Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Leasú Nollaig 2012 ar an gComhaontú Saoráide Iasachta)

1 2013

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 2013


AN tACHT UM SHAORÁID IASACHTA AN LIMISTÉIR EURO (LEASÚ), 2013

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1. Mínithe .

2. Leasú ar alt 2 d’Acht 2011 .

3. Sceideal a chur ag gabháil le hAcht 2011 .

4. Gearrtheideal .

AN SCEIDEAL

Leasú Nollaig 2012 ar an gComhaontú Saoráide Iasachta


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Shaoráid Iasachta an Limistéir Euro (Leasú), 2012

2012, Uimh. 6

An tAcht um Shaoráid Iasachta an Limistéir Euro, 2010

2010, Uimh. 7

An tAcht um Shaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach agus um Shaoráid Iasachta an Limistéir Euro (Leasú), 2011

2011, Uimh. 25

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 2013


AN tACHT UM SHAORÁID IASACHTA AN LIMISTÉIR EURO (LEASÚ), 2013

[An tiontú oifigiúil]


ACHT D’ÉASCÚ TUILLEADH, AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL, CHOBHSAÍOCHT AIRGEADAIS AN AONTAIS EORPAIGH AGUS COBHSAÍOCHT AIRGEADAIS AN LIMISTÉIR EURO INA IOMLÁINE A CHOSAINT AGUS CHUN NA gCRÍOCH SIN—

(A) DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT, A MHÉID A BHAINEANN SÉ LEIS AN STÁT, DON LEASÚ AR AN gCOMHAONTÚ SAORÁIDE IASACHTA EUR 80 000 000 000 ARNA DHÉANAMH SA BHRUISÉIL AN 19 NOLLAIG 2012 AGUS SAN AITHIN AN 18 NOLLAIG 2012,

(B) DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE A BHAINEANN LE LEASUITHE IARDAIN AR AN gCOMHAONTÚ SAORÁIDE IASACHTA, AR LEASUITHE IAD A CHEADAIGH DÁIL ÉIREANN DE BHUN AIRTEAGAL 29.5.2° DEN BHUNREACHT,

(C) DO LEASÚ AN ACHTA UM SHAORÁID IASACHTA AN LIMISTÉIR EURO, 2010, AGUS

(D) DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[5 Feabhra 2013]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 2011” an tAcht um Shaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach agus um Shaoráid Iasachta an Limistéir Euro (Leasú), 2011;

ciallaíonn “Acht 2012” an tAcht um Shaoráid Iasachta an Limistéir Euro (Leasú), 2012.

Leasú ar alt 2 d’Acht 2011.

2 .— Leasaítear alt 2 d’Acht 2011 (arna leasú le hAcht 2012)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Folaíonn na tagairtí don Chomhaontú Saoráide Iasachta san Acht um Shaoráid Iasachta an Limistéir Euro, 2010—

(a) Leasú Mheitheamh 2011 ar an gComhaontú Saoráide Iasachta,

(b) Leasú Fheabhra 2012 ar an gComhaontú Saoráide Iasachta,

(c) Leasú Nollaig 2012 ar an gComhaontú Saoráide Iasachta,

(d) aon leasuithe dá éis ar an gComhaontú Saoráide Iasachta a cheadaigh Dáil Éireann de bhun Airteagal 29.5.2° den Bhunreacht,

agus forléireofar an tAcht sin dá réir sin.

(1A) I gcás gur cheadaigh Dáil Éireann, de bhun Airteagal 29.5.2° den Bhunreacht, leasú ar an gComhaontú Saoráide Iasachta, cuirfidh an tAire Airgeadais faoi deara, a luaithe is féidir dá éis, go bhfoilseofar fógra faoin gceadú sin san Iris Oifigiúil.”,

(b) i bhfo-alt (2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) sa Chomhaontú Saoráide Iasachta, arna leasú leis na leasuithe lena mbaineann fo-alt (1).”,

agus

(c) i bhfo-alt (3), tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Leasú Fheabhra 2012 ar an gComhaontú Saoráide Iasachta” (arna chur isteach le hAcht 2012):

“ciallaíonn ‘Leasú Nollaig 2012 ar an gComhaontú Saoráide Iasachta’ an Leasú ar an gComhaontú Saoráide Iasachta EUR 80 000 000 000 arna dhéanamh sa Bhruiséil an 19 Nollaig 2012 agus san Aithin an 18 Nollaig 2012 agus a rinne—

(a) an Phoblacht Heilléanach mar iasachtaí agus Banc na Gréige, mar ghníomhaire don iasachtaí, de pháirt, agus

(b) Ballstáit eile an Limistéir Euro a ndéanann an Coimisiún Eorpach (ag gníomhú dó mar ghníomhaire do na Ballstáit sin den Limistéar Euro, seachas Poblacht Chónaidhme na Gearmáine) agus KfW (ag gníomhú dó ar mhaithe le leas an phobail, faoi réir threoracha, agus le sochar ráthaíocht, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine) ionadaíocht dóibh mar iasachtóirí den pháirt eile,

a bhfuil an téacs de (lena n-áirítear na hIarscríbhinní) leagtha amach i Sceideal 4;”.

Sceideal a chur ag gabháil le hAcht 2011.

3 .— Leasaítear Acht 2011 tríd an téacs atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur isteach, agus sin mar Sceideal 4, i ndiaidh Sceideal 3 (arna chur isteach le hAcht 2012).

Gearrtheideal.

4 .— Féadfar an tAcht um Shaoráid Iasachta an Limistéir Euro (Leasú), 2013 a ghairm den Acht seo.