4 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 2019


AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL (CIONTA GNÉASACHA) (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


CLÁR AN ÁBHAIR

Alt

1. Mínithe

2. Leasú ar alt 1 d’Acht 1908

3. Leasú ar alt 2 d’Acht 1908

4. Leasú ar Acht 2017

5. Cionta chun críocha alt 58 d’Acht 2017

6. Gearrtheideal agus tosach feidhme

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí, 1998 (Uimh. 22)

Acht na Leanaí, 2001 (Uimh. 24)

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1951 (Uimh. 2)

An tAcht um Dhlínse Choiriúil, 1960 (Uimh. 27)

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1993 (Uimh. 6)

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine), 2008 (Uimh. 8)

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990 (Uimh. 32)

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean), 1981 (Uimh. 10)

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2006 (Uimh. 15)

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017 (Uimh. 2)

Acht na bPríosún, 1970 (Uimh. 11)

Acht na bPríosún, 1972 (Uimh. 7)

Punishment of Incest Act 1908 (8 Edw. 7 c.45)

An tAcht um Chionta Gnéasacha (Dlínse), 1996 (Uimh. 38)

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 2019


AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL (CIONTA GNÉASACHA) (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do leasú an Punishment of Incest Act 1908 agus an Achta um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[26 Feabhra 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Mínithe

1. San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1908” an Punishment of Incest Act 1908;

ciallaíonn “Acht 2017” an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017.

Leasú ar alt 1 d’Acht 1908

2. Leasaítear alt 1 (arna leasú le halt 28 d’Acht 2017) d’Acht 1908, i bhfo-alt (1), trí “imprisonment for a term not exceeding 10 years” a chur in ionad “imprisonment for life or a lesser term of imprisonment”.

Leasú ar alt 2 d’Acht 1908

3. Leasaítear Acht 1908 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 2:

“2. Any female person of or above the age of 17 years, who with consent permits her grandfather, father, brother or son to have carnal knowledge of her (knowing him to be her grandfather, father, brother or son, as the case may be), shall be guilty of an offence and shall be liable on conviction on indictment to imprisonment for a term not exceeding 10 years.”.

Leasú ar Acht 2017

4. Leasaítear Acht 2017 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 57:

“Cion eile a shonraítear sa Sceideal a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe

58. (1)Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), más rud é, maidir le duine (seachas duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois)—

(a) gur ciontaíodh é nó í ar díotáil i gcion a shonraítear sa Sceideal (dá ngairtear ‘an chéad chion’ san alt seo),

(b) gur cuireadh pianbhreith phríosúnachta air nó uirthi ar feadh téarma nach giorra ná 5 bliana i leith an chiona sin, agus

(c) go gciontaítear é nó í ar díotáil i gcion a shonraítear sa Sceideal (dá ngairtear ‘an cion dá éis sin’ san alt seo) ar cion é a dhéantar—

(i) le linn na tréimhse 10 mbliana ó dháta an chiontaithe sa chéad chion agus, d’fhonn an tréimhse sin a chinneadh, tabharfar neamhaird ar aon tréimhse phríosúnachta i leith an chéad chiona nó an chiona dá éis sin, nó

(ii) le linn aon tréimhse phríosúnachta den sórt sin,

(gairtear ‘an tréimhse shonraithe’ san alt seo den tréimhse iomlán arb éard atá inti na tréimhsí dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii)),

déanfaidh an chúirt, le linn di pianbhreith a fhorchur ar an duine i leith an chiona dá éis sin, a shonrú gur téarma nach lú ná trí cheathrú den téarma uasta príosúnachta a fhorordaítear le dlí i leith cion den sórt sin an téarma íosta príosúnachta a bheidh le cur isteach ag an duine agus, más príosúnacht saoil an téarma uasta a fhorordaítear amhlaidh, sonróidh an chúirt téarma príosúnachta nach giorra ná 10 mbliana.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás gur deimhin leis an gcúirt go mbeadh sé neamhréireach, in imthosca uile an cháis, an téarma príosúnachta dá dtagraítear san fho-alt sin i leith an chiona dá éis sin a shonrú mar an téarma íosta príosúnachta a bheidh le cur isteach ag an duine lena mbaineann.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le duine i leith an chiona dá éis sin ach amháin i gcás go ndéantar an cion sin tar éis thosach feidhme an ailt seo agus beidh feidhm ag an bhfo-alt sin maidir le duine cibé acu roimh an tosach feidhme sin nó dá éis a dhéantar an chéad chion.

(4) Más rud é, i ndáil le pianbhreith téarma príosúnachta a fhorchuirtear ar dhuine i leith an chéad chiona—

(a) go ndéantar oibriú an téarma uile a fhionraí, ansin ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an gcion sin, nó

(b) go ndéantar oibriú cuid den téarma a fhionraí, measfar, maidir leis an gcuid den téarma sin nach bhfionraítear a oibriú, gurb é an téarma príosúnachta arna fhorchur ar an duine é i leith an chéad chiona chun críocha fho-alt (1).

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le duine má dhéantar an ciontú i leith an chéad chiona a neamhniú de thoradh achomhairc nó ar shlí eile.

(6) Maidir le tagairt san alt seo do phianbhreith a fhorchuirtear ar dhuine i leith an chéad chiona—

(a) má dhéantar an phianbhreith a athrú ar achomharc, forléireofar í mar thagairt don phianbhreith arna hathrú amhlaidh, nó

(b) más rud é, ar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoi alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1993, go neamhníonn an Chúirt Achomhairc Choiriúil nó an Chúirt Achomhairc, de réir mar a bheidh, an phianbhreith agus go ndéanann an Chúirt sin pianbhreith eile a fhorchur ar an duine in ionad na pianbhreithe sin, forléireofar í mar thagairt don phianbhreith eile sin.

(7) Chun críocha fho-ailt (1)(c) agus (9), ciallaíonn tréimhse phríosúnachta aon tráth ar lena linn—

(a) atá an duine lena mbaineann arna athchur nó arna hathchur faoi choimeád,

(b) atá pianbhreith á cur isteach ag an duine lena mbaineann i bpríosún, nó

(c) atá an duine lena mbaineann arna scaoileadh saor go sealadach faoi alt 2 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960.

(8) Folóidh tagairtí san alt seo don chion dá éis sin tagairtí do dhara cion nó do chion dá éis sin a shonraítear sa Sceideal ar cion é ina gciontaítear duine ar díotáil (seachas duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois) le linn na tréimhse sonraithe.

(9) Ní rachaidh an tréimhse shonraithe i ndáil le duine lena mbaineann fo-alt (1) in éag ach amháin nuair nach ndéantar an duine a chiontú i gcion a shonraítear sa Sceideal—

(a) le linn na tréimhse 10 mbliana ó dháta an chiontaithe sa chion dá éis sin agus, d’fhonn an tréimhse sin a chinneadh, tabharfar neamhaird ar aon tréimhse phríosúnachta i leith an chéad chiona nó an chiona dá éis sin, nó

(b) le linn aon tréimhse phríosúnachta den sórt sin.

(10) Más rud é, tar éis fo-alt (1) a chur chun feidhme maidir le duine i leith ciontú ar díotáil i gcion a shonraítear sa Sceideal—

(a) go neamhnítear a chiontú nó a ciontú i leith an chéad chiona ar achomharc nó ar shlí eile, nó

(b) go ndéantar an phianbhreith a fhorchuirtear ar an duine i leith an chéad chiona a athrú ar achomharc ar shlí a fhágann nach dtagann sí faoi réim fho-alt (1)(b) a thuilleadh,

féadfaidh an duine iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt a d’fhorchuir an phianbhreith air nó uirthi i leith an chiona dá éis sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bpianbhreith agus féadfaidh an chúirt, má mheasann sí gur cuí déanamh amhlaidh, an phianbhreith sin a athrú.

(11) (a)Más rud é, maidir le pianbhreith arna forchur ar dhuine i leith ciontú ar díotáil i gcion a shonraítear sa Sceideal, nach dtagann sí faoi réim fho-alt (1)(b), ach—

(i) go ndéantar an phianbhreith a athrú ar achomharc, nó

(ii) ar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoi alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1993, go neamhníonn an Chúirt Achomhairc Choiriúil nó an Chúirt Achomhairc, de réir mar a bheidh, an phianbhreith agus go ndéanann an Chúirt sin pianbhreith eile a fhorchur ar an duine in ionad na pianbhreithe sin,

ar shlí a fhágann go dtagann an phianbhreith ansin faoi réim fho-alt (1)(b), beidh feidhm ag fo-alt (1) i leith cion a shonraítear sa Sceideal (‘an cion dá éis sin’) agus ar cion é arna dhéanamh ag an duine laistigh den tréimhse shonraithe.

(b) Más rud é, sna himthosca dá dtagraítear i mír (a), go mbeifear, tráth an achomhairc dá dtagraítear i bhfomhír (i) den mhír sin nó, de réir mar a bheidh, tráth an iarratais dá dtagraítear i bhfomhír (ii) den mhír sin, tar éis pianbhreith a fhorchur ar an duine lena mbaineann i leith an chiona dá éis sin, féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt a d’fhorchuir an phianbhreith chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bpianbhreith agus cuirfidh an chúirt fo-alt (1) chun feidhme maidir leis an duine sin i leith an chiona dá éis sin agus, más cuí, athróidh sí an phianbhreith dá réir sin.

(12) Maidir leis an gcumhacht a thugtar le halt 23 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 chun pionós a iomalartú nó a loghadh, ní dhéanfar, i gcás duine a bhfuil pianbhreith phríosúnachta arna forchur de réir fho-alt (1) i leith an chiona dá éis sin á cur isteach aige nó aici, an chumhacht sin a fheidhmiú roimh dhul in éag don téarma íosta príosúnachta arna shonrú ag an gcúirt de réir an fho-ailt sin lúide aon laghdú ar an téarma sin a éiríonn faoi fho-alt (13).

(13) Maidir leis na rialacha nó leis an gcleachtas trína bhféadfaidh príosúnaigh i gcoitinne loghadh pianbhreithe a thuilleamh trí dhúthracht agus dea-iompar, beidh feidhm acu i gcás duine a bhfuil pianbhreith arna forchur de réir fho-alt (1) á cur isteach aige nó aici i leith an chiona dá éis sin agus déanfar an téarma íosta príosúnachta arna shonrú ag an gcúirt de réir an fho-ailt sin a laghdú de mhéid aon loghtha a bheidh tuillte amhlaidh ag an duine.

(14) I gcás duine a bhfuil pianbhreith arna forchur de réir fho-alt (1) i leith an chiona dá éis sin á cur isteach aige nó aici, ní dhéanfar aon chumhacht a thugtar le halt 2 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 chun duine a bhfuil pianbhreith phríosúnachta á cur isteach aige nó aici a scaoileadh saor go sealadach a fheidhmiú le linn na tréimhse ar lena linn a thoirmisctear le fo-alt (12) a phionós nó a pionós a iomalartú nó a loghadh ach amháin ar chúis thromaí de chineál daonchairdiúil, agus ní mhairfidh aon scaoileadh saor arna dheonú amhlaidh ach cibé fad teoranta atá cóir ag féachaint don chúis sin.

(15) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (14) d’alt 2 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn an t-alt sin arna chur chun feidhme le halt 4 d’Acht na bPríosún, 1970.

(16) Folóidh tagairtí san alt seo do chion a shonraítear sa Sceideal—

(a) tagairtí do pháirteachas mar chomhchoirí de chuid duine a dhéanann cion den sórt sin, agus

(b) tagairtí do chion arb éard é iarracht nó comhcheilg a dhéanamh, nó gríosú a dhéanamh, chun cion den sórt sin a dhéanamh.

(17) San alt seo folaíonn ‘príosúnacht’—

(a) coinneáil in áit arna soláthar faoi alt 2 d’Acht na bPríosún, 1970, agus

(b) coinneáil in áit arna sonrú faoi alt 3 d’Acht na bPríosún, 1972,

agus déanfar ‘príosún’ agus ‘pianbhreith phríosúnachta’ a fhorléiriú dá réir sin.”.

Cionta chun críocha alt 58 d’Acht 2017

5. Leasaítear Acht 2017 tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 58 (a cuireadh isteach le halt 4):

“AN SCEIDEAL

alt 58

Cionta chun críocha alt 58

1. Cion faoi alt 1 den Punishment of Incest Act 1908 (ciorrú coil ag fireannaigh).

2. Cion faoi alt 2 den Punishment of Incest Act 1908 (ciorrú coil ag baineannaigh atá 17 mbliana d’aois nó os a chionn).

3. Cion banéigin de réir bhrí alt 1 den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean), 1981.

4. Cion faoi aon fhoráil de na forálacha seo a leanas den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990:

(a) alt 2 (ionsaí gnéasach);

(b) alt 3 (tromionsaí gnéasach);

(c) alt 4 (banéigean faoi alt 4 den Acht sin).

5. Cion faoi aon fhoráil de na forálacha seo a leanas den Acht um Chionta Gnéasacha (Dlínse), 1996:

(a) alt 2 (cionta gnéasacha a dhéantar lasmuigh den Stát);

(b) alt 3 (cion arb éard é duine a iompar chun a chumasú cion lena mbaineann alt 2(1) den Acht sin a dhéanamh);

(c) alt 4 (cion arb éard é faisnéis a fhoilsiú ar dóigh di déanamh ciona lena mbaineann alt 2(1) den Acht sin a chur chun cinn etc.).

6. Cion faoi aon fhoráil de na forálacha seo a leanas den Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí, 1998:

(a) alt 3 (gáinneáil ar leanaí agus leanbh a ghabháil, etc., chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh air nó uirthi);

(b) alt 4 (cead a thabhairt leanbh a úsáid le haghaidh pornagrafaíochta leanaí);

(c) alt 4A (striapachas leanaí nó táirgeadh pornagrafaíochta leanaí a eagrú etc.);

(d) alt 5 (pornagrafaíocht leanaí a tháirgeadh, a dháileadh, etc.);

(e) alt 5A (páirteachas linbh i dtaibhiú pornagrafaíochta);

(f) alt 6 (pornagrafaíocht leanaí a shealbhú).

7. Cion faoi alt 249 d’Acht na Leanaí, 2001 (cion gnéasach ar leanbh a chur faoi deara nó a spreagadh).

8. Cion faoi aon fhoráil de na forálacha seo a leanas den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2006:

(a) alt 2 (leanbh atá faoi bhun 15 bliana d’aois a thruailliú);

(b) alt 3 (leanbh atá faoi bhun 17 mbliana d’aois a thruailliú);

(c) alt 3A (cion ag duine i gcáil údaráis).

9. Cion faoi alt 5 den Acht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine), 2008 (sireadh nó tathant d’fhonn striapach a dhéanamh de dhuine ar a ndearnadh gáinneáil).

10. Cion faoi aon fhoráil de na forálacha seo a leanas den Acht seo:

(a) alt 3 (leanbh a fháil, a sholáthar etc. chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh air nó uirthi);

(b) alt 4 (cuireadh etc. chun tadhaill ghnéasaigh);

(c) alt 5 (gníomhaíocht ghnéasach i láthair linbh);

(d) alt 6 (cur faoi deara do leanbh breathnú ar ghníomhaíocht ghnéasach);

(e) alt 7 (casadh le leanbh chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh air nó uirthi);

(f) alt 8 (teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide a úsáid chun teacht i dtír gnéasach ar leanbh a éascú);

(g) alt 21 (gníomh gnéasach le duine faoi chosaint);

(h) alt 22 (cion in aghaidh duine iomchuí ag duine i gcáil údaráis).”.

Gearrtheideal agus tosach feidhme

6. (1)Féadfar an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocróidh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.