30 2009

/images/harp.jpg


Uimh. 30 de 2009


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (MUIRIR) 2009

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Léiriú.

2 . An bhrí atá le maoin chónaithe.

3 . Muirear ar mhaoin chónaithe áirithe.

4 . Díolúintí ó mhuirear.

5 . Dliteanas a dhearbhú agus muirear a íoc.

6 . Táille as íoc déanach.

7 . Méid neamhíoctha chun bheith ina mhuirear ar mhaoin.

8 . Admhálacha agus deimhnithe.

9 . Bailiú, cúram agus bainistiú muirir.

10 . Tarmligean feidhmeanna de chuid údaráis áitiúil a bhaineann le muirir etc. a bhailiú.

11 . Sonraí a roinnt agus a mhalartú.

12 . Cionta agus pionóis.

13 . Caiteachais an Aire.

14 . Rialacháin, orduithe agus ordacháin.

15 . Íocaíocht le comhairlí baile.

16 . Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003

2003, Uimh. 1

Na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil

An tAcht Leictreachais (Soláthar) 1927

1927, Uimh. 27

An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996

1996, Uimh. 33

An tAcht Airgeadais 2001

2001, Uimh. 7

An tAcht Sláinte 2004

2004, Uimh. 42

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992

1992, Uimh. 18

Acht na dTithe 1966

1966, Uimh. 21

An tAcht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh 1989

1989, Uimh. 6

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

Petty Sessions (Ireland) Act 1851

14 & 15 Vict. c. 93

An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004

2004, Uimh. 27

An tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005

2005, Uimh. 26

An tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999

1999, Uimh. 31

Na hAchtanna Cánach

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997

1997, Uimh. 39

An tAcht Luachála 2001

2001, Uimh. 13

An tAcht Cánach Breisluacha 1972

1972, Uimh. 22

/images/harp.jpg


Uimh. 30 de 2009


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (MUIRIR) 2009

[An tiontú oifigiúil]


ACHT D’FHORCHUR DLITEANAIS AR ÚINÉIRÍ MAOINE CÓNAITHE ÁIRITHE I nDÁIL LE MUIREAR BLIANTÚIL A ÍOC, I LEITH GACH MAOINE DEN SÓRT SIN LENA mBAINEANN, LEIS AN ÚDARÁS ÁITIÚIL AR INA LIMISTÉAR ATÁ AN MHAOIN CHÓNAITHE SUITE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[21 Iúil, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 1992 ” Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992;

ciallaíonn “ Acht 1997 ” an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997;

ciallaíonn “ Acht 2001 ” an tAcht Rialtais Áitiúil 2001;

folaíonn “ foirgneamh ”—

(a) cuid d’fhoirgneamh, agus

(b) déanmhas nó tógáil d’aon chineál agus d’aon ábhair, nó aon chuid den déanmhas nó tógáil sin,

ach ní fholaíonn sé feithicil ná teach soghluaiste;

tá le “ muirear ” an bhrí a shanntar dó le halt 3(1) agus (2);

tá le “ comhairle cathrach ” an bhrí a shanntar dó le hAcht 2001;

tá le “ comhairle contae ” an bhrí a shanntar dó le hAcht 2001;

folaíonn “ teaghais ” foirgneamh a úsáideann pearsa aonair, nó atá oiriúnach lena úsáid ag pearsa aonair, mar theaghais ar leithligh, cibé acu atá nó nach bhfuil aon chóiríocht, aosáid nó saoráid san fhoirgneamh nó, de réir mar a bheidh, san áitreabh ar cuid de an foirgneamh, á roinnt aige nó aici, nó a mbeadh nó nach mbeadh teideal aige nó aici an céanna a roinnt, le haon phearsa aonair eile;

tá le “ údarás tithíochta ” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1992;

tá le “ dáta dliteanais ” an bhrí a shanntar dó le halt 3(1) agus (2);

ciallaíonn “ údarás áitiúil ” comhairle contae nó comhairle cathrach;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “ úinéir ”, i ndáil le maoin chónaithe, duine (seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh) atá i dteideal, cibé acu as ceart an duine sin féin nó mar iontaobhaí nó mar ghníomhaire d’aon duine eile, cíos na maoine a fháil nó, i gcás nach bhfuil an mhaoin ligthe, a mbeadh an teideal sin aige nó aici dá mbeadh sí ligthe amhlaidh;

ciallaíonn “ forordaithe ” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

ciallaíonn “ údarás áitiúil iomchuí ”—

(a) i ndáil le maoin chónaithe atá suite i gcathair, an chomhairle cathrach sin, nó

(b) i ngach cás eile, an chomhairle contae don chontae ina bhfuil an mhaoin chónaithe suite.

An bhrí atá le maoin chónaithe.

2 .— (1) San Acht seo, ciallaíonn “ maoin chónaithe ” foirgneamh atá suite sa Stát agus a úsáidtear, nó atá oiriúnach lena úsáid, mar theaghais, lena n-áirítear aon teach, teaghasán, árasán nó teaghaisín (lena n-áirítear teaghaisín aonseomra) ach ní fholaíonn sé—

(a) foirgneamh ceadaithe de réir bhrí alt 482 d’Acht 1997,

(b) foirgneamh atá ina chuid de stoc trádála gnó agus—

(i) nár tháinig aon ioncam uaidh ó foirgníodh é, agus

(ii) nár úsáideadh mar theaghais aon tráth ó foirgníodh é,

(c) foirgneamh a ligeann Aire den Rialtas, údarás tithíochta nó Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bunaíodh leis an Acht Sláinte 2004,

(d) foirgneamh atá ar áitiú faoi léas úinéireachta roinnte de réir bhrí alt 2 d’Acht 1992,

(e) foirgneamh atá á ligean ag comhlacht atá arna cheadú chun críocha alt 6 d’Acht 1992,

(f) foirgneamh atá léasaithe, nó is ábhar do chomhaontú, le húdarás tithíochta, i dtaca le comhlíonadh a fheidhmeanna ag an údarás faoi alt 56 d’Acht na dTithe 1966,

(g) foirgneamh atá léasaithe, nó is ábhar do chomhaontú, le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus a bheidh le húsáid ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i gcomhlíonadh a feidhmeanna faoin Acht Sláinte 2004, nó

(h) foirgneamh lena mbaineann Sceideal 3 a ghabhann leis an Acht Luachála 2001.

(2) Chun críocha an Achta seo, aon seomra codlata is cuid de mhaoin chónaithe agus a ligtear faoi shocrú ligin trína bhfuil an phearsa aonair a áitíonn an seomra codlata sin i dteideal aon chóiríocht, aosáid nó saoráid eile sa mhaoin a roinnt le haon phearsa aonair eile, ní maoin chónaithe é ach is maoin chónaithe é an foirgneamh ar cuid de an seomra.

Muirear ar mhaoin chónaithe áirithe.

3 .— (1) Aon duine is úinéir ar mhaoin chónaithe ar cibé dáta (dá ngairtear an “dáta dliteanais” san Acht seo) sa bhliain 2009 a bheidh forordaithe, dlífear air nó uirthi suim €200 (dá ngairtear “muirear” san Acht seo) a íoc leis an údarás áitiúil iomchuí.

(2) Aon duine is úinéir ar mhaoin chónaithe an 31 Márta (dá ngairtear an “dáta dliteanais” san Acht seo freisin) de gach bliain tar éis na bliana 2009, dlífear air nó uirthi an tsuim (dá ngairtear “muirear” san Acht seo freisin) a shonraítear i bhfo-alt (3) a íoc leis an údarás áitiúil iomchuí.

(3) Is í an tsuim dá dtagraítear i bhfo-alt (2)

(a) €200, nó

(b) i gcás go mbeidh suim arna forordú faoi fho-alt (5) chun críocha fho-alt (2) , an tsuim sin.

(4) Íocfaidh úinéir ar mhaoin chónaithe ar dháta dliteanais an muirear a mbeidh an duine sin faoi dhliteanas ina leith faoin alt seo leis an údarás áitiúil iomchuí roimh dhul in éag do cibé tréimhse a bheidh forordaithe.

(5) Féadfaidh an tAire ó am go ham méid an mhuirir i bhfo-alt (2) a athbhreithniú agus, ag féachaint d’aon athrú ar an treoirphraghas do thomhaltóirí ón uair dheireanach a sonraíodh nó a forordaíodh méid an mhuirir faoin alt seo, méid athmheasta a fhorordú de réir mar is cuí leis an Aire, agus beidh éifeacht leis an méid sin don chéad dáta dliteanais eile agus ón dáta sin go dtí go n-athrófar tuilleadh é.

(6) Chun críocha fho-alt (5), ciallaíonn “ athrú ar an treoirphraghas do thomhaltóirí ” an difríocht eatarthu seo a leanas—

(a) an Treoir-Uimhir Praghsanna do Thomhaltóirí — Gach Ítim is déanaí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh roimh an dáta deireanach a rinneadh méid an mhuirir dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a shonrú nó a fhorordú faoin alt seo, agus

(b) an uimhir sin is déanaí a foilsíodh roimh dháta an athbhreithnithe faoi fho-alt (5),

arna shloinneadh mar chéatadán den uimhir chéadluaite.

(7) I gcás muirir a bhaineann le dáta dliteanais agus atá dlite i leith maoine cónaithe atá ar comhúinéireacht ag beirt nó níos mó—

(a) dlífear ar gach duine is comhúinéir, i gcomhpháirt agus go leithleach, an muirear sin a íoc, agus

(b) má íocann duine amháin nó níos mó de na comhúinéirí an muirear, urscaoilfear dliteanas gach comhúinéara an muirear sin a íoc leis an údarás áitiúil lena mbaineann.

Díolúintí ó mhuirear.

4 .— (1) Aon duine is úinéir ar mhaoin chónaithe ar dháta dliteanais, ní dhlífear air nó uirthi, i leith na maoine cónaithe sin, an muirear a bhaineann leis an dáta dliteanais sin a íoc, más rud é maidir leis an maoin chónaithe ar an dáta sin—

(a) i gcás úinéara is pearsa aonair—

(i) go bhfuil sí ar áitiú ag an bpearsa aonair sin mar aon-áit chónaithe nó mar phríomháit chónaithe aige nó aici, nó

(ii) go bhfuil sí ar áitiú go páirteach ag an bpearsa aonair sin mar aon-áit chónaithe nó mar phríomháit chónaithe aige nó aici agus, maidir leis an gcuid den mhaoin nach bhfuil ar áitiú amhlaidh, go bhfuil sé nó sí i dteideal faoisimh faoi alt 216A (a cuireadh isteach le halt 32 den Acht Airgeadais 2001) d’Acht 1997, agus go n-éilíonn sé nó sí an faoiseamh sin, i leith suimeanna iomchuí nach mó ná a theorainn nó a teorainn don bhliain mheasúnachta lena mbaineann,

(b) gur cuid í d’iontaobhas lánroghnach (de réir bhrí alt 2 den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003) nó gur comhlacht corpraithe an t-úinéir uirthi a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe aige agus ar iontaobhas nó comhlacht corpraithe é atá ceadaithe mar charthanas incháilithe de réir Chuid 3 de Sceideal 26A a ghabhann le hAcht 1997.

(2) Más rud é, ar dháta dliteanais—

(a) gur úinéir ar mhaoin chónaithe (dá ngairtear “an chéad mhaoin” san fho-alt seo) pearsa aonair agus go n-áitíonn sé nó sí í mar aon-áit chónaithe nó mar phríomháit chónaithe aige nó aici,

(b) gur úinéir ar mhaoin chónaithe eile (dá ngairtear an “dara maoin” san fho-alt seo) an phearsa aonair sin freisin,

(c) gur tháinig an phearsa aonair sin chun bheith ina úinéir nó ina húinéir ar an dara maoin laistigh den tréimhse bliana díreach roimh an dáta dliteanais, agus

(d) tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta dliteanais, go dtiocfaidh an dara maoin chun bheith ina haon-áit chónaithe nó ina príomháit chónaithe aige nó aici agus go scoirfidh an phearsa aonair de bheith ina úinéir nó ina húinéir ar an gcéad mhaoin,

ansin ní dhlífidh sé nó sí, i leith na chéad mhaoine ná an dara maoin, an muirear a bhaineann leis an dáta dliteanais a íoc agus aisíocfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí aon mhuirear agus aon táille ghaolmhar as íoc déanach a ghabhann leis agus a d’íoc an phearsa aonair sin as an gcéad mhaoin nó as an dara maoin i ndáil leis an dáta dliteanais sin.

(3) Chun críocha fho-alt (2), tagann pearsa aonair chun bheith ina úinéir nó ina húinéir ar mhaoin chónaithe nuair a thagann sé nó sí chun bheith i dteideal seilbh a fháil uirthi.

(4) (a) Aon phearsa aonair is úinéir ar mhaoin chónaithe ar dháta dliteanais, ní dhlífidh sé nó sí, i leith na maoine cónaithe sin, an muirear a bhaineann léi a íoc don dáta dliteanais sin más rud é—

(i) gur páirtí nó gur pháirtí, de réir mar a bheidh, i bpósadh é nó í,

(ii) ar an dáta sin gurb í an mhaoin chónaithe lena mbaineann aon-áit chónaithe nó príomháit chónaithe an pháirtí eile sa phósadh, agus

(iii) gur deonaíodh foraithne colscartha nó foraithne idirscartha bhreithiúnaigh i leith an phósta sin ar an dáta sin nó roimhe.

(b) San fho-alt seo—

ciallaíonn “foraithne colscartha”—

(i) foraithne faoi alt 5 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996, nó

(ii) foraithne nó ordú (cibé tuairisc atá uirthi nó air) den tsamhail chéanna leis an bhforaithne dá dtagraítear i bhfomhír (i) arna deonú nó arna dheonú faoi dhlí áite seachas an Stát agus atá aitheanta faoi dhlí an Stáit;

ciallaíonn “foraithne idirscartha bhreithiúnaigh”—

(i) foraithne faoi alt 3 den Acht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh 1989, nó

(ii) foraithne nó ordú (cibé tuairisc atá uirthi nó air) den tsamhail chéanna leis an bhforaithne dá dtagraítear i bhfomhír (i) arna deonú nó arna dheonú faoi dhlí áite seachas an Stát agus atá aitheanta faoi dhlí an Stáit.

(5) Más rud é, ar dháta dliteanais, maidir le pearsa aonair is úinéir ar mhaoin chónaithe—

(a) go bhfuil sé nó sí éagumasaithe mar gheall ar éiglíocht mheabhrach nó choirp fhadtréimhseach, agus

(b) go raibh air nó uirthi, tráth roimh an dáta sin, de dheasca na héiglíochta meabhrach nó coirp sin, an mhaoin sin a fhágáil, is maoin a bhí, díreach roimh an tráth sin, mar aon-áit nó mar phríomháit chónaithe aige nó aici, agus

(c) go gcónaíonn sé nó sí go rialta in áit nach leis nó léi,

ansin ní dhlífidh sé nó sí muirear a íoc i leith na maoine sin i ndáil leis an dáta dliteanais sin.

(6) (a) Más rud é, ar dháta dliteanais, go bhfuil maoin chónaithe á háitiú, saor ó chíos, mar aon-áit chónaithe nó mar phríomháit chónaithe aige nó aici ag pearsa aonair is gaol le húinéir na maoine, agus go gcónaíonn an t-úinéir i maoin eile mar aon-áit nó mar phríomháit chónaithe aige nó aici, ansin ní dhlífidh an t-úinéir muirear a íoc i leith na maoine céadluaite i ndáil leis an dáta dliteanais sin, ar choinníoll go bhfuil an mhaoin chéadluaite sin agus aon-áit nó príomháit chónaithe an úinéara suite—

(i) ar an maoin chéanna, nó

(ii) laistigh de 2 chiliméadar óna chéile.

(b) Chun críocha mhír (a), folaíonn “ gaol ”—

(i) gaol le céile nó páirtnéir an úinéara,

(ii) duine arb é nó arb í an t-úinéir an caomhnóir dlíthiúil ina leith, agus

(iii) duine is coimircí cúirte agus arb é nó arb í an t-úinéir an cúramaí ina leith.

Dliteanas a dhearbhú agus muirear a íoc.

5 .— (1) Aon duine a dhlífidh, ar dháta dliteanais, muirear a íoc le húdarás áitiúil iomchuí, déanfaidh sé nó sí dearbhú sa chéill sin leis an údarás áitiúil iomchuí lena mbaineann, agus soláthróidh sé nó sí an céanna dó, i cibé foirm a fhorordóidh an tAire.

(2) Maidir le dearbhú dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a) beidh ann cibé faisnéis a fhorordóidh an tAire,

(b) soláthrófar é don údarás áitiúil roimh dhul in éag don tréimhse dá dtagraítear in alt 3(4), agus

(c) beidh íocaíocht an mhuirir is iníoctha i leith na maoine cónaithe lena mbaineann agus a dhéantar de réir fho-alt (3) ag gabháil leis.

(3) Déanfar an muirear i leith maoine cónaithe a íoc ar cibé slí a bheidh forordaithe.

(4) Aon duine a sháróidh an t-alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Táille as íoc déanach.

6 .— (1) Aon duine a dhlífidh muirear a íoc i leith maoine cónaithe agus, tar éis míosa amháin díreach i ndiaidh dul in éag don tréimhse a fhorordófar chun críche alt 3(4), nach bhfuil an fo-alt sin comhlíonta aige nó aici, beidh sé nó sí, i dteannta a dhliteanais nó a dliteanais an muirear a íoc, faoi dhliteanas i leith suime breise €20 (dá ngairtear “táille as íoc déanach” san Acht seo), agus íocfaidh sé nó sí an tsuim sin leis an údarás áitiúil lena mbaineann, i leith gach míosa nó cuid de mhí a bheidh ann tar éis dul in éag don mhí amháin sin.

(2) Déanfar táille as íoc déanach a íoc ar an tslí chéanna a bheidh forordaithe i ndáil le muirear a íoc.

Méid neamhíoctha chun bheith ina mhuirear ar mhaoin.

7 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), beidh aon mhuirear nó táille as íoc déanach a bheidh dlite d’úinéir ar mhaoin chónaithe agus neamhíoctha aige nó aici, ina mhuirear nó ina muirear, agus fanfaidh sé nó sí ina mhuirear nó ina muirear, ar an maoin lena mbaineann sé nó sí.

(2) Ní fhanfaidh an mhaoin sin, amhail in aghaidh ceannaitheora bona fide ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid nó morgáistí bona fide, faoi mhuirear an mhuirir neamhíoctha sin nó na táille sin as íoc déanach, ná faoi dhliteanas an céanna a íoc, tar éis 12 bhliain a bheith caite ón dáta a tháinig an méid lena mbaineann chun bheith dlite.

Admhálacha agus deimhnithe.

8 .— (1) Nuair a bheidh muirear, agus aon táille ghaolmhar as íoc déanach, i leith maoine cónaithe do dháta dliteanais sonraithe íoctha, tabharfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí admháil ar an íocaíocht, agus ar iarratas a bheith déanta i scríbhinn chuige ag úinéir ar an maoin nó thar a cheann nó thar a ceann, tabharfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí deimhniú don úinéir, i cibé foirm is cuí leis, maidir le méid an mhuirir atá íoctha ag an úinéir sin i leith na maoine lena mbaineann don dáta dliteanais sin.

(2) Amhail in aghaidh ceannaitheora nó morgáistí bona fide na maoine sin ar lánchomaoin in airgead nó i luach airgid gan fhógra, nó duine a fhaigheann teideal ó cheannaitheoir nó ó mhorgáistí den sórt sin nó faoi nó fúithi, déanfar leis an deimhniú sin an mhaoin lena mbaineann a urscaoileadh ó dhliteanas i leith aon mhuirir nó táille as íoc déanach atá dlite d’úinéir na maoine sin don dáta dliteanais sin.

Bailiú, cúram agus bainistiú muirir.

9 .— (1) Déantar na muirir agus na táillí go léir as íoc déanach a fhorchuirtear agus is iníoctha le húdarás áitiúil de bhun an Achta seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú an údaráis áitiúil lena mbaineann.

(2) Is feidhm de chuid gach údaráis áitiúil é muirir agus táillí as íoc déanach atá dlite dó faoin Acht seo a bhailiú agus plé le nithe a bhaineann leis an mbailiú sin.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil aon mhéid, arb é atá ann muirear i leith maoine cónaithe do dháta dliteanais nó táille ghaolmhar as íoc déanach, nó iad araon, atá dlite agus ag dul don údarás a ghnóthú ó úinéir na maoine sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Tarmligean feidhmeanna de chuid údaráis áitiúil a bhaineann le muirir etc. a bhailiú.

10 .— (1) Féadfaidh údarás áitiúil cibé feidhm nó feidhmeanna dá chuid, seachas an chumhacht chun ionchúiseamh a dhéanamh, a bhaineann le bailiú muirear nó táillí as íoc déanach a tharmligean chuig bord iomchuí de réir mar is cuí leis.

(2) Déanfaidh údarás áitiúil, i gcás go n-ordóidh an tAire amhlaidh i scríbhinn, cibé feidhm nó feidhmeanna dá chuid, seachas an chumhacht chun ionchúiseamh a dhéanamh, a bhaineann le bailiú muirear nó táillí as íoc déanach agus a bheidh sonraithe san ordachán a tharmligean chuig bord iomchuí.

(3) I gcás go ndéanfar tarmligean faoin alt seo—

(a) déanfaidh an bord iomchuí an fheidhm lena mbaineann a chomhlíonadh de réir aon teorainneacha a shonrófar sa tarmligean maidir leis an limistéar nó an tréimhse ina ndéanfaidh sé, nó a mhéid a dhéanfaidh sé, an fheidhm sin a chomhlíonadh, agus

(b) maidir le haon fhoráil den Acht seo, nó faoi, nó d’aon achtachán eile (cibé acu a ritheadh é roimh an Acht seo a rith nó dá éis), nó faoi, lena ndílsítear feidhmeanna don údarás áitiúil nó lena rialaítear an tslí ar a gcomhlíonfar aon fheidhm, más infheidhme agus a mhéid is infheidhme í maidir leis an bhfeidhm tharmligthe, beidh éifeacht léi chun críocha chomhlíonadh na feidhme sin ag an mbord iomchuí, ach an bord iomchuí a chur in ionad an údaráis áitiúil.

(4) Ní ceadmhach d’údarás áitiúil tarmligean faoin alt seo a chúlghairm ach amháin má tá toiliú an Aire faighte aige i dtosach.

(5) Déanfaidh údarás áitiúil, i gcás go n-ordóidh an tAire amhlaidh i scríbhinn, tarmligean faoin alt seo a chúlghairm.

(6) Is feidhmeanna feidhmiúcháin chun críocha Acht 2001 na cumhachtaí a thugtar d’údarás áitiúil leis an alt seo.

(7) San alt seo, ciallaíonn “ bord iomchuí ”, de réir mar a éilíonn an comhthéacs—

(a) an Bord Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúil arna bhunú leis an Ordú um an mBord Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúil (Bunú) 1975 (I.R. Uimh. 212 de 1975), agus

(b) an Bord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil arna bhunú leis an Ordú um an mBord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil (Bunú) 1996 (I.R. Uimh. 410 de 1996),

nó ceachtar acu.

Sonraí a roinnt agus a mhalartú.

11 .— (1) D’ainneoin aon achtacháin nó rialach dlí—

(a) déanfaidh duine iomchuí, ar iarraidh ó údarás áitiúil, cibé faisnéis a sholáthar don údarás áitiúil a bheidh i seilbh nó faoi rialú an duine iomchuí nó a fhochuideachta agus a theastóidh le réasún ón údarás áitiúil chun a chumasú don údarás áitiúil a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, agus

(b) déanfaidh údarás áitiúil, i gceann cibé eatramh a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim, cibé faisnéis a sholáthar do na Coimisinéirí Ioncaim a gheobhaidh an t-údarás áitiúil de bhun an Achta seo, lena n-áirítear uimhreacha tagartha cánach, agus a theastóidh le réasún ó na Coimisinéirí Ioncaim chun a chumasú dóibh a bhfeidhmeanna faoi achtachán sonraithe a chomhlíonadh.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1972” an tAcht Cánach Breisluacha 1972;

ciallaíonn “duine iomchuí”, de réir mar a éilíonn an comhthéacs—

(a) an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha a bunaíodh faoi alt 150 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004,

(b) Bord Soláthair an Leictreachais a bunaíodh de réir an Achta Leictreachais (Soláthar) 1927, agus

(c) na Coimisinéirí Ioncaim,

nó aon cheann díobh;

ciallaíonn “ achtachán sonraithe ”—

(a) na hAchtanna Cánach,

(b) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(c) Acht 1972,

(d) an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999, agus

(e) an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003,

nó aon cheann díobh;

ciallaíonn “ uimhir thagartha cánach ”—

(a) i ndáil le pearsa aonair, uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (de réir bhrí alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005) na pearsan aonair sin, nó

(b) i ndáil le comhlacht corpraithe—

(i) an uimhir thagartha atá luaite ar aon fhoirm thuairisceán ioncaim nó fógra measúnachta a eiseoidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim chuig an duine sin, nó

(ii) uimhir chláraithe an chomhlachta chorpraithe chun críocha Acht 1972.

Cionta agus pionóis.

12 .— (1) Aon duine atá ciontach i gcion faoi alt 5, dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,000 a chur air nó uirthi.

(2) Aon duine a chiontófar i gcion faoi alt 5, beidh sé nó sí ciontach i gcion ar gach lá a leanfaidh an duine den sárú arb é an cion sin é tar éis é nó í a chiontú amhlaidh, agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €100 a chur air nó uirthi.

(3) D’ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh tráth nach déanaí ná 2 bhliain ón dáta a thagann fianaise ar iúl don údarás iomchuí lena mbaineann le haghaidh na maoine cónaithe lena mbaineann an cion is leor chun gur ceart imeachtaí a thionscnamh i leith an chiona lena mbaineann, ach ní thionscnófar imeachtaí den sórt sin in aon chás tráth is déanaí ná 6 bliana ón dáta a rinneadh an cion lena mbaineann.

(4) I gcás go ndéanann comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthaítear go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó duine a d’airbheartaigh gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, maille leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(5) Féadfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí le haghaidh na maoine cónaithe lena mbaineann cion faoin Acht seo imeachtaí achoimre i leith an chiona lena mbaineann a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(6) I gcás go gciontaítear duine i gcion faoin Acht seo, ordóidh an chúirt don duine na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a thabhaigh an t-údarás áitiúil i ndáil le himscrúdú, brath agus ionchúiseamh an chiona, a íoc leis an údarás áitiúil lena mbaineann, mura deimhin leis an gcúirt go bhfuil cúiseanna speisialta agus substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh.

Caiteachais an Aire.

13 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Rialacháin, orduithe agus ordacháin.

14 .— (1) Féadfaidh an tAire le rialacháin, foráil a dhéanamh le haghaidh aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Gan dochar d’aon fhoráil eile den Acht seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, iarmhartacha agus forlíontacha a bheith i rialacháin nó in ordú faoin Acht seo is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críocha na rialachán nó an ordaithe.

(3) Maidir le rialachán, ordú nó ordachán faoin Acht seo—

(a) féadfaidh feidhm a bheith aige i leith gach údaráis áitiúil nó i leith cibé údarás áitiúil nó aicmí údarás áitiúil a bheidh sonraithe sna rialacháin, san ordú nó san ordachán, agus

(b) féadfaidh forálacha éagsúla a bheith ann i ndáil le húdaráis áitiúla éagsúla nó aicmí éagsúla údaráis áitiúil.

(4) Gach ordú (seachas ordú faoi alt 16(2)) agus gach rialachán arna dhéanamh ag an Aire faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Íocaíocht le comhairlí baile.

15 .— (1) Déanfaidh comhairle contae, gach bliain, íocaíocht le gach comhairle baile laistigh den chontae, agus déanfar an íocaíocht sin a ríomh ag féachaint do na nithe seo a leanas—

(a) an t-ioncam ón muirear agus ó aon táillí gaolmhara as íoc déanach arna bhailiú i leith maoine cónaithe i limistéar riaracháin na comhairle baile lena mbaineann, agus

(b) na costais a thabhaíonn an chomhairle contae sin i dtaca le bailiú an ioncaim sin.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “ limistéar riaracháin ”, i ndáil le comhairle baile, an limistéar a leanann de bheith arna bhunú faoi alt 10 d’Acht 2001 chun críocha rialtais áitiúil i leith na comhairle baile sin;

ciallaíonn “ comhairle baile ” comhlacht atá i gceannas ar limistéar rialtais áitiúil dá dtagraítear in alt 10(3) d’Acht 2001, agus atá leagtha amach i gCuid 1 de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

16 .— (1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Muirir) 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.