29 2009

/images/harp.jpg


Uimhir 29 de 2009


AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE 2009

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1. Míniú.

2. Leasú ar alt 3 (méid an liúntais do chomhaltaí den Oireachtas) d’Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí) 1938.

3. Liúntas caighdeánach parlaiminte.

4. Pinsin d’iarshealbhóirí oifigí aireachta agus oifigí eile.

5. Leasú ar alt 13A (pinsin aireachta agus pinsin rúnaí) d’Acht 1938.

6. Leasú ar alt 13AA (pinsin aireachta agus pinsin rúnaí i leith seirbhíse cáilithí is lú ná 3 bliana) d’Acht 1938.

7. Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha 2007

2007, Uimh. 34

An tAcht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte 1938

1938, Uimh. 38

Na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte 1938 go 2001

An tAcht um Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha agus um Chomhaltaí den Oireachtas (Forálacha Ilghnéitheacha) 2001

2001, Uimh. 33

Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí) 1938

1938, Uimh. 34

Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí) 1962

1962, Uimh. 32

An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú) 1964

1964, Uimh. 14

An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú) 1992

1992, Uimh. 3

An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú) 1998

1998, Uimh. 5

An tAcht um an Oireachtas (Forálacha Ilghnéitheacha) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú) 1996

1996, Uimh. 39

An tAcht um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004

2004, Uimh. 7

An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997

1997, Uimh. 39

/images/harp.jpg


Uimhir 29 de 2009


AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE 2009

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ ACHT AN OIREACHTAIS (LIÚNTAISÍ DO CHOMHALTAÍ) 1938 AGUS NA nACHTANNA UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE 1938 GO 2001, DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE TUARASTAIL AGUS LIÚNTAIS IS INÍOCTHA LE COMHALTAÍ DE CHEACHTAR TEACH DEN OIREACHTAS AGUS MAIDIR LEIS AN LUACH SAOTHAIR, NA LIÚNTAIS AGUS NA PINSIN IS INÍOCTHA LE hIARSHEALBHÓIRÍ OIFIGÍ AIREACHTA AGUS OIFIGÍ EILE ATÁ INA gCOMHALTAÍ DE CHEACHTAR TEACH ACU SIN NÓ INA gCOMHALTAÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA

[21 Iúil, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1 .— San Acht seo, ciallaíonn “Acht 1938” an tAcht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte 1938.

Leasú ar alt 3 (méid an liúntais do chomhaltaí den Oireachtas) d’Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí) 1938.

2 .— Leasaítear alt 3 d’Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí) 1938 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha agus um Chomhaltaí den Oireachtas (Forálacha Ilghnéitheacha) 2001):

“(1) Faoi réir fho-alt (1A), is mar a leanas a bheidh na tuarastail is iníoctha le comhaltaí de Dháil Éireann:

(a) i gcás comhalta de Dháil Éireann seachas comhalta lena mbaineann mír (b) nó (c) — tuarastal de réir an ráta €100,191 in aghaidh na bliana;

(b) i gcás comhalta de Dháil Éireann ag a mbeidh, an 13 Bealtaine 2009, seirbhís mar chomhalta den Oireachtas nach lú ná 7 mbliana (ach is lú ná 10 mbliana) — tuarastal de réir an ráta €103,389 in aghaidh na bliana;

(c) i gcás comhalta de Dháil Éireann ag a mbeidh, an 13 Bealtaine 2009, seirbhís mar chomhalta den Oireachtas nach lú na 10 mbliana — tuarastal de réir an ráta €106,582 in aghaidh na bliana.

Más rud é, áfach, go sealbhaíonn comhalta de Dháil Éireann oifig lena mbaineann Cuid II den Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte 1938, is é an tuarastal bliantúil is iníoctha leis an gcomhalta faoin bhfo-alt seo €100,191 fad a bheidh an comhalta i seilbh oifige amhlaidh, fiú amháin más rud é go bhfuil, an 13 Bealtaine 2009 nó roimhe sin, seirbhís 7 mbliana nó níos mó ag an gcomhalta mar chomhalta den Oireachtas.

(1A) Ar an agus ón dáta a thoghfar duine nó a mheasfar duine a bheith tofa chun Dáil Éireann mar chomhalta, de dhroim olltoghchán a dhéanamh le haghaidh Dháil Éireann nua den chéad uair tar éis dháta rite an Achta um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte 2009 agus i leith gach duine a bheidh tofa go cuí nó a mheasfar a bheith tofa dá éis sin mar chomhalta de Dháil Éireann, is de réir an ráta €100,191 in aghaidh na bliana a bheidh an tuarastal is iníoctha le gach comhalta den sórt sin.

(2) Faoi réir fho-alt (2A), is mar a leanas a bheidh na tuarastail is iníoctha le comhaltaí de Sheanad Éireann:

(a) i gcás comhalta de Sheanad Éireann seachas comhalta lena mbaineann mír (b) nó (c) — tuarastal de réir an ráta €70,134 in aghaidh na bliana;

(b) i gcás comhalta de Sheanad Éireann ag a mbeidh, an 13 Bealtaine 2009, seirbhís mar chomhalta den Oireachtas nach lú ná 7 mbliana (ach is lú ná 10 mbliana) — tuarastal de réir an ráta €72,371 in aghaidh na bliana;

(c) i gcás comhalta de Sheanad Éireann ag a mbeidh, an 13 Bealtaine 2009, seirbhís mar chomhalta den Oireachtas nach lú na 10 mbliana— tuarastal de réir an ráta €74,608 in aghaidh na bliana.

Más rud é, áfach, go sealbhaíonn comhalta de Sheanad Éireann oifig lena mbaineann Cuid II den Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte 1938, is é an tuarastal is iníoctha leis an gcomhalta faoin bhfo-alt seo €70,134, fiú amháin más rud é go bhfuil, an 13 Bealtaine 2009 nó roimhe sin, seirbhís 7 mbliana nó níos mó ag an gcomhalta mar chomhalta den Oireachtas.

(2A) Ar an agus ón dáta a thoghfar nó a ainmneofar duine chun Seanad Éireann mar chomhalta, de dhroim olltoghchán a dhéanamh le haghaidh Sheanad Éireann nua den chéad uair tar éis dháta rite an Achta um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte 2009 agus i leith gach duine a bheidh tofa nó ainmnithe go cuí dá éis sin mar chomhalta de Sheanad Éireann, is de réir an ráta €70,134 in aghaidh na bliana a bheidh an tuarastal is iníoctha le gach comhalta den sórt sin.”.

Liúntas caighdeánach parlaiminte.

3. — (1) I gcás go bhfuil comhalta den Oireachtas i dteideal aon cheann díobh seo a leanas—

(a) íocaíochtaí i leith saoráidí taistil a fhorordaítear faoi alt 5 (arna leasú le halt 18 d’Acht 1998) d’Acht 1964 agus a dheonaítear faoi alt 2 d’Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí) 1938,

(b) an liúntas thar oíche faoi alt 1 (a cuireadh isteach le halt 2 d’Acht 1996 agus arna leasú le halt 15 d’Acht 1998) d’Acht 1962,

(c) liúntas teileafóin faoi alt 2(2) (a cuireadh isteach le halt 3 d’Acht 1996) d’Acht 1962, nó

(d) liúntas i leith costas faoi alt 3 (arna leasú le halt 19 d’Acht 1998 agus le halt 37 d’Acht 2001) d’Acht 1992,

féadfaidh an tAire a chinneadh go bhféadfar aon íocaíocht atá dlite don chomhalta i leith aon cheann nó gach ceann acu a íoc le chéile mar íocaíocht chomhfheidhmeach mhíosúil aonair (“liúntas caighdeánach parlaiminte”) leis an gcomhalta, den mhéid a chinntear i rialacháin faoin alt seo, in ionad gach liúntas nó íocaíocht atá dlite don chomhalta a íoc ar leithligh leis nó léi.

(2) I gcás go bhfuil feidhm, faoin alt seo, ag an liúntas caighdeánach parlaiminte maidir le comhalta den Oireachtas, ní bheidh feidhm acu seo a leanas—

(a) an ráta is iníoctha i leith liúntas taistil agus a chinntear i rialacháin faoi alt 5(1A) (a cuireadh isteach le halt 18 d’Acht 1998) d’Acht 1964,

(b) liúntas thar oíche den mhéid a cheadaíonn an tAire Airgeadais faoi alt 1(2) (a cuireadh isteach le halt 15 d’Acht 1998) d’Acht 1962,

(c) liúntas teileafóin den mhéid a fhorordaítear i rialacháin faoi alt 2(2)(a) (a cuireadh isteach le halt 3 d’Acht 1996) d’Acht 1962, ná

(d) an ráta is iníoctha maidir le liúntas i leith costas agus a chinntear i rialacháin faoi alt 3(4) d’Acht 1992,

maidir leis an gcomhalta.

(3) Féadfaidh an tAire, le linn an liúntas caighdeánach parlaiminte a chur chun feidhme maidir le comhalta den Oireachas—

(a) aon rialacháin arna ndéanamh faoi na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a chúlghairm le hordú, agus

(b) cinneadh a dhéanamh i rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (4) i dtaobh na rátaí agus na méideanna is iníoctha faoi na forálacha sin le linn méid an liúntais chaighdeánaigh parlaiminte a chinneadh is iníoctha le comhalta den Oireachtas i rialacháin faoin bhfo-alt sin.

(4) Féadfaidh an tAire, i leith an liúntais chaighdeánaigh parlaiminte, na nithe seo a leanas a chinneadh le rialacháin —

(a) an dáta óna mbeidh an liúntas iníoctha,

(b) méid an liúntais is iníoctha—

(i) le comhalta nó le comhaltaí de Dháil Éireann, agus

(ii) le comhalta nó le comhaltaí de Sheanad Éireann,

agus

(c) an modh ar a mbeidh, agus na heisceachtaí, na srianta agus na coinníollacha (lena n-áirítear taifead a dhéanamh ar fhreastal agus asbhaintí mar gheall ar neamhfhreastal) ar faoina réir, a bheidh an liúntas le soláthar agus le híoc.

(5) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le rialacháin faoin Acht seo, má shonraítear sin.

(6) Déanfar gach rialachán faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(7) Leasaítear alt 836 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A) (a cuireadh isteach le halt 21 d’Acht 1998):

“(1B) Beidh liúntas caighdeánach parlaiminte is iníoctha faoi alt 3 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte 2009 díolmhaithe ó cháin ioncaim agus ní dhéanfar é a áireamh le linn ioncam a ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach.”,

agus

(b) i bhfo-alt (2), trí “nó faoi alt 3 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte 2009 ná le haon liúntas ná íocaíocht a dhéantar i leith aon liúntais nó íocaíochta áirithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt sin” a chur isteach i ndiaidh “1992,”.

(8) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) 1962;

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú) 1964;

ciallaíonn “Acht 1992” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú) 1992;

ciallaíonn “Acht 1996” an tAcht um an Oireachtas (Forálacha Ilghnéitheacha) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú) 1996;

ciallaíonn “Acht 1998” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte, Breithiúnacha agus Cúirte (Leasú) 1998;

ciallaíonn “Acht 2001” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte, Breithiúnacha agus Cúirte (Leasú) 2001;

ciallaíonn “Aire” an tAire Airgeadais.

Pinsin d’iarshealbhóirí oifigí aireachta agus oifigí eile.

4 .— (1) Leasaítear Acht 1938—

(a) i bhfo-alt (2) d’alt 14, trí “tiocfaidh an duine sin, ar dháta an scurtha san, chun bheith i dteideal pinsin (dá ngairmtear pinsean aireachta freisin san Acht so).” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

“tiocfaidh an duine sin, ar dháta an scoir sin, chun bheith i dteideal pinsin (dá ngairtear pinsean aireachta freisin san Acht seo), ach fad is comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó comhalta de Pharlaimint na hEorpa an duine sin beidh aon teideal den sórt sin, le héifeacht ó dháta rite an Achta um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte 2009, laghdaithe de 25 faoin gcéad den mhéid ab iníoctha murach an tAcht sin.”,

agus

(b) i bhfo-alt (2) d’alt 16, trí “tiocfaidh an duine sin, ar dháta an scurtha san, chun bheith i dteideal pinsin (dá ngairmtear pinsean rúnaí freisin san Acht so).” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

“tiocfaidh an duine sin, ar dháta an scoir sin, chun bheith i dteideal pinsin (dá ngairtear pinsean rúnaí freisin san Acht seo), ach fad is comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó comhalta de Pharlaimint na hEorpa an duine sin beidh aon teideal den sórt sin, le héifeacht ó dháta rite an Achta um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte 2009, laghdaithe de 25 faoin gcéad den mhéid ab iníoctha murach an tAcht sin.”.

(2) Leasaítear Acht 1938 tuilleadh—

(a) in alt 14, tríd an oiread sin d’fho-alt (2) a leasaítear le fo-alt (1) den alt seo a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

“tiocfaidh an duine sin, ar dháta an scoir sin, chun bheith i dteideal pinsin (dá ngairtear pinsean aireachta freisin san Acht seo), an fad, agus an fad sin amháin, nach comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas ná comhalta de Pharlaimint na hEorpa an duine sin.”,

agus

(b) in alt 16, tríd an oiread sin d’fho-alt (2) a leasaítear le fo-alt (1) den alt seo a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

“tiocfaidh an duine sin, ar dháta an scoir sin, chun bheith i dteideal pinsin (dá ngairtear pinsean rúnaí freisin san Acht seo), an fad, agus an fad sin amháin, nach comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas ná comhalta de Pharlaimint na hEorpa an duine sin.”.

(3) Tagann fo-alt (2) i ngníomh—

(a) i gcás comhaltais de Dháil Éireann, ar an agus ón dáta a thoghfar an duine lena mbaineann, nó a mheasfar é nó í a bheith tofa, chun Dáil Éireann, de dhroim olltoghchán a dhéanamh le haghaidh Dháil Éireann nua, arb é an chéad olltoghchán a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith é,

(b) i gcás comhaltais de Sheanad Éireann, ar an agus ón dáta a thoghfar nó a ainmneofar an duine lena mbaineann chun Seanad Éireann de dhroim olltoghchán a dhéanamh le haghaidh Sheanad Éireann nua, arb é an chéad olltoghchán a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith é,agus

(c) i gcás comhalta de Pharlaimint na hEorpa, ar an agus ón gcéad lá de théarma parlaiminte Pharlaimint na hEorpa de dhroim toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a dhéanamh den chéad uair tar éis an tAcht seo a rith.

Leasú ar alt 13A (pinsin aireachta agus pinsin rúnaí) d’Acht 1938.

5 .— (1) Le héifeacht ó dháta rite an Achta seo, leasaítear alt 13A (a cuireadh isteach le halt 7 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú) 1992) d’Acht 1938—

(a) i bhfo-alt (7)—

(i) trí “faoi réir fho-alt (11)” a chur in ionad “faoi réir fho-alt (9)” (a cuireadh isteach le halt 16(a) den Acht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha 2007) i mír (a)(i), agus

(ii) trí “62.5 faoin gcéad” a chur in ionad “50 faoin gcéad”, i mír (f),

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

“(8) Déanfar an méid pinsin is iníoctha le duine a shealbhaigh oifig an Taoisigh a laghdú de 25 faoin gcéad fad is comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó comhalta de Pharlaimint na hEorpa an duine sin.”,

agus

(c) trí fho-alt (9) arna chur isteach le halt 16(b) den Acht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha 2007 a scriosadh agus tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (10) (a cuireadh isteach le halt 12 den Acht um Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha agus um Chomhaltaí den Oireachtas (Forálacha Ilghnéitheacha) 2001):

“(11) Ar dhuine do dhéanamh iarratais ar phinsean faoin alt seo chun an Aire Airgeadais, is duine ar eascair a theideal chun an phinsin ar dháta thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, beidh an pinsean iníoctha amhail ar agus ó dháta a chinnfidh an tAire Airgeadais i scríbhinn, is dáta—

(a) nach túisce ná dáta an teidil, agus

(b) nach déanaí ná dáta an iarratais.”.

(2) Leasaítear alt 13A d’Acht 1938 tuilleadh—

(a) i bhfo-alt (7), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (f) arna leasú le fo-alt (1)(a) den alt seo:

“(f) Ní dhéanfar aon phinsean faoin alt seo (lenan-áirítear aon phinsean lascainithe marthanach dár foráladh roimhe seo faoi mhír (d)) a íoc fad is comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó comhalta de Pharlaimint na hEorpa an duine sin.”,

agus

(b) trí fho-alt (8) arna leasú le fo-alt (1)(b) den alt seo a scriosadh.

(3) Tagann fo-alt (2) i ngníomh—

(a) i gcás comhaltais de Dháil Éireann, ar an agus ón dáta a thoghfar an duine lena mbaineann, nó a mheasfar é a bheith tofa, chun Dáil Éireann de dhroim olltoghchán a dhéanamh le haghaidh Dháil Éireann nua, arb é an chéad olltoghchán a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith é,

(b) i gcás comhaltais de Sheanad Éireann, ar an agus ón dáta a thoghfar nó a ainmneofar an duine lena mbaineann chun Seanad Éireann de dhroim olltoghchán a dhéanamh le haghaidh Sheanad Éireann nua, arb é an chéad olltoghchán a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith é, agus

(c) i gcás comhalta de Pharlaimint na hEorpa, ar an agus ón gcéad lá de théarma parlaiminte Pharlaimint na hEorpa de dhroim toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a dhéanamh den chéad uair tar éis an tAcht seo a rith.

Leasú ar alt 13AA (pinsin aireachta agus pinsin rúnaí i leith seirbhíse cáilithí is lú na 3 bliana) d’Acht 1938.

6 .— (1) Le héifeacht ó dháta rite an Achta seo, déantar alt 13AA (a cuireadh isteach le halt 13 den Acht um Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha agus um Chomhaltaí den Oireachtas (Forálacha Ilghnéitheacha) 2001) d’Acht 1938 a leasú i bhfo-alt (13)—

(a) trí “62.5 faoin gcéad” a chur in ionad “50 faoin gcéad”, agus

(b) trí “Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le duine a bhí i seilbh oifig an Taoisigh.” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

“Déanfar an méid pinsin is iníoctha le duine a shealbhaigh oifig an Taoisigh a laghdú de 25 faoin gcéad fad is comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó comhalta de Pharlaimint na hEorpa an duine sin.”.

(2) Leasaítear alt 13AA d’Acht 1938 tuilleadh—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (13) arna leasú le fo-alt (1) den alt seo:

“(13) Ní íocfar aon phinsean faoin alt seo fad a bheidh an duine sin ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa.”.

(3) Tagann fo-alt (2) i ngníomh—

(a) i gcás comhaltais de Dháil Éireann, ar an agus ón dáta a thoghfar an duine lena mbaineann, nó a mheasfar é a bheith tofa, chun Dáil Éireann de dhroim olltoghchán a dhéanamh le haghaidh Dháil Éireann nua, arb é an chéad olltoghchán a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith é,

(b) i gcás comhaltais de Sheanad Éireann, ar an agus ón dáta a thoghfar nó a ainmneofar an duine lena mbaineann chun Seanad Éireann de dhroim olltoghchán a dhéanamh le haghaidh Sheanad Éireann nua, arb é an chéad olltoghchán a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith é, agus

(c) i gcás comhalta de Pharlaimint na hEorpa, ar an agus ón gcéad lá de théarma parlaiminte Pharlaimint na hEorpa de dhroim toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a dhéanamh den chéad uair tar éis an tAcht seo a rith.

Gearrtheideal agus comhlua.

7 .— (1) Féadfar an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte 1938 go 2009 a ghairm de na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte 1938 go 2001, d’alt 11 den Acht um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004, agus de Chuid 1 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin, d’alt 16 den Acht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha 2007 agus den Acht seo (seachas ailt 2 agus 3) le chéile.