3 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 2019


AN tACHT UM BORD MEASÚNAITHE DÍOBHÁLACHA PEARSANTA (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Clár an Ábhair

Alt

1. Míniú

2. Leasú ar alt 13 den Phríomh-Acht

3. Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht

4. Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht

5. Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht

6. Leasú ar alt 49 den Phríomh-Acht

7. Leasú ar alt 50 den Phríomh-Acht

8. Costais in imeachtaí i gcás nach gcomhlíonann an t-éilitheoir nó an freagróir iarraidh ó na measúnóirí

9. Leasú ar alt 54 den Phríomh-Acht

10. Leasú ar alt 54A den Phríomh-Acht

11. Leasú ar alt 56 den Phríomh-Acht

12. Leasú ar alt 57 den Phríomh-Acht

13. An Bord do chur airgead ar aghaidh chuig an Aire

14. Leasú ar alt 79 den Phríomh-Acht

15. Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 (Uimh. 41)

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997 (Uimh. 2)

An tAcht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003 (Uimh. 46)

Na hAchtanna um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003 agus 2007

An tAcht um Reacht na dTréimhsí (Leasú), 1991 (Uimh. 18)

Reacht na dTréimhsí, 1957 (Uimh. 6)

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 2019


AN tACHT UM BORD MEASÚNAITHE DÍOBHÁLACHA PEARSANTA (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do leasú agus do leathnú an Achta um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[25 Feabhra 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Míniú

1. San Acht seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003.

Leasú ar alt 13 den Phríomh-Acht

2.(1) Leasaítear alt 13 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas chur in ionad fho-alt (1):

“(1)(a) A luaithe is indéanta tar éis iarratas faoi alt 11 a fháil, féadfaidh an Bord réamhfhógra a sheirbheáil ar an duine nó ar gach duine de na daoine a líomhnaíonn an t-éilitheoir ina leith san iarratas gur duine é nó í nó gur daoine iad atá faoi dhliteanas aige nó aici i leith an éilimh iomchuí (dá ngairtear, i gcás an duine sin nó gach duine ar leith díobh, ‘freagróir’ sa Chuid seo) ina dtabharfar fógra don fhreagróir maidir leis an éileamh iomchuí.

(b) A luaithe is indéanta tar éis na nithe seo a leanas a fháil—

(i) iarratas faoi alt 11,

(ii) tuarascáil arna hullmhú ag lia-chleachtóir faoi alt 11(3)(c), agus

(iii) an muirear arna fhorchur ar an éilitheoir de bhun rialacháin arna ndéanamh faoi alt 22(1),

déanfaidh an Bord an fógra seo a leanas a sheirbheáil ar an bhfreagróir.”,

agus

(b) i bhfo-alt (2), trí “Maidir leis an bhfógra sin faoi fho-alt (1)(b)” a chur in ionad “Maidir leis an bhfógra sin”.

(2) Beidh feidhm ag na leasuithe a dhéantar le fo-alt (1) maidir le hiarratais arna ndéanamh faoi alt 11 den Phríomh-Acht tar éis don alt seo teacht i ngníomh.

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht

3. Leasaítear alt 14 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(a), trí “ar fhógra arna sheirbheáil faoi alt 13(1)(b)” a chur in ionad “ar fhógra faoi alt 13”, agus

(b) i bhfo-alt (2), trí “ar fhógra arna sheirbheáil faoi alt 13(1)(b)” a chur in ionad “ar fhógra faoi alt 13”.

Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 17(1)(b) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfomhír (v), trí “ina leith, nó” a chur in ionad “ina leith.”, agus

(b) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (v):

“(vi) maidir leis an bhfógra faoi alt 13(1)(b) ar an duine nó ar gach duine de na daoine a líomhnaíonn an t-éilitheoir ina leith san iarratas gur duine é nó í nó gur daoine iad atá faoi dhliteanas aige nó aici i leith an éilimh iomchuí, nach féidir é a sheirbheáil ar an duine, ná é a thabhairt dó nó di ná é a eisiúint chuige nó chuici de réir alt 79, nó

(vii) go bhfuil an freagróir tar éis fógra a thabhairt don Bhord á rá go bhfuil ar intinn aige nó aici gan glacadh leis an measúnú nuair a bheidh sé déanta, nó

(viii) ina thuairim, go dtagann an t-éileamh iomchuí faoi réim aicme éileamh iomchuí lena mbaineann Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 i dtaobh an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamh-chonarthacha (An Róimh II), nó

(ix) ina thuairim, go dtagann an t-éileamh iomchuí faoi réim aicme éileamh iomchuí i gcás go ndearnadh socraíocht a chaibidil chun sochair do mhionaoiseach nó do dhuine mímheabhrach (lena n-áirítear mionaoiseach cleithiúnach nó duine mímheabhrach cleithiúnach i gcás gur de dheasca díobhálacha marfacha a dhéantar an t-éileamh iomchuí) a bheidh le ceadú ag an gcúirt.”.

Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht

5. Leasaítear alt 22 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Féadfar méideanna éagsúla a shonrú i rialacháin faoi fho-alt (1)—

(a) chun críocha fho-alt (2)(b)—

(i) i ndáil le haicmí éagsúla d’éileamh iomchuí, agus

(ii) i ndáil le céimeanna éagsúla d’éileamh iomchuí,

agus

(b) chun críocha fho-alt (2)(a) agus (b) i ndáil le doiciméid a chur isteach i bhfoirm leictreonach agus pháipéir.”.

Leasú ar alt 49 den Phríomh-Acht

6. Leasaítear alt 49 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3), trí “san fhógra arna sheirbheáil faoi alt 13(1)(b)” a chur in ionad “san fhógra arna sheirbheáil faoi alt 13”.

Leasú ar alt 50 den Phríomh-Acht

7.(1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 50:

“50.Le linn aon tréimhse ama a ríomh chun críche aon tréimhse teorann isinfheidhme i ndáil le héileamh iomchuí (lena n-áirítear aon tréimhsetheorann faoi Reacht na dTréimhsí, 1957, faoi alt 9(2) den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961, faoin Acht um Reacht na dTréimhsí (Leasú), 1991, agus faoi chomhaontú nó coinbhinsiún idirnáisiúnta ag a mbeidh an Stát faoi cheangal)—

(a) tabharfar neamhaird ar an tréimhse dar tús an tráth a dhéanfar an t-iarratas faoi alt 11 i ndáil leis an éileamh agus dar críoch 6 mhí ó dháta eisiúna údaraithe faoi alt 14, 17, 32, 36 nó 49, de réir mar is cuí, sa mhéid go mbaineann sí le freagróir amháin nó níos mó a ainmneofar tráth an iarratais arna dhéanamh faoi alt 11, nó

(b) tabharfar neamhaird ar an tréimhse dar tús an tráth a chuirfear freagróir breise nó freagróirí breise leis an éileamh agus dar críoch 6 mhí ó dháta eisiúna údaraithe faoi alt 14, 17, 32, 36 nó 49 nó faoi rialacha faoi alt 46(3)(b), de réir mar is cuí, sa mhéid go mbaineann sí leis an bhfreagróir breise sin nó leis na freagróirí breise sin.”.

(2) Beidh feidhm ag an leasú a dhéantar le fo-alt (1) maidir le hiarratais arna ndéanamh faoi alt 11 den Phríomh-Acht tar éis don alt seo teacht i ngníomh.

Costais in imeachtaí i gcás nach gcomhlíonann an t-éilitheoir nó an freagróir iarraidh ó na measúnóirí

8.(1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 51B:

“51C.(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le héileamh iomchuí más rud é—

(a) gur iarr na measúnóirí ar an éilitheoir faisnéis nó doiciméid bhreise a thabhairt dóibh de bhun alt 23(1) agus nár chomhlíon an t-éilitheoir an iarraidh sin,

(b) gur iarr na measúnóirí ar an bhfreagróir nó ar na freagróirí faisnéis nó doiciméid bhreise a thabhairt dóibh de bhun alt 23(2) agus nár chomhlíon an freagróir nó na freagróirí an iarraidh sin,

(c) gur iarr na measúnóirí ar an éilitheoir nó ar an bhfreagróir nó ar na freagróirí cúnamh a thabhairt do shaineolaithe ar áirithiú nó faisnéis nó doiciméid a thabhairt do na saineolaithe sin nó comhoibriú leo de bhun alt 23(4) agus nár chomhlíon an t-éilitheoir nó an freagróir nó na freagróirí, de réir mar is cuí, an iarraidh sin, nó

(d) gur iarr na measúnóirí ar an éilitheoir teacht i láthair chun dul faoi scrúdú liachta de bhun alt 24(2) agus nár tháinig an t-éilitheoir i láthair chun dul faoin scrúdú liachta.

(2) Más rud é, maidir le héileamh iomchuí lena mbaineann an t-alt seo, go dtionscnaíonn éilitheoir imeachtaí de réir an Achta seo, féadfaidh an chúirt, dá rogha féin, agus aon mhainneachtain comhlíonadh a dhéanamh nó faisnéis nó doiciméid a chur isteach ar an modh a shonraítear i bhfo-alt (1), agus na himthosca iomchuí eile go léir, á gcur i gcuntas, a ordú—

(a) nach bhféadfar aon dámhachtain costas ná aon ordú eile lena bhforáiltear do chostais a íoc a dhéanamh—

(i) i bhfabhar an éilitheora i gcás go mbeidh feidhm ag fo-alt (1)(a) nó (1)(d),

(ii) i bhfabhar an chosantóra nó na gcosantóirí i gcás go mbeidh feidhm ag fo-alt (1)(b), nó

(iii) i bhfabhar an éilitheora nó an chosantóra nó na gcosantóirí, de réir mar is cuí, i gcás go mbeidh feidhm ag fo-alt (1)(c),

(b) go n-íocfaidh an t-éilitheoir costais uile an chosantóra nó na gcosantóirí nó cion díobh i gcás go mbeidh feidhm ag fo-alt (1)(a), (c) nó (d), nó

(c) go n-íocfaidh an cosantóir nó na cosantóirí costais uile an éilitheora nó cion díobh i gcás go mbeidh feidhm ag fo-alt (1)(c).

(3) Tá feidhm ag an alt seo d’ainneoin alt 51.”.

(2) Beidh feidhm ag an leasú a dhéantar le fo-alt (1)—

(a) maidir le hiarratas faoi alt 11 den Phríomh-Acht a dhéanfar an dáta ar a dtiocfaidh an t-alt seo i ngníomh nó dá éis, agus

(b) maidir le hiarratas faoi alt 11 den Phríomh-Acht arna dhéanamh roimh an dáta ar a dtiocfaidh an t-alt seo i ngníomh, más rud é—

(i) nár iarr na measúnóirí, roimh an dáta sin, ar an éilitheoir faisnéis nó doiciméid bhreise a thabhairt dóibh de bhun alt 23(1) den Phríomh-Acht,

(ii) nár iarr na measúnóirí, roimh an dáta sin, ar an bhfreagróir nó ar na freagróirí faisnéis nó doiciméid bhreise a thabhairt dóibh de bhun alt 23(2) den Phríomh-Acht,

(iii) nár iarr na measúnóirí, roimh an dáta sin, ar an éilitheoir nó ar an bhfreagróir nó ar na freagróirí cúnamh a thabhairt do shaineolaithe ar áirithiú ná faisnéis nó doiciméid a thabhairt do na saineolaithe sin ná comhoibriú leo de bhun alt 23(4) den Phríomh-Acht, nó

(iv) nár iarr na measúnóirí, roimh an dáta sin, ar an éilitheoir teacht i láthair chun dul faoi scrúdú liachta de bhun alt 24(2) den Phríomh-Acht.

Leasú ar alt 54 den Phríomh-Acht

9. Leasaítear alt 54 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(ba)an Leabhar Candaim a athbhreithniú ó am go ham agus Leabhar Candaim athleasaithe a ullmhú agus a fhoilsiú uair amháin ar a laghad gach 3 bliana,”.

Leasú ar alt 54A den Phríomh-Acht

10. Leasaítear alt 54A den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “faoi mhír (b), (ba), (c), (d) nó (e) d’alt 54(1)” a chur in ionad “faoi alt 54(1)(c)”, agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Maidir le duine a dhéanfaidh, gan cúis réasúnach, fo-alt (2) a shárú, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(4) Féadfaidh an chúirt, ina mbeidh ciontú i gcion faoin alt seo taifeadta nó daingnithe, a ordú go ndéanfaidh an duine a ciontaíodh an sárú ar an alt seo a leigheas, is sárú arb ina leith a ciontaíodh an duine sin.”.

Leasú ar alt 56 den Phríomh-Acht

11. Leasaítear alt 56 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Maidir le comhaltaí an Bhoird—

(a) is duine arna ainmniú nó arna hainmniú lena cheapadh nó lena ceapadh amhlaidh ag Árachas Éireann (nó ag aon chomharba dá chuid) duine amháin díobh, agus

(b) is fostaí de chuid Bhanc Ceannais na hÉireann arna ainmniú nó arna hainmniú lena cheapadh nó lena ceapadh amhlaidh ag Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann duine amháin díobh.”.

Leasú ar alt 57 den Phríomh-Acht

12. Leasaítear alt 57 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (6), trí “Faoi réir fho-alt (7), beidh comhalta den Bhord” a chur in ionad “Beidh comhalta den Bhord”, agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Maidir le duine a athcheapfar chun an Bhoird de réir fho-alt (6), ní bheidh sé nó sí i seilbh oifige ar feadh tréimhsí is faide sa chomhiomlán ná 10 mbliana.

(8) Más rud é, maidir le comhalta den Bhord—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa,

(c) go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin, nó

(d) go dtoghfar nó go gcomhthoghfar é nó í mar chomhalta d’údarás áitiúil,

scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord.

(9) Aon duine a bheidh, de thuras na huaire, i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó atá ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord.”.

An Bord do chur airgead ar aghaidh chuig an Aire

13. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 74:

“74A.(1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a údarú don Bhord suim shonraithe airgid a choinneáil chun críoch caiteachais ag an mBord i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(2) Is é nó is í an tAire a chinnfidh an tsuim a shonrófar chun críocha fho-alt (1), ag féachaint do chostais oibríochta, chaipitiúla agus theagmhasacha an Bhoird.

(3) Féadfaidh an tAire, ó am go ham agus le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a iarraidh ar an mBord aon airgead arna shealbhú ag an mBord, de bhreis air sin a údaraítear a choinneáil faoi fho-alt (1), a chur ar aghaidh chuig an Aire.

(4) Déanfaidh an Bord iarraidh faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh.

(5) Déanfar gach airgead a gheobhaidh an tAire faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste ar cibé modh a threoróidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.”.

Leasú ar alt 79 den Phríomh-Acht

14. Leasaítear alt 79 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) i mír (b), trí “seoladh sin;” a chur in ionad “seoladh sin; nó”,

(ii) i mír (c), trí “seoladh sin;” a chur in ionad “seoladh sin.”, agus

(iii) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) trí mheán leictreonach, i gcás ina mbeidh fógra i scríbhinn tugtha ag an duine don duine a bheidh ag seirbheáil nó ag tabhairt an fhógra nó an doiciméid lena mbaineann á rá go dtoilíonn sé nó sí leis an bhfógra nó leis an doiciméad (nó le fógraí nó doiciméid d’aicme lena mbaineann an fógra nó an doiciméad) a sheirbheáil air nó uirthi, nó a thabhairt dó nó di nó a eisiúint chuige nó chuici, ar an modh sin; nó

(e) trí sheirbhís malartaithe doiciméad, i gcás ina mbeidh fógra i scríbhinn tugtha ag an duine don duine a bheidh ag seirbheáil nó ag tabhairt an fhógra nó an doiciméid lena mbaineann á rá go dtoilíonn sé nó sí leis an bhfógra nó leis an doiciméad (nó le fógraí nó doiciméid d’aicme lena mbaineann an fógra nó an doiciméad) a sheirbheáil air nó uirthi, nó a thabhairt dó nó di nó a eisiúint chuige nó chuici, ar an modh sin.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) San alt seo, ciallaíonn ‘seirbhís malartaithe doiciméad’ modh a sholáthar, lena n-áirítear áitreabh a sholáthar go sonrach chun na críche sin agus iompar ag tríú páirtí, lena gcumasaítear féinseachadadh trí mhalartú frithpháirteach postphaicéad idir daoine a dhéanann síntiús le haghaidh na seirbhíse sin.”.

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua

15.(1) Féadfar an tAcht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (Leasú), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

(3) Féadfar na hAchtanna um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003 go 2019 a ghairm de na hAchtanna um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003 agus 2007 agus den Acht seo le chéile.