta, de réir mar is cuí, an fógra bunaidh a leigheas de réir mhír (b).

(b) Sna himthosca a leagtar amach i mír (a), beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(i) ceadófar don tiarna talún nó don tionónta, de réir mar is cuí, an fógra bunaidh a leigheas chun an locht arna shainaithint ag an mbreithneoir nó ag an mBinse, de réir mar a bheidh, a leasú trí fhógra nua a sheirbheáil (an ‘fógra leigheasta’);

(ii) déanfar an fógra leigheasta a sheirbheáil laistigh de 28 lá ón ordú cinnidh a eisiúint faoi alt 121;

(iii) más rud é, ar dháta seirbheála an fhógra leigheasta, go bhfuil an tréimhse fógra a bheidh le tabhairt leis an bhfógra bunaidh dulta in éag, is 28 lá an tréimhse fógra a bheidh le tabhairt leis an bhfógra leigheasta;

(iv) más rud é, ar dháta seirbheála an fhógra leigheasta, nach bhfuil an tréimhse fógra a bheidh le tabhairt leis an bhfógra bunaidh dulta in éag, is í an tréimhse fógra a bheidh le tabhairt leis an bhfógra leigheasta tréimhse charnach na nithe seo a leanas—

(I) an tréimhse fógra a bheidh le tabhairt leis an bhfógra bunaidh a bheidh gan chaitheamh ar dháta seirbheála an fhógra leigheasta, agus

(II) 28 lá;

(v) tá feidhm ag an gCuid seo, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le fógra leigheasta ar an tslí chéanna a bhfuil feidhm aici maidir le fógra bunaidh;

(vi) ní cheadóidh breithneoir nó Binse don tiarna talún nó don tionónta, de réir mar a bheidh, an fógra bunaidh a leigheas faoi fhomhír (i), más deimhin leis nó léi go ndearna an tiarna talún nó an tionónta, de réir mar a bheidh, go feasach, an fógra bunaidh a sheirbheáil de shárú ar an Acht seo.”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(2B) I gcás go bhfuil feidhm ag an alt seo, ní giorra ná 28 lá an tréimhse fógra a bheidh le tabhairt, i leith tionóntacht dá dtagraítear i bhfo-alt (1A) d’alt 3, ag an tiarna talún nó ag an tionónta agus a bheidh sonraithe san fhógra foirceanta.”,

agus

(d) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad Thábla 1:

“Tiarna Talún d’Fhoirceannadh

Ré na Tionóntachta (1)

Tréimhse Fógra (2)

Is giorra ná 6 mhí

28 lá

Ní giorra ná 6 mhí ach is giorra ná aon bhliain amháin

90 lá

Ní giorra ná aon bhliain amháin ach is giorra ná 3 bliana

120 lá

Ní giorra ná 3 bliana ach is giorra ná 7 mbliana

180 lá

Ní giorra ná 7 mbliana ach is giorra ná 8 mbliana

196 lá

Ní giorra ná 8 mbliana

224 lá

”.

(2) Beidh feidhm ag an leasú ar Thábla 1 a ghabhann le halt 66 d’Acht 2004 faoi fho-alt (1)(d) maidir le tréimhse fógra a bheidh le tabhairt i bhfógra foirceanta arna sheirbheáil ag tiarna talún ar thionónta ar thosach feidhme fho-alt (1) nó dá éis.

(3) Déanfaidh an tAire—

(a) tráth nach luaithe ná 2 bhliain agus nach déanaí ná 3 bliana tar éis d’fho-alt (1) teacht i ngníomh, tús a chur le hathbhreithniú ar oibriú na leasuithe ar alt 66 a dhéantar leis an bhfo-alt sin,

(b) tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis thosach feidhme an athbhreithnithe, tuarascáil i scríbhinn a ullmhú ar fhionnachtana an Aire de thoradh an athbhreithnithe agus ar na tátail a bhain sé nó sí as na fionnachtana, agus

(c) a chur faoi deara cóip den tuarascáil dá dtagraítear i mír (b) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Leasú ar alt 75 d’Acht 2004

17. Leasaítear alt 75 d’Acht 2004, i bhfo-alt (2), trí “de Sceideal 1” a chur in ionad “den Sceideal”.

Leasú ar alt 78 d’Acht 2004

18. Leasaítear alt 78 d’Acht 2004, i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (f):

“(f) líomhain gur fhéach an tiarna talún—

(i) le tionóntacht (seachas tionóntacht dá dtagraítear i bhfo-alt (1A) d’alt 3) a fhoirceannadh ar shlí seachas de réir Chuid 4, nó

(ii) le tionóntacht dá dtagraítear i bhfo-alt (1A) d’alt 3 a fhoirceannadh ar shlí seachas de réir Chuid 5,”.

Leasú ar alt 93 d’Acht 2004

19. (1) Leasaítear alt 93 d’Acht 2004 trí fho-alt (2A) a scriosadh.

(2) Ní bheidh feidhm ag an leasú ar alt 93 d’Acht 2004 faoi fho-alt (1) maidir le hidirghabháil i gcás go mbeidh toiliú na bpáirtithe iarrtha ag an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe faoi alt 93(1) roimh thosach feidhme fho-alt (1).

Leasú ar alt 109 d’Acht 2004

20. Leasaítear alt 109 d’Acht 2004, i bhfo-alt (2)(c), trí “seachas an nós imeachta dá dtagraítear in alt 93(1) agus 93(2)” a scriosadh.

Leasú ar alt 123 d’Acht 2004

21. Leasaítear alt 123 d’Acht 2004, i bhfo-alt (7), trí “Déanfaidh” a chur in ionad “Féadfaidh”.

Leasú ar alt 134 d’Acht 2004

22. (1) Leasaítear alt 134 d’Acht 2004—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Déanfaidh tiarna talún teaghaise iarratas chun an Bhoird de réir na Coda seo chun tionóntacht na teaghaise a chlárú—

(a) ar thosach na tionóntachta, agus

(b) go bliantúil le linn na tionóntachta.”,

(b) i bhfo-alt (2)—

(i) trí “faoi mhír (a) d’fho-alt (1)” a chur in ionad “faoin alt seo”,

(ii) trí “(seachas tionóntacht lena mbaineann mír (aa))” a chur isteach i mír (a) i ndiaidh “i gcás tionóntachta”,

(iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach:

“(aa) i gcás tionóntacht lena mbaineann fo-alt (1A) d’alt 3 agus a thosaíonn le linn na tréimhse 3 mhí ó thosach feidhme alt 3 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019 , tráth nach déanaí ná 4 mhí ó thosach na tionóntachta, agus”,

agus

(iv) trí “agus tionóntacht lena mbaineann fo-alt (1A) d’alt 3 agus a thosaíonn tar éis na tréimhse 3 mhí ó thosach feidhme alt 3 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019” a chur isteach i mír (b) i ndiaidh “a thosaigh roimh an Acht seo a rith”,

(c) i bhfo-alt (2A), trí “faoi mhír (a) d’fho-alt (1)” a chur in ionad “faoin alt seo” gach áit a bhfuil sé,

(d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A):

“(2B) Déanfar iarratas faoi fho-alt (1)(b) laistigh de 1 mhí ó gach dáta ar cothromdháta thosach na tionóntachta é.

(2C) Comhlíonfaidh tiarna talún fo-alt (1) i leith tionóntacht arna tosú roimh nó ar thosach feidhme alt 22 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019 , nó dá éis.”,

(e) i bhfo-alt (3)(b)—

(i) trí “faoi réir fho-alt (4)” a chur in ionad “faoi réir fho-ailt (4) agus (7)”,

(ii) i bhfomhír (i), trí “in alt 137(1)” a chur in ionad “in alt 137(1)(b)(ii)”, agus

(iii) i bhfomhír (ii), trí “in alt 137A(1)” a chur in ionad “in alt 137A(1)(a) nó, de réir mar a bheidh, an táille a shonraítear in alt 137A(1)(b)”,

(f) i bhfo-alt (4), trí “i mír (a), (aa) nó (b) d’fho-alt (2), i mír (a), (b) nó (c) d’fho-alt (2A) nó i bhfo-alt (2B)” a chur in ionad “i bhfo-alt (2)(a), (2)(b), (2A)(i), (2A)(ii) nó (2A)(iii)”, agus

(g) i bhfo-alt (5), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) go mbeidh iarratas, a mbeidh an táille a shonraítear in alt 137(1) ag gabháil leis más de bhun fho-alt (2) nó (2B) a dhéantar é, nó a mbeidh an táille a shonraítear in alt 137A(1) ag gabháil leis más de bhun fho-alt (2A) nó (2B) a dhéantar é, déanta ag an iarratasóir i leith na teaghaise iomchuí laistigh den tréimhse a shonraítear i mír (a), (aa) nó (b) d’fho-alt (2), i mír (a), (b) nó (c) d’fho-alt (2A), nó i bhfo-alt (2B),”.

(2)(a) I ndáil le hiarratas faoi fho-alt (1)(a) (a chuirtear isteach le fo-alt (1)) d’alt 134, má thiteann dáta thosach na tionóntachta laistigh de 3 mhí ó thosach feidhme fho-alt (1), déanfaidh an tiarna talún an t-iarratas faoi fho-alt (1)(a) d’alt 134, arna chur isteach amhlaidh, laistigh de 4 mhí ó thosach feidhme fho-alt (1) agus is ionann an t-iarratas sin agus comhlíonadh fho-alt (2)(b)(ii)(II) d’alt 134.

(b) I ndáil leis an gcéad iarratas faoi fho-alt (1)(b) (a chuirtear isteach le fo-alt (1)) d’alt 134, má thiteann cothromdháta dháta thosach na tionóntachta laistigh de 3 mhí ó thosach feidhme fho-alt (1), déanfaidh an tiarna talún an t-iarratas faoi fho-alt (1)(b) d’alt 134, arna chur isteach amhlaidh, laistigh de 4 mhí ó thosach feidhme fho-alt (1) agus is ionann an t-iarratas sin agus comhlíonadh fho-alt (2B) (a chuirtear isteach le fho-alt (1)) d’fho-alt 134.

Leasú ar alt 135 d’Acht 2004

23. Leasaítear alt 135 d’Acht 2004—

(a) trí fho-alt (1) a scriosadh, agus

(b) i bhfomhír (i) de mhír (e) d’fho-alt (4)—

(i) tríd an gclásal seo a leanas a chur isteach—

“(IA) an oibleagáid atá ar an tiarna talún táillí a íoc leis an mBord ar iarratas chun tionóntacht a chlárú ar thosach na tionóntachta agus go bliantúil le linn na tionóntachta,”,

(ii) tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (II):

“(II) ráthaíocht tionachta faoi Chuid 4 (seachas i gcás tionóntacht dá dtagraítear i bhfo-alt (1A) d’alt 3),”,

agus

(iii) trí na clásail seo a leanas a chur in ionad chlásal (III):

“(III) foirceannadh tionóntachtaí (seachas tionóntachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1A) d’alt 3) faoi Chuid 4, agus

(IV) foirceannadh tionóntachtaí faoi Chuid 5,”.

Leasú ar alt 136 d’Acht 2004

24. Leasaítear alt 136 d’Acht 2004 i bhfo-alt (1)—

(a) i mír (b), trí “ainm an tiarna talún, an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an tiarna talún, aon seoladh eile le haghaidh comhfhreagrais ar mian leis an tiarna talún é a sholáthar agus uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (más ann) an tiarna talún” a chur in ionad “ainm, seoladh le haghaidh comhfhreagrais agus uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (más ann) an tiarna talún”, agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(ba) má bhaineann an t-iarratas le clárú ar thosach tionóntachta nó le clárú bliantúil le linn tionóntachta,”.

Leasú ar alt 137 d’Acht 2004

25. (1) Leasaítear alt 137 d’Acht 2004—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1)(a) Faoi réir fho-ailt (2) agus (6) agus alt 137A, maidir leis an táille a bheidh ag gabháil le hiarratas faoi alt 134—

(i) i gcás iarratas (seachas iarratas dá dtagraítear i mír (b)) arna dhéanamh le linn na tréimhse 12 mhí tar éis thosach feidhme alt 25 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019 , is éard a bheidh inti €40, agus

(ii) i gcás iarratas (seachas iarratas dá dtagraítear i mír (b)) arna dhéanamh tar éis na tréimhse sin—

(I) is éard a bheidh inti €40, nó

(II) i gcás go mbeidh méid arna dhearbhú de thuras na huaire faoi fho-alt (1) d’alt 138 chun críocha na míre seo, is éard a bheidh inti táille den mhéid sin.

(b) Faoi réir fho-ailt (2) agus (6) agus alt 137A, maidir leis an táille a bheidh ag gabháil le hiarratas faoi alt 134—

(i) i gcás iarratas i leith tionóntacht lena mbaineann fo-alt (1A) d’alt 3 arna dhéanamh le linn na tréimhse 12 mhí tar éis thosach feidhme alt 3 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019 , is éard a bheidh inti €40, nó

(ii) i gcás iarratas i leith tionóntacht lena mbaineann fo-alt (1A) d’alt 3 arna dhéanamh tar éis na tréimhse sin—

(I) is éard a bheidh inti €40, nó

(II) i gcás go mbeidh méid arna dhearbhú de thuras na huaire faoi fho-alt (1) d’alt 138 chun críocha na míre seo, is éard a bheidh inti táille den mhéid sin.”,

(b) i bhfo-alt (2), trí “go mbeidh táille dá dtagraítear i bhfo-alt (1)” a chur in ionad “táille a shonraítear san alt seo a bheith”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4)(a) Maidir le méid na táille aonair dá dtagraítear i bhfo-alt (2)—

(i) más iarratais (seachas iarratas dá dtagraítear i mír (b)) arna ndéanamh le linn na tréimhse 12 mhí tar éis thosach feidhme alt 25 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019 iad na hiarratais lena mbaineann, is éard a bheidh ann €170, nó

(ii) más iarratais (seachas iarratas dá dtagraítear i mír (b)) arna ndéanamh tar éis na tréimhse sin iad na hiarratais lena mbaineann—

(I) is éard a bheidh ann €170, nó

(II) i gcás go mbeidh méid arna dhearbhú de thuras na huaire faoi fho-alt (1) d’alt 138 chun críocha na míre seo, is éard a bheidh ann táille den mhéid sin.

(b) Maidir le méid na táille aonair dá dtagraítear i bhfo-alt (2)—

(i) más iarratais i leith tionóntacht lena mbaineann fo-alt (1A) d’alt 3 arna ndéanamh le linn na tréimhse 12 mhí tar éis thosach feidhme alt 3 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019 iad na hiarratais lena mbaineann, is éard a bheidh ann €170, nó

(ii) más iarratais i leith tionóntacht lena mbaineann fo-alt (1A) d’alt 3 arna ndéanamh tar éis na tréimhse sin iad na hiarratais lena mbaineann—

(I) is éard a bheidh ann €170, nó

(II) i gcás go mbeidh méid arna dhearbhú de thuras na huaire faoi fho-alt (1) d’alt 138 chun críocha na míre seo, is éard a bheidh ann táille den mhéid sin.”,

(d) i bhfo-alt (5), trí “i bhfo-alt (2) nó (2B) d’alt 134” a chur in ionad “in alt 134 (2)(a) nó (b)”,

(e) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Maidir le hiarratas faoi fho-alt (1) d’alt 134, más iarratas é arna dhéanamh tar éis dul in éag don tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (2) nó i bhfo-alt (2B), de réir mar is cuí, is éard a bheidh sa táille a cheanglaítear a bheith ag gabháil leis an iarratas sin cibé méid atá ar cóimhéid le comhiomlán na méideanna seo a leanas—

(a) an táille arbh iníoctha í dá mba rud é go ndearnadh an t-iarratas sula ndeachaigh an tréimhse sin in éag, agus

(b) €10 i leith gach míosa nó cuid de mhí a bheidh ann tar éis an dul in éag sin.”.

(2) Ní bheidh feidhm ag an leasú ar alt 137 d’Acht 2004 a dhéantar leis an alt seo i ndáil le hiarratas faoi fho-alt (1) d’alt 134 arna dhéanamh tar éis thosach feidhme an ailt seo agus a ceanglaíodh a dhéanamh aon tráth roimh an tosach feidhme sin.

Leasú ar alt 137A d’Acht 2004

26. (1) Leasaítear alt 137A d’Acht 2004—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (6), maidir leis an táille a cheanglaítear a bheith ag gabháil le hiarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (2A) d’alt 134—

(a) i gcás iarratas arna dhéanamh le linn na tréimhse 12 mhí tar éis thosach feidhme alt 26 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019, is éard a bheidh inti €20, nó

(b) i gcás iarratas arna dhéanamh tar éis na tréimhse sin—

(i) is éard a bheidh inti €20, nó

(ii) i gcás go mbeidh méid arna dhearbhú de thuras na huaire faoi fho-alt (1) d’alt 138 chun críocha na míre seo, is éard a bheidh inti táille den mhéid sin.”,

(b) i bhfo-alt (2), trí “go mbeidh táille dá dtagraítear i bhfo-alt (1)” a chur in ionad “táille a shonraítear san alt seo a bheith”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Maidir le méid na táille aonair dá dtagraítear i bhfo-alt (2)—

(a) más iarratais arna ndéanamh le linn na tréimhse 12 mhí tar éis thosach feidhme alt 26 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019 iad na hiarratais lena mbaineann, is éard a bheidh ann €85, nó

(b) más iarratais arna ndéanamh tar éis na tréimhse sin iad na hiarratais lena mbaineann—

(i) is éard a bheidh ann €85, nó

(ii) i gcás go mbeidh méid arna dhearbhú de thuras na huaire faoi fho-alt (1) d’alt 138 chun críocha na míre seo, is éard a bheidh ann táille den mhéid sin.”,

(d) i bhfo-alt (5), trí “i bhfo-alt (2A) nó (2B), de réir mar is cuí, d’alt 134” a chur in ionad “i mír (a), (b) nó (c) d’alt 134(2A)”, agus

(e) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Maidir le hiarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (2A) d’alt 134, más iarratas é arna dhéanamh tar éis dul in éag don tréimhse a shonraítear san fho-alt sin, is éard a bheidh sa táille a cheanglaítear a bheith ag gabháil leis an iarratas sin cibé méid atá ar cóimhéid le comhiomlán na méideanna seo a leanas—

(a) an táille arbh iníoctha í dá mba rud é go ndearnadh an t-iarratas sula ndeachaigh an tréimhse sin in éag, agus

(b) €5 i leith gach míosa nó cuid de mhí a bheidh ann tar éis an dul in éag sin.”.

(2) Ní bheidh feidhm ag an leasú ar alt 137A d’Acht 2004 a dhéantar leis an alt seo i ndáil le hiarratas lena mbaineann fo-alt (2A) d’alt 134 arna dhéanamh tar éis thosach feidhme an ailt seo agus a ceanglaíodh a dhéanamh aon tráth roimh an tosach feidhme sin.

Forfheidhmiú an cheanglais maidir le sonraí a nuashonrú

27. Leasaítear Acht 2004 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 144:

“144A. (1) Déanfaidh an Bord, a luaithe is indéanta tar éis dó teacht ar an tuairim gur mhainnigh tiarna talún faoi thionóntacht alt 139(1) a chomhlíonadh, an fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a sheirbheáil.

(2) Maidir leis an bhfógra—

(a) déanfar tuairim an Bhoird a chur in iúl don tiarna talún ann, agus

(b) iarrfar ar an tiarna talún ann na nithe seo a leanas a dhéanamh laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra—

(i) alt 139(1) a chomhlíonadh, nó

(ii) na cúiseanna a thabhairt don Bhord ar a measann an tiarna talún (más amhlaidh atá an cás) nach bhfuil bonn leis an tuairim.

(3) Más rud é, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra—

(a) nach ndéanfaidh an tiarna talún alt 139(1) a chomhlíonadh, nó

(b) nach ndéanfaidh an tiarna talún na cúiseanna a thabhairt don Bhord nó go ndéanfaidh sé nó sí cúiseanna a thabhairt don Bhord nach bhfágann go n-athraíonn an Bord a thuairim,

déanfaidh an Bord fógra breise a sheirbheáil ar an tiarna talún ina luafar go gceanglaítear ar an tiarna talún alt 139(1) a chomhlíonadh agus nach bhfuil athrú tagtha ar thuairim an Bhoird agus gurb amhlaidh, má mhainníonn sé nó sí déanamh amhlaidh laistigh de 14 lá ón dáta a gheobhaidh sé nó sí an fógra, go mbeidh an tiarna talún ciontach i gcion.

(4) Aon duine a mhainneoidh déanamh de réir fógra faoi fho-alt (3) laistigh de 14 lá ón dáta a gheobhaidh sé nó sí an fógra, beidh sé nó sí ciontach i gcion.”.

Cuid 7A d’Acht 2004

28. Leasaítear Acht 2004 tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 7:

“Cuid 7A

Gearáin, Imscrúduithe agus Smachtbhannaí

Léiriú (Cuid 7A)

148R. Sa Chuid seo—

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ duine arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 164A chun bheith ina oifigeach údaraithe nó ina hoifigeach údaraithe;

ciallaíonn ‘gearánach’ duine a dhéanann gearán faoi alt 148T;

ciallaíonn ‘cinnteoir’ duine arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 164A chun bheith ina chinnteoir nó ina cinnteoir;

ciallaíonn ‘fógra i dtaobh breithe’ fógra arna thabhairt ag an mBord faoi alt 148Y;

ciallaíonn ‘iompar míchuí’, i ndáil le tiarna talún, iompar a shonraítear i Sceideal 2;

ciallaíonn ‘imscrúdú’ imscrúdú faoi alt 148X;

ciallaíonn ‘tuarascáil ar imscrúdú’, i ndáil le himscrúdú, tuarascáil i scríbhinn, tar éis don imscrúdú a bheith críochnaithe ag an oifigeach údaraithe arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 148U(1) chun an t-imscrúdú a dhéanamh;

tá le ‘taifid’ an bhrí a shanntar dó le halt 148S(19);

tá le ‘smachtbhanna’ an bhrí a shanntar dó le halt 148X(11).

Cumhachtaí oifigigh údaraithe

148S. (1) D’fhonn imscrúdú a dhéanamh—

(a) faoi réir fho-ailt (12) agus (13), féadfaidh oifigeach údaraithe, gach tráth réasúnach, dul isteach in aon áitreabh a bhfuil forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go bhfuil aon ghníomhaíocht i dtaca le ligean teaghaise nó tionóntacht teaghaise á seoladh ann agus aon áitreabh den sórt sin a iniúchadh, a scrúdú agus a chuardach,

(b) féadfaidh oifigeach údaraithe, san áitreabh sin, iniúchadh a dhéanamh ar thaifid a bhaineann leis an ngníomhaíocht dá dtagraítear i mír (a) a dtiocfaidh sé nó sí orthu nó a sholáthrófar dó nó di i gcúrsa a iniúchta nó a hiniúchta agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu,

(c) féadfaidh oifigeach údaraithe aon taifid den sórt sin a thabhairt chun siúil ón áitreabh agus iad a choinneáil ar feadh cibé tréimhse is dóigh leis nó léi le réasún is gá chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin gCuid seo,

(d) féadfaidh oifigeach údaraithe a cheangal ar aon duine san áitreabh nó ar úinéir an áitribh nó ar an duine atá i bhfeighil an áitribh agus ar aon duine atá fostaithe ann cibé cúnamh agus faisnéis a thabhairt dó nó di agus cibé taifid a thabhairt ar aird dó nó di (agus i gcás taifid i bhfoirm neamh-inléite, atáirgeadh inléite den chéanna a thabhairt ar aird dó nó di) atá i seilbh, nó faoi urláimh, an duine sin nó ar fáil don duine sin, agus a bheidh ag teastáil ón oifigeach údaraithe le réasún chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin gCuid seo,

(e) féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a bheith i dteannta oifigeach údaraithe má bhíonn cúis réasúnach le brath go gcuirfear mórbhac ar bith ar chomhlíonadh aon fheidhmeanna de chuid an oifigigh údaraithe faoin bhfo-alt seo, agus

(f) féadfaidh oifigeach údaraithe a cheangal ar thiarna talún míniú a thabhairt ar bhreith, cur chuige, córas nó cleachtas nó ar chineál nó ábhar aon taifead.

(2) Sonrófar i gceanglas faoi mhír (d) nó (f) d’fho-alt (1) tréimhse ar laistigh di a bheidh, nó dáta agus tráth ar a mbeidh, an ceanglas le comhlíonadh ag an duine is ábhar don cheanglas.

(3) Chun críoch imscrúdaithe, féadfaidh oifigeach údaraithe—

(a) a cheangal ar dhuine a bhfuil, i dtuairim an oifigigh údaraithe—

(i) faisnéis atá iomchuí maidir leis an imscrúdú ina sheilbh aige nó ina seilbh aici, nó

(ii) aon taifid ina sheilbh nó ina seilbh, nó faoina urláimh nó faoina hurláimh, ag an duine sin nó ar fáil don duine sin, is taifid a bheidh ag teastáil le réasún ón oifigeach údaraithe chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin gCuid seo,

an fhaisnéis sin nó na taifid sin, de réir mar a bheidh, a sholáthar don oifigeach údaraithe, agus

(b) i gcás gur cuí leis an oifigeach údaraithe é, a cheangal ar an duine sin teacht i láthair os comhair an oifigigh údaraithe chun an fhaisnéis sin nó na taifid sin, de réir mar a bheidh, a sholáthar amhlaidh.

(4) Comhlíonfaidh an duine is ábhar do cheanglas faoi fho-alt (3) an ceanglas.

(5) Sonrófar i gceanglas faoi fho-alt (3)—

(a) tréimhse ar laistigh di a bheidh, nó dáta agus tráth ar a mbeidh, an ceanglas le comhlíonadh ag an duine is ábhar don cheanglas, agus

(b) de réir mar is cuí leis an oifigeach údaraithe lena mbaineann—

(i) an áit ag a dtiocfaidh an duine i láthair chun an fhaisnéis lena mbaineann a thabhairt nó chuig a ndéanfaidh an duine na taifid lena mbaineann a sheachadadh, nó

(ii) an áit ar chuici a chuirfidh an duine an fhaisnéis nó na taifid lena mbaineann.

(6) Aon duine ar a gceanglófar teacht i láthair os comhair oifigeach údaraithe faoi fho-alt (3)(b)—

(a) ceanglófar freisin air nó uirthi aon cheist a chuirfidh an t-oifigeach údaraithe ar an duine a fhreagairt go hiomlán agus go fírinneach, agus

(b) má cheanglaíonn an t-oifigeach údaraithe air nó uirthi amhlaidh, freagróidh sé nó sí aon cheist den sórt sin faoi mhionn nó faoi dhearbhasc.

(7) I gcás gur dealraitheach d’oifigeach údaraithe gur mhainnigh duine ceanglas faoi fho-alt (1), (3) nó (6) a chomhlíonadh nó a chomhlíonadh go hiomlán, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, iar bhfógra don duine sin agus le toiliú an Bhoird, iarratas a dhéanamh ar mhodh achomair chun na Cúirte Dúiche ar ordú faoi fho-alt (8).

(8) Más deimhin leis an gCúirt Dúiche, tar éis di an t-iarratas a éisteacht, gur mhainnigh an duine an ceanglas atá i gceist a chomhlíonadh nó a chomhlíonadh go hiomlán, féadfaidh an Chúirt Dúiche, faoi réir fho-alt (11), ordú a dhéanamh lena gceanglófar ar an duine sin an ceanglas a chomhlíonadh nó a chomhlíonadh go hiomlán, de réir mar a bheidh, laistigh de thréimhse a shonróidh an Chúirt.

(9) Údaraítear leis seo d’oifigeach údaraithe duine a chur faoi mhionn dá dtagraítear i bhfo-alt (6)(b).

(10) Ní bheidh aon ráiteas arna dhéanamh ná admháil arna déanamh ag duine de bhun ceanglas faoi fho-alt (1), (3) nó (6) inghlactha i gcoinne an duine sin in imeachtaí coiriúla seachas in imeachtaí coiriúla i leith cion faoi fho-alt (16), agus déanfaidh an t-oifigeach údaraithe lena mbaineann é sin a mhíniú don duine i ngnáthchaint.

(11) Ní mheasfar go gcuirtear iallach le haon ní san alt seo ar aon duine aon taifid a thabhairt ar aird a mbeadh sé nó sí díolmhaithe óna dtabhairt ar aird in imeachtaí i gcúirt ar fhoras pribhléide gairmiúla dlíthiúla.

(12) Ní rachaidh oifigeach údaraithe, ach amháin le toiliú an áititheora, isteach i dteaghais phríobháideach, gan barántas arna eisiúint faoi fho-alt (13) á údarú dó nó di dul isteach.

(13) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche, más deimhin leis nó léi ar fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach údaraithe—

(a) go bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go bhfuil aon fhaisnéis nó taifid, a bheidh ag teastáil le réasún ón oifigeach údaraithe chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin gCuid seo, á sealbhú in aon áitreabh nó in aon chuid d’aon áitreabh, agus

(b) gur coisceadh ar oifigeach údaraithe, le linn a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin bhfo-alt seo a chomhlíonadh, dul isteach san áitreabh nó in aon chuid de,

barántas a eisiúint á údarú don oifigeach údaraithe, agus daoine eile ina theannta nó ina teannta, más gá, aon tráth nó tráthanna laistigh de 30 lá ó dháta eisiúna an bharántais, agus ar an mbarántas a thabhairt ar aird má iarrtar air nó uirthi amhlaidh, dul isteach, le forneart réasúnach más gá, san áitreabh nó sa chuid den áitreabh lena mbaineann, agus gach ceann nó aon cheann de na feidhmeanna a thugtar don oifigeach údaraithe faoin alt seo a chomhlíonadh.

(14) Chun críoch imscrúdaithe, féadfaidh oifigeach údaraithe, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, dá dheoin féin nó dá deoin féin, nó ar iarratas ón tiarna talún lena mbaineann an t-imscrúdú, éisteacht ó bhéal a sheoladh.

(15) Beidh éifeacht le Cuid 1 de Sceideal 3 chun críoch éisteachta ó bhéal dá dtagraítear i bhfo-alt (14).

(16) Faoi réir fho-alt (10), aon duine—

(a) a choimeádann siar, a dhíothaíonn nó a cheileann aon fhaisnéis nó aon taifid a bheidh ag teastáil chun críoch imscrúdaithe, nó a dhiúltaíonn an céanna a sholáthar,

(b) a mhainníonn nó a dhiúltaíonn aon cheanglas de chuid oifigeach údaraithe faoin alt seo a chomhlíonadh, nó

(c) a choisceann nó a bhacann oifigeach údaraithe, ar shlí eile, le linn dó nó di feidhmeanna arna bhforchur faoin gCuid seo a chomhlíonadh,

tá sé nó sí ciontach i gcion agus dlitear—

(i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(17) Maidir le hiarratas faoi fho-alt (7), is chuig breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don Dúiche Cúirte Dúiche ina bhfuil cónaí ar an duine arb ina leith a dhéantar an t-iarratas, nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, trádáil nó gnó, a dhéanfar é.

(18) Maidir le hiarratas ar bharántas faoi fho-alt (13), is chuig breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don Dúiche Cúirte Dúiche ina bhfuil an t-áitreabh, arb ina leith a dhéantar an t-iarratas, suite a dhéanfar é.

(19) San alt seo, folaíonn ‘taifid’ leabhair, cuntais nó doiciméid eile nó aon ábhar scríofa nó clóite nó cóipeanna den chéanna, i bhfoirm ar bith lena n-áirítear ábhar arna chruthú, arna stóráil, arna chothabháil nó arna chaomhnú trí aon fheiste mheicniúil nó leictreonach, cibé acu atá nó nach bhfuil sé á chruthú, á stóráil, á chothabháil nó á chaomhnú i bhfoirm neamh-inléite.

Gearán

148T. (1) Féadfaidh duine (dá ngairtear ‘gearánach’ san alt seo) gearán i scríbhinn a dhéanamh leis an mBord á líomhain go raibh nó go bhfuil tiarna talún ag gabháil d’iompar míchuí.

(2) I gcás go bhfaighidh an Bord gearán, cuirfidh sé faoi deara imscrúdú i dtaobh an ní is ábhar don ghearán a dhéanamh, mura rud é, tar éis cibé fiosruithe a dhéanamh is cuí leis, gur deimhin leis an mBord—

(a) nach bhfuil faisnéis leordhóthanach soláthartha leis an ngearán chun a chumasú don Bhord teacht ar thuairim i dtaobh ar chóir an gearán a imscrúdú,

(b) nach mbaineann an gearán le hiompar míchuí,

(c) nach de mheon macánta a dhéantar an gearán,

(d) go bhfuil an gearán suaibhreosach nó cráiteach nó gan substaint ná foras, nó

(e) gur chóir an gearán a tharchur chuig an mBord lena réiteach faoi Chuid 6.

(3) I gcás go dtabharfaidh an Bord breith go dtagann gearán faoi réim mhír (a), (b), (c), (d) nó (e) d’fho-alt (2), tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don ghearánach agus don tiarna talún i dtaobh na breithe agus i dtaobh na gcúiseanna atá leis an mbreith.

(4) I gcás go ndéanfaidh gearánach gearán a tharraingt siar sula mbeidh breith tugtha ag an gcinnteoir faoi alt 148X(4) nó (5), féadfaidh an Bord leanúint ar aghaidh amhail is nár tarraingíodh siar an gearán más deimhin leis an mBord go bhfuil cúis mhaith leordhóthanach ann déanamh amhlaidh.

(5) Más rud é, de bhun fho-alt (4), go leanfaidh an Bord ar aghaidh amhail is nár tarraingíodh siar gearán, pléifear, air sin, leis an imscrúdú lena mbaineann mar imscrúdú arna thionscnamh ag an mBord, agus forléireofar forálacha eile den Chuid seo dá réir sin.

Oifigeach údaraithe agus cinnteoir le ceapadh ag an mBord

148U. (1) Faoi réir alt 148T(2) agus (4), déanfaidh an Bord, tar éis gearán a fháil, agus féadfaidh sé, dá dheoin féin, a chur faoi deara imscrúdú a dhéanamh agus breith a thabhairt air faoin gCuid seo agus, chun na críche sin, ceapfaidh sé oifigeach údaraithe agus cinnteoir.

(2) Féadfaidh an Bord níos mó ná oifigeach údaraithe amháin a cheapadh chun imscrúdú a dhéanamh ach, in aon chás den sórt sin, déanfaidh na hoifigigh údaraithe a cheapfar amhlaidh an tuarascáil ar imscrúdú lena mbaineann a ullmhú i gcomhar, agus déanfar na forálacha eile den Chuid seo, fairis na modhnuithe go léir is gá, a fhorléiriú dá réir sin.

(3) Féadfar, le téarmaí ceapacháin oifigigh údaraithe, scóip an imscrúdaithe a bheidh le déanamh ag an oifigeach údaraithe a mhíniú, cibé acu maidir leis na nithe nó leis an tréimhse a mbeidh réim ag an imscrúdú maidir leo nó léi nó maidir le nithe eile, agus, go háirithe, féadfar an t-imscrúdú a theorannú leo do nithe a bhaineann le himthosca áirithe.

Fógra i dtaobh imscrúdaithe

148V. (1) Déanfaidh an t-oifigeach údaraithe arna cheapadh nó arna ceapadh ag an mBord faoi alt 148U, faoi réir fho-alt (2), a luaithe is indéanta tar éis é nó í a cheapadh amhlaidh—

(a) más rud é go n-eascraíonn an t-imscrúdú tar éis don Bhord gearán a fháil—

(i) fógra i scríbhinn a thabhairt don tiarna talún a mbaineann an gearán lena iompar míchuí nó lena hiompar míchuí á rá go bhfuarthas an gearán agus ina leagfar amach sonraí an ghearáin,

(ii) cóipeanna d’aon doiciméid is iomchuí maidir leis an imscrúdú a thabhairt don tiarna talún, agus

(iii) gan dochar do ghinearáltacht alt 148S, deis a thabhairt don tiarna talún freagra a thabhairt ar an ngearán, laistigh de 21 lá ón dáta ar a bhfuair an tiarna talún an fógra dá dtagraítear i bhfo-mhír (i), nó laistigh de cibé tréimhse bhreise nach faide ná 21 lá a cheadóidh an t-oifigeach údaraithe,

(b) más de dheoin an Bhoird a eascraíonn an t-imscrúdú—

(i) fógra i scríbhinn a thabhairt don tiarna talún lena mbaineann i dtaobh na nithe lena mbaineann an t-imscrúdú,

(ii) cóipeanna d’aon doiciméid is iomchuí maidir leis an imscrúdú a thabhairt don tiarna talún, agus

(iii) gan dochar do ghinearáltacht alt 148S, deis a thabhairt don tiarna talún freagra a thabhairt ar an ní lena mbaineann an t-imscrúdú, laistigh de 21 lá ón dáta ar a bhfuair an tiarna talún an fógra dá dtagraítear i bhfo-mhír (i), nó laistigh de cibé tréimhse bhreise nach faide ná 21 lá a cheadóidh an t-oifigeach údaraithe.

(2) Cuirfear in iúl don tiarna talún san fhógra faoi mhír (a) nó (b) d’fho-alt (1) go bhféadfaidh sé nó sí sárú faoi alt 148W a admháil.

(3) Más rud é go n-eascraíonn imscrúdú tar éis don Bhord gearán a fháil, déanfaidh an t-oifigeach údaraithe a bheidh ceaptha chun an t-imscrúdú a dhéanamh—

(a) a luaithe is indéanta, cóip den fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a)(i) a thabhairt don ghearánach, ar fógra é a bheidh tugtha don tiarna talún a mbaineann an gearán lena iompar míchuí nó lena hiompar míchuí, agus

(b) iarrachtaí réasúnacha chun a chinntiú go gcoimeádfar an gearánach ar an eolas maidir le dul chun cinn i ndáil leis an imscrúdú.

Sárú a admháil

148W. (1) Féadfaidh tiarna talún, laistigh de 21 lá tar éis dó nó di fógra faoi alt 148V(1) a fháil, a admháil don oifigeach údaraithe go raibh nó go bhfuil an tiarna talún ag gabháil d’iompar míchuí.

(2) Ar admháil ón tiarna talún a fháil faoi fho-alt (1), déanfaidh an t-oifigeach údaraithe cóip den fhógra a bheidh tugtha don tiarna talún faoi mhír (a) nó (b) d’alt 148V(1), mar aon leis an admháil ón tiarna talún, a chur faoi bhráid an chinnteora arna cheapadh nó arna ceapadh ag an mBord faoi alt 148U.

(3) Tar éis dó nó di na doiciméid agus an fhaisnéis a fháil faoi fho-alt (2), cinnfidh an cinnteoir, de réir na Coda seo, an smachtbhanna a fhorchuirfear, más ann go bhforchuirfear aon smachtbhanna, ar an tiarna talún.

Tuarascáil ar imscrúdú agus an bhreith

148X. (1) Faoi réir fho-alt (3), i gcás go mbeidh imscrúdú críochnaithe ag oifigeach údaraithe, déanfaidh an t-oifigeach údaraithe, a luaithe is indéanta tar éis breithniú a dhéanamh, sa mhéid go mbeidh siad iomchuí maidir leis an imscrúdú, ar aon fhaisnéis nó taifid arna soláthar don oifigeach údaraithe de bhun aon cheanglas faoi alt 148S, ar aon ráiteas arna dhéanamh, nó ar aon admháil arna déanamh, ag aon duine de bhun aon cheanglas faoin alt sin, ar aon aighneachtaí arna ndéanamh agus ar aon fhianaise arna tíolacadh (cibé acu ag éisteacht ó bhéal dá dtagraítear in alt 148S(14) nó ar shlí eile)—

(a) dréacht den tuarascáil ar imscrúdú a ullmhú, agus

(b) na nithe seo a leanas a thabhairt don tiarna talún lena mbaineann an t-imscrúdú agus, más rud é gur eascair an t-imscrúdú tar éis gearán a fháil, don ghearánach—

(i) cóip den dréacht den tuarascáil ar imscrúdú,

(ii) cóip den alt seo, agus

(iii) fógra i scríbhinn ina luafar go bhféadfaidh an tiarna talún agus an gearánach (más ann) araon, tráth nach déanaí ná 21 lá ón dáta ar a bhfuair siad faoi seach an fógra, nó cibé tréimhse bhreise nach faide ná 21 lá a cheadóidh an t-oifigeach údaraithe, aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh chuig an oifigeach údaraithe maidir leis an dréacht den tuarascáil ar imscrúdú.

(2) Faoi réir fho-alt (3), maidir le hoifigeach údaraithe a mbeidh fo-alt (1) comhlíonta aige nó aici, déanfaidh sé nó sí, a luaithe is indéanta—

(a) tar éis dul in éag don tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b)(iii), agus

(b) tar éis dó nó di—

(i) breithniú a dhéanamh ar na haighneachtaí (más ann) dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b)(iii) a rinneadh roimh dhul in éag don tréimhse sin maidir leis an dréacht den tuarascáil ar imscrúdú lena mbaineann, agus

(ii) aon athleasú a dhéanamh ar an dréacht den tuarascáil ar imscrúdú is cóir a dhéanamh i dtuairim an oifigigh údaraithe tar éis an bhreithnithe sin,

an fhoirm chríochnaitheach den tuarascáil ar imscrúdú a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an chinnteora arna cheapadh nó arna ceapadh ag an mBord faoi alt 148U fara aon aighneachtaí den sórt sin a bheidh i gceangal leis an tuarascáil.

(3) I gcás go luafaidh oifigeach údaraithe, cibé acu i ndréacht den tuarascáil ar imscrúdú nó san fhoirm chríochnaitheach den tuarascáil ar imscrúdú, gur deimhin leis nó léi go raibh nó go bhfuil an tiarna talún ag gabháil d’iompar míchuí, ní dhéanfaidh an t-oifigeach údaraithe aon mholadh sa tuarascáil, ná ní nochtfaidh sé nó sí aon tuairim inti, maidir leis an smachtbhanna a mheasann sé nó sí ba chóir a fhorchur ar an tiarna talún i leith an iompair mhíchuí sin i gcás inar deimhin leis an gcinnteoir freisin go raibh nó go bhfuil an tiarna talún ag gabháil d’iompar míchuí.

(4) Faoi réir fho-alt (6), i gcás go mbeidh breithniú déanta ag an gcinnteoir ar thuarascáil ar imscrúdú (agus ar aon aighneachtaí a bheidh i gceangal léi) arna cur faoina bhráid nó faoina bráid faoi fho-alt (2), tabharfaidh sé nó sí breith chun ceann amháin de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) más deimhin leis nó léi go raibh nó go bhfuil an tiarna talún ag gabháil d’iompar míchuí, féadfaidh sé nó sí, faoi réir fho-alt (9) agus alt 148Z, smachtbhanna a fhorchur ar an tiarna talún de réir mar is cuí leis nó léi in imthosca an cháis;

(b) mura deimhin leis nó léi go raibh nó go bhfuil an tiarna talún ag gabháil d’iompar míchuí ach i gcás gurb é a thuairim nó a tuairim gur cóir imscrúdú breise a dhéanamh ar an tiarna talún, ordóidh sé nó sí don Bhord a chur faoi deara imscrúdú breise a dhéanamh ar na nithe, ar cheart, i dtuairim an chinnteora, go mbainfeadh an t-imscrúdú breise leo;

(c) mura deimhin leis nó léi go raibh nó go bhfuil an tiarna talún ag gabháil d’iompar míchuí agus murab é a thuairim nó a tuairim gur cóir imscrúdú breise a dhéanamh ar an tiarna talún, agus más rud é gur eascair an t-imscrúdú—

(i) tar éis don Bhord gearán a fháil, déanfaidh sé nó sí an gearán a dhíbhe,

(ii) de dheoin an Bhoird, tabharfaidh sé nó sí breith nach cóir aon ghníomh breise a dhéanamh faoin gCuid seo.

(5) Faoi réir fho-alt (7), i gcás go mbeidh breithniú déanta ag an gcinnteoir ar admháil ó thiarna talún faoi alt 148W(1) arna cur faoina bhráid nó faoina bráid faoi alt 148W(2), féadfaidh sé nó sí breith a thabhairt, faoi réir fho-alt (9) agus alt 148Z, chun smachtbhanna a fhorchur ar an tiarna talún de réir mar is cuí leis nó léi in imthosca an cháis.

(6) I gcás go mbeidh breithniú déanta ag an gcinnteoir ar thuarascáil ar imscrúdú (agus aon aighneachtaí a bheidh i gceangal léi) arna cur faoina bhráid nó faoina bráid faoi fho-alt (2), féadfaidh an cinnteoir, más dóigh leis nó léi gur cuí déanamh amhlaidh chun cuidiú leis nó léi breith a thabhairt faoi fho-alt (4), nó chun nósanna imeachta córa a urramú, chun na gcríoch sin—

(a) éisteacht ó bhéal a sheoladh agus na nithe seo a leanas a thabhairt don tiarna talún agus, más rud é gur eascair an t-imscrúdú tar éis gearán a fháil, don ghearánach—

(i) cóip den tuarascáil ar imscrúdú (agus d’aon aighneachtaí a bheidh i gceangal léi), agus

(ii) fógra i scríbhinn ina luafar go bhféadfaidh an tiarna talún agus an gearánach araon, tráth nach déanaí ná 14 lá ón dáta ar a bhfuair siad faoi seach an fógra, nó cibé tréimhse bhreise nach faide ná 14 lá a cheadóidh an cinnteoir, aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh chuig an gcinnteoir maidir leis an tuarascáil ar imscrúdú,nó

(b) cóip den tuarascáil ar imscrúdú agus den fhógra dá dtagraítear i mír (a)(ii) a thabhairt don tiarna talún agus, más rud é gur eascair an t-imscrúdú tar éis gearán a fháil, don ghearánach.

(7)I gcás go mbeidh breithniú déanta ag an gcinnteoir ar admháil faoi alt 148W(1) arna cur faoina bhráid nó faoina bráid faoi alt 148W(2), féadfaidh an cinnteoir, más dóigh leis nó léi gur cuí déanamh amhlaidh chun cuidiú leis nó léi breith a thabhairt faoi fho-alt (5), nó chun nósanna imeachta córa a urramú—

(a) éisteacht ó bhéal a sheoladh agus na nithe seo a leanas a thabhairt don tiarna talún agus, más rud é gur eascair an t-imscrúdú tar éis gearán a fháil, don ghearánach—

(i) cóip den admháil ón tiarna talún, agus

(ii) fógra i scríbhinn ina luafar go bhféadfaidh an tiarna talún agus an gearánach araon, tráth nach déanaí ná 14 lá ón dáta ar a bhfuair siad faoi seach an fógra, nó cibé tréimhse bhreise nach faide ná 14 lá a cheadóidh an cinnteoir, aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh chuig an gcinnteoir maidir leis an admháil ón tiarna talún faoi alt 148W(1),

(b) cóip den admháil ón tiarna talún agus den fhógra dá dtagraítear i mír (a)(ii) a thabhairt don tiarna talún agus, más rud é gur eascair an t-imscrúdú tar éis gearán a fháil, don ghearánach.

(8) Beidh éifeacht le Cuid 2 de Sceideal 3 chun críoch éisteachta ó bhéal dá dtagraítear i bhfo-alt (6)(a) nó (7)(a).

(9) I gcás go mbeidh feidhm ag fo-alt (4)(a) nó (5), déanfaidh an cinnteoir, le linn dó nó di breith a thabhairt maidir leis an smachtbhanna a bheidh le forchur ar an tiarna talún, na nithe dá dtagraítear in alt 148AD a chur san áireamh.

(10) Déanfaidh an cinnteoir, a luaithe is indéanta tar éis dó nó di breith a thabhairt faoi fho-alt (4) nó (5), chun fógra i scríbhinn i dtaobh na breithe agus i dtaobh na gcúiseanna atá léi a thabhairt don Bhord.

(11) San alt seo, ciallaíonn ‘smachtbhanna’, i ndáil le hiompar míchuí, ceann amháin, níos mó ná ceann amháin, nó gach ceann díobh seo a leanas:

(a) ordachán i scríbhinn don tiarna talún chun suim a shonraítear san ordachán a íoc leis an mBord, is suim nach mó ná €15,000, ar mhodh pionós airgeadais as an iompar míchuí ar thaobh an tiarna talún a shonraítear san ordachán;

(b) ordachán i scríbhinn don tiarna talún chun suim a shonraítear san ordachán a íoc leis an mBord, is suim nach mó ná €15,000, arb éard í na costais go léir nó cuid de na costais arna dtabhú ag an mBord le linn dó an ní lena mbaineann an t-ordachán a imscrúdú;

(c) rabhadh i scríbhinn a thabhairt don tiarna talún.

An bhreith d’fháil ag an mBord

148Y. (1) Ar fhógra i dtaobh na breithe faoi alt 148X(10) a fháil, ullmhóidh an Bord taifead i scríbhinn ina thaobh (dá ngairtear ‘fógra i dtaobh breithe’ san alt seo) agus eiseoidh sé chuig an tiarna talún é.

(2) Más rud é go mbeidh breith tugtha ag an gcinnteoir smachtbhanna a fhorchur faoi fho-alt (4)(a) nó (5) d’alt 148X, leagfar amach san fhógra i dtaobh breithe—

(a) an smachtbhanna a fhorchuirtear ar an tiarna talún as an iompar míchuí ar thaobh an tiarna talún agus ar deimhin leis an gcinnteoir ina leith faoi fho-alt (4)(a) nó (5) d’alt 148X, agus

(b) na cúiseanna leis an smachtbhanna a fhorchur de réir mar a bheidh.

(3) I gcás go mbeidh ordachán tugtha ag an gcinnteoir don Bhord faoi alt 148X(4)(b), cuirfidh an Bord faoi deara imscrúdú breise a dhéanamh faoi alt 148V(1).

(4) Cuirfear in iúl don tiarna talún, leis an bhfógra i dtaobh breithe faoi fho-alt (2), an tráth, faoi réir alt 148Z, a thiocfaidh an bhreith faoi fho-alt (4)(a) nó (5) d’alt 148X chun bheith ina ceangal.

(5) I gcás go mbainfidh breith an chinnteora faoi alt 148X(4) nó 148X(5) le himscrúdú a d’eascair tar éis don Bhord gearán a fháil, déanfaidh an Bord cóip den fhógra i dtaobh breithe a bheidh tugtha nó a bheidh le tabhairt don tiarna talún, a thabhairt don ghearánach an tráth céanna a thabharfar an fógra don tiarna talún nó a luaithe is indéanta dá éis sin.

An bhreith agus ceanglas maidir le daingniú

148Z. (1) Beidh sé de cheart ag an tiarna talún achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe chun smachtbhanna a fhorchur faoi fho-alt (4)(a) nó (5) d’alt 148X de réir alt 148AA.

(2) Ní bheidh éifeacht leis an mbreith chun smachtbhanna a fhorchur faoi fho-alt (4)(a) nó (5) d’alt 148X mura ndaingneoidh an Chúirt Chuarda í ar achomharc faoi alt 148AA nó faoi alt 148AB.

Achomharc chun na Cúirte Cuarda i gcoinne breith chun smachtbhanna a fhorchur

148AA. (1) Maidir le tiarna talún is ábhar do bhreith faoi fho-alt (4)(a) nó (5) d’alt 148X ón gcinnteoir chun smachtbhanna a fhorchur ar an tiarna talún, féadfaidh sé nó sí, tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis don Bhord fógra i dtaobh breithe a thabhairt don tiarna talún, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda i gcoinne na breithe.

(2) Féadfaidh an Chúirt Chuarda, ar achomharc ag tiarna talún faoi fho-alt (1) a éisteacht, breithniú a dhéanamh ar aon fhianaise a thabharfar ar aird nó ar aon argóint a dhéanfar, cibé acu is chuig oifigeach údaraithe nó chuig an gcinnteoir a thabharfar ar aird í nó a dhéanfar í, nó nach ea.

(3) Faoi réir fho-alt (4), féadfaidh an Chúirt Chuarda, ar achomharc ag tiarna talún faoi fho-alt (1) a éisteacht—

(a) ceachtar de na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) an bhreith is ábhar don achomharc a dhaingniú,

(ii) an bhreith is ábhar don achomharc a chur ar ceal, nó

(iii) an bhreith sin a chur ar ceal agus cibé breith eile is cuí leis an gCúirt a chur ina hionad, ar féidir gur breith í—

(I) chun smachtbhanna éagsúil a fhorchur ar an tiarna talún, nó

(II) gan smachtbhanna ar bith a fhorchur ar an tiarna talún,

agus

(b) cibé ordú a dhéanamh maidir le costais is cuí léi i leith an achomhairc.

(4) Déanfaidh an Chúirt Chuarda, chun críocha fhomhír (i) nó (iii)(I) d’fho-alt (3)(a), na nithe dá dtagraítear in alt 148AD a chur san áireamh.

(5) Maidir le hachomharc faoi fho-alt (1), tabharfar é os comhair breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire don Chuaird ina bhfuil cónaí ar an achomharcóir nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, trádáil nó gnó.

Iarratas chun na Cúirte Cuarda daingniú a dhéanamh ar bhreith chun smachtbhanna a fhorchur

148AB. (1) I gcás nach ndéanfaidh tiarna talún achomharc, laistigh den tréimhse a cheadaítear faoi alt 148AA(1), chun na Cúirte Cuarda i gcoinne breith faoi fho-alt (4)(a) nó (5) d’alt 148X ag an gcinnteoir chun smachtbhanna a fhorchur ar an tiarna talún, déanfaidh an Bord iarratas ar mhodh achomair, a luaithe is indéanta tar éis dul in éag don tréimhse sin agus iar bhfógra don tiarna talún, chun na Cúirte Cuarda chun an bhreith a dhaingniú.

(2) Déanfaidh an Chúirt Chuarda, ar iarratas faoi fho-alt (1) a éisteacht, an bhreith faoi fho-alt (4)(a) nó (5) d’alt 148X is ábhar don iarratas a dhaingniú, mura measfaidh an Chúirt go bhfuil cúis mhaith ann gan déanamh amhlaidh.

(3) Maidir le hiarratas faoi fho-alt (1), déanfar é chuig breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire don Chuaird ina bhfuil cónaí ar an tiarna talún lena mbaineann an bhreith lena mbaineann nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, trádáil nó gnó.

Forálacha d’fhorlíonadh ailt 148AA agus 148AB

148AC. (1) Is breith chríochnaitheach an bhreith ón gCúirt Chuarda ar achomharc faoi alt 148AA nó ar iarratas faoi alt 148AB ach amháin go bhféadfaidh an Bord nó an tiarna talún is ábhar don bhreith, le cead ón gCúirt Chuarda, achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

(2) I gcás go ndéanfaidh an Chúirt Chuarda breith faoi alt 148AA(3) nó 148AB(2) a dhaingniú nó a thabhairt, déanfaidh an Bord, a luaithe is indéanta tar éis an bhreith a dhaingniú nó a thabhairt, de réir mar a bheidh, fógra i scríbhinn i dtaobh na breithe a thabhairt don tiarna talún.

(3) Féadfaidh an Bord aon mhéid a bheidh dlite agus ag dul don Bhord de bhun breith arna daingniú nó arna tabhairt faoi alt 148AA(3) nó 148AB(2) ag an gCúirt Chuarda a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla, ón duine ag a mbeidh sé iníoctha.

(4) Maidir leis na híocaíochtaí go léir arna ndéanamh leis an mBord d’aon mhéid a bheidh dlite don Bhord de bhun breith arna daingniú nó arna tabhairt ag an gCúirt Chuarda faoi alt 148AA(3) nó 148AB(2), déanfar iad a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe don Státchiste ar cibé modh a ordóidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

(5) I gcás gur eascair imscrúdú tar éis don Bhord gearán a fháil, déanfaidh an Bord cóip d’fhógra, a bheidh tugtha nó a bheidh le tabhairt faoi fho-alt (2) do thiarna talún, a thabhairt don ghearánach an tráth céanna a thabharfar an fógra don tiarna talún nó a luaithe is indéanta dá éis sin.

Nithe a bheidh le breithniú le linn cineál an smachtbhanna a chinneadh

148AD. Le linn don Chúirt Chuarda nó don chinnteoir, de réir mar is cuí, breithniú a dhéanamh ar an smachtbhanna (más ann) a bheidh le forchur ar thiarna talún de bhun fho-alt (4)(a) nó (5) d’alt 148X nó a bheidh le daingniú nó le tabhairt faoi alt 148AA(3) nó 148AB(2), déanfaidh an Chúirt nó an cinnteoir imthosca an iompair mhíchuí lena mbaineann a chur i gcuntas (lena n-áirítear na tosca ba chionsiocair leis) agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh an Chúirt aird a bheith aici nó féadfaidh an cinnteoir aird a bheith aige nó aici ar an méid seo a leanas—

(a) an gá atá ann a chinntiú maidir le haon smachtbhanna a fhorchuirfear—

(i) gur smachtbhanna cuí é agus go bhfuil sé i gcomhréir leis an iompar míchuí,

(ii) más infheidhme, go mbeidh sé ina dhreasú leordhóthanach chun a chinntiú nach mbeifear ag gabháil d’aon iompar míchuí dá shamhail sin san am atá le teacht, agus

(iii) más infheidhme, go spreagfaidh sé, ar mhaithe le leas an phobail, comhlíonadh an Achta seo,

(b) tromchúis an iompair mhíchuí,

(c) an amhlaidh atá an t-iompar míchuí admhaithe ag an tiarna talún faoi alt 148W(1),

(d) a mhéid a mhainnigh an tiarna talún comhoibriú leis an imscrúdú lena mbaineann ar an iompar míchuí ar thaobh an tiarna talún,

(e) aon mhíniú ón tiarna talún mar gheall ar an iompar míchuí nó ar an mainneachtain comhoibriú leis an imscrúdú lena mbaineann,

(f) aon ghnóchan (is gnóchan airgeadais nó gnóchan eile) a rinne an tiarna talún nó aon duine ina bhfuil leas airgeadais ag an tiarna talún de dhroim an iompair mhíchuí,

(g) méid aon chaillteanais a bhain d’aon duine nó aon chostas a tabhaíodh de dheasca an iompair mhíchuí agus aon bhearta a rinne an tiarna talún chun leigheas a dhéanamh ar an gcaillteanas a bhain d’aon duine nó ar na costais a tabhaíodh,

(h) an fad a bhíothas ag gabháil don iompar míchuí,

(i) más infheidhme, ar ghabh an tiarna talún don iompar míchuí an athuair,

(j) más infheidhme, ar leanadh den iompar míchuí tar éis fógra a bheith tugtha don tiarna talún faoin imscrúdú lena mbaineann,

(k) más infheidhme, méid agus tráthúlacht aon bheart a rinneadh chun deireadh a chur leis an iompar míchuí agus aon bheart a rinneadh chun iarmhairtí an iompair mhíchuí a leigheas, agus

(l) an amhlaidh a rinneadh smachtbhanna a fhorchur faoin gCuid seo cheana ar an tiarna talún ar scór iompar míchuí dá shamhail.

Smachtbhannaí a fhoilsiú

148AE. Foilseoidh an Bord sonraí, i cibé foirm, ar cibé modh agus i leith cibé tréimhse is cuí leis, maidir le haon smachtbhanna arna fhorchur ar thiarna talún faoi alt 148AA(3) nó 148AB(2).

Rialacha nóis imeachta

148AF. (1) Faoi réir na Coda seo, is é an nós imeachta a leanfar faoin gCuid seo i ndáil le himscrúdú cibé nós imeachta a chinnfidh an Bord le rialacha arna ndéanamh aige le toiliú an Aire.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar, le rialacha faoin alt seo—

(a) aon fhoirmeacha a shonrú a úsáidfidh gearánach, tiarna talún, oifigeach údaraithe nó cinnteoir faoin gCuid seo, agus

(b) an tréimhse a shonrú ar laistigh di, i ndáil le gearán, a dhéanfaidh an Bord oifigeach údaraithe nó cinnteoir a cheapadh faoi alt 148U.

(3) Faoi réir na Coda seo agus rialacha faoin alt seo, is é an nós imeachta maidir le hoifigeach údaraithe do dhéanamh imscrúdú nó maidir le cinnteoir do thabhairt breithe cibé nós imeachta is cuí leis an oifigeach údaraithe nó leis an gcinnteoir in imthosca uile an cháis.

(4) Déanfaidh an t-oifigeach údaraithe nó an cinnteoir a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh gan aon fhoirmiúlacht mhíchuí i gcás go mbeidh an méid sin ar comhréir le comhlíonadh cuí na bhfeidhmeanna sin.

An chomhbhaint atá ag imscrúdú le himeachtaí coiriúla

148AG. (1) Má dhéantar smachtbhanna a fhorchur ar thiarna talún faoi alt 148AA(3) nó 148AB(2) agus más cion faoin Acht seo an t-iompar míchuí arb ina leith a fhorchuirtear an smachtbhanna, ní dhlífear imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne an tiarna talún mar gheall ar an gcion i leith an iompair mhíchuí lena mbaineann.

(2) Más rud é go bhfuil imeachtaí coiriúla tionscanta nó á dtionscnamh i gcoinne tiarna talún agus gurb é iompar míchuí an cion arb ina leith atá na himeachtaí tionscanta nó á dtionscnamh, ní ceadmhach smachtbhanna a fhorchur ar an tiarna talún faoi alt 148AA(3) nó 148AB(2) i leith an chiona lena mbaineann.

(3) Níl admháil ó thiarna talún faoi alt 148W(1) inghlactha i gcoinne an tiarna talún in imeachtaí coiriúla seachas imeachtaí coiriúla i leith cion faoi alt 148S(16).”.

Leasú ar alt 151 d’Acht 2004

29. Leasaítear alt 151 d’Acht 2004—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur isteach:

“(ba) tiarnaí talún a imscrúdú agus smachtbhannaí a fhorchur de réir fhorálacha Chuid 7A,”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(2A) (a) Déanfaidh an tAire, tráth nach luaithe ná 12 mhí agus tráth nach déanaí ná 15 mhí tar éis thosach feidhme alt 22 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019, a iarraidh ar an mBord cibé faisnéis a shonróidh sé nó sí i ndáil leis na leibhéil chíosa atá i réim san earnáil cíosa (seachas ligin dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar an téarma sin) a sholáthar dó nó di faoi cibé dáta (ar dáta é nach déanaí ná 3 mhí tar éis dháta na hiarrata lena mbaineann) a shonróidh sé nó sí.

(b) Déanfaidh an Bord de réir iarraidh faoi mhír (a).

(c) Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta a shonraítear faoi mhír (a), i leith na hiarrata lena mbaineann—

(i) tuarascáil a ullmhú i ndáil leis na leibhéil chíosa atá i réim san earnáil cíosa (seachas ligin dá dtagraítear i mhír (b) den mhíniú ar an téarma sin), agus

(ii) cóip den tuarascáil sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.”.

Oifigigh údaraithe agus cinnteoirí

30. Leasaítear Acht 2004 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 164:

“164A. (1) Chun críocha Chuid 7A, ceapfaidh an Bord, de réir mar is cuí leis—

(a) duine chun bheith ina oifigeach údaraithe nó ina hoifigeach údaraithe, agus

(b) duine chun bheith ina chinnteoir nó ina cinnteoir.

(2) Féadfaidh duine arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (1)(a) a bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann an Bhoird.

(3) Ní bheidh duine, an tráth céanna, arna cheapadh nó arna ceapadh mar oifigeach údaraithe agus mar chinnteoir araon.

(4) Déanfaidh an Bord 2 phainéal a fhoirmiú, a mbeidh ainmneacha na ndaoine a bheidh arna gceapadh mar oifigigh údaraithe ar cheann agus a mbeidh ainmneacha na ndaoine a bheidh arna gceapadh mar chinnteoirí ar cheann.

(5) Seachas ceapadh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (2), is go ceann cibé tréimhse agus faoi réir cibé téarmaí (lena n-áirítear téarmaí maidir le luach saothair agus liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an Bord, le ceadú an Aire agus le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a bheidh ceapachán faoi fho-alt (1).

(6) Tabharfaidh an Bord barántas ceapacháin do gach oifigeach údaraithe nó gach cinnteoir agus, le linn dó nó di cumhacht a thugtar dó nó di faoi Chuid 7A a fheidhmiú, déanfaidh sé nó sí, ar aon duine dá ndéanfaidh feidhmiú na cumhachta difear é a iarraidh, an barántas nó cóip de a thabhairt ar aird, mar aon le sainaitheantas pearsanta de chineál éigin.

(7) Féadfaidh oifigeach údaraithe nó cinnteoir, aon tráth, éirí as a cheapachán nó a ceapachán mar oifigeach údaraithe nó mar chinnteoir.

(8) Scoirfidh ceapachán faoin alt seo mar oifigeach údaraithe nó mar chinnteoir—

(a) má chúlghaireann an Bord an ceapachán,

(b) más ceapachán go ceann tréimhse shocraithe an ceapachán, ar dhul in éag don tréimhse sin, nó

(c) má éiríonn an t-oifigeach údaraithe nó an cinnteoir as.”.

Leasú ar alt 168 d’Acht 2004

31. Leasaítear alt 168 d’Acht 2004 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2):

“(da) oifigeach údaraithe nó cinnteoir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 164A,”.

Leasú ar alt 176 d’Acht 2004

32. Leasaítear alt 176 d’Acht 2004 i bhfo-alt (5), trí “an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe” a chur in ionad “an tAire”.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann le hAcht 2004

33. Leasaítear an Sceideal a ghabhann le hAcht 2004 trí “Sceideal 1” a chur in ionad “An Sceideal” sa chéad áit a bhfuil sé.

Iompar míchuí

34. Déantar an Sceideal seo a leanas a chur isteach in Acht 2004 i ndiaidh Sceideal (1):

Alt 148R

Alt 148R

“Sceideal 2 Ciallaíonn iompar míchuí, i ndáil le tiarna talún—

Ciallaíonn iompar míchuí, i ndáil le tiarna talún—

(a) an tiarna talún do dhéanamh sárú ar fho-alt (4) nó (5B) d’alt 19, ar fho-alt (1) d’alt 134 nó ar fho-alt (1) d’alt 139,

an tiarna talún do dhéanamh sárú ar fho-alt (4) nó (5B) d’alt 19, ar fho-alt (1) d’alt 134 nó ar fho-alt (1) d’alt 139,

(b) an tiarna talún d’fhéachaint le dul in iontaoibh fho-alt (5) d’alt 19 i leith teaghais nach bhfuil de réir cheanglais an fho-ailt sin,

an tiarna talún d’fhéachaint le dul in iontaoibh fho-alt (5) d’alt 19 i leith teaghais nach bhfuil de réir cheanglais an fho-ailt sin,

(c) an tiarna talún do lua, i bhfógra foirceanta, cúis leis an tionóntacht lena mbaineann a fhoirceannadh, is cúis atá, agus arb eol dó nó di í a bheith, bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha,

an tiarna talún do lua, i bhfógra foirceanta, cúis leis an tionóntacht lena mbaineann a fhoirceannadh, is cúis atá, agus arb eol dó nó di í a bheith, bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha,

(d) mainneachtain ar thaobh tiarna talún, a mbeidh fógra foirceanta seirbheáilte aige nó aici ina luaitear an foras a shonraítear i mír 3 den Tábla a ghabhann le halt 34 mar chúis leis an tionóntacht lena mbaineann a fhoirceannadh, tairiscint dá dtagraítear i mír (aa) d’fho-alt (8) d’alt 35 a dhéanamh in imthosca ina gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear sa mhír sin (aa),

mainneachtain ar thaobh tiarna talún, a mbeidh fógra foirceanta seirbheáilte aige nó aici ina luaitear an foras a shonraítear i mír 3 den Tábla a ghabhann le halt 34 mar chúis leis an tionóntacht lena mbaineann a fhoirceannadh, tairiscint dá dtagraítear i mír (aa) d’fho-alt (8) d’alt 35 a dhéanamh in imthosca ina gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear sa mhír sin (aa),

(e) mainneachtain ar thaobh tiarna talún, a mbeidh fógra foirceanta seirbheáilte aige nó aici ina luaitear an foras a shonraítear i mír 4 den Tábla a ghabhann le halt 34 mar chúis leis an tionóntacht lena mbaineann a fhoirceannadh, tairiscint dá dtagraítear i bhfomhír (b) den mhír sin a dhéanamh in imthosca ina gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear san fhomhír sin,

mainneachtain ar thaobh tiarna talún, a mbeidh fógra foirceanta seirbheáilte aige nó aici ina luaitear an foras a shonraítear i mír 4 den Tábla a ghabhann le halt 34 mar chúis leis an tionóntacht lena mbaineann a fhoirceannadh, tairiscint dá dtagraítear i bhfomhír (b) den mhír sin a dhéanamh in imthosca ina gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear san fhomhír sin,

(f) mainneachtain ar thaobh tiarna talún, a mbeidh fógra foirceanta seirbheáilte aige nó aici ina luaitear an foras a shonraítear i mír 5 den Tábla a ghabhann le halt 34 mar chúis leis an tionóntacht lena mbaineann a fhoirceannadh, tairiscint dá dtagraítear i bhfomhír (b) den mhír sin a dhéanamh in imthosca ina gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear san fhomhír sin, nó

mainneachtain ar thaobh tiarna talún, a mbeidh fógra foirceanta seirbheáilte aige nó aici ina luaitear an foras a shonraítear i mír 5 den Tábla a ghabhann le halt 34 mar chúis leis an tionóntacht lena mbaineann a fhoirceannadh, tairiscint dá dtagraítear i bhfomhír (b) den mhír sin a dhéanamh in imthosca ina gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear san fhomhír sin, nó

(g) mainneachtain ar thaobh tiarna talún, a mbeidh fógra foirceanta seirbheáilte aige nó aici ina luaitear an foras a shonraítear i mír 6 den Tábla a ghabhann le halt 34 mar chúis leis an tionóntacht lena mbaineann a fhoirceannadh, tairiscint dá dtagraítear i bhfomhír (b) den mhír sin a dhéanamh in imthosca ina gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear san fhomhír sin.”.

mainneachtain ar thaobh tiarna talún, a mbeidh fógra foirceanta seirbheáilte aige nó aici ina luaitear an foras a shonraítear i mír 6 den Tábla a ghabhann le halt 34 mar chúis leis an tionóntacht lena mbaineann a fhoirceannadh, tairiscint dá dtagraítear i bhfomhír (b) den mhír sin a dhéanamh in imthosca ina gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear san fhomhír sin.”.

Éisteachtaí ó bhéal

35. Déantar an Sceideal seo a leanas a chur isteach in Acht 2004 i ndiaidh Sceideal 2 (a chuirtear isteach le halt 34 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019 ):

Alt 148S nó 148X

Alt 148S nó 148X

“Sceideal 3

Forálacha is infheidhme maidir le hÉisteachtaí ó Bhéal arna seoladh de bhun alt 148S nó 148X

Cuid 11. Féadfaidh an t-oifigeach údaraithe a bheidh ag seoladh na héisteachta ó bhéal chun críoch imscrúdaithe fianaise a ghlacadh faoi mhionn, agus údaraítear leis seo don oifigeach údaraithe daoine a chur faoi mhionn den sórt sin.

Féadfaidh an t-oifigeach údaraithe a bheidh ag seoladh na héisteachta ó bhéal chun críoch imscrúdaithe fianaise a ghlacadh faoi mhionn, agus údaraítear leis seo don oifigeach údaraithe daoine a chur faoi mhionn den sórt sin.

2. Féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine freastal ar an éisteacht ó bhéal cibé tráth agus i cibé áit a shonrófar san fhógra, chun fianaise a thabhairt i leith aon ní atá i saincheist san imscrúdú, nó chun aon doiciméid iomchuí a thabhairt ar aird a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina urláimh nó faoina hurláimh aige nó aici nó ar fáil dó nó di.

Féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine freastal ar an éisteacht ó bhéal cibé tráth agus i cibé áit a shonrófar san fhógra, chun fianaise a thabhairt i leith aon ní atá i saincheist san imscrúdú, nó chun aon doiciméid iomchuí a thabhairt ar aird a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina urláimh nó faoina hurláimh aige nó aici nó ar fáil dó nó di.

3. Faoi réir mhír 4, féadfar duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal faoi mhír 2 a cheistiú agus a chroscheistiú ag an éisteacht ó bhéal.

Faoi réir mhír 4, féadfar duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal faoi mhír 2 a cheistiú agus a chroscheistiú ag an éisteacht ó bhéal.

4. Beidh duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal faoi mhír 2 i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna i leith aon cheanglas dá dtagraítear sa mhír sin a chomhlíonadh amhail is dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte an duine.

Beidh duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal faoi mhír 2 i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna i leith aon cheanglas dá dtagraítear sa mhír sin a chomhlíonadh amhail is dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte an duine.

5. Más rud é nach gcomhlíonfaidh duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal faoi mhír 2 ceanglas dá dtagraítear sa mhír sin nó nach gcomhlíonfaidh sé nó sí go hiomlán é, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe iarratas a dhéanamh ar mhodh achomair chun na Cúirte Dúiche, iar bhfógra don duine sin, ar ordú á cheangal ar an duine an ceanglas a chomhlíonadh nó a chomhlíonadh go hiomlán, de réir mar a bheidh, laistigh de thréimhse a shonróidh an Chúirt, agus féadfaidh an Chúirt an t-ordú a iarrfar, nó cibé ordú eile is cuí léi, a dhéanamh nó diultú aon ordú a dhéanamh.

Más rud é nach gcomhlíonfaidh duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal faoi mhír 2 ceanglas dá dtagraítear sa mhír sin nó nach gcomhlíonfaidh sé nó sí go hiomlán é, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe iarratas a dhéanamh ar mhodh achomair chun na Cúirte Dúiche, iar bhfógra don duine sin, ar ordú á cheangal ar an duine an ceanglas a chomhlíonadh nó a chomhlíonadh go hiomlán, de réir mar a bheidh, laistigh de thréimhse a shonróidh an Chúirt, agus féadfaidh an Chúirt an t-ordú a iarrfar, nó cibé ordú eile is cuí léi, a dhéanamh nó diultú aon ordú a dhéanamh.

6. Maidir le dlínse na Cúirte Dúiche i leith iarratas dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche Cúirte Dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal ar an éisteacht ó bhéal, nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, í a fheidhmiú.

Maidir le dlínse na Cúirte Dúiche i leith iarratas dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche Cúirte Dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal ar an éisteacht ó bhéal, nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, í a fheidhmiú.

7. Is ar shlí seachas go poiblí a thionólfar an éisteacht ó bhéal.

Is ar shlí seachas go poiblí a thionólfar an éisteacht ó bhéal.

8. Féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, le toiliú an Bhoird agus as airgead a bheidh faoina réir, a ordú go ndéanfar, de réir mar is cuí leis an oifigeach údaraithe, an t-iomlán nó cuid de na caiteachais réasúnacha taistil agus chothaithe, a thabhóidh nó a thabhaigh duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal faoi mhír 2 le linn freastal amhlaidh, a íoc leis an duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal cibé acu roimh dó nó di freastal nó trí aisíocaíocht.

Féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, le toiliú an Bhoird agus as airgead a bheidh faoina réir, a ordú go ndéanfar, de réir mar is cuí leis an oifigeach údaraithe, an t-iomlán nó cuid de na caiteachais réasúnacha taistil agus chothaithe, a thabhóidh nó a thabhaigh duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal faoi mhír 2 le linn freastal amhlaidh, a íoc leis an duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal cibé acu roimh dó nó di freastal nó trí aisíocaíocht.

Cuid 21. Féadfaidh an cinnteoir, le linn an éisteacht ó bhéal a sheoladh chun cuidiú leis nó léi breith a thabhairt faoi alt 148X(4) nó 148X(5) nó chun nósanna imeachta córa a urramú, fianaise a ghlacadh faoi mhionn, agus údaraítear leis seo don chinnteoir daoine a chur faoi mhionn den sórt sin.

Féadfaidh an cinnteoir, le linn an éisteacht ó bhéal a sheoladh chun cuidiú leis nó léi breith a thabhairt faoi alt 148X(4) nó 148X(5) nó chun nósanna imeachta córa a urramú, fianaise a ghlacadh faoi mhionn, agus údaraítear leis seo don chinnteoir daoine a chur faoi mhionn den sórt sin.

2. Féadfaidh an cinnteoir, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine freastal ar an éisteacht ó bhéal cibé tráth agus i cibé áit a shonrófar san fhógra, chun fianaise a thabhairt i leith aon ní atá i saincheist le linn an bhreith a thabhairt faoi alt 148X(4) nó 148X(5), nó chun aon doiciméid iomchuí a thabhairt ar aird a bheidh i seilbh nó faoi urláimh an duine arna thoghairm nó arna toghairm nó ar fáil dó nó di.

Féadfaidh an cinnteoir, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine freastal ar an éisteacht ó bhéal cibé tráth agus i cibé áit a shonrófar san fhógra, chun fianaise a thabhairt i leith aon ní atá i saincheist le linn an bhreith a thabhairt faoi alt 148X(4) nó 148X(5), nó chun aon doiciméid iomchuí a thabhairt ar aird a bheidh i seilbh nó faoi urláimh an duine arna thoghairm nó arna toghairm nó ar fáil dó nó di.

3. Faoi réir mhír 4, féadfar duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal faoi mhír 2 a cheistiú agus a chroscheistiú ag an éisteacht ó bhéal.

Faoi réir mhír 4, féadfar duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal faoi mhír 2 a cheistiú agus a chroscheistiú ag an éisteacht ó bhéal.

4. Beidh duine dá dtagraítear i mír 2 i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna i leith aon cheanglas dá dtagraítear sa mhír sin a chomhlíonadh amhail is dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte an duine.

Beidh duine dá dtagraítear i mír 2 i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna i leith aon cheanglas dá dtagraítear sa mhír sin a chomhlíonadh amhail is dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte an duine.

5. Más rud é nach gcomhlíonfaidh duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal faoi mhír 2 ceanglas dá dtagraítear sa mhír sin nó nach gcomhlíonfaidh sé nó sí go hiomlán é, féadfaidh an Bord iarratas a dhéanamh ar mhodh achomair chun na Cúirte Dúiche, iar bhfógra don duine sin, ar ordú á cheangal ar an duine an ceanglas a chomhlíonadh nó a chomhlíonadh go hiomlán, de réir mar a bheidh, laistigh de thréimhse a shonróidh an Chúirt, agus féadfaidh an Chúirt an t-ordú a iarrfar, nó cibé ordú eile is cuí léi, a dhéanamh nó diúltú aon ordú a dhéanamh.

Más rud é nach gcomhlíonfaidh duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal faoi mhír 2 ceanglas dá dtagraítear sa mhír sin nó nach gcomhlíonfaidh sé nó sí go hiomlán é, féadfaidh an Bord iarratas a dhéanamh ar mhodh achomair chun na Cúirte Dúiche, iar bhfógra don duine sin, ar ordú á cheangal ar an duine an ceanglas a chomhlíonadh nó a chomhlíonadh go hiomlán, de réir mar a bheidh, laistigh de thréimhse a shonróidh an Chúirt, agus féadfaidh an Chúirt an t-ordú a iarrfar, nó cibé ordú eile is cuí léi, a dhéanamh nó diúltú aon ordú a dhéanamh.

6. Maidir le dlínse na Cúirte Dúiche i leith iarratas dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche Cúirte Dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal ar an éisteacht ó bhéal, nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, í a fheidhmiú.

Maidir le dlínse na Cúirte Dúiche i leith iarratas dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche Cúirte Dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal ar an éisteacht ó bhéal, nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, í a fheidhmiú.

7. Is ar shlí seachas go poiblí a thionólfar an éisteacht ó bhéal.

Is ar shlí seachas go poiblí a thionólfar an éisteacht ó bhéal.

8. Féadfaidh an cinnteoir, le toiliú an Bhoird agus as airgead a bheidh faoina réir, a ordú go ndéanfar, de réir mar is cuí leis an oifigeach údaraithe, an t-iomlán nó cuid de na caiteachais réasúnacha taistil agus chothaithe, a thabhóidh nó a thabhaigh duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal faoi mhír 2 le linn freastal amhlaidh, a íoc leis an duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal cibé acu roimh dó nó di freastal nó trí aisíocaíocht.”.

Féadfaidh an cinnteoir, le toiliú an Bhoird agus as airgead a bheidh faoina réir, a ordú go ndéanfar, de réir mar is cuí leis an oifigeach údaraithe, an t-iomlán nó cuid de na caiteachais réasúnacha taistil agus chothaithe, a thabhóidh nó a thabhaigh duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal faoi mhír 2 le linn freastal amhlaidh, a íoc leis an duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal cibé acu roimh dó nó di freastal nó trí aisíocaíocht.”.