Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Téacs Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc agus a chomhrac a rinneadh in Iostanbúl an 11 Bealtaine 2011)

6 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 2019


AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL (DLÍNSE SHEACH-CHRÍOCHACH), 2019

[An tiontú oifigiúil]


CLÁR AN ÁBHAIR

Alt

1. Mínithe

2. Feidhm an Achta

3. Iompar dá ngabhtar lasmuigh den Stát

4. Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008

5. Gearrtheideal agus tosach feidhme

AN SCEIDEAL

Téacs Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc agus a chomhrac a rinneadh in Iostanbúl an 11 Bealtaine 2011

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008 (Uimh. 7)

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 (Uimh. 14)

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990 (Uimh. 32)

An tAcht Loingis Thráchtála, 1955 (Uimh. 29)

An tAcht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997 (Uimh. 26)

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 2019


AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL (DLÍNSE SHEACH-CHRÍOCHACH), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do leathnú dhlí coiriúil an Stáit chuig iompar áirithe dá ngabhtar lasmuigh den Stát agus, chuige sin, do thabhairt éifeacht d’fhorálacha áirithe de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc agus a chomhrac a rinneadh in Iostanbúl an 11 Bealtaine 2011; chun na críche sin do leasú an Achta um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[5 Márta 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Mínithe

1. San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976;

ciallaíonn “Acht 1990” an tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990;

ciallaíonn “stát de chuid an Choinbhinsiúin” stát, seachas an Stát, is páirtí i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc agus a chomhrac a rinneadh in Iostanbúl an 11 Bealtaine 2011;

ciallaíonn “long Éireannach” long Éireannach de réir bhrí alt 9 den Acht Loingis Thráchtála, 1955;

ciallaíonn “Aire” an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais;ciallaíonn “cion iomchuí”—

(a) cion faoi alt 3, 4, 5, 9 nó 10 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997,

(b) ionsaí gnéasach de réir bhrí alt 2 d’Acht 1990,

(c) tromionsaí gnéasach de réir bhrí alt 3 d’Acht 1990,

(d) éigniú, nó

(e) banéigean faoi alt 4 d’Acht 1990.

Feidhm an Achta

2. Más rud é, maidir le hiompar, gur cion faoi alt 2 d’Acht 1976 agus cion faoi alt 3 den Acht seo é, beidh feidhm ag Acht 1976 agus ní ag an Acht seo.

Iompar dá ngabhtar lasmuigh den Stát

3. (1) I gcás go ngabhfaidh duine d’iompar in áit lasmuigh den Stát ar chion iomchuí é dá mba sa Stát a tharlódh an t-iompar, agus i gcás go dtarlaíonn an t-iompar—

(a) ar bord long Éireannach, nó

(b) ar aerárthach atá cláraithe sa Stát,

beidh an duine ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion iomchuí lena mbaineann.

(2) I gcás go ndéanfaidh duine cabhrú nó neartú le duine eile nó comhairliú dó nó di nó tabhairt air nó uirthi gabháil d’iompar—

(a) ar bord long Éireannach,

(b) ar aerárthach atá cláraithe sa Stát, nó

(c) i stát de chuid an Choinbhinsiúin,

ar chion iomchuí é dá mba sa Stát a tharlódh an t-iompar, agus gur—

(i) sa Stát,

(ii) ar bord long Éireannach, nó

(iii) ar aerárthach atá cláraithe sa Stát,

a chabhrófar nó a neartófar le duine, a chomhairleofar dó nó di nó a thabharfar air nó uirthi amhlaidh gabháil don iompar, beidh an duine céadluaite ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion iomchuí lena mbaineann.

(3) I gcás go ngabhfaidh duine ar saoránach Éireannach é nó í nó a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát d’iompar i stát de chuid an Choinbhinsiúin—

(a) ar cion é sa stát de chuid an Choinbhinsiúin, agus

(b) ar chion iomchuí é dá mba sa Stát a tharlódh sé,

beidh an duine ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion iomchuí lena mbaineann.

(4) I gcás go ndéanfaidh duine ar saoránach Éireannach é nó í nó a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát cabhrú nó neartú le duine eile, nó comhairliú dó nó di nó tabhairt air nó uirthi gabháil d’iompar i stát de chuid an Choinbhinsiúin ar chion iomchuí é dá mba sa Stát a tharlódh sé, agus go gcabhrófar nó go neartófar le duine, go gcomhairleofar dó nó di nó go dtabharfar air nó uirthi amhlaidh gabháil don iompar—

(a) i stát de chuid an Choinbhinsiúin, agus

(b) gur cion é sin sa stát de chuid an Choinbhinsiúin ina dtarlaíonn sé,

beidh an duine céadluaite ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion iomchuí lena mbaineann.

(5) I gcás go ngabhfaidh duine, seachas saoránach Éireannach, a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát d’iompar in áit lasmuigh den Stát ar dhúnmharú nó ar dhúnorgain é dá mba sa Stát a tharlódh an t-iompar, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach i ndúnmharú nó i ndúnorgain, de réir mar a bheidh.

(6) I gcás go ndéanfaidh duine cabhrú nó neartú le duine eile nó comhairliú dó nó di nó tabhairt air nó uirthi gabháil d’iompar in áit lasmuigh den Stát ar dhúnmharú nó ar dhúnorgain é dá mba sa Stát a tharlódh sé, agus gur—

(a) sa Stát,

(b) ar bord long Éireannach,

(c) ar aerárthach atá cláraithe sa Stát, nó

(d) in áit seachas áit a shonraítear i míreanna (a) go (c),

(i) gur saoránach Éireannach é nó í, nó

(ii) go bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát,

.

(7) Féadfar imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo a thionscnamh in aon áit sa Stát agus féadfar déileáil leis an gcion, chun gach críoch teagmhasach, mar chion a rinneadh san áit sin.

(8) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo—

(a) aon deimhniú atá sínithe ag oifigeach don Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus ina luaitear gur eisigh an tAire sin den Rialtas pas chuig duine ar dháta sonraithe, agus

(b) aon deimhniú atá sínithe ag oifigeach don Aire agus ina luaitear, de réir mar is fearr is eol don oifigeach agus mar a chreideann sé nó sí, nár scoir an duine de bheith ina shaoránach Éireannach nó ina saoránach Éireannach,

is fianaise é go raibh an duine ina shaoránach Éireannach nó ina saoránach Éireannach ar an dáta ar a líomhnaítear go ndearnadh an cion lena mbaineann, mura suífear a mhalairt.

(9) Maidir le doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é dá dtagraítear i mír (a)(b) d’fho-alt (8), measfar, mura suífear a mhalairt—

(a) gur deimhniú den sórt sin é, agus

(b) gur shínigh an duine é a airbheartaíonn a shínigh é.

(10) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ar dhuine sa Stát más rud é go raibh a phríomháit chónaithe nó a príomháit chónaithe aige nó aici sa Stát ar feadh na tréimhse 12 mhí díreach roimh dhéanamh líomhnaithe an chiona.

(11) I gcás gur éigiontaíodh duine i gcion in áit seachas an Stát, ní thionscnófar imeachtaí ina choinne nó ina coinne mar gheall ar chion faoin alt seo arb é atá ann an gníomh nó na gníomhartha líomhnaithe arb éard é nó iad an cion céadluaite.

(12) I gcás gur ciontaíodh duine i gcion in áit seachas an Stát, ní thionscnófar imeachtaí ina choinne nó ina coinne mar gheall ar chion faoin alt seo arb é atá ann an gníomh nó na gníomhartha arb éard é nó iad an cion céadluaite.

Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008

4. Leasaítear an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008—

(a) in alt 2—

(i) i bhfo-alt (1)—

(I) sa mhíniú ar “ionstraim idirnáisiúnta”, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (j):

“(ja) Coinbhinsiún Iostanbúl;”, agus

(II) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘Coinbhinsiún Iostanbúl’ Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc agus a chomhrac a rinneadh in Iostanbúl an 11 Bealtaine 2011;”,

agus

(ii) i bhfo-alt (6), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (j):

“(ja) tá an téacs Béarla de Choinbhinsiún Iostanbúl leagtha amach i Sceideal 10A,”,

agus

(b) trí Sceideal 10A, mar atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, a chur isteach i ndiaidh Sceideal 10.

Gearrtheideal agus tosach feidhme

5.(1) Féadfar an tAcht um an Dlí Coiriúil (Dlínse Sheach-Chríochach), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire, le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.